Copyright 2017 - Custom text here

ansiolnua

An Síoladóir Nua

Uimhir a hAon Earrach 2016

Clúdach

Clár

Stair Chumann na Sagart        (7,000 focal) Tomás Ó Fiaich 1-15

Sagairt Dheoise Bhaile Átha Cliathagus an Éirí Amach 1916

Diarmuid Martin, Ardeaspag (Aistrithe ón Bhéarla ag Helen Ó Murchú) Bhaile Atha Cliath  16-20
Athruithe, athruithe … (2,000 focal) Helen Ó Murchú 13-18
An Tiomna Nuadh i teanga labhartha na ndaoine Fearghus Ó Fearghail 21-32
Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí agus Dara Comhairle na Vatacáine (3,000 focal) Donncha Ó hAodha 33-38
Cé hiad sin mo a bhfuil faobhar ar a ghoile? (4,000 focal) Colm Ó Torna 39-50

  

Stair Chumann na Sagart

Tomás Ó Fiaich

  1. I.FRÉAMHACHA

Dhá thraidisiún, dar liom, a tháinig le chéile i mbunú Chumann na Sagart, nó Cumann na Sagart nGaedhaelach, mar a thugtaí air sa chéad sá scór bliain dá shaol. An chéad traidisiún acu siúd an nós a bunaíodh ón bhliain 1895 ar aghaidh, nuair a bhí Coláiste Phádraig Maigh Nuad céad bliain d’aois, go dtigeadh na hiarmhic léinn i gcionn a chéile gach samhradh chun ceisteanna poiblí a bhí i mbéal an phobail a phlé. Chuir na cruinnithe bliantúla seo de Aontas Mhaigh Nuad gléas ar fáil do chléir na hÉireann ó thús an 20ú céad ar aghaidh a dtionchar a imirt ar bhonn Náisiúnta ar bhealach nach raibh acu san 19ú haois agus thosaigh siad ag dul i bhfeidhm ar thuairimí a chéile, á spreagadh, á ngríosadh, á mbeachtú, á ndaingniú, corruair á maolú agus corruair á ngéarú. Ba ghairid go mbíodh miondreamanna i measc na cléire a raibh spéis acu in ábhar faoi leith ag teacht le chéile I gcruinnithe speiaialta ar ócáid an Aontais agus ar an dóigh sin a saolaíodh cumainn mar an Catholic Record Society of Ireland in 1912.

            An dara traidisiún a chuaigh i dtionchar ar bhunú Chumann na Sagart ná an sciar fiúntach de theagasc Chonradh na Gaeilge a bhí ag dul i bhfeidhm ar an chléir Chaitliceach ó bhlianta deiridh an 19ú haois ar aghaidh. Níorbh é an Conradh, ar ndóigh, an chéad ghluaiseacht Ghaeilge a raibh baill aonaránacha den chléir sáite inti. Bhí corr scoláire ina measc páirteach san Archaeological Society agus sa Celtic Society i lár an 19ú haois. Bhí an t-Ardeaspag Mac Éil ag aistriú téaxanna – An Iliad agus Moore’s Melodies – agus níos mó den dúthracht ná de fhéith na filíochta taobh thiar dá iarrachtaí. Bhí an tAth. Uilleog de Búrca, ollamh i gColáiste Iarlatha i dTuaim agus sagart paróiste Chlár Clainne Mhuiris ar ball i mbun “Roinn na Gaeilge” sa Nation agus níos déanaí sa Tuam News. Nuair a bunaíodh Cumann Buan-Chosanta na Gaeilge in 1887, cuireadh faoi choimirce Mhic Éil é, agus bhí baint mhór ag de Búrca leis an leabhair teagaisc a chur an cumann amach. Nuair a tháinig scoilt sa chumann sin agus gur shíolraigh Aontacht na Gaeilge as in 1880, bhí de Búrca ina chrann taca láidir ag an eagraíocht nua, go háirithe tar éis bhunú Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Sagart eile a bhí ina rúnaí ar an dá chumann i dtús a ré, an tAth. Ó Nualláin, Cairmilíteach. Agus chabhraigh cúpla Íosánach eile, an tAth. Seán Ó Cearbhaill agus an tAth. Éamonn Ó hÓgáin (údar an Onomasticon) leis an obair.

            Nuair a tháinig dream beag le chéile i Sr. Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in 1893 chun Conradh na Gaeilge a bhunú, bhí sagart amháin ina measc, an tAth. Liam Ó hAodáin de Chumann Íosa. Bhí an tAth. Eoghan Ó Gramhna thar sáile san am, an sagart óg a ceapadh ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad dhá bhliain roimhe sin, agus a bhí ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaeilge san am céanna. In alt misniúil a foilsíodh san Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1890, léirigh sé go raibh géarghá lena thuilleadh sagart a chuirfeadh suim sa teanga. Tar éis liosta fada de scoláirí Gaeilge ó Jubainville go Thurneysen a lua, scríobh se :

All these are foreigners and nearly all Catholic…..if we search among Irish Catholics, we find no laymen of eminence…..Then in the clergy we shall meet with very few scholars. There are eight or nine in the regular orders. The secular clergy are represented by Dr. McCarthy, and one or two others rarely en evidence, and by a handful of younger priests, willing, it may be, and earnest, but without influence and opportunities

Scríobh Eoin Mac Néill alt den chineál céanna san Irish Ecclesiastical Record, Nollaig 1891, mar dhuirt sé go soiléir go bhféadfadh an chléir an Ghaeilge a shábháil nó a mharbhadh:

To one even practically conversant with the facts of the case, it must seem a truism to say that the future of the Irish Language is almost wholly in the hands of the clergy…there is no other body and there are no other individuals in possession of any such influence

Ba é Cuallacht Cholm Cille a bunaíodh i measc mhic léinn Mhaigh Nuad in 1898 an chéad ghléas a cuireadh ar fáil chun soiscéal na Gaeilge a theagasc go forleathan agus go leanúnach i measc na cléire óige. Faoin am sin bhí Eoghan Ó Gramhna ar leaba an bháis in Arizona – fuair se bás an bhliain ina dhiaidh sin – ach lean an chomharba Micheál Ó hIcí den soiscéal céanna i dtús na fichiú haoise. Ba ghairid go raibh glúin nua den shagart óga á n-ullmhú i Maigh Nuad agus séala na Cuallachta ar a n-éadan. Bhí siad ag teacht faoi thionchar Uí Ghramhna fiú amháin tar éis bháis dó, mar tugadh a chorp ar ais go Maigh Nuad i 1903; nuair a bhí Dubhghlas de hÍde sna Stáit Aontaithe in 1905-6, thug sé 2an áit is Gealaí in Éirinn” ar an choláiste.

            Feictear dom go minic gurbh í an ghlúin sagart a tháinig as Maigh Nuad sna blianta roimh an chéad Chogadh Domhanda an ghlúin ba Ghealaí agus ba shaibhre tírghrá a agus ba thorthúla saothar ar son a bpobail féin agus na náisiúin thar lear dár shíolraigh as Maigh Nuad riamh anall. Ina measc bhí an tAth Dónall Ó Tuathail ó Dhún agus Coinnire, an té a chuir eagar ar Tóraidheacht na bhFiréin ar lorg Chríost, an tAth. Lorcan Ó Muirí ó Ard Mhacha, Bunaitheoir Choláiste Rann na Feirste, An tUltach agus Comhaltas Uladh, an tAth. Tomás Ó Ceallaigh ó Ail Finn, an chéad duine a thug faoi Opera a chumadh i nGaeilge, an tAth. Pól Breathnach, staraí agus ollamh, an tAth. Liam Ó Fearghusa ó Chiarraí, crann taca agus athbhunaitheoir Chumann na Sagart sna tríochaidí, agus liosta fada cléire a bhí iontach saothrach i gcúrsaí Gaeilge ar ball – Tomás Burbage (Cill Dara), Riobard Fullerton agus Séamus Mac Léanacháin (Dún & Coinnire), Micheál Mac Cearbhaill agus Con Mac a’ Bhaird (Clochar), Pádraig Mac Giolla Cearra (Ráth Bhoth), Peadar Mag Loingsigh agus Uaitear Ó hÉigeartaigh (Doire), Máirtín Ó Dónaill (Tuaim), Máirtín Ó Riain (Fearna), Tomás Ó Muircheartaigh (Ciarraí), agus go leor eile. Leis na tréimhse chéanna, ar ndóigh, a bhain na sagairt a bhunaigh Misinéirí N. Columbáin.

            Feiceann tú an Ghaeilge ag sleamhnú isteach i gnáthchúrsaí an Choláiste nuair a bhí an sagairt ina mhic léinn ann – an Paidrín Páirteach i nGaeilge gach oíche ó thús an chéid; léitheoireacht Ghaeilge ag an suipéir gach oíche ó 1906 ar aghaidh; ainmneacha na sagart óg in airde ar a gcuid pictiúir ar na ballaí i nGaeilge, ón bhliain 1909 amach. Sa bhliain 1906 thug an Dr. Risteard de Hindeberg an chéad léacht i nGaeilge faoi choimirce Aontas Mhaigh Nuad ag a gcruinniú bliantúil i mí Meithimh. (“Teagasc Trí Ghaeilge”) agus d’fhás an nós as sin amach go mbíodh leacht Gaeilge amháin i gcónaí ar lá an Aontais. Seo iad na cainteoirí: 1907 Tomás Ó Ceallaigh, An Sagart & An Saol nua in Éirinn; 1908 Seán Ó Cuinneagáin, Oileán Toraigh; 1909 Canon Macken, An Ghaeilge i gCúige Connachta; 1910 An tAth. Peadar Ó Laoire, Athbheochan na Gaeilge; 1911 Pól Breathnach, An Ghaeilge sna Scoileanna, 1912 Aindrias Ó Céilleachair, Féinriail ag Éirinn; 1913 Cathaoir Ó Braonáin, An Béarla agus an Creideamh in Éirinn.

  1. II.BÚNÚ & FÁS

I Meitheamh 1914 léigh an tAth. Gearóid Ó Nualláin, ollamh nua na Gaeilge, a tháinig i gcomharbas ar Ó hIcí, nuair a briseadh as a phost é agus uncail Myles na gCopaleen agus Chiaráin, eagarthóir Inniú, páipéar Gaeilge ag tionól an Aontais dar teideal; “Dualgas na Cléire i ngnó na Gaedhilge”. Chuir sé i gcuimhne don chléir a bhí ag éisteacht leis go raibh creideamh agus an teanga fite fuaite ina chéile san am a bhí imithe, agus mhol sé dá lucht éisteachta cumann speisialta a bhunú don chléir Ghaelach. “Is mó cuallacht ann cheana” ar seisean, “chun cosanta na Gaedhlige ar náimhdibh na tíre. Ach dá mhéid é ní leor é. Tá gádh le tuille. Go mór-mhór tá gádh le cuallacht fé leith ná beadh inti ach sagairt; sagairt a chuirfeadh suim sa nGaedhilg, agus go mbeadh an Ghaedhilg aca, nó aidhm aca, ar í a bheith aca; sagairt a thuigfeadh an dlúth-cheangal atá idir an Ghaeghilg agus an creideamh agus a dhéanfadh a ndícheall chun an cheangail sin a choimeád agus do bhuanughadh”

Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach níor glacadh an chéad chéim eile ar an ócáid sin, ach ag cruinniú an Aontais i 1915, nuair a léigh an tAth. Séamus ach Leanacháin as Béal Feirste páipéar a bhí mórán ar an téad céanna. Tar éis an cheist a chíoradh athuair, toghadh coiste sealadach le dul i mbun oibre. Tháinig an coiste seo le chéile i mBaile Átha Cliath lé Fhéile Bríde 1916 agus shocraigh siad go ngairmí an chéad chruinniú ginearálta de “Cumann na Sagart nGaedhealach” i Maigh Nuad ar lá an Aontais mí Meithimh ina dhiaidh sin. Iarradh ar an tAth. Tomás de Bhál as Fairche Luimní léacht a thabhairt ar an ócáid sin ar ghluaiseacht teangtha i dtíortha éagsúla ar Mhór-Roinn na hEorpa.

            Faoin am a tháinig an cruinniú sin le chéile bhí Éíre múscailte as a suan ag íobairtí na Cásca. Bhí an Ginearál Maxwell i ndiaidh iarraidh ar an Dr. Ó Duibhir, Easpag Luimní, pionós a ghearradh ar bheirt shagart dá chuid a bhí ró-chabhrach leis na hÓglaigh, rud a thuill freagra do Maxwell nach raibh sé ag súil leis an ionsaí géar ón Easpag ar pholasaí Shasana in Éirinn. Agus b’eol don chléir a tháinig chuig an chruinniú go raibh leachtaí, an tAth de Bhál, ar dhuine de bheirt shagart a tharraing fearg Maxwell orthu féin.

            Caint leannta a thug an tAth. de Bhál do chruinniú tionscnaimh Chumann na Sagart nGaedhealach. Labhair sé faoi na hiarrachtaí a rinneadh chun teacht i gcabhair ar an Phléimeannais a shaibhriú agus a neartú, ní amháin mar chosaint ar an náisiúin ach mar scrín ar an Chreideamh. Bá léir gur theastaigh uaidh go ndéanfadh an cumann nua an rud céanna in Éirinn.

            Nuair a bhí an leacht thart cuireadh Cumann na Sagart nGaedhealach ar bun go hoifigiúil. Toghadh an tAth. Séamus Mac Leanacháin as Dúin agus Coinnire mar chéad rúnaí náisiúnta agus an tAth. Padraig Ó Conaill as fairche na Mí mar chisteoir. Bhí ionadaí ó gach fairche le bheith ar an choiste náisiúnta sin timpeall 30 ar fad, ach mar a fheicimid ar ball, d’fhán a bhformhór ar pháipéar amháin.

Sagairt ildánach a bhí sna chéad oifigigh sin ar Chumann na Sagart nGaedhealach. Bhain an tAth. de Bhál dochtúireacht amach san fhealsúnacht. Chaith sé blianta fada ina shagart cúnta i mDruim Collchoille agus ansin i bhFaing, agus beagnach scór go leith bliain i ndeireadh a shaoil ina shagart paróiste agus ina Chanónach i mBaile an Gharrdha. Ansn bhí sé nuair a fuair se bás i mí Feabhara 1956. Níor bhuail mé leis ach uair amháin – sa bhliain 1945 – nuair a d’éirigh liom dul chuig an Oireachtas, cé go raibh mé i mo mhac léinn anseo san am. Fear ard séimh caoinghlórach a bhí ann, agus chaith sé cuid mhór den oíche sin i gcuideachta Uachtarán nua na hÉireann san am, Seán T. Ó Ceallaigh. Bliaian is fiche ina dhiaidh sin agus deich mbliain i ndiaidh a bháis bhronn a chairde de phribhléid orm an leacht a bhí tógtha acu in ómós dó ar Áras Íde i bhFaing a nochtadh.

            Casadh an chéad chisteoir - Pádraig Ó Conaill – orm uair amháin fosta. Tar éis beagán bliain a chaitheamh ina mhúinteoir i gColáiste Fhionáin, an Muileann gCearr, chuaigh sé isteach in Ord nua N. Columbáin agus chaith tamaill de bhlianta ag teagasc i bPáirc Dealgan. Tar éis tréimhse thar lear d’fhill sé ar Éirinn agus chaith blianta deiridh a shaoil ag foilsiú leabhraí mór léannta ar an éabhlóid. D’éag sé ina sheanóir i Nebraska, 31 Bealtaine 1971. Níor bhuail mé riamh leis an chéad rúnaí, Séamus Mac Leanacháin, cé go raibh aithne mhaith agam ar a shearthair Seoirse. Chaith Séamus fiche bliain i gColáiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, agus na blianta deiridh mar S.P., Mgr. agus V.G. i nDún agus Coinnire. D’éag sé i mí na Samhna 1940.

            Ag cruinniú den choiste i mBaile Átha Cliath ar an 3 Eanáir 1917 ceapadh bunreacht don chumann nua agus glacadh leis ag ollchruinniú an Chumainn in oifigí Chonradh na Gaeilge, 25 Cearnóg Pharnaill, Baile Átha Cliath, ar an 20ú Meitheamh 1917. Dhá saghas comhalta a cheadh sa chumann de réir Bunreachta:

  1. Sagairt a bhí in ann gnó an chreidim a dhéanamh trí Ghaeilge agus
  2. Sagairt a bhí toilteanach cabhrú le hobair an Chumainn. Cúig scilling an síntiús bliana agus choinnigh an chraobh áitiúil a leath.

Bhí coiste an-mhór le roghnú – leasuachtarán as gach cúige, sagart as gach fairche agus gach ord, 4 as Maigh Nuad agus 4 as Baile Átha Cliath agus 6 comhthoighte, sin timpeall 60 ar fad.

            Is beag a chualathas faoin chumann ar feadh bliana ina dhiaidh sin. “Caithfidh an cumann teacht amach as an dorchadas”, a scríobh sagart ar The Leader 17 Lúnasa 1918. Chonacthas do na baill gurbh é an bealach a b’éifeachtaí le teacht amach as an dorchadas ná tréimhseachán dá gcuid féin a fhoilsiú.

  1. III.“AN SÍOLADÓIR”

I mí Iúil 1920 foilsíodh an chéad uimhir de ráitheachán nua an Chumainn, An Síoladóir, ar 2/6 chóip. Bhí litreacha molta agus tacaíochta ó sheisear den Chliarlathas i gcló sa dara huimhir, an t-iomlán acu i mBéarla. Scríobh an Cairdinéal Ó Maolmhaodhóg; “I have no doubt it would contribute largely to the spread and use of the language, especially in Irish-speaking districts.” Ach aisteach go leor is i mBéarla a scríobh sé, cé gur ar imeall na Gaeltachta i dTír Chonaill a tógadh é agus go mbíodh sé ina mhúinteoir Gaeilge i Maigh Nuad. I mBéarla a scríobh an tEaspag Mag Ruairí chomh maith, Cairdinéal níos déanaí. Ní hiontas liom sin, mar ní raibh ach beagán abairtí i nGaeilge aige, cé go raibh sé iontach báiúil leis an teanga mar a chonaic mé féin go minic le linn m’óige. Teachtaireacht mhisnigh a sheol sé

It borders on the heroic to attempt to start a magazine at the present, when the cost of paper and labour is so great; but as against this, thank God, you have at your back a national spirit that has risen far more in the last four or five years that even the cost of printing

An tAth. Risteárd Pléimionn, sagart cúnta i Rae an Iarthair san am, a bhí mar eagarthóir ar An Síoladóir. Is cuimhim liom go maith sna daicheadaí é nuair a bhí sé ina shagart paróiste i Ráth Maonais. Fear righin láidir é agus is minic é ag tromaíocht ar neamhshuim na cléire agus ar úsáid an Bhéarla ag Sagairt sa Ghaeltacht. Tá nóta Béarla aige sa chéad uimhir, mar shampla;

We have seen it stated by a writer in a provincial paper that in many parishes (names given) with which he was acquainted there has not been sermon in Irish or the past twenty years, though 90% of the people use the Irish language. The Cumann na Sagart must see to it that this state of affairs is ended.

