Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidir. : Agallamh faoi chonas labhairt faoi Dhia agus chúrsai a bhaineann le Dia

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 1:1-11). Agus iad ag  faire, tógadh suas é. An leabhar seo, Gníomhartha na nAspal, a meastar gurb é Lúcás a scríobh, tá sé tiomnaithe do Theofalas áirithe, nach fios cé hé, ach a luaitear arís ag Lúcás 1:3, saothar eile atá tiomnaithe dó. Léacht  an lae inniu tugann sí achoimre ar shaothar Íosa óna thús go dtí a dheascabháil, mar a dhéanann Lúcás ina shoiscéal féin. Mheasfadh duine ón chur síos atá ag Lúcás air ina shoiscéal (Lúcás 24:1-49, 50-51) gur thárla an deascabháil ar Dhomhnach Cásca,  lá an aiséirí féin. Sa léacht seo deir Lúcás gur thaispeáin Íosa é féin dá aspail ar feadh dachad lá tar éis aiséirí dó. Níos déanaí sa leabhar (Gníomhartha 13:31), dar le Lúcás, dúirt Pól Aspal gur thaispeáin Íosa é féin tar éis a aiséirí “ar  feadh mórán laethanta”. Ag baint úsáide as traidisiún ársa deir Naomh Pól (1 Corantaigh 15:3-8) gur thaispeáin Íosa é féin do Céafas (Peadar), don Dáréag, do bhreis agus cúig céad bráithre (agus siúracha) in éineacht, do Shéamas agus do na haspail go léir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad lá sin, deir Lúcás, bhí Íosa ag tagairt do ríocht Dé, croílár gach a rinne agus adúirt sé lena bheatha. Ach bhí creatlach smaointe eile seachas ríocht Dé acu siúd a bhí bailithe timpeall ar Íosa, sin ríocht Iosrael, ríocht Dháiví, a chur ar bun arís.  B’shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba é freagra Íosa ná gurb faoi Dhia agus stiúir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhchaí.  Agus sa ré nua ní bheadh ríocht Dé teoranta do Iosrael. Go críocha imigéiniúla an domhain é. Tar éis deascabháil do Íosa dúirt aingil leis na aspail gan bheith ag amharch suas ar neamh. Bheadh Íosa leo i slí nua, tríd an Spiorad  Naomh. Tá cur síos i Ghníomhartha na nAspal ar fhorás ríocht Dé go go “críocha imigéiniúla an domhain”, ar dtús go croílár na hImpireachta sa Róimh féin.

Salm le Freagra (Salm 46[47]). Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

Dara Léacht (Eabhraigh 9:24-28; 10:19-23). Chuaigh Críost isteach sna flaithis féin. Le teachtaireacht na léachta seo a thuiscint cabhróidh sé a mheabhrú gur chuid den litir (nó más fearr linn, den aitheasc) seo an friotal agus an t-íomháineachas atá sa léacht seo féin. Dealraíonn sé go raibh a léitheoirí Giúdacha i gcathú filleadh ar a ndeasghnáthanna agus creideamh Giúdacha  agus tá an t-údar seo ag iarraidh iad a dhéanamh deimhin de nach raibh i sanctóir na nGiúdach in Iarúsailéim inar chuaigh an tArdsagart acu isteach uair sa bhliain ach samhail den fhíorshanctóir ar neamh ar chuaigh Críost isteach ann trína bhás, a aiséirí agus a dheascabháil. I Lá Mór an Leorghnímh chuaigh an tArdsagart Giúdach trid an bhfial isteach san áit Ró-Naofa le leorghníomh a dhéanamh le fuil ainmhithe  ar pheacaí a mhuintire. Rinne sé sin uair sa bhliain, bliain an ndiaidh bliana. Agus an cúlra sin againn don léacht tuigimid go bhfuil an t-údar ag labhairt faoi dheascabháil Chríost, rúndiamhair inar chuaigh sé isteach i sanctóir nárbh sanctóir lámhdhéanta an Teampaill in Iarusailéim é ach fíorshanctóir na bhflaitheas. Agus téann sé isteach le idirghuí a dhéanamh ar son an chine dhaonna. A íobairt siúd ar Chalbhaire, ba den aon uair amháin é, nach raibh gá lena athdhéanamh.   

            Is spreagadh an dara cuid den léacht ar lucht leanúna Chríost maireachtáil ag baint inspioráide as a gcreideamh i ndeascabháil Íosa. Tá de cheart acu dul isteach i bhfíorshanctóir na bhflaitheas mar aon le Críost. Moltar dóibh beatha ionraic Chríostaí a chaitheamh- – á nglanadh féin le fíoruisce (an bhaiste), nach glanadh seachtrach é ach glanadh inmheánach an anama. Moltar dóibh, agus do gach creidmheach, greim dobhogtha a choinneáil ar an dóchas a admhaíonn siad a bheith acu, mar is dílis Íosa, an té a thug an gealltanas uaidh.

