Copyright 2017 - Custom text here

11 Meán Fomhair 2016 (C) Ceathrú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ar tóir na caorach caillte agus an mhic drabhlásaigh inniu.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Exodus 32:7-11, 13-14). Bhog an Tiarna agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé. Roghnaíodh an sliocht seo do liotúirge an lae inniu le dul leis an léacht ón soiscéal ina bhfuil na parabail faoi chuardach na caorach atá caillte agus faoin mhac drabhlásach. Déanann an sliocht cur síos ar chúram Dé gan a phobal a dhíoscú fiú tar éis an íoladhartha agus an t-séanta creidimh ann a rinne siad. Is fiú an sliocht seo a shuíomh ina chomhthéacs sa Bhíobla. Tar éis teacht amach dóibh ón Éigipt rinne Dia conradh le Iosrael agus trí Mhaois thug sé dóibh an Dlí agus na haitheanta. An chéad cheann díobh sin ná cosc iomlán ar aon íomhá ghreanta nó cosúlacht dé ar bith i gcaoi ar bith. Ansin chaith Maois dachad lá agus dachad oíche i bhfochair Dé ar Shliabh Siónáí, mar aon le díorma beag tofa, an fhad agus a bhí pobal Iosrael ag feitheamh ag bun an t-sléibhe, maraon le Árón, deartháir Mhaois. I dtráth ar bith ní héasca an creideamh é aondiachas, monadéachas, adhradh Dé ná feictear, agus sin gan íomhá ar bith de. Bhí sin i bhfad níos deacra i laethanta Mhaois, nuair ab ionann adhradh dé ar bith agus ildiachas. D’éirigh muintir Iosrael mífhoighneach de bharr Maois bheith as láthair chomh fada sin agus d’iarradar ar Árón dia no déithe a dhéanamh dóibh a rachfadh os a gcomhair amach, is é sin le rá comhartha sofheichthe de láithreacht Dé ina measc, mar a bhí ag in íoladhradh na bpagánach a raibh eolas agus taithí ag pobal Iosrael air. Rinne Árón dóibh lao leáite órga, nó le bheith níos cruinne lao fireann, tarbh, óg. a bhí mar shamhailchomhartha, mar shiombail torthúlthachta i reiligiúin an dúlra sa Neas-Oirthear Ársa. Níos déanaí sa stair chuir Ríocht Ghiúdach an Tuaiscirt dhá dhealbh den Lao (nó Tarbh) Órga suas mar shiombail de Dhia Iosrael i mBetel agus ag Dan (1 Ríthe 12:28). Bhagair Dia Iosrael a dhioscú de bharr an pheaca sin, ach de dheasca urnaí agus idirghuí Mhaois bhog sé ón bhagairt sin.

Salm le Freagra (Salm 50[51]). Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m’athar.

An Dara Léacht (1 Timóteas 1:12-17). Tháinig Íosa Críost ar an saol chun peacaigh a shlánú. I rith na seacht nDomhnachaí seo romhainn tógfar an dara léacht as an Chéad agus an Dara Litir chuig Timóteas. Tugtar na Litreacha Tréadacha ar na litreacha seo mar aon leis an Litir chuig Títeas de bhrí gur chúrsaí tréadacha sna heaglaisí a bhíonn faoi chaibideal iontu. Sa slí seo, agus i slíte iomadúla, eile tá difríochtaí eatorthu agus na litreacha eile a leagtar ar Phól. Tá difríochtaí iontu ó thaobh foclóra, stíle, diagachta, agus ábhair a bhaineann le stiúradh na heaglaise. Tá an dealramh orthu go mbaineann siad le glúin atá níos déanaí na ré na nAspal. Baineann siad le oidhreacht Phóil, le leanúnachas spioraid Phóil agus scríobhtar iad faoina ainm, amhail is dá mbeadh Pól féin ag caint iontu agus agus ag tabhairt a theachtaireacht don Eaglais i ré agus staid nua. Sa véarsa díreach roimh léacht an lae inniu