Sin é a chéad uair, dálta an scéil, a chonaic me tagairt do Chumann na Sagart (ní Cumann na Sagart nGaedhealach). Luaigh an t-eagarthóir gur ceapadh an tAth. Mac Leanacháin ina uachtarán ar Choláiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, agus ar an ábhar sin go raibh air éirí as bheith ina rúnaí, agus thug sé ard mholadh dó: “We venture to say that there would be no Cumann na Sagart nGaedhealach in existence……..but for his strenuous and unremitting labours”.

            D’fhág an t-athrú sin uachtarán agus rúnaí nua ar an Chumann – Risteard Pléimionn mar uachtarán chomh maith le bheith ina eagarthóir ar An Síoladóir agus Uaitéar Mac Dónaill, sagart eile de chuid Bhaile Átha Cliath, ina rúnaí. Tugadh moladh ar leith do na fairchí, Tuaim agus Dún is Coinnire. Agus i measc na síntiúsóir in uimhir na Nollag feiceann tú ainm Eric Mhic Fhinn, laoch eile de chuid an chumainn atá beo go fóill agus é timpeall nócha bliain d’aois. Sa chéad uimhir eile a d’fhoilsigh sé a chéad alt ins An Síoladóir faoi Navigatio Sti Brendani; bhí sé ag scríobh ins An Sagart níos mó ná caoga bliain ina dhiaidh sin, fad dílseachta nach sárófar go deo.

            A fhad is mhair An Síoladóir níl deacracht ar bith againn a dhéanamh amach cad iad na fairchí a bhí gníomhach i gCumainn na Sagart agus na fairchí a bhí ina dtost. Seachas Fearna, Tuaim agus Dún an Coinnire, bhí Baile Átha Cliath, Ciarraí, Port Láirge, Luimneach, Caiseal agus Ros go maith. Fógraíodh in uimhir an Fhómhair 1921 go raibh craobh nua á cur ar bun i bhfairche Dhoire agus níos mó ná tríocha ball ann, agus craobh curtha ar bun i gCill Dara faoi stiúrú an tAth. Liam Miller, “Le teacht na síochána”, a deir an t-eagarthóir, “beimid ag súil le craobh den chumann i nach fairche”

            In uimhir na Nollag 1921 a sroiseadh barr buaiche an Chumainn ina ré tosaigh, dar liom. Bhí an Dr. Éamon Ó Broim tar éis teacht i gcomharbas ar an Dr. Liam Breathnach mar Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath. Foilsíodh an dileagra ón chléir agus ó Chomhairle na cathrach don Ardeaspag nua agus a fhreagra i ngach cás. I nGaeilge amháin a bhí na cáipéisí ar fad. Bhí cuntas ar chruinniú cinn bhliana an Chumainn ar 20ú Deireadh Fómhair 1921. Chuaigh an tEaspag Ó Dónaill i gceannas an chruinnithe; bhí timpeall 20 sagart i láthair, a mbunús ó Bhaile Átha Cliath; ach ba é an nuacht a b’fhearr a chuala siad go raibh méadú mór tagtha ar bhallraíocht an chumainn ó 240 i 1920 go dtí 407 i 1921. Seachas na deoisí atá luaite agam cheana, bhí Ard Achaidh tar éis teacht ar aghaidh go tapa chun bheith ar an deoise ba láidre i gCúige Ard Mhacha agus bhí bogadh éigin i gCorcaigh. Ach go fóill féin ní raibh ach sé níre (na seanchinn), agus Cill Dara, Doire agus Baile Átha Cliath (na cinn nua). Comhaltaí aonaránacha a bhí sna fairchí eile, gan craobh áitiúil ag obair iontu. Mhair an laige sin san Chumann anuas go dtí an lá inniu. Ach bhí an tUachtarán ag súil go mbeadh méadú mór feasta de bhrí go raibh an tsíocháin i réim athuair.

  1. IV.MEATH AGUS ATHFHÁS

Ba bheag a chiall, faraor. Is é an chéad uimhir eile de An Síoladóir an ceann deireanach. An naoú huimhir atá ann, tús leis an triú bliain agus Samhradh 1922 marcáilte air. Ach ní dócha go dtáinig se amach go dtí i bhfad ina dhiaidh sin. Faoi shamhradh 1922 bhí cogadh na mBráthar faoi lánseol agus is é an 3ú Samhain 1922 atá ar an Imprimi Potest. Ón am sin amach bhí An Síoladóir marbh, agus níor mhair an cumann i bhfad ina dhiaidh.

            Is beag an chualathas ó Chumann na Sagart nGaedhealach ina dhiaidh sin ar feadh corradh le deich mbliain. Bhuail an cogadh Cathardha buille uafásach ar ghluaiseacht na Gaeilge I gcoitinne agus thit na scórtha craobh de Chonradh na Gaeilge as a chéile i 1922 agus 1923. Bhí an scéal céanna le hinsint faoin Ghaeilge i Maigh Nuad. Má amharcann tú ar Irishleabhar Muighe Nuadhat 1924, castar tagairt ort go tapa don lagthrá a bhí tagtha i réim sa choláiste:

Is léir go bhfuil meath tahaithe ar an spiorad sa toigh seo. Ní hé sin amháin, ach is beag ná go bhfuil an spiorad imithe ar fad. An neamhshuim do cuireadh ar siubhal in Éirinn uilig beagnach, bhí sí fós i mbun na faillighe i Maigh Nuadhat

 

Mhar an suan sin sa chuid is mó den tír ar feadh cúig bhliain déag go garbh, ó 1923 go 1938, ach léirigh cúpla fairche beocht éigin roimhe sin.

            I Luimneach agus i gCiarraí a tháinig an athmhúscailt i dtús ama. D’fhág sé sin go raibh craobhacha ann ar feadh dornán bliain de chumann nár athbhunaíodh ar bhonn náisiúnta go fóill. An tAth. Tomás de Bhál a d’atheagraigh an chraobh i Luimneach agus d’fhreastail 26 sagart ar an chruinniú tionscnaimh a ghairm sé in Óstán de Crúis i 1929. Ón bhliain sin ar aghaidh bhí dream sagairt ag teacht le chéile i bhfairche Luimní go rialta agus ghlac siad de dhualgas orthu féin na paidreacha tar éis Aifrinn a rá i nGaeilge gach Domhnach, seanmóir Gaeilge a thabhairt lá Fhéile Pádraig ar a laghad agus iomainn Ghaeilge a bheith á gcanadh ag córacha faoina stiúir. Thionóiltí cruinniú ginearálta dhá uair sa bhliain, san Earrach nó san Fhómhar, agus bhíodh léacht nó dinnéar ann ar an ócáid sin. Bhíodh trí nó ceithre mionchruinniú in aghaidh na bliana chomh maith, nuair a thigeadh dream beag sagart le chéile i dteach duine acu chun béile agus caidrimh trí Ghaeilge. Measaim gurbh í an scéim scoláireachtaí chun na Gaeltachta do ábhair sagairt a bhunaigh craobh Luimní i 1946 an tionscnamh ba mhó rath a chuir an chraobh i gcrích. I mBaile na nGall a bhaineadh siad fúthu i dtús ama, ach ón uair ga tógadh Brú na Gráige, thosaigh siad ag dul siar ansin in éineacht le slua an tAth. Tadhg Ó Murchú. D’fhán an Ath. De Bhál ina uachtarán ar Chraobh Luimní go dtí 1950.

            Deir muintir Chiarraí liom nach fada a bhí siad chun deiridh ar Luimneach in athbhunú an Chumainn – mar sin féin, ní dóigh liom gur tionóladh an cruinniú athbheochana i dTrá Lí go dtí Meán Fhómhair 1936. Beirt shagart a ba chiontach leis an athbheochan ní amháin i bhfairche Chiarraí ach ar fud na tíre ar ball: An tAth Roibeard Breathnach, S.P. Cnoc na gCaiseal agus an tAth. Liam Ó Fearghusa, S.P. Beal Átha Longfoirt, Moladh le Dia go bhfuil an tAth. Breathnach beo beathaíoch agus i mbun a chúraim go fóill – gura fada buan i mbarr na sláinte é. Cheiliúraigh se seasca bliain sagartachta anuraidh. Sílim go mba dheas an é teachtaireacht dea-mháine a chur chuige ón chruinniú seo den chumann a d’athbhunaigh sé caoga ó shin. Beidh áthas air a fháil amach nach bhfuil a chuimhne ligthe chun dearmaid tar éis an leithchéad.

            Bá é an tAth. Liam Ó Fearghusa a toghadh ina uachtarán ar Chraobh Chiarraí agus mhair sé sa phost sin ar feadh corradh agus fiche bliain. Bhí cosúlacht mhór idir an clár bliantúil a chuireadh siad i gcrích i gCiarraí agus clár craoibhe Luimní, i.e. mórchruinniú uair nó dhó sa bhliain, san earrach agus san fhómhar, ag a leití páipéar agus díospóireacht ina dhiaidh; foilsíodh leabhrán den leagan caighdeánach de na gnáthphaidreacha do na scoileanna, agus bhronntaí deontais ar na hábhair sagart a bhíodh ag dul ó Brú na Gráige. Fuair muintir Chiarraí amach go raibh craobh de Chumann na Sagart nGaedhealach beo i bhfairche amháin san Iarthar agus sa Tuaisceart agus dá bhrí sin lorg an tAth. Ó Fearghusa cead ar Rúnaí Aontas Mhaigh Nuad, an Dr. Micheál de Brún, ceist cónasctha eatarthu a thógáil ag an chéad chruinniú eile den Aontas.

            Sin mar a bhí an scéal nuair a tháinig Aontas Mhaigh Nuad le chéile sa Choláiste 22ú Meitheamh 1937. Léigh an tAth. Micheál Murchada as Baile Átha Cliath páipéar fada i nGaeilge dar teideal “ Fás an Dráma in Éirinn” agus an Dr. Padraig de Brún sa chathaoir don ócáid. Nuair a bhí ábhar an pháipéir cíortha ag an lucht éisteachta, mhol an tAth. Liam Ó Fearghuasa na craobhacha áitiúla den chléir Ghaelach a cheangal le chéile. “Buíochas le Dia”, ar seiseanm “tá Cumann na Sagart nGaolach ar siúl cheanna féin agus na hEaspaig ina bpátrúnaibh aige i Luimneach, in Ailfionn, i nDún is Coinnire, i gCiarraí agus b’fhéidir i bhfaircheacha eile nach eol dom. Ba mhaith an ní a leithéid de chumann do bheith ins gach uile fhairche in Éirinn agus dar liomsa sé an tslí is fearr chun é sin do dhéanamh ná comhairle náisiúnta Chumainn an Sagairt nGaolach do chur ar bun ar nós Comhairle Náisiúnta de Chuallacht an Athar Maitiú…..Da bhrí sin molaim mar rún don chruinniú seo comhairle náisiúnta Chumainn na Sagart nGaolach do chur ar bhun, nó d’aithbheochaint, mar cuireadh ar bun anseo cheana féin, tá fiche bliain ó shin”.

            Chuidigh an tAth. Seamus Mac Leanacháin as Dún is Coinnire leis an rún, an sagart céanna a bhí mar chéad rúnaí ar an tsean chumann scór bliain roimhe sin, agus glacadh leis d’aon ghuth. Ansin toghadh coiste sealadach mar leanas:

Uachtarán: An Dr. Padraig de Brún, Maigh Nuad

Ceathrar Leasuachtaráin: Séamus Mac Leanacháin (C.Ard Mhacha), Micheál Ó Murchadha (C. Bhaile Átha Cliath), Padraig Ó Néill ó Luimneach (C. Mumhan), Tomás Ó Mathúna Ó Ailfionn (C. Connacht)

Rúnaí-Cisteoir: Liam Ó Fearghusa ó Chiarraí

Nuair a tháinig an coiste le chéile i ndiaidh scaipeadh an tslua, leag siad amach an Bunreacht nua. Fágadh cuspóir an chumainn an-leathan:

“An Ghaedhilg do chur chun cinn chomh maith agus is féidir é i gcúrsaí creidimh is eile. Ní mór do gach craoibh riaghalacha fé leith do dhéanamh i gcomhair a comhaltaí féin san rud seo.”

Ceanglaíodh ar gach craobh dhá scilling ar son gach comhalta a dhíol leis an Chomhairle Náisiúnta ma shíntiús bliana agus clár oiriúnach a sholáthar do na baill. Ní cóir aon teanga ach Gaeilge a bheith ar siúl ag na cruinnithe. “Na heaspaig go léir atá toilteanach, bheadh siad ina bpátrúnaibh ag an gCumann”.

            I bhfómhar na bliana sin scríobhadh chuig na heaspaig ag lorg a bpátrúnachta agus thoiligh duine is fiche as ochtar easpag is fiche bheith ina bpatrúin. An rud is mó a thugann tú faoi deara faoi na litreacha a tháinig ar ais uathu, gur i nGaeilge a bhí siad ar fad, murab ionann agus litreacha 1920. Is fiú cúpla ceann acu a léamh:

An Cairdinéal Mac Ruairí: Mar fhreagra don litir uait a tháinig indé, is maith lena Shoilse a rá leat ná saoileann (sé) go bhfuil sé oireamhnach dó bheith ina phatrún ah Cumann na Sagart nGaedhealach agus gan aon Ghaoluinne aige féin. Ach óir iarann tú air é, tá sé toilteanach le bheith ‘na Phatrún

S. Ó Donnghaile, Rún

An Dr. Pádraig Ó Cathasaigh Easpag Rois (Ros Ailithir):

Ag tagairt don gCumann úd – is bréan liom an focal úd “Patron” Tá baadh gallda as agus go deimhin níl ann ach cúis gháire agus mhagaidh, fé mar a chidhtear sa pháipéar ur dhein “Colonel” den “Duchess of York”

Cad chuige na patrúin? Cad is gadh leo? Cad is ceaptha dhóibh le déanamh?

Ní mian liom bheith am’ cheap mhagaidh d’einne agus dá brigh sin, ná déantar patrún díom.

Is maith an rud é an Cumann agus tá súil agam go n-éireochaidh leis, ach gan bac le pátrúiní

Tuaim (an dá Ghualainn)

Chuir mé an cheist úd faoi Chumainn na Sagart nGaeghealach faoi bhrághaid an Ard Easpaig ach ní raibh sé sásta cead a thabhairt dom craobh a bhunughadh gan cóip den bhunreacht a fháil uait i dtosach.

            Sagart a bhí i láthair ag an chéad chruinniú eile, dúirt se liom gur léigh an tAth. Ó Fearghusa an freagra sin amach is ard agus ansin gur dhúirt sé “Maise ní Tadhg an dá thaobh go Tuaim an dá Ghualainn”.

  1. V.AN CHLÉIR

Ó tharla an cumann ar a bhonnaí athuair socraíodh go gcuirfí iris bhliantúil amach, agus foilsíodh an chéad uimhir de An Chléir i ndeireadh 1938. Is iontach an foinse eolais í ar imeachtaí Chumann na Sagart sna tríochaidí, agus de bhrí go bhfuil scéal an tAth. Uí Fhearghusa ar gach leathanach, tá sé an-ionraice, an-oscailte agus in áiteanna an-ghreannmhar, Tugann sé cuntas ar imeachtaí agus ar bhallraíocht an chumainn ó fhairche go fairche, agus ar an chruinniú bhliantúil san Aula i Maigh Nuad, 21 Meitheamh 1938. Is beag nár ceadaíodh don chumann an cruinniú seo a thionól ann ar chor ar bith mar bhí eagla ar lucht an Aontais go raibh saghas “Take-over” ar chruinniú Gaeilge an Aontais ar siúl ag an chumann. Dá bhrí sin scríobh rúnaí an Aontais: “níorbh fholáir cathaoileach nuadh do thoghadh, nó, ar an gcuid is lugha dhe, an cathaoirleach céadna ach é bheith formaliter distinctus”. Fág faoi lucht an dlí chanónda é; Pádraig Ó Néill, an Leasuachtarán agus Easpag Luimní ar ball scríobh an méid sin. Eisean a léigh páipéar Gaeilge an Aontais ar “Cosg na hOibre ar an nDomhnach”; nuair a bhí an díospóireacht ar an pháipéar thart, d’fhag an léachtaí mar aon leis an chathaoirleach, an tOllamh Ó Fallúinm an stáitse agus chuaigh an Dr. Pádraig de Brún agus an tAth. Ó Fearghusa i gceannas. Deir sé go raibh cúpla céad sagart i láthair. Más cruinn an comhaireamh sin, caithfidh se gurbh é sin an tionól ba mhó dá raibh ag Cumann na Sagart riamh. Bhí suas le 150 sagart i láthair ag cruinniú bliantúil 1959 nuair a bhí an tUachtarán Éamon de Velera mar aoi omórach againn, agus sin an slua is mó dá bhfaca mé le mo linn féin. Tosaíonn an rúnaí a chuntas ar an chruinniú le faoistin:

“I dtosach na hoibre do dhein an tArdrúnaí botún mór. Bhí leathanaigh an Chláir Oibre…..greamuighthe le cheile aige le biorán. Do thug sé do chúpla leanbh scoile iad chun cóip eile do dhéanamh díobh…….nuair a bhí a gcuid oibre críochnaithe aca, ní le chéile ach tré chéile a cuireadh iad….”