 Malairt Dara Léachta (Eifísigh 1:17-23). Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é. Tá dhá thuiscint ar dheascabáil Chríost le fáil i léachtaí an lae inniu. Sa chéad léacht agus sa soiscéal (an dá cheann ó pheann Lúcáis) tá an “deascabháil staire” againn, deascabháil mar eachtra den stair a fheictear le súile cinn. Ansin amháin atá an léargas sin uirthi le fáil. Don chuid is mó de, feictear ar an deascabháil mar rúndiamhair, ionann i slí agus an t-aiséirí féin, is é sin le rá glóiriú Íosa go deasláimh Dé. Is mar sin atá sa dara léacht seo inniu. Díreach roimh thús na léachta seo dúirt Pól nár stad sé ach ag gabháil buíochais le Dia ar son na heaglaise a scríobhann sé chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann sé leis an urnái sa léacht seo, impí ar Dhia na glóire, ar  Dhia Íosa Críost, urnaí ar Dhia eagna agus tuiscint a  bhronnadh orthu. Ní leor  tuiscint na haigne ann féin. Ní foláir eagna agus soilsiú ó Dhia le rúndiamhair na deascabhála a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir atá acu, agus an dóchas agus meanma ba chóir a bheith acu dá bharr sin. Ionann Críost ar dheaslámh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in éineacht leis.

            Tugann téacs na léachta seo gné eile den deascabháil dúinn; sin le rá cumhacht Dé ag feidhmiú in Íosa nuair a thug sé ó mhairbh é agus ansin go neamh féin sa deascabháil. An chumhacht Dé sin tá sí ag feidhmiú san Eaglais. Críost ar dheis Dé is ardcheann na hEaglaise é. Tá iomláine, láine, ghlóire agus cumhachta Dé i gCríost, agus ó Chríost san Eaglais. Ráiteas deiridh na léachta seo, an Eaglais corp Chríost mar “láine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í”, is doiligh brí bheacht a bhaint as, ach cuireann sé síos ar ról na hEaglaise le fís agus slánú Dé a léiriú don domhan mór, agus mar rúndiamhair aontaithe le Críost ina dheascabháil ar dheis Dé, ní hamháin sin a léiriú ach a chur i gcrích. Ach mar is eol dúinn go maith, is fada idir fhis, rúndiamhair,  agus á cur i gcrích. Ní mór dúinn leanúint le urnaí Phóil go ndéanfaidh Día na glóire, Dia Ár dTiarna Íosa Críost, amhlaidh.

Soiscéal (Lúcás 24:46-53). Le linn dó iad a bheannú, tógadh suas ar neamh é. Foirceann shoiscéal Lúcáis atá sa léacht seo. Meabhraíonn Críost dá dheisceabail gur eisean an tuar faoi na tairngreachtaí  a rinneadh sna Scrioptúir, tairngreachtaí faoina bhás, a aiséirí agus faoi shoiscéal an tslánaithe a bheith le fógairt do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Leagann Lúcás béim ar lárionad na cathrach naofa. Ó Iarúsailéim amach a bhí an dea-scéal le fógairt, ag teacht le fís Íseáia fáidh. Leis an deascabháil tá deireadh le ré amhain do na haspail, agus tús le ré nua, agus iad faoi áthas mór ag filleadh ar Iarúsailéim dóibh..

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidirb inár measc. Agallamh faoi chonas labhairt faoi Dhia agus chúrsai a bhaineann le Dia

Tá ábhar domhain machnaimh againn i bhFéile seo Deascabháil Ár dTiarna. Le Pól, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt dúinn. Éilíonn tuiscint orainn greim a fháil ar bhrí na féile seo agus na téarmai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhacánta an méid sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabháil mar rúndiamhair. I dtosach báire bíodh agallamh againn lenár n-anam féin, an teachtaireacht atá ag an rúndiamhair dúinn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.

 1. Tá Dia láidir. An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifísigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh. Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidmh ata againn. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na hEaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifísigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an Eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naoináin feasta dár luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós.

2. Tuiscint ar théarmaí. Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur sios ar an bhFéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla “tógadh Íosa suas ar neamh”, ina shuí ar dheaslámh Dé agus a leithéid. Agus ní sa Bhíobla, ná sa diagacht, amháin atá sin le sonrú. Thugadh Gaeil “An Fear atá inairde” ar Dhia, agus fós cloistear faoi “‘the Man above”. Bhí, agus fós tá, sort ceannairce i gcoinne a leithéid de théarmaíocht, a théann ar uairibh thar cheist téarmaiochta go tuiscint mheitifisiciúil agus chreidimh. I gcuid den chur síos ar an bhfadhb féin iarrtar orainn a leithéid de théarmaíocht agus tuiscint agus “Dia thuas ansin”, “God up there” a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar “bunchloch, dúshraith,  ár mbeith ann”, “the Ground of our Being” a thabhairt isteach, nó fiú diagacht shaolta,  secular theology, agus “eitic ocáide”, situation ethics. Ní hí seo an áit na ceisteanna seo a phlé, ach is fiú iad a ardú, agus machnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na Féile seo. Is ionmholta iarracht a dhéanamh ar léargais nua agus tuiscintí úra ar an diagacht agus cúrsaí creidimh a thabhairt isteach. ach má táthar le cloí le ceartchreideamh ní mór aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Críostaíochta, agus an aondiachais, an monadiachais, óna  thús sa Ghiúdachas anall. Dia pearsanta atá i gceist, ní neach teibí amhail dúshraith. Neach spioradálta Dia, nach mbaineann áit ar bith, thuas, inairde, nó eile leis. Ní héasca dár gcéadfaí labhairt faoi, ná faoi aon rud seachas rudaí tadhail. Ach le beocht a chur lena  dheirimid, ní mór dúinn úsáid a bhaint as téarmaí dá leithéid, bíodh go dtuigimid an laige atá ag roinnt leo.    Le urnaí amháin a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, dúshraith ár mbeith ann, lámh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar rudaí diaga agus saolta.

Recommended Articles