labhraíonn Pól faoin “dea-scéal glórmhar úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa”. Gabhann sé buíochas le Dia faoi seo agus faoin neart, faoin gcumas, a tugadh dó ina shaothar misinéarachta, agus faoin ghairm a fuair sé mar aspal, bíodh gur rinne sé géarleanúint ar an eaglais níos luaithe. Líon grásta Dé é le creideamh agus le grá do Dhia agus don eaglais. Bheadh a fhios ar sin go léir ag Timóteas agus an luath-eaglais. Ansin le béim a chur ar phointe teagaisc baineann Pól úsáid as ráiteas nach bhfuil le fáil ach i gceithre áiteanna eile sna Tréadlitreacha (1 Timóteas 3:1: 4:9; 2 Timóteas 2:11; Tíoteas 3:8): “Is barántúil agus is iontaofa an focal é”, usáidte de ghnáth, ach ní i gcónaí, roimh ráiteas a bhaineann le teagasc Críostaí. Sa chás áirithe seo is faoin fhírinne é gur tháinig Íosa Críost ar an saol chun peacaigh a shlánú. Cuireann Pól leis seo gurb é féin an duine is mó de na peacaigh sin. Deir sé gur féidir glacadh leis féin sna glúnta le teacht mar eiseamláir den pheacach ar thug Dia maithiúnas dó, teist de fhoigne gan teora Íosa Críost. Cuireann Pól críoch leis an machnamh seo le urnaí de shaghas liotúirgeach ag tabhairt molta agus gloire do Dhia.

An Soiscéal (Lúcás 15:1-32). Beidh áthas sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí. Tugann véarsa tosaigh na léachta seo suíomh agus cúlra an trí pharabal sa sliocht seo dúinn. Bhi iomrá ar Íosa toisc a chineáltais dóibh siúd ar an imeall, agus dá bhrí sin tháinig bailitheoirí cánach (nó bailitheoirí cánach tola, cánach bealaigh; poibleacánaigh) agus “peacaigh” chun éisteacht leis. Is dócha gur Giúdaigh a thug cúl le cleachtadh a gcreidimh, nó ar bheag leo rialacha dochta an chreidimh sin, agus go mór mór tuiscint chaol na bhFairisíneach agus scríobhaithe áirithe air, na “peacaigh” sin. Bhí na bailitheoirí cánach ar an imeall ar dhá chúis: ainm na mímhacántachta orthu agus bailiú cánach do údarás ón taobh amuigh. Ba fheasach go fóirleathan go mbíodh Íosa ag bord chun béile lena leithéidí. Sa chultúr sin b’ionann béile a ghlacadh le duine agus bheith páirteach ina mheon aigne, agus mar aon leis sin thug béile nó féasta chun cuimhne an féasta meisiasach le teacht, ar réamhbhlaiseadh dó béile ar talamh. Bhain béile i slí leis an chonradh le Dia, agus d’fhéach na Fairisínigh (agus roinnt de na scríobhaithe) orthu féin mar choimeádaithe, caomhnóirí, an chonartha. Is sothuigthe, mar sin, nár aontaíodar le cleachtadh Íosa, a bheadh ag cur, dar leo, luachanna an chonartha i mbaol. Ba é sin a léargas siúd. Níorb amhlaidh do léargas an Athar ar neamh, ná léargus Íosa a dhéanann soiléir sna trí pharabal seo go dtéann grá ollmhór agus tuiscint an Athar ar neamh i bhfad thar a léargas teoranta siúd. Ní hé gur ionann grá thar chuimse an Athar don duine caillte agus don mhac drabhlásach agus “Déan do rogha rud anois”. Is í is aidhm dó ná iad sin atá ar strae a thabhairt thar nais do mhuintearas leis féin, san aithrí. Ionann bheith faighte, filleadh, iontu féin agus aithrí.