Nochtanna an rúnaí go raibh craobh den chumann buanaithe anois in 18 deoisí as 27 cinn in Éirinn, i.e. dhá thrian. Ní raibh craobh ar bith i gClochar ná i nDoire sa Tuaisceart, rud is aisteach liom mar bhí a lán Gaeilgeoirí sa dá fhairche san am (ach is cosúil gur breoiteacht an rúnaí áitiúil a ba chiontaí): ní raibh craobh i bhFearna, Osraí, Cill Da Lua, Port Láirge, Ros, Tuaim ná Cill Ala. Maidir leis na hOird, mhaígh an rúnaí go raibh craobh bunaithe in dhá dtrian acu mar an gcéanna.

Fágadh an cathaoirleach agus an rúnaí mar a bhí siad, ach cuireadh an tAth. Séamus Ó Briain ó Chill Dara ar an choiste mar ionadaí ó Chúige Laighean agus ár seanchara an tAth. Tomás de Bhál, mar ionadaí ó Chúige Mumhan. Toghadh an tAth. Seán Mac Guairem C.SS.R., an tAth. Aibhistín Ó Murchadha, C.M., agus an tAth. Martan Ó Mathghamhna, C.S.Sp. mar theachtaí ó na hOird. Tá cuid de na cuntais ó na craobhacha áitiúla barúil go maith:

Ó Dhroim Mór:

Níl Rúnaidhne ar bith ag an Easbog ach thug an tEaspog féin do litreacha damh-sa tamaill maith ó shoin. Go dtí sin níor chualaidh sinn i nDruim Mhór a dhath fá thaobh de ‘Cumann na Sagart nGaedhealach’. Níl craobh againn go fóill, ach mar “is leor sagart amháin mar chraobh”. Cuirfidh mise an tAth. Tomás Ó Cearbhaill…..tús ar an obair….”

Ó Phort Láirge

“Is oth liom a rádh… gur theip orm an chroabh a bhunughadh. Dream do-bhogtha na sagairt seo againne.”

Sa chuntas ó Chiarraí tá cur síos ar stair na craoibhe ó athbhunaíodh í 1 1936 í ag an dinnéar i dTrá Lí.

“Ag an ndinnéar bhí an clár bídh i mBéarla agus chuir comhalta na choinnibh. Do mhol se don chruinniú gan an dinnéar do chaitheamh in aon chor mar gheall ar an bhfaillighe seo, ach níor cualathas é. Bhí an chuid eile ró-gnóthach”. (Is dócha, dálta N.Eoin ag cur síos air féin ina Shoiscéal féin, gurbh é an tAth. Ó Fearghusa féin a thóg an cheist)

Tá cur síos ann ar chomórtas spéisiúil I measc na cléire in gCiarraí I 1938:

“Ag an stáisiúin generalta indiu in Eadarghobhail bhí comórtas idir an Ath. Cathal Ó Suilleabháin agus sagart eile, san leabhar, ‘An tOileanach’. Is iongantach an Gaedheal an Ath. Cathal agus 64 blianta d’aois aige…..tá ‘An tOileánach’ léighte aige anois dhá uair deag! Tá an sagart eile ag imirt leis an nHaoluinn….le dachad bliadhain nach mór, ach ní raibh ‘An tOileanach’ léighte aige ach dhá uair…..ochtar sagart i láthair……’na suidhne ar stól fada in aice le cruaich mhóna. Tugadh tosach don tarna sagart…… agus do chuaidh an tAth. Cathal ar chúl na cruaiche. Dubhairt an scrúdaightheoir: ‘foscail leathnach a 114, léigh agus aistrigh ab mhír dheiridh….ina haistriú dhó di chúl sé on chéad abairt……Annsan do ghlaodhadh an Ath Cathal ón taobh eile den chruaich. Do léigh se agus d’aistrigh an mhír uile gan stad gan bharrathuisleadh. Do thug an scrúdaighteoir a bhreitheamhntas….An Ath Cathal, 96 fé chéad, an sagart 95 dé chéad. Bualadh bas. Comhghairdeachas leis an Ath O Suilleabháin. An Sagart eile go gruamdha. Brat” {Bhí saol simplí ag an chléir san ainsir sin}

Litir ó Chaiseal:

Ós rud é gur Rúnaidhne náisiúnta tusa, b’fhéidir go mbeadh comhacht agat stop do chur leis an scrios seo – Cumann na Sagart nGaolach. Nach ceart trí siollaí bheith sa bhfocal sin – mar Gaedhealach, agus nach mór an deifridheacht atá idir brigh an fhocail, Gaolach agus focal Gaedhealach {Caithfidh gur lorg sé an focal Gaolach i bhfoclóir Uí Dhuinnín, ‘Sweetheart’ an chéad mhíniú a thugann sé}

Cuntas an Rúnaí náisiúnta ar Achadh Conaire:

61 Sagart 3 comhalta – Liam Mac Philbín, Seán Breathnach agus sagart eile nach cuimhim liom a ainm.

Ar feadh m’eolais níor tháinig ach uimhir amháin eile de An Chléir amach (1939). Níl sí ionchurtha ó thaobh eolais nó spéisiúlachta le huimhir 1938; liostaí tura síntiúsóirí is mó atá ann. Faoin am sin bhí tús curtha leis an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cosc ar thaisteal na ngluaisteáin agus d’éirigh an páipéar gann.

            Chuir na rudaí sin isteach go mór ar phleananna an Ath. Uí Fhearghusa, agus de réir a chéile dhírigh sé ar Chiarraí níos mó ná ar an chuid eile den tír. Lean sé ar aghaidh lena sheanmóireacht dhátheangach, lena chluichí nuachumtha agus le go leor bearta pearsanta eile do deireadh a shaoil. Bhí sé thar nócha bliain d’aois nuair a d’eag sé ar an 18ú Nollaig 1971, léiriú eile ar chomh “saolach” is a bhí seanfhundóirí Chumann na Sagart, Go dtuga Dia luach saothair síoraí dóibh go léir ar neamh.

            Gan An Chléir mar fhoinse eolais, is doiligh bheith cinnte cé mhéad beochta a d’fhán ina lán de na craobhacha áitiúla sna daicheadaí. Bhí craobhacha mat Chairraí, Cluain Feartam etc..a sholáthraigh cúpla léacht in aghaidh na bliana I rith an chogaidh ar fad agus a lean ar aghaidh le clár speisialta trí na daicheadaí is na saogadaí. I gcás a lán craobhacha eile níor chiallaigh sé ach go ndeachaigh sagart thart lelinn an Chúrsa Spioradalta agus gur bhailigh se an síntiús bliana, cúig scillig b’fheidir, ó roinnt dá chomhchléir a bhí báiúil leis an teanga. Nuair a rinneadh an tOireachtas a athbheochan ó 1939 ar aghaidh, aistríodh cruinniú cinnbhliana Chumann na Sagart go haimsir an Oireachtas agus is mar sin a bhíodh sé nuair a chur mé eolas pearsanta air. Rinne An tAth. Donnchadh Ó Floinn an-iarracht le bru nua a chur ann go luath sna daicheadaí agus an tAth. Aindrias Mac Aogáin, C.S.Sp. ina dhiaidh sin, ach bhí an cumann an-lag go luath sna caogadaí. Chun a léiriú daoibh caide chomh lag is a bhí sé, ainmníodh mé féin mar rúnaí ar an chumann ag an Oireachtas i 1953 gan mé a bhieth i láthair ag an chruinniú agus tugadh mar dhualgas dom craobh a bhunú i bhfairche Átha Cliath gan aithne agam san am ach ar chúpla sagart ar fad i mBaile Átha Cliath. Níor tionóladh cruinniú ar bhith den choiste náisiúnta do dtí an chéad Oireachtas eile.

  1. VI.LE GLÚIN ANUAS

Measaim gur don Ath. Eoghan Ó Fríghil as fairche Ráth Bhoth atá an chreidiúint ag dul go dtáinig an cumann slán ón bhás an uair úd. Ceapadh ina rúnaí I 1954 é faoi uachtaránacht an Ath, Mhic Aogáin agus le litreacha agus cuirthí, agus léacht ón Dr. Sean Mac Cárthaigh mar mhealladh breise, d’eirigh leis cruinniú bliantúil breá láidir a thionól le linn Oireachtas 1955. Nuair a bhí an léacht thart, cuireadh m’ainm chun tosaigh mar ábhar uachtaráin agus tar eis vótála fuair mé, mé féin sa chathaoir.

Níl sé ar intinn agam cuntas a thabhairt daoibh inniu ar stair an chumainn le linn an dosaen bliain a bhí mé mar uachtarán air. Bhí se d’ádh orm beirt shár rúnaí a bheith agam sa tréimhse sin, An tAth. Eoghan Ó Frighíl (Rath Bhoth) & An tAth. Caoimhín de Líon (Baile Átha Cliath). Ceann de na chéad rudaí a rinneamar ainm oifigiúil an chumainn a athrú go Cumann na Sagart agus an “Gaelach” a fhágáil ar lár. Throid cuid se na seanfhondúirí go fíochmhar in aghaidh an athraithe. Mháigh an tAth. Mac Giolla Ír, O.M.I go caithfeadh ain, gach cumann a léiriú cén cuspóir a bhí roimhe. Ansin scairt Proinsiasach ó chúl an halla: “ Cad faoi Chumann na mBan?” agus thit an tóin as an argóint le rabharta gairí.

            Cuireadh tús le cúrsa samhraidh do shagairt agus do ábhair sagairt sa Ghaeltacht agus d’fhreastal a lán ar an cúrsa i Ros Goill agus sa Cheathrú Rua i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí. Bunaíodh An Sagart mar iris nua an Chumainn in earrach na bliana 1958 agus an tAth. Colmán Ó hUalacháin mar príomhoibrí air. Beidh se tríocha bliain d’aois ag deireadh na bliana seo, agus seachas cúpla uimhir dhúbailte tháinig sé amach gacht ráithe ó shin – beagnach 120 uimhreacha.

            Tar éis Bhliain Phadraig in 1961 bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael in 1962 agus le linn a chúig bhliain fichead atá sé beo níl amhras orm nó go ndearna sé níos mó ná aon scéim eile lena linn sin chun an Ghaeilge a tharraingt amach ar na sráideanna, isteach sna siopaí, suas ar na cuaillí fógraíochta agus isteach i ngach áit eile ina mbíonn saol na mbailtí ag dul ar aghaidh. Mar a mhaíonn an Stiúrthóir, is tógáil pobail atá ar siúl. Ó Chuaigh an that Pádraigh Ó Fiannachta i mbun an chomórtais, chuir sé slacht nua air, mhéadaigh na hiarratais agus na duaiseanna agus bronnfar an trófaí ar Iarthar Bhéal Feirste Dé Domhnaigh.

            Ghlacfadh sé léacht eile chun ar cur síos a dhéanamh ar a bhfuil déanta ag an tAth. Pádraig faoi choimirce Chumann na Sagart: na foilseacháin go léir a mbíonn lipéad An Sagart orthu idir an leabhar Aifrinn agus an Leicseanáir, Clár na Lsí Gaeilge i Maigh Nuad (8 n-imleabhar), Leachtaí Cholm Cille (17 n-imleabhar), leabhair urnaithe mar Gairdín an Anama agus go leor foilseachán eile, Tionól na Cásca agus Seimineár Bliantúil, an Ollscoil Scairte agus Ollscoil an Phobail, na tionól speisialta ar an Diagacht, an Ceol Eaglasta, An Ghaeilge san Eaglais, na tionóil rialta de réir cúigí chun Glór na nGael a chur ar aghaidh, stiúrthóireacht ar Bhrú na Gráige agus Comóradh an Ath. Tadhg Ó Murchú, agus míle rud eile ar a laghad. Sea, is mó de bheathaisnéis ná de stair a bheas sa chaibidil is deireanaí de Stair Chumann na Sagart agus ar an ábhar sin tá mé buíoch nach ormsa a thiteann se é a chur le chéile. Guím fad saoil agus sláinte dó mar Eagarthóir An Sagart agus mar Stiúrthóir Ghlór na nGael, don Uachtarán agus do na hoifigigh eile agus do bhaill uile an Chumainn san am atá romhainn.

Aguisín

Oifigigh Chumann na Sagart

  1. (A)Uachtaráin

1916-20           An tAth. Tomás de Bhál (Luimneach)

1920 –(?)         An tAth. Risteard Pléimionn (Baile Átha Cliath

1937-41 (?)      An tAth. Pádraig de Brún (Maigh Nuad)

1941 – 42 (?)   An tAth. Donnchadh Ó Floinn (Maigh Nuad)

1942 – 55        An tAth. Aindrias Mac Aogáin, C.S.Sp.

1955 – 67        An tAth. Tomás Ó Fiaich (Ard Mhacha)

1967 – 69        An tAth. Máirtín Ó Braonáin, S.Í

1969 – 71        An tAth. Maolmhaodhóg Ó Ruairc (Ard Mhacha)

1971 – 74        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta (Ciarraí)

1974 – 79        An tAth. Cathal Ó Gibealláin, O.F.M

1979 – 83        An tAth. Máitrín Mac Conmara, M.S.C

1983 – 86        An tAth. Tomás Mac Aoidh (Cluain Fearta)

1986 -              An tAth. Tadhg Furlong (Caiseal)

  1. (B)Rúnaithe

1916 – 19        An tAth. Séamus Mac Leanachaín (Dún agus Coinnire)

1919 – (?)        An tAth. Uaitéir Mac Domhnaill (Baile Átha Cliath)

1937 – (?)        An tAth. Liam Ó Fearghusa (Ciarraí)

1941 – 42 (?)   An tAth. Criostóir Ó Laoi (Caiseal)

1942 – 52 (?)   An tAth. Pádraig Ó Maolfhabhail (Baile Átha Cliath)

1953 – 54        An tAth. Tomás Ó Fiaich (Ard Mhacha)

1954 – 61        An tAth. Eoghan Ó Fríghil (Ráth Bhoth)

1961 – 67        An tAth. Caoimhín de Líon (Baile Átha Cliath)

                        (Rúnaí cúnta ó 1959 ar aghaidh)

1967 – 68        An tAth. Cathal Ó Háinle (Ardachadh)

1969 – 71        An tAth. Pádraig Ó Héalaithe (Ciarraí)

1971 – 74        An tAth. Micheál Mac Gréill, S.Í.

1974 – 75        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta (Ciarraí)

1975 – 80        An tAth. Pádraig Ó Héalaithe

1980 – 86        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta

1986 -              An tAth. Seosamh Ó Beaglaoi (Ciarraí)

 

  1. (C)Eagarthóirí “An Sagart”

1958 – 63        An tAth. Colmán Ó Huallacháin, O.F.M.

                        agus An tAth. Tomás Ó Fiaich

1964 – 73        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta

1974 – 77        An tAth.Cathal Ó Háinle

1978 – 88        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta

  1. (D)Stiúrthóirí Ghlór na nGael

1962 – 72        An tAth. Tomás Ó Fiaich

1972 – 77        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta

1980 – 84        An Br. Doiminic Ó Rodaigh, S.M.

1984 – 88        An tAth. Pádraig Ó Fiannachta

Iarscríbhinn 2016

Oifigigh Chumann na Sagart

  1. (A)Uachtaráin



1992-1996                  Clement Mac Mánus
1996-1999                    Leon Ó'Móracháin
1999-2004                    Pádraig Ó'Croiligh
2004-2010                  Tadhg Ó'Móráin
2010 ...                         Séamus Ó'hÉanaigh


  1. (B)Rúnaithe

  1. (C)Eagarthóirí “An Sagart”

  1. (D)Stiúrthóirí Ghlór na nGael


(Ainmneacha pearsanta fágtha gan aistriú agam. Chuirfeadh léarscáil go mór leis an ábhar – paróistí & sráideanna marcálta & ainmneacha na sagart luaite. - HÓM)

Dublin Diocesan Priests and the 1916 Rising

Sagairt dheoise bhaile Átha Cliath agus Éirí amach 1916

Diarmuid Martin, Ardeaspag Bhaile Atha Cliath

(Aistrithe ón Bhéarla ag Helen Ó Murchú)

Le linn Sheachtain na Cásca 1916, rinne sagairt Dheoise Bhaile Átha Cliath cúram do gach uile dhuine a bhí ina ghá. Rinneadar sin fiú agus a mbeatha féin á gcur i mbaol acu.  

          A luaithe a shroich an t-eolas é go raibh an tÉirí Amach ar bun rinne an Moinsíneoir Michael Curran, rúnaí an Ardeaspaig Walsh ag an am, a shlí chuig Ardoifig an Phoist. Ba é an chéad duine a bhuail leis ansin ná James Connolly a chuir in iúl dó go raibh cead isteach gan bac ag sagairt. Lorg Curran an Piarsach mar bhí aithne aige air. Dúirt leis go raibh an tArdeaspag díreach fágtha aige agus an raibh aon ní a d’fhéadfadh sé a dhéanamh. Ba é freagra an Phiarsaigh ‘Níl, táimid chun an gnó a chríochnú’. Dar leis an bPiarsach bhí fonn faoistine ar bhaill áirithe de na hÓglaigh. Chuige sin, rinne an Moinsíneoir socruithe le beirt shagart ón Leas-Ardeaglais, an tAthair O’Reilly agus an tAthair Flanagan.    

          Ag pointe eile, bhí ar an Athair O’Reilly dul go hÓstán Wynn, áit a raibh fear gonta ag saothrú an bháis. Chun an t-óstán a shroichint, ba trí cheantar a raibh tréanscaoileadh piléar ar gach taobh ab éigean dó siúl le bairéad is sútán air. Bhí sé ar diúité de ló is d’oíche le linn na dtrioblóidí agus aon uair gur iarradh sin air d’fhéach ina ndiaidh iad siúd a bhí ag fáil bháis.      

          Chinntigh an tAthair Richard Bowden, Riarthóir na Leas-Ardeaglaise, go raibh sagart ar fáil i gcónaí in Ospidéal Shráid Jervis. Chaith sé féin seal ann mar a rinne an tAthair Joseph McArdle agus an tAthair Edward Byrne, a ndearnadh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath de sa bhliain 1921. Ní raibh dul as acu ach fanacht san ospidéal, bhí sé chomh contúirteach taisteal tríd na sráideanna.  

