Freagra don Chreideamh leis an mBíobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Faoi scáth Dé agus ar scáth a chéile

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Habacúc 1:2-3; 2:2-4). Mairfidh an fíréan de bharr a dhílse. Tá an léacht seo thar a bheith spéisiúil agus tábhachtach chomh maith ó thaobh caidrimh Dé leis an chine daonna, agus faoi thuiscint (nó neamh-thuiscint) na h-aigne daonna ar shlíte Dé. Cuireann an fáidh Habacúc an cheist díreach ar Dhia faoi cá sheasann sé agus slad agus éagóir á ndéanamh: “Cén fáth (a Thiarna) a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?” Sean-cheist í sin a bhí ann roimh aimsir Habacúc agus atá linn i gcónaí. Is féidir linn dáta a chur le ceist seo Habacúc agus an chúis taobh thiar di. Luaitear na Caldéigh ann (1:6) agus a bhfíochmhaireacht. Iad sin an Impireacht nua-Bhaibealóineach, a bhuaigh ar Impireacht na h-Asaíre ó 626 roimh Chriost i leith agus a ghabh sealús na Pailistíne ó 609, faoi cheannaireacht an rí Nabúcadnazar, go mór mór thart ar an bhliain 600. Deir Habacúc linn gur sheas sé mar fháidh ar a thúr faire, ar a fhaichill ansin féachaint céard a dhéarfadh Dia leis. Tugann Dia freagra, agus dúradh le Habacúc é a scriobh síos go soiléir, agus go poiblí is dócha, ionas go mbeadh sé furasta le léamh. Sórt comhartha bóthair a bheadh ann, dóibh siúd a bheadh ag gabháil thart. Ní deirtear go foscailte cérb í éirim an fhreagra, ach toisc gur freagra é ar cheist Habacúc deimhniú a bheadh ann gur cúram le Dia cás na bhfíréan faoi leatrom, agus go mbeidh réiteach ar a bhfadhb. A t-oracal seo, an freagra seo, a thug Dia, is sórt fórsa é atá ag brú ar aghaidh, ag tnúth lena chomhlíonadh féin. Is le haghaidh an tráth caoi (ionú) a chomhlíonta an brú sin, agus is cinnte go gcomhlíonfar é. Ach ní foláir feitheamh chuige sin le foighne. Creideamh sa ghealtannas agus foighne, buanseasmhacht, dhá rud atá riachtanach. Sa dráma seo gur caidreramh idir Dia agus an duine aonair é maidir le fíoradh na tairngreachta, beidh freagraí éagsúla ann: an duine gan croi ionraic a chaillfear, agus an fíréan le dílseacht, le buanseasmhach, a mhairfidh. Bhí ar Habacúc féin foighne, agus creideamh, a bheith aige maidir le fíorú phlean Dé. Léiríonn an críoch atá ar an Caintic ag deireadh bhailiúchán a fháistiní an meon a bhí aige: “Fiú nach dtiocfaidh an crann figí i mbláth; nó nach mbeidh caor le fáil ar na finiúna; nó nach rachaidh de thoradh an crann olóige; nó nach dtabharthaidh na goirt aon bhia; nó nach bhfágfar caora sa chró; nó bó ar bith sa bhuaile — lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir” (Habacúc 3:.17-18).

Salm le Freagra (Salm 94[95]), Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí’

An Dara Léacht (2 Tiomóid 1:6-8, 13-14). Ná bíodh aon náire ort faisnéis a thabhairt ar an Tiarna. Mar a luadh cheana, féachann scoláirí áirithe ar a bhfuil sna Litreacha Tréadacha mar Luath-Chaitliceachas, le gnéithe de theagasc agus chleachtadh na hEaglaise comhchoiteann a bheadh ann sa dara céad agus níos déanaí, mar shampla comharbacht na nAspal agus an “taisce” le caomhnú. Cuirtear Tiomóid inár láthair mar chomharba ar Phól Aspal, a leag a lámha air go sacraimintiúil, agus as ar tháinig bronntanas faoi leith ó Dhia chuig Tiomóid. Iarrtar anois air an grasta sin a athlasadh. Bíodh go bhfuil béim sna litreacha seo ar dhílse don chreideamh agus don “taisce” seachas buanna an Spioraid Naoimh, ní hionann sin agus a rá go bhfuil an Eaglais seo éirithe “institiúidiúil”. Níl sí faoi stiúir spiorad na meatachta, ach faoi stiúir Spiorad an ghrá agus na stuaime, an stuaim le rudaí a mheas le dílseacht don traidisiún agus mar a oireanna do chúinsí nua. Cuid de aon ré san Eaglais ná bheith réidh le fulaingt ar son Críost, i gcás Thiomóid i gcomhphairt le Pól atá ina chime ag feitheamh le pian an bháis. Bronntanas ó Dhia bheith réidh dá leithéid. Go minic sna litreacha seo tugtar rabhadh bheith san airdeall ar theagasca éagsúla nach bhfuil ag teacht le fírinne an tsoiscéil, an “teagasc folláin” mar a thugtar air anseo. Ar theagasc chomhchoitean sin na hEaglaise tugtar anseo “taisce” nach mór a chosaint, a mhíniú agus a sheachadah, ach ní le stuaim dhaonna ach le cabhair an Spioraid Naoimh atá ina chónai sna creidmhigh agus san Eaglais.