            Tá trí pharabal ann: an chead cheann, fáil caora amháin as céad; an dara ceann, fáil drachma amháin as deich; an tríú ceann filleadh (fáil) duine amháin as beirt. Den chuid is mó de tá na parabail intuigthe uathu féin gan miniú. Ionann drachma agus denarius, luach saothair oibrí i gcóir lae. Maidir le parabal an bheirt mhac, an ceann caillte (drabhlásach) agus an duine eile urramach, íomhánna scáthánacha iad díobh siúd ar a bhfuil an parabal dírithe, faoi seach na “peacaigh” gur beag leo dlí na nGiúdachh agus léargas caol na bhFairisíneach agus na scríobaithe, agus an mac urramach a bhí umhal i gcónaí dá athair, scáthán de na Fairisínigh agus na scríobaithe ina n-urraim don Dlí. Ghéill an t-athair tuisceanach d’iarratas nó éileamh a mhic a chaith a shealúchas go drabhlásach, agus b’fhéidir ag tabhairt cúl lena chreideamh, mar chríochnaigh sé i dtalamh phagánach ag aoireacht mhuc, ainmhithe nach raibh ceadaithe do Ghíúdaigh. Is ansin a tháinig athrú intinne air, agus rún filleadh ar a oidhreacht. Cuirtear an bhéim ar faoi mar a ghlac an t-athair leis, gan bacadh le gnásanna a bheadh oiriúnach d’ócáidí eile. Tuigimid do fhreagra an mhic ba shine. Míníonn an t-athair na prionsabail atá i gceist, ag léiriú meon agus léargas an Athar grámhair ar neamh.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ar tóir na caorach caillte agus an mhic drabhlásaigh inniu.

Uair dá raibh bhí sé éasca na “caoirigh cailllte” a aithint agus friotháil orthu. Ba iad Caitlicigh a thug cúl le cleachtadh a gcreidimh. Ba gnáthach le baill áirithe de chumainn chráifeacha dul ar a dtóir agus iarracht a dhéanamh iad a thabhairt thar nais do chleachtadh an chreidimh. D’fhéadfadh misinéirí le linn mhisean paróiste cuairt a thabhairt orthu. Ní ionann an scéal inniu. Tá roinnt Caitliceach óga ann anois a thréigeann cleachtadh an chreidimh luath go leor ina saol. Ní dhéanann roinnt díobh ach an cleachtadh a threigean gan dul níos faide, ach a fhanann dílis don chreideamh a bheag nó a mhór. Ach mar aon leo siúd tá a thuilleadh ann, a bhfuil a líon ag dul i méid, a shéanann creideamh i nDia, agus a bhfuil claonadh ann le deireannas é sin a fhógairt go poiblí, amhail is go mba bac é an creideamh ar bheatha agus saol ceart daonna. Agus leis seo téann séanadh aon saoil eile, aon saoil le teacht, tar éis bháis. An séanadh follasach seo tárlaíonn sé níos minicí i measc an aos dána agus an aos léannta. Ní rud nua ar fad é. Sa stair is gnáth amhras, díchreideamh agus sceipteachas dul le tréimhsí ardléinn sa litríocht, sa fisic agus i léann an dúlra. Tá sampla maith againn de i Leabhar na hEagna (2:2-3) an Bhíobla, cumtha thart ar an bhliain 30 r. Chr. i gcúinsí dá leithéid, áit a chuirtear na briathra seo i mbeola daoine aindiaga: “Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an anáil inár bpolláirí agus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí. Nuair a mhúchfar í, deanfar luaith dár gcorp agus scaipfear anáil na beatha ar nós an aeir neamhsheasmhigh”. Don té a chreideann, leanann an tAthair grámhar ar neamh ag fógairt teachtaireacht na beatha – beatha abhus agus ar neamh dóibh seo uile, agus is do lucht leanúna Chríost an dea-scéala seo a chraobhscaoileadh, cosaint a dhéanamh ar fhírinní an chreidimh agus freagra a thabhairt de réir mar a oireann do ócáidí ar leith. Maidir le diúltú do chreideamh i measc na n-óg, d’fhéadfaí go bhfuil cúiseanna éagsúla ag baint leis, cuid de míthuiscint ar phointí teagaisc, amhail láithreacht Chríost san Eocairist, san habhlainní. Is fiú súil a choimeád ar na suirbhéanna a dhéantar ar an chreideamh a measc na n-óg san ábhar seo. Ní héasca teachtaireacht Íosa agus na hEaglaise faoi ghrá Dé dóibh siúd a thréigeann a fhógairt inniu, ach níor chóir go mbeadh lagmhisneach ar dhuine. Tá Dia féin agus Íosa páirteach san fheachtas.