Chaith sagart cúnta eile, an tAthair John Flanagan, formhór Sheachtain na Cásca in Ardoifig an Phoist. Bhi páirt nár bheag aige taisteal slán sábháilte a dheimhniú chuig Ospidéal Shráid Jervis don lucht gonta.  

          Suas le dhá scór duine, lorg siad dídean san Leas Ardeaglais ó na foirgnimh a bhí trí thine agus ó lámhach raidhfil is sliogán. Chaith cuid mhaith díobh trí lá istigh ansin ach le himeacht ama d’éirigh bia gann. Faoi dheireadh na seachtaine bhí baol ann go rachadh an eaglais féin trí thine. Is amhlaidh a leath an tine ó Shráid Uí Chonaill agus bhí treoir faighte ag an mbriogáid dóiteáin gan dul amach. Bhí tine ard ar Shráid na hArdeaglaise agus an ghaoth láidir ag séideadh páipéirí ar lasadh agus scaotha spréacha thar dhíon na hArdeaglaise. Ba trí mhíorúilt a chuaigh an foirgneamh slán. Nár athraigh treo na gaoithe chuig Shráid Iarla Thuaidh. Bhásaigh deichniúr duine ar Shráid Mhaoilbhríde le linn Sheachtain na Cásca, gach duine díobh de dheasca créachta ó urchair.      

          Thairg duine de na sagairt ó Shráid Phroinsias cabhair ag monarcha Jacob, áit ar bhuail sé leis an Athair Aloysius, Proinsiasach Caipisíneach. Agus iad ann chuala said fothram faoi mar a phléascfadh buama. Ní buama a bhí ann, áfach, ach slua a bhris isteach san oifig ar Shráid an Easpaig agus creachadóireacht ar intinn acu. Chuaigh an bheirt shagart tríd an monarcha go dtí ionad na hoifige áit a bhfacadar go leor creachadóirí ag imeacht leo. Labhair siad leis na daoine ar an iompar scannalach a bhí á léiriú acu. Bhí de thoradh air sin gur fágadh ar ais mórán dá raibh goidte, ar a raibh armlón, gunnáin agus baill éadaigh.    

          Is in Ospidéal Máithreachais Shráid Holles a chaith na sagairt ó Rae an Iarthair cuid mhaith den am. Is mó gar trócaireach a rinne an tAthair O’Reilly agus an tAthair Fleming ar fud an pharóiste fhad is a d’fhéach na sagairt go léir i ndiaidh na ndaoine a goineadh le linn an chatha ag Droichead Shráid an Mhóta. Chaith an tAthair O’Reilly tamall chomh maith ag Muilte Bheolláin chun sólás a thabhairt d’Óglaigh a bhí ag saothrú an bháis, cé go raibh urchair á scaoileadh trasna air agus é ar a shlí chucu. Le linn an Éirí Amach, bhí Ospidéal Shráid Holles oscailte do chách a bhí gonta. I ndiaidh an ghéilleadh, chabhraigh otharchairr ó Mhótarchlub na hÉireann chun othair a thabhairt chuig Ospidéal San Uinsionn. Ba iad na hotharchairr chéanna a d’iompar arán agus plúr ó Mhuilte Bheolláin thar tréimhse ceithre lá, rud a thárrtháil mórán ón ngorta.      

          Ghabh fórsaí Briotaineacha, agus iad gléasta mar shibhialtaigh, túr na heaglaise ar Bhóthar Haddington. Ba é an scéal a bhí acu don chléir gur chreideadar go raibh Óglaigh i bhfolach ann. Ach iad in ionad, áfach, bhain siad leas as an túr dá ngnóthaí féin. Gairmeadh ar an Athair James Doyle, duine de na sagairt chúnta, cúram a dhéanamh d’fhear darbh ainm an Leifteanant Hawkins. Tugadh an sagart chuig Uimhir 72 ach bhí air an bóthar a thrasnú faoi thréanthreascairt gunnaí. D’éag an Leifteanant tar éis na sacraimintí a ghlacadh. Toisc go raibh géaraithe faoin am seo ar threise an lámhaigh, níorbh fholáir don Athair Doyle imeacht tríd chúldoras an tí agus rith leis i bhfiontar báis ar ais chun na heaglaise.      

          Bhí nach mór gach sráid i bhfoisceacht na gCeithre Cúirteanna gafa ag snípéirí idir mhíleataigh agus Óglaigh. Ach rinne an sagart cúnta, an tAthair Patrick O’Byrne, cúram d’aon duine gonta a cuireadh chuig teach na sagart. Ina theannta sin, sháraigh sé tréanlámhach gunnaí chun fóirithint ar dhuine ag 31 Sráid Arran Thoir, duine ar shibhialtach neamharmtha é a fuair urchar sa droim. Chabhraigh sé chomh maith le beirt eile. Ba Phrotastúnach duine díobh agus ghabh a mhuintir buíochas ina dhiaidh sin leis an sagart as a ndearna sé dó. Ar an Aoine, d’fhóir sé ar bheirt fhear ar Shráid Chapel, ach d’éagadar beirt. D’éag chomh maith Christopher Lawlor ar tugadh aire dó ag Sráid Halston. Is ag Sráid Halston freisin a lámhadh sagart cúnta eile, an tAthair Patrick Kennedy, agus é i mbun Aifrinn ar an 28ú Aibreán. Is amhlaidh a réab piléar tríd fhuinneog ghloinedhaite san eaglais ach lean an ceiliúraí leis ag léamh Aifrinn faoi mar nár tharla tada.        

Ba iad na sagairt ag Sráid San Shéamais an chléir oifigiúil do Phríosún Chill Mhaighneann. Dá réir sin, bhí an tAthair Eugene McCarthy i láthair do gach ceann de na básuithe chun a dhualgas a chomhlíonadh an ola dhéanach a chur ar gach íospartach san ionad ar thit sé marbh. Ar an maidin a raibh bású an Phluincéadaigh beartaithe, tugadh an tAthair McCarthy chuig an bPríosún níos luaithe ná ba ghnách le haghaidh shearmanas an phósta. Ba é cuntas an tsagairt chéanna ar bhású Uí Chonghaíle go raibh droch-chaoi ar an bhfear ach go ndearna sé iarracht seasamh mar a rinne an chuid eile, ach nach raibh sin ar a chumas. Ceanglaíodh le cathaoir é ach shleamhnaigh sé go dtí an pointe gur chaill sé cothromaíocht. Ar deireadh ba ghá é a strapáil le sínteán a cuireadh ina leasluí i gcoinne an bhalla. Ba chuimhne bhuan an radharc sin feasta don Athair McCarthy.

          Agus na básuithe i gcrích tugadh na corpáin chuig Phríosún Chnoc an Arbhair dá n-adhlacadh. Ba é an tAthair Francis Farrington, sagart cúnta de chuid pharóiste Shráid Eachdhroim, a bhí ina shéiplíneach don Phríosún sin. Bhí sé i láthair ar na sochraidí do thriúr de na Ceannairí, an Piarsach, Mac Donncha agus Clarke. Is amhlaidh a chuir Arm na Breataine leoraí chun a thí ar a trí a’ chlog ar maidin d’fhonn é a thabhairt chun na beairice. Dar lena chuntas féin ar ar tharla ansin, chuala sé an rúisc urchar ag Cill Mhaighneann agus chonaic sé iarsmaí na bhfear á dtabhairt amach. Dar leis bhí siad ‘ar snámh ina bhfuil féin, na coirp fós te agus neamhrighin, na bindealáin fós ag clúdach a súl, agus a mbéil ar leathadh.’ Chomhlíon an tAthair Farrington na deasghnátha adhlactha ar a ceathair a’ chlog agus adhlacadh an triúr sin gan chónra i dtrínse a bhí seasca troigh ar fhad.    

Is taithí eile ar fad ar Sheachtain na Cásca a bhí ag sagart eile ó Bhaile Átha Cliath. Ba é sin an tAthair Laurence Stafford. Lorg seisean cead i mí Lúnasa 2014 feidhmiu mar Shéiplíneach Chaitliceach d’Fhórsa Sluaíochta na Breataine. Bhí sé le fada gafa le Fiúsailéirí Bhaile Átha Cliath. Ceapadh é ina Shéiplíneach i mí an Mhárta 1915 chun freastal ar an Deichiú Rannán Éireannach. Faoi mhí Lúnasa, bhí sé ar bhád go dtí an Chipir, tar éis stopadh ag Málta agus ag Alexandria. Bhí ‘suas le trí mhíle fear faoina chúram’ ar an turas sin. Thug sé seirbhís i Salonica chomh maith. Ar saoire ón arm dó, thug sé cuairt ar an bPailistín. Ar an gcéad turas ann thug se cuairt ar Ghailíl, ar Loch Tiberius agus ar Chapernaum. Ar chuairt eile, thrasnaigh sé abha na hIordáine chun dul go Damascus.    

          Bhí an tAthair Stafford i dtuaisceart na Breataine Bige faoin 20ú Lúnasa 2016 agus é ag déanamh cúraim de na hÓglaigh a bhí ar a gcoimeád i bhFrongoch. Bhí aithne mhaith air ag mórán de na fir ag Frongoch ach ba dheacair le cuid acu glacadh leis ag an tús mar ‘shéiplíneach caicí’ de chuid Arm na Breataine. Ba é an gnáthamh aige éirí ar a cúig gach maidin; Aifreann a léamh gach dara lá sna campaí uachtair agus íochtair; faoistin a chloisint; agus an paidrín páirteach a rá má bhí an t-am ann chuige. Maidir leis na fir, dhéanaidis peil agus liathróid láimhe a imirt; na nuachtáin laethúla a léamh; pianó a sheint ós rud é go raibh teacht ar cheann sa dá champa nó an phíb Ghaelach. Le linn a sheal ag Frongoch, saoradh cuid mhaith de na príosúnaigh ach ba é féin, an tAthair Larry Stafford, an tÉireannach deireanach a bhí fágtha ann faoin 23ú lá de mhí na Nollag 1916. Fhad is a bhí sé ann, níor staon sé ó shíorshaothrú ar shaoradh na bhfear. Is deacair tarraingt na Nollag a shárú agus ba é an argóint chlabhsúir aige ‘Is í an Nollaig an Nollaig’. ‘Inniu san áit seo tá na géibhinn agus na geataí orthu ar lánoscailt. Anocht ní bheidh d’Éireannaigh i bhFrongoch ach mise i m’aonar’.    

Athruithe, Athruithe…

Helen Ó Murchú

Is mór agus is líonmhar iad na hathruithe atá feicthe ag baill Chumann na Sagart ó dháta bunaithe an Chumainn ar Lá ‘le Bríde sa bhliain chinniúnach sin 1916. Seans, áfach, gurb iad ionad agus ról na mban, sa tsochaí agus san Eaglais, an t-ábhar is suaithinsí athraithe sa tréimhse sin, ábhar atá fós faoi dhianphlé. Ar ndóigh, bhí mná an-ghníomhach san Éirí Amach agus ina dhiaidh ach níl na fíricí fúthu ach ag teacht chun solais le blianta beaga anuas, de réir mar a thosaigh glúin nua staraithe [banstaraithe go háirithe] ag ríomh scéil níos iomláine. Ní chuimhnítí go hiondúil ach ar an gCuntaois Markievicz agus ar bhua na suffraigéidí maidir le cead vótála do mhná a bhaint amach sa bhliain 1918 (faoi Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann). Ar ndóigh ba do mhná ‘ciallmhara creidiúnacha’ é sin, mná a bhí thar aois a tríocha agus a raibh seilbh talún acu; ag am a raibh vóta ag fir in aois a fiche-haon nó fiú in aois a naoi-déag acu siúd a throid sa Chogadh Mór. In ainneoin gur tugadh lánchead vótála do mhná thar aois a fiche-haon sa bhliain 1922, lean coinníoll na seilbhe go dtí 1928. Agus ar ndóigh níor tháinig comharba mná mar aire rialtais ar an gCuntaois go ceann seasca bliain eile, gur ceapadh Máire Geoghegan-Quinn sa bhliain 1979. Ag tús na seachtóidí céanna, bhí ar státsheirbhísigh ban, múinteoirí ina measc, nó lucht bainc, éirí as a bpoist ar phósadh dóibh. Chomh maith leis sin ba leis an athair a dhíoltaí an liúntas leanaí agus níor leis an mbean an teach teaghlaigh ach oiread. B’in ó thaobh na polaitíochta agus na reachtaíochta de. Le daichead bliain anuas tá an saol sin athraithe go huile is go hiomlán. Luaitear na cúrsaí sin a bhaineann go príomha le struchtúir shóisialta mar chúlra le comhthéacs na hEaglaise agus mná inti, struchtúir a bhí patrarcach adéarfadh mórán ban agus a d’admhódh líon mór fear.

            Níl aon amhras ach go raibh mná líonmhar gníomhach sa luathEaglais agus nach raibh feidhmeanna oifigiúla cosctha orthu inti, ag an tús pé scéal é, go háirithe sna heaglaisí tí ba ghnách an uair sin. ‘Agus chuaigh líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ní ba mhó i méid’ (Gníomhartha na nAspal 5:12-16). I litir chuig Thiomóid (An Tiomna Nua) dearbhaítear go neamhbhalbh, áfach, nach ceadmhach do bhean teagasc a thabhairt nó bheith i gceannas ar fhir; ní mór di a bheith ina tost. Pé ní faoi thuin na teachtaireachta sin, tá le tuiscint nach foláir nó bhí na gníomhartha sin atá le cosc ar bun dáiríre ag mná. Ríomhann Diarmaid MacCulloch cuntas spéisiúil (A History of Christianity, 2009). Luaitear (litreacha Póil) mar shampla Phoebe mar dheagánach, agus na mná Prisca, Tryphaena agus Tryphosa, i measc líon nach beag eile ban a tháinig chun solais ó shin, de thoradh taighde bandiagairí ach go háirithe. Glaodh ‘aspal’ fiú ar an mbean darbh ainm Junia. Ach féach ar tharla di i stair na hEaglaise ina dhiaidh sin. De réir mar a bhí struchtúir á dtógaint ar mhúnla na Róimhe don Eaglais nua a bhí ag forbairt agus ag iarraidh dul i bhfeidhm ar chiníoca an domhain mar a threoraigh Críost dá Aspail, ní rabhthas chun dul chun argóna leis na noirm shóisialta agus chultúrtha a bhí coiteann, ceannas fear san áireamh. Ar thaobh amháin ba chur chuige ab fhéidir a thuiscint an modh oibre sin a bhí cuibheasach polaitiúil. Ar an taobh eile, bhí de thoradh air gur fáisceadh teachtaireacht Chríost, eaglais an phobail, laistigh de fhráma tagartha agus cumhachta an tsaoil thuata. Ar an mbonn sin is ar bhonn staid na spioradáltachta amháin a sainmhíníodh feasta an chothromaíocht do chách a bhí i dteagasc an tSlánaitheora. Bhí glacadh iomlán dá réir leis an sclábhaíocht (Naomh Pól féin bhí sé buíoch de chúram sclábhaí carad le linn tréimhse príosúin) agus le ceannas fear sa saol. Ní hionadh go ndearnadh fear de Junia sna cuntais dhéanacha; tugadh Junius uirthi. Ansin d’imigh sí as an stair eaglasta ar fad go dtí tamall de bhlianta ó shin. Ag léamh scríbhinní Phóil, b’fhéidir a rá go raibh sé i gcoitinne dian ar mhná agus ar a ról, cé go ndéanann an Pápa Proinsias léamh níos fabhrúla air sa doiciméad is déanaí uaidhsin ar an teaghlach (2016, Amoris Laetitia). Sampla an-luath den dearcadh frithmhná ab ea Tertullian a chéadchuir tús leis an tuiscint gurb í an bhean, Éabha, foinse an oilc mar gur scrios sí an fear, Ádhamh. Ní mó ná tuisceanach ar mhná a bhí Agaistín ach oiread ina shaol luath, is cosúil (Confessions).

            San uain sin i bhFéilire na hEaglaise ó Charghas go Cincís, is suimiúil iad na tagairtí do mhná. De réir Soiscéil Lúcáis, ba dheacair do na hAspail, seachas Peadar, na mná a chreidiúint ar fhilleadh dóibh ón tuama le scéala na hAiséirí. Mar ‘samhlaíodh dóibh nach raibh sna ráite úd ach seafóid’. Nuair nár réitigh maithe Antíoc na Pisidia le Pól is Barnabas gur ‘chaith siadsan deannach a gcos díobh ina n-éadan’, féach gurb iad ‘mná diaganta fiúntacha agus uaisle na cathrach’ a bhrostaigh na Giúdaigh éadmhara chun géarleanúint a imirt ar na haspail, (Gníomhartha na nAspal 13:14, 43-52). Ar ábhar eile ar fad, feictear an bheirt chéanna, Pól agus Barnabas, luaite le ‘conspóid nár shuarach’ maidir le ‘timpeallghearradh de réir ghnás Mhaois’ agus cúrsaí slánaithe. Lean cruinnithe, plé fada agus foireann idirbheartaíochta d’fhonn an teagasc a shoiléiriú, (Gníomhartha na nAspal 15:1-2; 22-29). Ar ndóigh, bhíothas ag iarraidh an cúlra cultúrtha ró-ghiúdach a mhaolú d’iompaithigh chun na Críostaíochta ag an am áirithe sin. Ach is spéisiúil mar sin féin gur thánathas ar réiteach sásúil ar cheist a bhí íogair go leor, rud nár mhiste i gcás cúrsaí ban agus an Eaglais.  