An Soiscéal (Lúcás 17:5-10) Dá mbeadh creideamh agaibh! Is fearr an léacht seo a mheas ina chomhthéacs i Shoiscéal Lúcás. Táimid sa chuid sin den soiscéal ar a dtugtar “An Turas go hIarúsailéim”. Díreach roimh an caibideal seo bhí trácht ar agallaimh idir Íosa agus grúpaí nó daoine éagsúla. Tá a bhfuil le rá ag Íosa anois dírithe ar na deisceabail atá leis, agus a bheidh san eaglais níos déanaí. Díreach roimh an sliocht seo tá cur síos ar scannail agus maithiúnas i measc na deisceabal san eaglais. Ionann scannal anseo agus ceap tuisle, rud, gníomh nó ráiteas a bhaineann tuisle as duine. Is mairg don té a dheanann a leithéid do “dhuine beag” amháin de lucht leanúna Iosa. Ní leanaí atá i gceist leis na “daoine beaga”; ní raibh aon leanaí i measc na chéad deisceabail. Deisceabail leochaileacha iad ar fuirist a mhealadh nó a iompar ó chreideamh i gCríost nó óna chleachtadh. Dara rud a luaitear ná maithiúnas arís agus arís eile i measc na ndeisceabal.

            Leanann díreach ina dhiaidh sin sa léacht seo iarratas na ndeisceabal a gcreideamh a mhéadu, creideamh in Íosa agus sa soiscéal is dócha. Is ar thábhacht agus chumhacht an chreidimh freagra Íosa, agus léiríonn sé le sampla crainn cuíosach mór a bhfuil fréamhacha tréana aige. Ní mór do dheisceabal bheith san airdeal faoi scannal, tugtha do mhaithiúnas agus le creideamh láidir. Ach níl bunús do éirí in airde dó ansin. Níl déanta aige ach an méid is gá do aon duine de lucht leanúna Íosa. Sin is brí le parabal seo Íosa.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Faoi scáth Dé agus ar scáth a chéile

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn agallamh a dhéanamh leis an saol comhaimsire faoi thrí theideal, ceann do gach léacht, agus baineann siad go léir le gnéithe den chreideamh.

  1. Dílseacht, buanseasmhacht le moille Dé agus na hEaglaise. Mairimid i ré ina mbíonn an saol agus antsochaí ag athrú go tobann, agus ina mbíonn freagraí tobanna ag teastáil, réiteach ar fhadhbanna teoiriciúla agus móráltachta. Is fada siar a théann na ceisteanna ar Dhia faoi riar an domhain agus chúrsaí eile. Bhí leabhar fianaise curtha le cheile ag Iób le freagraí a fháil ó Dhia. D’fhreagair Dia Iób ach níor thug sé freagra ar a cheisteanna. Níor thug do Habacúc ach an oiread. Inniu, mar a bhí i laethanta Iób agus Habacúc, ní mór do creidmhigh maireachtáil lena gcreideamh i nDia, pé ar bith ceisteanna a bhionn acu. Is suáilce dhiaga é an creideamh a nascann le Dia. Tagann cinnteacht an chreidimh ó Dhia. Ní chuireann ceisteanna ná a bhaineann leo as don chinnteacht sin.
  • An “taisce” a chaomhnú. Is mór an cur agus an cúiteamh san eaglais faoi láthair, agus le tamall anuas, ar ábhair mar oirniú ban agus moráltacht maidir le cúrsaí gnéis, daoine á maíomh gur cóir don Eaglais teacht de réir meon na haoise agus athraithe cuí a dhéanamh. Déanann Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí trácht ar an taisce (oidhreacht) seo in áiteanna éagsúla, mar shampla  uimhir 97: “Déanann an Traidisiún Beannaithe agus an Scrioptúr Naofa le chéile taisce sácráilte éagsamhalta (singular) de bhriathar Dé mar a bheadh scáthan a mbaineann an Eaglais abhus lán a súl as Dia ann, an Té is údar lena cuid saibhris ar fad” (agus freisin in uimhir 84). Téann an bhéim seo ar dhílseacht don “taisce” siar go tús na hEaglaise, mar is léir óna Litreacha Tréadacha (Tiomóid, Tíotas). Ceist a bheadh, agus atá, á cíoradh ná an mbaineann pointe áirithe teagaisc le croílár an “taisce” nó an ann dó de bharr coinníolacha staire. Ní mór an machnamh agus an plé ar ábhair seo rúndiamhair an chreidimh a dhéanamh sa chomhthéacs a thuileann siad, faoi stiúir an Spioraid.

3. An creideamh a dhéanann miorúiltí. D’iarr na hAspail ar Íosa a gcreideamh a mhéadú, creideamh in Íosa mar theachtaire an Athar agus a leanann as sin, agus neart a bheith dílis dó. Is ar na h-éachtaí a leanann as creideamh láidir a bhi an freagra a thug Íosa. Sin an creideamh a bhí ag na hAspail nuair a chuireadar fúthu an domhan go léir a thabhairt isteach i gcró Chriost. Tá an neart céanna le sonrú i gcreideamh na gnáthmhuintire a thuigeann gur treise cumhacht Dé ina gcroíthe ná deacracht dá mhéid í.

Recommended Articles