            Maidir leis sin de, bíonn dhá théarma á síorúsáid agus ní chun tairbhe na hargóna i gcónaí é. Is iad sin ‘ceart’ agus ‘feimineachas’. Laistigh den Chríostaíocht a cumadh agus a cleachtadh iad mar théarmaí. Is cosúil gurbh ag Comhdháil Lambeth den Eaglais Anglacánach sa bhliain 1888 is túisce a luadh cearta ban i gcomhthéacs polagamais san Afraic. Dúirt Easpag dúchasach Yoruba leis an lucht éisteachta ós rud nárbh iad na mná a roghnaigh socrú an pholagamais, gur cur isteach ar a gcearta é. Ach cheana féin thiar sna 1690aidí bhí leagan amach don bhfeimineachas Críostaí i gcló ag an Anglacánach mná, Mary Astell, a raibh scríbhinní John Locke ar son saoirse fear á suathadh. Is bean eile, Hubertine Auclerc, a chum an téarma ‘feimineachas’ thart ar 1882. Ba iarChaitliceach Rómhánach agus gníomhai polaitiúil ar son ban í. Sna céid idir an bheirt bhan sin bhí mná ag teacht chun tosaigh sna heaglaisí Críostaí go léir, go háirithe sna grúpaí cothromaíoch neamhordlathach ar nós Chumann na gCarad agus na gComhthionólaithe, agus ligeadh leo - in am an ghátair ar uairibh. Sa Chomaoin Anglacánach bhíodh mná an-ghníomhach i ngnéithe den mhinistreacht shóisialta, cé nach le faomhadh na bhfear ar uairibh é. San Eaglais Chaitliceach, bhí líon na n-ord ban rialta ag méadú go mór agus ról thar a bheith gníomhach á chleachtadh acu sa saol tuata i mbun scoileanna, ospidéal agus díleachtlanna agus ar na misin thar lear. Áirítear an ghníomhaíocht sin go léir mar an chéad tonn feimineachais. Is é sin mná ag aimsiú agus ag cleachtadh rólanna gníomhacha laistigh dá n-eaglaisí, rólanna gurb iad féin go príomha a bhí i bhfeighil orthu go praiticiúil, mura raibh go teoiriciúil go minic d’fhonn an struchtúr cliarlathach ordlathach - a rabhadar ina gcuid dhílis de - a shásamh.

            I ndiaidh dhá chogadh dhomhanda agus gluaiseacht cléire is pobail a bhí frithEaglaiseach ar shlite i bhfianaise bhochtanas ar domhan, tharla dhá ní shuaithinseacha sa saol tuata agus sa saol eaglasta araon. Orthusan bhí díospóireacht ar cheisteanna mar an comhionannas nó cothromaíocht deiseanna ar thaobh amháin agus diagacht na saoirse ar an taobh eile. Ag éirí astu bhí an dara tonn den bhfeimineachas ina thús láidir faoi lár an fhichiú haois. Ar an modh céanna leis na téarmaí ‘ceart’ agus ‘feimineachas’, thosaigh plé conspóideach feasta i measc lucht leanta na n-eaglaisí Críostaí ar dhá thopaic. B’iadsin ‘oirniú ban’ agus ‘diagacht ban’, topaicí atá an-bheo i gcónaí. Le himeacht na mblianta tharla athruithe áirithe dá réir a thug aitheantas níos folláine do mhná sna heaglaisí sin.

            Tá go leor brainsí ann den bhfeimineachas agus ní taise don bhfeimineachas Críostaí é. Ón am gur ligeadh do mhná cúrsaí diagachta a leanúint – rud a tharla déanach go leor in Éirinn – thosaigh na céimithe sin ar súil úr agus dearcadh nua ón bpeirspictíocht bhaineann a chaitheamh ar dhiagacht na hEaglaise. Níor fáiltíodh rompu ach bhí toradh ar a gcuid oibre. Áiríodh iad ina radacaigh, fiú mura rabhadar ach ag tógáil ceisteanna. I Meiriceá go háirithe in institiúidí Caitliceacha, chaill mná radacacha a bpoist nó ní bhfuaireadar ardú céime nó coscadh orthu cúrsaí a thabhairt ar an bhfeimineachas Críostaí. Níor chuir sin stop leo, áfach. In Éirinn chomh maith, tá diagairí ban faoi láthair a bhfuil cáil orthu (Field Day Anthology of Irish Writing, 2002, Iml. IV, 655-749). Ar ndóigh, mar a mheabhraíonn Mary T. Malone (Four Women Doctors of the Church, 2015), tá ceathrar ban-naomh áirithe anois i measc Magisterium na hEaglaise: Caitríona Siena (1347-1389) agus Teresa Avila (1515-1582) ón mbliain 1970 faoin bPápa Pól VI; Therese Lisieux (1873-1897) faoi lámh an Phápa Eoin Pól II sa bhliain 1997; Hildegard Bhingen (1098 – 1179) de thoradh chinneadh an Phápa Beinidict XVI mí Meán Fómhair 2012. Is díol spéise é gur tharla an chéim seo ó 1970 i leith, nuair a bhí borradh sa ghluaiseacht nua maidir le mná san Eaglais. Mná naofa ab iad, mná a bhris na rialacha ar bhealach, mar chuir an triúr luath, ón dara go dtí an séú céad déag (?) , teagasc ar a gcomhreiligiúnaigh ban. Luaigh an Pápa Proinsias an riachtanas atá le diagacht chuí ban (Amoris Laetitia, 2016). Tá tús maith ar fáil ach tógaint air.

           Ag éirí as an Dara Comhairle Vatacánach, d’eisigh an Pápa Pól VI an Missale Romanum ag deireadh na seascaidí. I measc mórán athruithe eile, bhí cead ag tuataí feasta, fir is mná, ceacht an Aifrinn a léamh, na bronntanais a thabhairt chun an cheiliúraí d’fhonn a sacráile agus páirt áirithe a ghlacadh san homaile. Ina theannta sin, ós rud é nach ndearnadh aon tagairt do chlúdach cinn ar mhná, b’ionann sin agus aisghairm treoir thraidisiúnta Phóil Aspail. Faoi thús na nóchaidí ligeadh do chailíní bheith ina bhfreastalaithe ar an gceiliúraí ar Aifreann. Ag tús na nóchaidí chomh maith, d’fhéach Eaglais na hÉireann chun leas a bhaint as friotal níos cuimsithí agus níos uileghabhálaí ina liotúirge (Search, Samhradh 2004). Scríobh an Pápa Eoin Pól II an litir thréadach Mulieris Dignitatem sa bhliain 1988. Mí an Mheithimh (?) 1995 scríobh sé litir oscailte do mhná roimh an gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná a bhí beartaithe do Mheán Fómhair na bliana sin. Ghabh sé buíochas le mná agus ghabh sé leithscéal leo as a bheith imeallaithe san Eaglais. Mar sin féin, chuir sé an t-imeallú sin i gcomhthéacs luachanna agus oiriúnú cultúrtha i gcoitinne. Bhí sé (?) an-chinnte chomh maith nach do mhná ról an tsagairt in eacnamaíocht shacraiminteach na hEocairiste agus nár chóir ról an tsagairt mar fhear a fheiscint i dtéarmaí feidhmeanna na sochaí daonna. Lean an Vatacáin ó shin mórán na teachtaireachta céanna ag tagairt d’ardbhuanna agus do ghinias sonrach ban. Ag an am céanna, ní sa chleachtadh deabhóideach a bhí suim ag gnáthpharóisteánaigh fear in go leor áiteanna ar domhan, ní hionann agus na mná. Tuairiscítear gur mná is cnámh droma na hEaglaise i measc na Maasai san Afraic (cine a shamhlaíodh Dia na Críostaíochta mar bhean). Is eagraíochtaí tuata ban a chabhraíonn le riaradh gnóthaí paróiste in áiteanna i Meicsiceo, mar shampla.

Ba ghné níos achrannaí ar fad an t-éileamh ar oirniú ban mar shárú ar na bacanna cothromaíochta a chonacthas i struchtúir phatrarcha na n-eaglaisí éagsúla. Dar le diagairí áirithe ban, níorbh ann dá leithéid de chosc sa diagacht féin. Faoi choinníollacha forghabhála na Síne ag na Seapánaigh, bhí ar Easpag Anglacánach Hong Kong bean a oirniú sa bhliain 1944. Tharraing sí siar ó chleachtadh, áfach, chuir an Chomaoin Anglacánach chomh mór ina coinne. Sa bhliain 1956 rinne na Meitidistigh bean a oirniú. Faoi 1980 insealbhaíodh Anglacánach mná ina heaspag. Lean an gnás go mall tríd an gComaoin Anglacánach, gur tharla in Eaglais na hÉireann ó 1990 i leith. Chomh luath le 1976, tháinig an doiciméad Inter Insigniores ón Vatacáin ag tabhairt mínithe ar an gcosc san Eaglais Chaitliceach. Cuireadh faoi choinnealbhá mná a d’áirigh iad féin ina sagairt Chaitliceacha in áiteanna i Meiriceá agus san Eoraip. Bunaíodh craobh Éireannach den eagraíocht BASIC (Brothers and Sisters in Christ) i 1993 agus rinne SOPHIA (nó EAGNA, an ghné bhaineann de Dhia) plé an-fhiúntach a éascú. Tá cuntas an-léir ar chuid de na cúrsaí seo ag Claire Colette Murphy SHCJ (An Introduction to Christian Feminism, 1994).

            In ainneoin sin uile, leanann an díospóireacht. Ba cheist na mban a bhí chun tosaigh ag an gcéad Shionad in Éirinn le caoga bliain a tharla i nDeoise Luimnigh mí Aibreáin 2016. Labhair bean rialta agus sagart chomh maith le toscairí tuata fear is ban ar ról leasaithe agus breisithe do mhná, mar fhreagra ar ghairm an Phápa ar athnuachan san Eaglais. Fanann fadhb le réiteach fós, áfach. An féidir ar thaobh amháin an tuiscint eaglasta ar fhreagairt do ‘chomharthaí na haimsire’ a thabhairt chun réitigh shásúil leis na hargóintí ró-chasta theibí ar aon athruithe canónda? Ní gá gurb ionann athrú agus eiriceacht. Nó an bhfuiltear ag maíomh go dtuigeann gnáth-dhiagairí fear agus ban, gnáthdhaoine, fís an tShlánaitheora agus aigne Dé?

Helen Ó Murchú

7 Bealtaine 2016  

    


An Tiomna Nuadh i dteanga labhartha na ndaoine

Fearghus Ó Fearghail

Scríobhadh an Tiomna Nua (TN) i dteanga labhartha na ndaoine (Gréigis koiné) sa dara leath den chéad aois, ach de réir mar a scaip an Chríostaíocht go háiteanna nach raibh an Ghréigis mar theanga na ndaoine iontu, tháinig éileamh ar aistriúcháin den TN nó de na soiscéil nó de litreacha áirithe den TN. Roimh dheireadh an dara céad bhí leagan as a chéile bunaithe ar na Soiscéil ag muintir na Siria i Siric – Diatessaron Tatianus (c. 172 CE) - agus bhí cuid den TN i Laidin san Afraic Rómhánach agus b’fhéidir in Aintíoch chomh maith. Go luath sa chúigiú haois nó níos túisce bhí an TN aistrithe ní hamháin go Laidin agus go Siric, ach go Seoirsis, Coptais, Airméinis, Aetóipis, agus Gotais. Lena chois sin, ón mbliain 382 bhí Iaróm ag obair ar leagan athchóirithe den aistriúchán Laidine thar cheann an Phápa Damasus agus é á cheartú ón mbuntéacs Gréigise. Bhí géarghá leis seo mar síos tríd na blianta d’éirigh an-chuid difríochtaí idir lámhscríbhinní éagsúla Laidine den TN. Dar le hIaróm féin bhí air a bheith ina shórt ‘breithimh’ ar leaganacha den TN a bhí ann le fada an lá. Is maith a bhí a fhios aige cé chomh conspóideach a d’fhéadfadh sé a bheith téacs a cheartú a raibh aithne mhaith ag na daoine air agus go raibh an-chion acu air. Ní fios cé mhéad a rinne sé ach is dócha nár athchóirigh sé ach na Soiscéil. Níor tháinig deireadh leis na difríochtaí téacsúla tar éis obair Iaróm, áfach, mar baineadh úsáid as na seanleaganacha chomh maith le leagan Iaróm ar feadh i bhfad. Chun na fírinne a rá chothaigh leagan nua Iaróm tuilleadh mearbhaill. Tháinig na fadhbanna seo go mór chun cinn le linn an Renaissance agus an Reifirméisin.

An Tiomna Nua san Eoraip (800-1450)

Sin mar a d’fhan an scéal go dtí an naoú haois nuair a d’aistríodh an TN go Slavais. Ba mar thoradh ar shaothar Choireall agus Methodius a raibh Gréigis, Laidin agus Slavais na Macadóine acu a deineadh an t-aistriúchán, agus chum Coireall aibítir chun é a scríobh. Tá tábhacht mhór don litríocht Shlavach ag baint leis an obair a dhein na misinéirí. Ina dhiaidh sin níor cuireadh leaganacha den TN ina iomláine ar fáil sna teangacha dúchais go dtí an tríú haois déag, agus is sa Fhrainc a tharla sé ar dtús, i bPáras, timpeall lár na haoise, is dócha, mar chuid de Bible française du XIIIe siècle. Bhí cur amach ar an aistriúchán sin i dtuaisceart na hIodáile go luath, agus sa Chaistíl roimh dheireadh an chéid agus i Sasana.

I ndeisceart na Gearmáine ag an am céanna bhí an-éileamh ag na Valdaigh go mbeadh an Bíobla nó cuid de ina dteanga féin. Tá tuairisc ann ó lár an tríú haois déag ag cúistiúnaí gan ainm ó Passau sa Bhaváir go raibh scéala cloiste aige faoi roinnt mhaith daoine a raibh an Tiomna Nua ar fad ar eolas acu ina dteanga féin, an Ghearmáinis. Thart ar 1360 bhí an Bíobla aistrithe go Seicis (Bíobla Leskovec). I lár na haoise céanna bhí an TN aistrithe go Gearmáinis in Augsburg; agus i ndeireadh an chéid in Nürnberg agus in Tepl sa Bhoihéim. Sa bhliain 1384 aistríodh an TN go hOllainnis agus go hÍseal-Ghearmáinis. I Sasana ceithre bliana roimhe sin bhí aistriúchán liteartha den TN ón Vulgáid á chríochnú ag Wycliff. Faoin mbliain 1384 bhí an chéad Bhíobla Béarla ar fáil. Ní róthógtha a bhí na húdaráis le Bíobla Wycliff, mar a tugadh air feasta. Bhí amhras ag gabháil leis toisc go raibh baint ag Wycliff agus ag na Lollardaigh leis, agus toisc go raibh sé le fáil i dteanga na ndaoine tharlódh go mbainfeadh daoine gan oideachas míbhrí as an téacs. Ag Sionad Oxford sa bhliain 1408 chuathas níos déine in aghaidh an Bhíobla i dteanga na ndaoine. Ach ina ainneoin sin agus uile leanadh de bheith ag déanamh cóipeanna de Bhíobla Wycliff agus de beith á scaipeadh. Tá breis agus 150 cóip d’eagráin éagsúla den Bhíobla sin ar fáil i gcónaí.

Maidir le hÉirinn de, níl aon fhianaise ann gur tugadh faoi aistriúchán a dhéanamh ar an TN nó ar an mBíobla ar fad. Tá gluaiseanna Sean-Ghaeilge ar na soiscéil le fáil ón seachtú haois i gCoidéacs Usserianus I atá i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ábhar áirithe ar bheatha Chríost i lámhscríbhinn ón gcúigiú haois déag, an Leabhar Breac, agus i Leabhar Buidhe Leacáin ón gceathrú aois déag leis. Níl aon fhianaise ar fhonn a bheith ann an TN a aistriú go Gaeilge, ach bhí fonn ar dhaoine sna meánaoiseanna in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa an Bíobla a léamh ina dteanga dhúchais.

Réabhlóid na Clódóireachta

I lár an chúigiú haois déag chabhraigh an t-inneall clódóireachta go mór le cur ar fáil agus le scaipeadh an Bhíobla agus leis an bhflosc chun an Bíobla a bheith ag na daoine ina dteanga dhúchais. I dtosach cuireadh cló ar aistriúcháin a bhí ar fáil cheana féin. Timpeall agus deich mbliana i ndiaidh cló a chur ar an gcéad Bhíobla i Laidin (1456) tháinig an chéad leagan clóbhuailte amach den TN in Strasbourg (1466) i dteanga na ndaoine - i nGearmáinis. Aistriúchán focal ar fhocal ar an Vulgáid a bhí ann, aistriúchán a deineadh in Nürnberg san aois roimhe sin. Idir 1466 agus 1522 tugadh ocht n-eagrán déag den Bhíobla amach i nGearmáinis. Bhí an chuid is mó díobh i gcanúint na hArd-Ghearmáinise, ach bhí roinnt díobh san Íseal-Ghearmáinis. Tá cóip den naoú heagrán ar a dtugtar Bíobla Koberger i leabharlann Chester Beatty i mBaile Átha Cliath. Chuir Anton Koberger, athair baistí Albrecht Dürer, an t-eagrán seo i gcló in Nürnberg in 1483.

Go gairid i ndiaidh 1460 leath réabhlóid na clódóireachta ó dheas go dtí an Iodáil, go Subiaco ar dtús, ansin go dtí an Róimh agus ar deireadh go dtí an Veinéis, áit ar cuireadh i gcló an chéad Bhíobla san Iodáilis sa bhliain 1471 - Bíobla Malerbi (nó Malermi). Anseo chomh maith baineadh úsáid as aistriúchán a deineadh i bhfad níos luaithe - sa cheathrú haois déag. Tharla an rud céanna i gcás an Tiomna Nua sa tSeicis a cuireadh i gcló thart ar 1475 in Nürnberg. Sa chás sin baineadh úsáid as leagan i bhfad níos ársa, leagan a ceartaíodh faoi shúil ghéar Hus thart ar an mbliain 1412.

Bhain réabhlóid na clódóireachta an Fhrainc amach ábhairín níos déanaí toisc go raibh an saol suaite sa tír sin sna blianta 1460-70. Is in Lyon, agus ní i bPáras, thart ar 1476-78, a cuireadh cló ar an gcéad TN Fraincise. Baineadh úsáid as an leagan a bhí ar fáil sa Bible Française du XIIIe siécle, leagan Fraincise a bhí ar fáil i lámhschribhinní ón triú aois déag, agus é athchóirithe. Thart ar 1478 cuireadh i gcló aistriúchán den Bhíobla sa Chatalóinis a bunaíodh ar leagan a deineadh níos túisce ón Vulgáid. Ba iad Bonifacio Ferrer agus scoláirí ó Mhainistir na gCartúiseach in Portaceli sa Spáinn a dhein an leagan sin ón Vulgáid. Cé gur foilsíodh an Sean-Tiomna san Ollainnis in Delft sa bhliain 1477, níor foilsíodh an TN sa teanga sin roimh 1522. Sa bhliain sin in Antuairp d’fhoilsigh Hans van Ruremonde an chéad eagrán den TN san Ollainnis, leagan nua bunaithe ar an Vulgáid agus téacs Gréigise á cheadú, deirtear. Cuireadh a lán leaganacha éagsúla den TN agus den Bhíobla go hiomlán i gcló san Ollainnis in Antuairp ina dhiaidh sin sa tslí gur áiríodh an chathair sin ar cheann de mhórionaid chlódóireachta an Bhíobla.

Is léir ón gcuntas seo go raibh éileamh ar an mBíobla i dteanga na ndaoine ag méadú ar fud na hEorpa, sa Ghearmáin ach go háirithe, le teacht na clódóireachta. Sa chuid is mó de na cásanna baineadh úsáid as aistriúcháin a bhí le fáil cheana féin, agus deineadh eagarthóireacht orthusan chun iad a dhéanamh níos soléite do na daoine. De ghnáth ba iad na huaisle a raibh oideachas orthu a léadh na haistriúcháin ach tá fianaise ann go mbíodh an Bíobla le cloisteáil ina dteanga féin ag an ngnáthmhuintir. Thíos anseo tá tábla a thugann athchoimre de na leaganacha den TN nó den Bhíobla i dteanga na ndaoine a cuireadh i gcló idir 1466 agus 1522, an bhliain a d’fhoilsigh Liútar a aistriúchán ar an TN.

1466  Bíobla sa Ghearmáinis (18 eagrán idir 1466 agus 1522)
1471  Bíobla san Iodáilis (Malerbi)
1475  TN sa tSeicis [1487; Bíobla, 1488, 1489]
1478  TN sa Fhraincis (1498 eag. Jean de Rely)
1478  TN sa Chatalóinis
1480  Bíobla san Íseal-Ghearmáinis
1522  TN san Ollainnis (ST, 1477)

Ag féachaint ar an liosta thuas, tugtar faoi deara nach bhfuil an Béarla ann. Is ait an rud é nach mbeadh an TN nó an Bíobla i gcló i mBéarla faoin mbliain 1522, nuair a chuimhnítear go raibh leaganacha clóite den TN ar fáil sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Fhraincis, san Ollainnis, sa Chatalóinis agus sa tSeicis, agus gur thosaigh William Caxton ar fheidhm a bhaint as an gclódóireacht i Sasana den chéad uair beagnach leathchéad bliain roimhe sin (1476). Ach is dócha go raibh tionchar ag Sionad Oxford ón mbliain 1408 amach ar an staid seo.

An Téacs Gréigise agus leaganacha Laidine

Maidir leis an téacs bunaidh Gréigise agus ar na leaganacha Laidine a bhí ar fáil d’aistritheoirí na linne seo caithfear dul siar go dtí an Renaissance a spreag spéis as an nua sa Ghréigis agus sa Laidin. Ba é Lorenzo Valla (c.1405-1457) an chéad duine is dócha a d’aithin an gá a bhí le léamh criticiúil a dhéanamh ar an Vulgáid a bhí mar bhuntéacs na n-aistriúchán go dtí seo. Léirigh an dara heagrán de na nótaí a scríobh sé sa bhliain 1453 lochtanna a bhí ar an Vulgáid ag an am sin i gcomparáid leis an téacs bunaidh. Níor foilsíodh na nótaí sin go dtí Bealtaine 1505 tar éis d’Erasmus teacht orthu i mainistir Parc sa Lováin an bhliain roimhe sin. Cé gur dhein Valla an-chuid oibre ar leagan na Vulgáide agus ar an téacs Gréigise níor dhein sé aistriúchán ar an TN. Ach b’in é díreach an rud a dhein Gianozzo Manetti (1396-1459), scoláire Eabhraise agus Gréigise a bhí comhaimseartha le Valla. Ar iarratas ón bPápa Nioclás V dhein sé aistriúchán nua Laidine ar an TN ón nGréigis. B’in é an chéad aistriúchán Laidine den TN ó aimsir Iaróm – ach níor foilsíodh riamh é. Is dócha gur bhraith Manetti go mbeadh an iomarca fadhbanna mar thoradh ar aistriúchán nua Laidine a chur ar fáil.

Ba é Erasmus, faoi bhrú an chlódóra mhífhoighnigh Jean Froben, a d’fhoilsigh an chéad téacs clóbhuailte Gréigise den TN sa bhliain 1516, agus taobh leis a leagan Laidine féin de. B’in é an chéad leagan nua Laidine a foilsíodh ó aimsir Iaróm. D’fhoilsigh Erasmus nótaí agus parafrásáil chun a chuid aistriúchán nua a chosaint. Thug sé ceithre eagrán eile den TN amach ina dhiaidh sin (1519, 1522, 1527, 1535). Sa bhliain 1522 tháinig Bíobla Ilteangach Complutensis amach ar deireadh thiar, tar éis cead a fháil ón Róimh, agus bhí tionchar aige ar eagráin níos déanaí de TN Erasmus. Bhain Colinaeus (Simon de Colines) úsáid as eagráin éagsúla Erasmus agus as an TN Complutensis agus as lámhscríbhinní eile den TN don eagrán ‘criticiúil’ a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1534. D’fhoilsigh Robertus Stephanus (Robert Estienne) eagrán nua den TN sa bhliain 1546, agus é bunaithe aige ar an gcúigiú heagrán ó Erasmus agus ar an TN Complutensis. D’fhoilsigh sé eagráin eile sna blianta 1549 agus 1550. An bhliain dar gcionn d’athfhoilsigh sé eagrán 1550 ach an uair seo ina véarsaí. B’in é an chéad uair a deineadh roinnt agus uimhriú ina véarsaí laistigh de gach caibidil, agus tá an leagan amach sin a bheag nó a mhór i bhfeidhm ó shin i leith.

Chuir Théodore de Bèze (Beza) leagan nua Laidine den TN ar fáil mar aon le nótaí sa bhliain 1557. Fear é a raibh clú air sa Fhrainc agus sa Ghinéiv i gcúrsaí an Reifirméisin, cara le Cailvín agus é ina chomharba air sa Ghinéiv. D’fhoilsigh sé eagráin Ghréigise-Laidine den TN sna blianta 1565, 1582, 1588 agus 1598. Bhí tionchar mór ag leagan Laidine Bèze agus a chuid nótaí ar Bhíobla Béarla na Ginéive agus ar leaganacha eile, an leagan Breatnaise agus an leagan Gaeilge san áireamh.

Liútar agus a thionchar

Sa bhliain 1522 d’fhoilsigh Mártan Liútar aistriúchán Gearmáinise den TN – an Septembertestament. Céim fhíorthábhachtach i stair aistriúcháin an TN sa teanga dhúchais a bhí ansin. Sárscríbhneoir sa Ghearmáinis ba ea Liútar agus d’éirigh leis bheith ina shár-aistritheoir de réir a chéile. Chuir sé chuige scríobh i dteanga na ndaoine - agus d’éirigh thar barr leis. Bhain sé úsáid as téacs Gréigise agus leagan Laidine Erasmus, agus as an Vulgáid a raibh aithne mhaith aige uirthi, agus is dócha go raibh cur amach aige ar na haistriúcháin Ghearmáinise a bhí ar fáil san am sin.

Spreag aistriúchán Liútair raidhse mhór aistriúchán i dteangacha éagsúla na hEorpa - mar atá léirithe thíos. Protastúnaigh a dhein an chuid is mó díobh. Bhí tionchar ag leagan Liútair ar roinnt mhaith de na haistriúcháin sin, ní hamháin ar aistriúcháin san Ollainnis, sa Danmhairgis agus sa tSualainnis ach ar aistriúchán Tyndale chomh maith, agus ó leagan Tyndale ar gach leagan Béarla den TN ina dhiaidh sin. Léiríonn an tábla thíos an méid aistriúchán a deineadh sa tréimhse 1522-1611 mar aon leis an tionchar a d’imir leagan Liútair ar roinnt mhaith acu. I gcásanna áirithe bhí tionchar ag an TN nó ag an mBíobla ar theanga agus litríocht na tíre – sa Bhéarla, sa Ghearmáinis, sa Danmhairgis, sa tSeicis, agus san Íoslainnis, mar shampla. Féach ar an tábla thíos:

1522 TN Liútair, bunaithe ar an nGréigis, ar leagan Laidine Erasmus, agus ar an Vulgáid
1523 TN Ollainnise, bunaithe ar leagan Liútair
1523 TN sa Fhraincis (Lefèvre d’Étaples), bunaithe ar an Vulgáid
1524 TN Danmhairgise, bunaithe ar leagan Liútair agus ar leagan Erasmus
   1526 TN Sualainnise, bunaithe ar leagan Liútair, ar Laidin Erasmus agus ar an Vulgáid
1526 TN Béarla Tyndale, tionchar ag leagan Liútair air
1527 TN Gearmáinise (Caitliceach), bunaithe ar leagan Liútair
1530 TN Iodáilise (Brucioli; An Bíobla Iodáilise, 1532)
1533 TN Seicise, ó Laidin Erasmus
   1535 Bíobla Béarla Coverdale – TN bunaithe ar leagan Tyndale agus ar leagan Liútair
1535 TN Fraincise Olivetan bunaithe ar leagan Lefèvre d’Étaples, Erasmus, TN Iodáilise (Brucioli).
1539 An Bíobla Mór (Coverdale) – “ceaptha chun úsáide in Eaglaisí” (TN bunaithe ar leagan Tyndale)
1540 TN Íoslainnise, bunaithe ar leagan Liútair agus ar an Vulgáid
1541 TN Ungáirise, ón nGréigis
1543 TN Caistílise, ón nGréigis
1548: TN Fionlainnise, ón nGréigis, le cabhair ón Vulgáid agus ó leaganacha Gearmáinise agus Sualainnise
1548 TN Soirbise/Veindise, bunaithe ar leagan Liútair, ar an Vulgáid, agus ar an leagan Nua Seicise
1553 TN Polainnise ón nGréigis, ón Laidin agus ó leaganacha eile
1555 TN Spáinnise (Bíobla, 1569); TN athchóirithe 1596 (de Valera)
1557 TN Leagan Béarla na Ginéive, athchóiriú ar Tyndale faoi anáil Bèze; Bíobla na Ginéive (BG), 1560: 70 eagrán 1560-1644
1560 TN Romainise san Eilvéis, ón Vulgáid agus ó leaganacha eile
1563 TN Cróitise, ó leagan Laidine Erasmus, ó leagan Liútair, le cabhair ó   leaganacha eile
1564 TN Seicise ón nGréigis [1579-93, Bible Kralická, tionchar ar an teanga]
1568 Bíobla Béarla na nEaspag (BE); TN faoi anáil Tyndale
1570 TN Bealarúisise
1571 TN Bascaise, bunaithe ar leagan Fraincise Olivetan
1577 TN Slóivéinise, ó leaganacha Laidine, Gearmáinise agus Iodáilise.
1581 TN Slavóinise
1582 TN Douai, Rheims (Béarla), ón Vulgáid, le cabhair ón nGréigis
1599 TN Eabhraise, Nürnberg
1611 Bíobla Rí Séamas BRS (Béarla)

Mar a fheicimid ón tábla seo ó aimsir Liútair go dtí deireadh an chéid aistríodh an TN go thart ar fhiche teanga san Eoraip - teangacha móra agus teangacha mionlach de leithéid Romainise san Eilvéis, chomh leis an Bhascais, an mBreatnais, leis an tSoirbis (nár clóbhuaileadh áfach), agus sa bhliain 1599, leis an Eabhrais.

Liútair agus a thionchar

Sa bhliain 1522 d’fhoilsigh Mártan Liútar aistriúchán Gearmáinise den TN – an Septembertestament. Céim fhíorthábhachtach i stair aistriúcháin an TN sa teanga dhúchais a bhí ansin. Sárscríbhneoir sa Ghearmáinis ba ea Liútar agus d’éirigh leis bheith ina shár-aistritheoir de réir a chéile. Chuir sé chuige scríobh i dteanga na ndaoine - agus d’éirigh thar barr leis. Bhain sé úsáid as téacs Gréigise agus leagan Laidine Erasmus, agus as an Vulgáid a raibh aithne mhaith aige uirthi, agus is dócha go raibh cur amach aige ar na haistriúcháin Ghearmáinise a bhí ar fáil ag an t-am sin.[1]

Spreag aistriúchán Liútair raidhse mhór aistriúchán i dteangacha éagsúla na hEorpa - mar atá le feiceáil thíos. Protastúnaigh a dhein an chuid is mó díobh. Bhí tionchar ag leagan Liútair ar roinnt mhaith de na haistriúcháin sin, ní hamháin ar aistriúcháin san Ollainnis, sa Danmhairgis agus sa tSualainnis ach ar aistriúchán Tyndale chomh maith, agus ó leagan Tyndale ar gach leagan Béarla den TN ina dhiaidh sin. Léiríonn an tábla thíos an méid aistriúchán a deineadh sa tréimhse 1522-1611 mar aon leis an tionchar a d’imir leagan Liútair ar roinnt mhaith acu. I gcásanna áirithe bhí tionchar ag an TN nó ag an mBíobla ar theanga agus litríocht na tíre – sa Bhéarla, sa Ghearmáinis, sa Danmhairgis, sa tSeicis, agus san Íoslainnis, mar shampla. Féach ar an tábla thíos:

1522 TN Liútair, bunaithe ar an nGréigis, ar leagan Laidine Erasmus, agus ar an Vulgáid
1523 TN Ollainnise, bunaithe ar leagan Liútair
1523 TN sa Fhraincis (Lefèvre d’Étaples), bunaithe ar an Vulgáid
1524 TN Danmhairgise, bunaithe ar leagan Liútair agus Laidin Erasmus
   1526 TN Sualainnise, bunaithe ar leagan Liútair, Laidin Erasmus agus an Vulgáid
1526 TN Béarla Tyndale, tionchar ag leagan Liútair air
1527 TN Gearmáinise (Caitliceach), bunaithe ar leagan Liútair
1530 TN Iodáilise (Brucioli; An Bíobla Iodáilise, 1532)
1533 TN Seicise, ó Laidin Erasmus
   1535 Bíobla Béarla Coverdale – TN bunaithe ar leagan Tyndale agus leagan Liútair
1535 TN Fraincise ó Olivetan bunaithe ar leagan Lefèvre d’Étaples, Erasmus, TN Iodáilise (Brucioli).
1539 An Bíobla Mór (Coverdale) – “ceaptha chun úsáide in Eaglaisí” (TN bunaithe ar leagan Tyndale)
1540 TN Íoslainnise, bunaithe ar leagan Liútair agus ar an Vulgáid
1541 TN Ungáirise, ón nGréigis
1543 TN Caistílise, ón nGréigis
1548: TN Fionlainnise, ón nGréigis, le cabhair ón Vulgáid agus ó leaganacha Gearmáinise agus Sualainnise
1548 TN Soirbise/Veindise, bunaithe ar leagan Liútair, ar an Vulgáid, TN Seicise
1553 TN Polainnise ón nGréigis, Laidin agus leaganacha eile
1555 TN Spáinnise (Bíobla, 1569); TN athchóirithe 1596 (de Valera)
1557 TN Leagan Béarla na Ginéive, athchóiriú ar Tyndale faoi anáil Bèze; Bíobla na Ginéive (BG), 1560: 70 eagrán 1560-1644
1560 TN Romainise san Eilvéis, ón Vulgáid agus leaganacha eile
1563 TN Cróitise, ó leagan Laidine Erasmus, ó leagan Liútair, le cabhair ó   leaganacha eile
1564 TN Seicise ón nGréigis [1579-93, Bible Kralická, tionchar ar an teanga]
1568 Bíobla Béarla na nEaspag (BE); TN faoi anáil Tyndale
1570 TN Bealarúisise
1571 TN Bascaise, bunaithe ar leagan Fraincise Olivetan
1577 TN Slóivéinise, ó leaganacha Laidine, Gearmáinise agus Iodáilise.
1581 TN Slavóinise
1582 TN Douai, Rheims (Béarla), ón Vulgáid, le cabhair ón nGréigis
1599 TN Eabhraise, Nürnberg
1611 Bíobla Rí Séamas BRS (Béarla)

Mar a fheicimid ón tábla seo ó aimsir Liútair go dtí deireadh an chéid aistríodh an TN go thart ar fhiche teanga san Eoraip - teangacha móra agus teangacha mionlach mar Romainis san Eilvéis, an Bhascais, an Bhreatnais, an tSoirbis (nár clóbhuaileadh áfach), agus sa bhliain 1599, an Eabhrais.

An TN i mBéarla in Éirinn

Ón tábla thuas feictear na haistriúcháin Béarla a bhí ar fáil i Sasana agus is dócha in Éirinn sa seú haois déag. Maidir leis na haistriúcháin den TN a d’fhéadfadh a bheith in úsáid ag na scoláirí a d’aistrigh an TN go Gaeilge idir 1571 agus 1602/3, bhí tábhacht ar leith ag baint le TN Béarla Tyndale (1526) toisc go raibh tionchar mór aige ar gach aistriúchán Béarla den TN a tháinig ina dhiaidh. Ach is mó an tábhacht a bhí ag baint le TN Béarla na Ginéive a foilsíodh sa bhliain 1557 agus sa bhliain 1560 mar chuid de Bhíobla Béarla na Ginéive. Sasanaigh a bhí ar deoraíocht sa Ghinéiv a dhein é agus bhí an leagan seo go mór faoi anáil leagan Bèze. B’in é an leagan Béarla ba mhó a bhíodh á léamh ag lucht an Bhéarla go ceann i bhfad. Bheifeá ag súil go mbeadh aithne mhaith agus cion faoi leith ar Bhíobla na Ginéive ag aistritheoirí a dhein a gcuid staidéir in Cambridge, ní hamháin toisc gurbh é an ceann ba mhó a bhí á léamh lena linn, ach freisin toisc go raibh baint ag an nGinéiv agus ag leithéidí Chailvín agus Bèze leis.

Bhí dhá leagan eile den Bhíobla Béarla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar aistritheoirí Gaeilge an TN, is é sin an Bíobla a chuir Miles Coverdale in eagar sa bhliain 1539 den chéad uair, agus Bíobla na nEaspag ón mbliain 1568. Tugadh an Bíobla Mór ar an gcéad cheann díobh sin agus bhí sé “ceaptha chun úsáide in eaglaisí”, mar atá scríofa i leathanach teidil an dara heagrán (1540).  B’in é an Bíobla arbh é “the largest volume in England” é agus ar chóir é a bheith in eaglaisí na ríochta de réir foláirimh ó Thomas Cromwell, príomh-aire Anraí VIII, sa bhliain 1538, foláireamh a deineadh a athnuachan i dtosach réimeas Éadbhaird agus réimeas Eilíse.  Le linn réimeas Mháire, d’fhan sé mar leagan údaraithe. Is dócha gur féidir glacadh leis gurbh é sin an Bíobla a bhí in úsáid i dTeampall Phádraig i mBaile Átha Cliath agus in eaglaisí Protastúnacha eile in Éirinn agus i Sasana ó 1539 nó mar sin anuas go dtí 1568 ar a laghad. Agus bhí sleachta as an mBíobla Mór le cloisteáil agus iad á léamh as Leabhar na hUrnaí Coitinne ag an gComaoineach gach Domhnach agus gach féile. Caithfidh go raibh aithne mhaith ag na haistritheoirí Gaeilge air ó bheith ag éisteacht leis san eaglais. Ach ós rud é gurbh athchóiriú é TN an Bhíobla Mhóir de TN Tyndale agus go bhfuil an-chosúlacht eatarthu, tá sé an-deacair a aithint cé acu a d’fhéadfadh a bheith in úsáid in aon chás ina mbíonn na leaganacha ar aon dul lena chéile. Is é an Bíobla Mór an ceann is dóchúla, áfach, sna cásanna sin.

Bheadh Bíobla eile Béarla ar aithne ag na haistritheoirí Gaeilge, is é sin Bíobla na nEaspag, a chuir easpaig Shasana ar fáil sa bhliain 1568. Bhí cuid áirithe de na heaspaig páirteach san aistriúchán. Athchóiriú ar an mBíobla Mór a bhí i gceist. Is é an intinn a bhí laistiar den athchóiriú sin dul i ngleic le laige an Bhíobla Mhóir ó thaobh amháin de, agus an spiorad Cailvíneach a bhí i nótaí Bhíobla na Ginéive a sheachaint, ón taobh eile de. Measadh nach raibh Bíobla na nEaspag chomh maith mar aistriúchán le Bíobla na Ginéive, agus cé gur foilsíodh naoi n-eagrán déag de idir 1568 agus 1606 agus aon eagrán déag den TN níor thóg sé áit Bhíobla na Ginéive i measc na ndaoine. Mar sin féin bheifeá ag súil go mbeadh cur amach ag na haistritheoirí Gaeilge ar Bhíobla na nEaspag.


Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí agus

Dara Comhairle na Vatacáine

Donncha Ó hAodha

  1. 1.Réamhrá:

Ar an 8ú lá Nollaig 2015 cheiliúr an Eaglais cothrom caoga bliain ó dúnadh Dara Comhairle na Vatacáine. Tá sé dearbhaithe ag an bPápa Proinsias go gcuirfear tús le Iubhaile na Trócaire ar an ócáid chéanna seo. Sa bhliain 2017 ceiliúrfar cothrom cúig bliana is fiche ó fhoilsiú Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (CEC), caiticiosma uilechoiteann na hEaglaise, a eisíodh ar an 11ú lá de Dheireadh Fómhair 1992, cothrom tríocha bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine. D’fhoilsigh Naomh Eoin Pól II an Caiticiosma leis an Reacht Aspalda Fidei Depositum (FD) “ar ócáid foilsithe Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí a ullmhaíodh i ndiaidh an Dara Comhairle Éacúiméineach de chuid na Vatacáine” (mar a léitear i bhfotheideal an Reachta Aspalda). Sa doiciméad údarásach seo léiríonn an tAthair Naofa nascanna éagsúla idir an Caiticiosma agus Comhairle na Vatacáine. Taispeáineann sé i ndáiríre gur toradh é an Caiticiosma seo, an Caiticiosma is leithne agus is doimhne agus is saibhre i stair na hEaglaise, ar Dhara Comhairle na Vatacáine.

Is é atá i gceist sna focla seo a leanas ná iarracht ar roinnt gnéithe den gcaidreamh bunúsach idir an Chomhairle agus an Caiticiosma a chur i láthair. Is féidir a rá go bhfuil an Caiticiosma doscartha ón gComhairle, ó thaobh stair an Chaiticiosma, chomh maith lena ábhar agus a stíl agus a chuspóir. I mbeagán focal, ní bheadh CEC ann gan an Dara Chomhairle de chuid na Vatacáine.

Is féidir béim a leagan ar phointe amháin láithreach bonn : Nuair a déantar staidéar ar stair an Chaiticiosma agus ar an próiseas inar cuireadh le chéile é, ar a ábhar, a stíl agus a shaintréithe, is léir go mbaineann an téacs seo le príomh-aidhm na Comhairle: is é sin le rá, an tsoiscéalaíocht, faoi mar a dhearbhaigh an Pápa Naomh Eoin XXIII san aitheasc cáiliúil a thug sé ag oscailt na Comhairle i 1962. “Ba é ba intinn agus ba mhian leis an Chomhairle, misiún aspalda tréadach na hEaglaise a chur i bhfáth, agus an cine daonna ar fad, trí fhírinne lonrach an tSoiscéil, a thabhairt chun grá Chríost a lorg agus a ghlacadh, an grá atá os cionn tuisceana (cf. Eif. 3,19)” (FD, Réamhrá).

  1. 2.Stair an CEC agus Dara Comhairle na Vatacáine

2.1: Réamhstair CEC:

Ó aimsir na Comhairle anonn is í an tsoiscéalaíocht atá mar phríomh-théama ag magisterium na hEaglaise. Is mar sin atá fós. Is leor smaoineamh ar Litir Aspalda fhíor-shuntasach an Phápa Proinsias, Evangelii Gaudium de chuid na bliana 2013. Roimhe sin is féidir cuimhniú ar na sionaid go léir a bhí ann in aimsir an Phápa Eoin Pól II ag plé cúrsaí soiscéalaíochta, chomh maith leis an teagasc ar fad a thug sé ar an téama seo, ach go háirithe an imlitir Redemptoris Missio sa bhliain 1990. Le blianta beaga anuas tá ócáidí agus tionscnaimh nua á gcur ar bun chun an tsoiscéalaíocht a chur chun cinn, mar shampla Laethanta Domhanda na hÓige agus Laethanta Domhanda na Clainne. Tá struchtúir nua ann chomh maith, ar nós an Chomhairle Phápúil don Nua-Shoiscéalaíocht a bhunaigh an Pápa Beinidicht XVI sa bhliain 2010. Baineann CEC leis an mór-iarracht seo chun an creideamh a fhógairt i stíl dhearfach sa lá atá inniu ann.

Tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh chomh maith ar na blianta díreach i ndiaidh na Comhairle chun stair an Chaiticiosma a thuiscint. Bhí an tríú tionól ginearálta de Shionad na nEaspag i 1974 dírithe ar théama na Soiscéalaíochta, agus ba mar thoradh ar an dtionól seo a scríobh Pól VI Beannaithe an doiciméad iontach Evangelii Nuntiandi (1975).

An téama a bhí ag Sionad na nEaspag i 1977 ná an chaiticéis. Bhí an-tábhacht ag baint leis an Aitheasc Aspalda, Catechesi Tradendae (1979), a d’eascair ón tionól seo, ní amháin mar gur oibrigh triúr Pápa ar an dtéacs, ach go mór mhór toisc an bhéim a cuireadh ann ar lárnacht Chríost sa chaiticéis.

Sna blianta a lean an Chomhairle déanadh an-chuid tástáil agus turgnamh chun teacht ar chórais agus bealaí nua le haghaidh na caiticéise. Bhí buanna áirithe ag baint leis seo, mar shampla sa mhéid gur baineadh úsáid as teicnící oiliúna nua. In áiteacha éagsúla áfach cuireadh béim níos mó ar an gcóras múinte agus ar an modheolaíocht seachas ar shubstaint an chreidimh féin. Leagadh an-bhéim freisin ar thaithí an duine agus an chomhluadair.

Ach bhí fadhbanna ag baint leis seo, go mór mhór nuair a chonacthas go raibh níos lú eolais chruinn ag Caitlicigh ar a gcreideamh, ar bhunaltanna an Chré. Bhí an tuairim ann fiú amháin nárbh fhéidir an chaiticéis a dhéanamh níos mó, agus i réimsí áirithe déanadh díspeagadh ar choincheapanna nó téarmaí ar nós “dogma” no “foirceadal” (doctrina).

           (Is téama leathan agus casta é seo, agus ní féidir é a phlé i gcear san áit seo. Mar sin féin, tá a fhios againn go léir gurb é ár bhfíor-dhúshlán é inár dtír féin inniu.)

Sa chomhthéacs seo, bhí tábhacht ar leith ag baint leis an siompóisiam a d’eagair Ard-Easpaig Páras agus Lyons sa bhliain 1983, ar conas an creideamh a mhúineadh agus a sheachadadh ar aghaidh do na glúine ag teacht inár ndiaidh. I measc iadsan a labhair ag an siompóisiam seo, bhi an Cairdinéal Ratzinger, agus freisin Dermot Ryan, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath. Labhair an tArd-Easpag Ryan faoin bhfadhb a chonaic sé sa chóras oideachais: bhí daoine óga ag fágáil an bhunscoil Chaitliceach gan paidreacha bunúscha an Chreidimh ar eolas acu. Cé go raibh siad in ann téarmaíocht chasta na teicneolaíochta a fhoglaim gan stró, níor cuireadh os a gcomhair téarmaíocht bhunúsach an Chreidimh, téarmaíocht níos éasca ná téarmaíocht na teicneolaíochta. Luaigh an Cairdinéal Ratzinger nach raibh sé de mhisneach a thuilleadh ag daoine áirithe an Creideamh a chur i láthair go hiomlán agus go horgánach. Bhí tionchar an-mhór ag an siompóisiam seo ar an díospóireacht faoi an gcaiticéis.

            Sa bhliain 1985 ghairm an Pápa Eoin Pól II tionól neamhchoiteann de Shionad na nEaspag, ar chothrom fiche bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine. “Ba é ba chuspóir don tionól sin grástaí agus torthaí spioradálta Dara Comhairle na Vatacáine a chomóradh agus an teagasc a tháinig aisti a dhoimhniú, d’fhonn cloí níos dlúithe leis agus é a chur i bhfios agus i bhfeidhm” (F.D., Réamhrá).

Ba thoradh ar an Sionad seo an Caiticiosma. Chuir Aithreacha an tSionaid a mian in iúl “go gcuirfí le chéile caiticiosma nó coimre ar an bhfoirceadal Caitliceach go hiomlán, idir chúrsaí creidimh agus moráltachta, a bheadh ina cháipéis tagartha ar na caiticiosmaí nó na coimrí a chumfaí sna tíortha éagsúla. Ba chóir an foirceadal a chur i láthair ar bhunús an Bhíobla agus an liotúirge, agus teagasc á leagan amach ann a bheadh cruinn agus ag an am céanna in oiriúint do shaol Críostaithe na linne seo” (Tuarascáil dheiridh an tSionaid neamhchoitinn, 7 Nollaig, 1985, II, B, a, 4: FD Réamhrá). Ghlac Eoin Pól II leis an dtogra seo, ag dearbhú go raibh sé “ag freagairt go baileach don ghá atá ag an Eaglais uilechoiteann agus ag na hEaglaisí ar leith” (FD, Réamhrá).

2.2: Comhdhéanamh CEC

Conas ar cuireadh CEC le chéile? Cé an córas ar baineadh úsáid as chun an téacs a scríobh agus a chur in eagar? An próiseas a bhí ann, ba thoradh é ar luachanna na Comhairle, is é sin le rá bhí coláistiúlacht agus spiorad éacúiméanach i gceist, agus ba thionsnamh de chuid na hEaglaise uile é.

-          I mí an Mheithimh 1986 thug an Pápa an cúram do Choimisiún, caiticiosma comhchoitianta a chur le chéile. Bhi dáréag cairdinéal agus easpag ina mbaill den choimisiún seo, agus an Cairdinéal Seosamh Ratzinger mar uachtarán air. Na baill eile ná an ceathrar Cairdinéil: Baum (Comhthionól um Léann Eaglasta), Lourusamy (Comhthionól do Eaglaisí an Oirthir), Tomko (Comhthionól don tSoiscéalaíocht) agus Innocenti (Comhthionól don gCléir). Ba easpaig iad na baill eile: Law (Boston), Stoba (Poznan, sa Pholainn), Edelby (Aleppo, i Siria), D’Souza (Calcutta, san Ind), Isidoro de Souza (Cotonou, Benin), Benítez Avalos (Villarica, Paragua), agus freisin an tArd-Easpag Schotte (Beilgeach, Rúnaí Ginearálta de chuid Sionad na nEaspag).

-          I mí na Samhna 1986 bunaíodh coiste eagarthóireachta a raibh seachtar easpag mar bhaill ann: Estepa (easpag míleata na Spáinne), Maggiolini (Como, san Iodáil), Honoré (Tours, an Fhrainc), Medina (Rancagua, an tSile), Konstant (Leeds, Sasana), Levada (Portland, Stáit Aontaithe), Karlich (Paraná, an Airgintín). Idir an dá linn ghlaoigh an Cairdinéal Ratzinger ar an Ollamh Christof Schönborn, OP (Doiminiceach) ó ollscoil Fribourg san Eilvéis, le bheith ina rúnaí ar an bhfoireann seo scríbhneoirí. (Tá Schönborn anois ina Chairdinéal Árd-Easpag ar Vín, príomhchathair na hOstaire.) Seo iad na fir a dhein an chuid is mó den obair i gcás scríobh agus eagarthóireacht an Chaiticiosma.

-          Bhi “réamh-thionscnamh” ullmhaithe faoi an mbliain dár gcionn, 1987, agus cuireadh go 40 comhairleoirí é chun a dtuairimí a fháil.

-          I mí na Samhna 1989 cuireadh “tionscnamh athbhreithnithe” chuig gach Easpag san Eaglais, chuig gach Comhdháil Easpag, agus chuig príomh-ollscoileanna agus institiúidí na hEaglaise. Tháinig 938 freagraí ar ais ón gcomhairliúchán ollmhór seo, agus 24,000 moltaí á ndéanamh iontu.

-          Deineadh staidéar agus meastóireacht ar na moltaí seo go léir idir mí an Mheithimh agus mí Deireadh Fómhair na bliana dár gcionn 1990, agus cuireadh an-chuid leis an dtéacs de bharr na moltaí seo. (B’fhéidir gurb é an toradh is suntasaí a bhí ar an gcomhairliú go léir ná an cinneadh go gcuirfí an cheathrú “Chuid” leis an dtéacs, ar “An Urnaí Chríostaí”.)

-          I mí Feabhra 1992 bhí an leagan deiridh críochnaithe ag an gcoimisiún. Tugadh don Athair Naofa é, agus cheadaigh sé é i mí an Mheithimh 1992. Fógraíodh CEC i nDeireadh Fómhair 1992, agus an mhí dár gcionn foilsíodh eagrán Fraincise i bPáras. Foilsíodh eagrán i mBéarla sa bhliain 1994, agus eagrán Gaeilge i 2001.

-          Eisíodh an editio typica sa Laidin ar an 15ú lá de Lúnasa 1997.

Tá sé soiléir on gcaoi inar cuireadh an Caiticiosma le chéile gur téacs uilechoiteann é agus gur obair choláistiúil den scoth a bhí ann. Dian-obair mhionchúiseach a bhí ann chomh maith dar ndóigh: ullmhaíodh naoi leagan den téacs roimh theacht ar an leagan deireaneach. Ó is rud é gur tháinig an oiread sin tuairimí agus moltaí ó an domhan uile, tá saibhreas ar leith ag baint le CEC. Mar adeir Eoin Pól II: “Comhcheol an oiread sin glórtha, is friotal é dáiríre ar an rud a bhféadfaí ‘siansa’ an chreidimh a thabhairt air” (F.D. 1)

  1. 3.Ábhar CEC agus Dara Comhairle na Vatacáine:

An rud atá luachmhar faoi CEC ná go gcuireann sé os ár gcomhair an Creideamh Caitliceach ina iomláine, agus go h-orgánach. Tá an Caiticiosma “tógtha” ar na ceithre “colúin” a bhí ina gcreatlach go traidisiúnta le haghaidh teagasc an chreidimh. Seo iad ceithre “Coda” an Chaiticiosma: Cuid a hAon: Admháil an Chreidimh (An Cré); Cuid a Dó: Ceiliúradh na Rúndiamhra Críostaí (an Liotúirge); Cuid a Trí: An Bheatha i gCríost (teagasc morálta); Cuid a Ceathair: An Urnaí Chríostaí (Guí). Tá sruth orgánach mar sin ag dul tríd an téacs, ó an lex credendi, go dtí an lex celebrandi, go dtí an lex vivendi, go dtí an lex orandi. Múineann Cuid a hAon ailt an Chré: céard a chreideann muid. Múineann Cuid a Dó conas a cheiliúrtar na rúndiamhra seo i liotúirge na hEaglaise. I gCuid a Trí léirítear conas a chuirtear ár gcreideamh agus ár bpáirtíocht sa ghrásta diaga i ngníomh in ár saol laethúil; agus i gCuid a Ceathair déantar cur síos den scoth ar an urnaí a dhéanann muid go pearsanta agus i gcomaoin na hEaglaise. An t-aon mhór-Chaiticiosma eile a foilsíodh i rith stair na hEaglaise, Caiticiosma Comhairle Thrionta, tógadh é ar na ceithre colúin chéanna.

Sa Bhulla Porta Fidei, len ar sheol sé Bliain an Chreidimh i 2012, chun cothrom tríocha bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine a cheiliúradh, deir Beinidicht XVI gur “fíor-thoradh” ar an gComhairle é CEC. Is léir é seo i ndáiríre ar ábhar an Chaiticiosma, chomh maith leis an chaoi ina gcuirtear fírinní an Chreidimh in iúl ann.

Luann an Caiticiosma féin go mbraitheann sé ar theagasc na Comhairle: “Tá sé de chuspóir ag an Caiticiosma seo faisnéis eagraithe nó sintéis a chur i láthair de bhunéirim eisintiúil an fhoirceadail Chaitlicigh i dtaobh an chreidimh agus na moráltachta, faoi léas Dhara Comhairle na Vatacáine agus iomlán Thraidisiún na hEaglaise” (CEC 11).

Tá sé soiléir gurb é seo é Caiticiosma na Comhairle. Tar éis an Scrioptúr Naofa is iad téacsanna na Comhairle na foinsí is mó a mbaintear úsáid astu sa téacs. In theannta sin, tá mór-théamaí na Comhairle le braistint ar fud an Chaiticiosma: an ghairm uilíoch chun na naofachta agus na soiscéalaíochta, an Eaglais mar chomaoin (communio); an chaoi ina gcuirtear an Liotúirge os ár gcomhair mar cheiliúradh ar na Rúndiamhra Críostaí, 7 rl.

Ta teagasc na Comhairle le fáil ar chuile leathanach de chuid an CEC, ach is fiú breathnú ar dhá théama ar leith a bhaineann macalla as Dara Comhairle na Vatacáine:

  1. (i)“Antraipeolaíocht” an Chaiticiosma:

Faoi mar a rinne an Dara Comhairle Vatacáineach, déanann CEC gach iarracht agallamh a oscailt agus a fhorbairt leis an duine daonna. Déantar iarracht an foirceadal Críostaí a mhíniú sa chaoi gur féidir é a thuiscint i gcomhthéacs antraipeolaíochta. Mar sin feictear go bhfuil dhá mhír i ngach ceann de na ceithre Coda. Labhrann an chéad mhír leis an duine daonna ina dhaonnacht, agus sa dara mír déantar cur i láthair struchtúrtha ar an bhfoirceadal. Tá na míreanna roinnte ina gcaibidlí, agus foranna ins na caibidlí féin.

Mar shampla i gcás Cuid a hAon (“Admháil an Chreidimh”) tá dhá mhír ann: an chéad mhír (“Creidim” – “Creideann muid”) pléann sé brí an fhocail “creideamh”. Is é teideal atá ar an chéad chaibidil sa mhír seo ná “Acmhainn an duine chun Dé”, agus is iad na foranna atá ann ná: “An mian chun Dé”; “Slite chun aithne a chur ar Dhia”; “ An tEolas faoi Dhia de réir na hEaglaise” agus “Conas is féidir labhairt faoi Dhia?”

Ar an gcaoi chéanna pléann Cuid a Trí mar shampla “An Bheatha i gCríost” (teagasc morálta). Is é teideal atá ar an gcéad mhír anseo ná “Gairm an Duine: an Bheatha sa Spiorad”. Ta trí chaibidil sa mhír seo: “Gradam an Duine Daonna”; “An Comhphobal Daonna” – braitheann an chaibidil seo go mór ar theagasc an Reachta Thréadaigh Gaudium et Spes - agus “ Slánú Dé: Dlí agus Grásta”. Sa dara mír de Chuid a Trí tá teagasc ar na deich n-Aitheanta.

  1. (ii)An Liotúirge:

Feictear tionchar láidir na Comhairle freisin sa chaoi ina mínítear Liotúirge na hEaglaise. Cuireann teideal an Tríú Chuid féin, “Ceiliúradh na Rúndiamhra Críostaí”, in iúl go leanfar peirspictíocht na Comhairle i leith an liotúirge agus na sacraimintí, is é sin le rá go gcuirtear na sacraimintí i gcomhthéacs stair an tslánaithe, agus go gcuirtear an liotúirge i gcomhthéacs rúndiamhair na Cásca.

Ó na méanaoiseanna ar aghaidh, de réir a chéile, tharla scoilt idir diagacht na sacraimintí agus ceiliúradh an liotúirge. Ba scaradh dáinséireach é seo, idir réaltacht na sacraimintí agus a bhfeidhmíocht fhoirmiúil sna searmanais liotúirgeacha. Bhí mar phríomh-aidhm ag an “ghluaiseacht liotúirgeach” sna blianta roimh an gComhairle an bac seo a dhúnadh, ag léiriú gur ceart na sacraimintí a thuiscint trí dhíriú ar na deasghnátha lena gceiliúrtar iad.

Chuir Sacrosanctum Concilium, Reacht na Comhairle ar an Liotúirge, béim ar leith ar an sintéis seo mar bhealach chun tuiscint níos orgánaí agus níos doimhne a fháil ar liotúirge agus ar shacraimintí na hEaglaise. Seo an mheabhair a fhaigheann muid sa Chaiticiosma. Mar shampla, ag labhairt faoi “Caiticéis agus liotúirge” deir an Caiticiosma: “Is é is cuspóir don chaiticéis liotúirgeach ionadacht a thabhairt chun rúndiamhar Chríost (tá sí ‘misteagógach’ mar a deirtear), ag tarraingt ón sofheicthe ar an dofheicthe, ón chomhartha ar an ní a chomharthaítear, ó na ‘sacraimintí’ ar na ‘rúndiamhra’” (CEC 1075).

  1. 4.Gnéithe de chuid an CEC, agus Dara Comhairle na Vatacáine:

In aitheasc a thug sé ar an 8ú lá Nollaig 1992 dhearbhaigh Naomh Eoin Pól II gurb é an Caiticiosma “an toradh is aibí agus is iomláine de chuid na Comhairle”. Feictear go bhfuil dlúth-nasc idir an Caiticiosma agus an Chomhairle, ó thaobh stair an téacs, agus an chaoi inar scríobhadh é, na hábhair a phléitear ann, agus an stíl cur in iúl a roghnaíodh.

Is féidir gnéithe áirithe eile den Chaiticiosma a lua, a léiríonn an aontacht idir é agus an Chomhairle. Sa dá chás ta an phríomh-áit ag an Scrioptúr Naofa. Deir Dei Verbum (uimhir 24) gurb é an Scrioptúr “anam na diagachta”. Is é anam an Chaiticiosma é an Bíobla gan aon amhras.

Tá téacs an Chaiticiosma lán de thagairtí do Aithreacha agus do Dhochtúirí na hEaglaise, chomh maith le Naoimh ó gach tréimhse stairiúil agus ó gach traidisiún liotúirgeach, idir mhná agus fhir. Cuireann an saibhreas stairiúil seo i gcuimhne dúinn an ressourcement, an mhian chun dul ar ais ag foinsí na hEaglaise a bhí le braistint ag an gComhairle Vatacáineach.

Go minic sa Chaiticiosma déantar tagairt do Eaglaisí an Oirthir, agus do thraidisiúin liotúirgeacha éagsúla chomh maith leis an Deasghnáth Rómhánach.

Tá dearcadh láidir éacúiméanach ag an téacs: mar shampla is féidir breathnú ar an míniúchán a thugtar ar an bhfíréanú (CEC 1987 agus a leanas).

  1. 5.Críoch:

Thar aon rud eile is téacs soiscéalaíochta é an Caiticiosma. Tá sé dírithe sa chéad áit ar thréadaithe na hEaglaise, ar na hEaspaig a bhfuil sé mar phríomh-fheagracht orthu an Creideamh a chaomhnú, a chothú agus a fhógairt. Ach, mar a deir Eoin Pól II, “tá sé á thairiscint freisin do na fíréin go léir a dteastaíonn uathu eolas níos fearr a chur ar shaibhreas dochuimsithe an tslánaithe (cf. Eif. 3,8). Is mian leis, freisin, tacú leis an dícheall éacúiméanach atá á spreagadh ag mian bheannaithe na haontachta idir na Críostaithe uile… Ar deireadh, tá Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí á thairiscint do gach aon a éilíonn uainn bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionainn (cf. 1 Pead. 3,15)” (FD 3).

I ndeireadh na dála, is toradh saibhir agus luachmhar é CEC ar mhian an Phápa Naomh Eoin XXIII nuair a leag sé mar phríomh-chúram ar an gComhairle “caomhnú agus míniú níos fearr a dhéanamh ar thaisce luachmhar an fhoirceadail Chríostaí, chun go mbeadh teacht níos éasca air ag fíréin Chríost agus ag lucht na dea-thola go léir” (FD, Réamhrá).

Focail nach bhfuil is bhfoclóiri: buanaiocht

Téarma(i) níos simplí: oibleagaidíocht

Dearóil, aidíocht sna foclóiri; mar ainmfhocal: t. ainmneach iolra agus ginideach iolra?

An teideal: Cé hiad   …a ghoile (no a Ngoile?)

                   Colm Ó Tórna

3 Garrán Ghleann Sceiche, Ard Aidhin,Baile Átha Cliath 5.

     01/8313333 087 /2266594 This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.


Cé hiad (??hé??) sin mo chomharsa a bhfuil faobhar ar a ghoile?

Colm Ó Torna

Comhthéacs

Faoi láthair mairimíd i ré sibhialtachta inar aimsíodh gach deis, gach cumas agus gach bealach chun an bhochtaineacht, galair agus an éagóir bhunaithe atá á mb ar lucht na dearóile a ionsaí le héifeacht agus go leanúnach. Tá inár seilbh an eolaíocht agus an teicneolaíocht, sainoilteacht i gcúrsaí leighis, cumais talmhaíochta agus deantúsaíochta, modhanna taistil, iompair agus cumarsáide nach raibh riamh cheana ag an gcine daonna, go bhfios dúinn.

Fós fágtar ar an dtrá folamh iad.an teideal daonna atá ag na dearóil teacht ar na bun- agus buan-riachtannais mhaireachtála, a eilítear ag a ndínit chun a bheith beo le dóchas, séanta, coscaithe ortha. De bharr an dul chun cinn éachtach luaite thuas i ngach a bhaineann le iliomaid cumais agus feidireacta atá inár seilbh, san Iarthar go háirithe, is riachtannas anois go mbuanófar bunsraitheanna morálta doimnithe faoin a roinnt.

Is léir go bhfuil an idirbheartáiocht pholaitiuil idirnaisiunta eagórach agus chomh maith leis sin institiuidithe sna corais agus sna bealaí uile lena chaitheann Saibhir le Daibhir, go bhfuil na nósanna a ghlactar leo i gcúrsaí tradála agus gnó a shaothraíonn don Saibhir foinsithe sa mheanma Saint seachas Roinnt, go bhfuil a spiorad seascaithe beag beann ar phrionsabáltacht na daonnachtúlachta ina bhfuil sealbhú ár ndaonlathais féin fréamhaithe.

Na dearóil brúite go taobhlínte ár n-iomarcaíochta.

Is fíordhúshlán daonnachtúil ár linne é go mbuanófaí nuathuiscint de “ceart dom, ceart duit” mar phríomhacht phrionsabálta i ngach deileáil agus cumarsáid idirnáisunta idir Saibhir agus Daibhir. Ní beag san.

Fréamhriachtanais na maitheasa agus na buanaíochta soisialta

“The modern experiment to live without religion has failed, and once we have understood this we know what our ‘post-modern’ tasks really are”. A Guide for the Perplexed le E. F. Schumacher.

Is í cailliuint bheonasc lenár Chruthaitheoir uile an phriomh-earráid inár dtuiscint dár ról i gcumadh ár chaibidil reatha i scéal leanúnach an Duine agus an bhagairt ar shibhialtacht ár linne go hairithe.

Toradh ar seo go bhfuil an Nua-aimsearachas, atá fréamhaithe san aindiachas, agus an díghradamú daonna a leanann é, á chraobhscaoileadh agus á bhuanú in Iarthar an domhain go hairithe agus ag leathnú i ngach cairn den Cruinne a thagann faoina n-anáil.

Níl an gus spioradálta i gcultúir an Ábharachais Fhealsúnaigh seo atá dár dtreorú chun an oibleagaidíocht (????+????= obligingness) daonna a luíonn orainn dá chéile uile agus dos na dearóil (???) go háirithe a thuiscint. Tá an t-ábharaí dall ar luach speisialta indibhidiúlach an té is laige, is ainreotaí nó nach bhfuil roimhe nó roimpi ach saol ghairid mí-ámharach gan dóchas. Tragóid doleigheasta don aindiachaí go sealbhaíonn duine beatha dá leithéid atá, dar leis, gan bhrí agus ipso facto gan luach ar bith. Is san dílúacháil seo atá gach éagóir frithbheatha fréamhaithe, cothaithe agus, go fiú, molta sa lá inniu mar dul chun cinn.

Ní daille go daille seo an aindiachais mar go mbaintear dá chosa aige an sár-bhuan luacháil amháin inar féidir dínit dosháraithe gach ball den cine daonna a fhréamhú, a chosaint agus a fhorbairt, is é sin le rá gur de stoc diaga gach mac agus inion máthar a rugadh riamh nó a bheirfear go deo. Is i bhfíric seo na bhfíricí, thar ceann ar bith eile, gur féidir dínit gach neach beo a fhréamhú, stádas atá, ní hamhain níos airde ná macasamhail aon bheo eile ar dhroim na talún, ach de luacháil difriúil uachtarach ná iad. Anseo seo amháin tá againn d’eisint Dé na síorraíochta féin, mar is ón Cruthaitheoir fein atá an phribhléid seo bronnta ar cách ‘gan eisceacht ar bith’. Ní flaithiúlacht i mbronnadh go flaithiúlacht seo Dé.

Cuma aon dea-thoil, tá an Nua-aimsearachas tumaithe in eadochasacht mar nach féidir ríamh cruachás na ndearól seo atá leathnaithe ar fúd an Domhain Tréigthe a leigheas. Rud atá fíor. Críost féin a chuir an fhírinne shearbh sin ós ár chomhair.

Tá, dá bharr san, an claonadh i ndallmheanma seo an Nua-aimserachais i ngach a mholtar chun cruachás seo na ndearóil (?) a mhaolú dírithe i dtreo laghdú líon na ndearól (?) féin, seachas na cúiseanna lena ngeírchéim a dhibirt chomh fada agus is féidir. Is minic an ‘chomh fada agus is féidir’ sin curtha ar mhéar fhada eadóchasach.

Smálaíonn an eadochasacht seo an fhiric gur iontas thar gach iontas sealbhú na beatha daonna, go bhfuil ionainn uile, ainneoin ár laigí spioradálta, cumais, misneach agus dochloíteacht áirithe gur féidir iad a mhúscailt agus a shaothrú cuma cruatan nó deacrachtaí a bhaineann go minic lenár saolta uile. Faoi scáth teoranta an aindiachais dúntar go cinnte fuinneóg seo na cinnteachta agus an dóchais, agus an fhadradharcacht a bhrostaíonn diúltú don eagóir nó don cos ar bholg a imríotar ar dhaoine nó ar phobal ar bith. Baintear deireadh dúile de dhóchas an aindiachaí (Ciall??? Níos simplí?). Tuiteann an lug ar an lag aige toisc a laghad agus is féidir a dhéanamh ar mhaithe leis na dearóil (?). Ar bhealach sách uasal go fiú, feictear dó nach fiú mórán a bheatha féin gan trácht ar bheathaí daoine eile. Is beag ná gur saghas mítharlúint catastrófach an bheatha dhaonna agus gach a bhaineann lei. B’fhearr gan a bheith ann dairíre ach is gá mar sin féin nach múchfar ar fad an cine daonna. Cá bhfios ach go n-aimseofar nua-staid don chine ar ball buíochas ach go háirithe do photentia na heolaíochta. Mar is ag altóir na heolaíochta a adhrann sé. Idir an dá linn caithidh na beo maireachtáil mar níl aon dul as acu.

            Tá an doirbhíochas (pessimisim) seo le sonrú i ngach atá a mholadh ag an Nua-aimsearachas i gcomhthéacs raison d’être na collaíochta. Déantar gach iarracht gineadh a sheachaint i gcultúr seo an choiscín; milltear nó maraítear an bheatha nuair is laige é le ginmhilleadh nó éilítear féinmharú mar theidlíocht dos na sean nó fós dona h-óga; nó chun éalú ó fhulaingt nó ó olldheacrachtaí; nó fós moltar mar rud normalta collaíocht nach féidir riamh beatha a ghineadh i “bpósadh” idir beirt d’aon ghnéas.

            Nuair a luaitear “foetal abnormality” séantar go fiú, nó ní thuigtear, gur beatha dhaonna faoi laincis atá i gceist. Fágtar mar rogha go múchfar nó go saolófaí an neach seo is laige ar fad.

            Tá an casadh i dtreo mhúchadh iomlán tuisceana do luach an té is laige anois léirithe i nochtú an scéil faoi imeachtai Planned Parenthood i Mheiriceá. Léiritear i bhfísteipeanna a ghlacadh go rúnda gur chuid dá “gnó” seo aimsiú agus diol “foetal material” le haghaidh taighde. Citear go soileir géaganna agus cosa bídeacha “reidh don mhargadh”.

An Pósadh faoi ionsaí[M1] !

Faoi thionchur aicíd fhorleatach spioradálta na frithbheatha seo ionsaítear an pósadh mar buansholáthróir agus chosainteoir na beatha daonna féin. Dífhréamhíotar collaíocht óna raison d’etre mar soláthróir úrbheatha ag tuisimitheoirí i mbuanghrá dá chéile. ‘Lust clothed in the dress of love’ aduirt an Mhahatma agus é ag caint faoin a phósadh fein: “Our love did not reach a high plane. There was affection, of course, between us. Affection there has been between us always but we came closer and closer the more we, or rather I, became restrained”. Chonnachthas dó gur threisigh frithghiniuint an bhearna sin, go fiú i lanúnas phósta, seachas an ghrá idir an bheirt a bhuanú agus a bhreith go “plána níos airde” fós.

Bunsraith dosraith dosháraithe na Maitheasa Soisialta

Ní íontas go bronnadh an bheatha dhaonna féin ag tuisimitheoiri i ngrá. Pribhléid na bpribhléidí saolú duine dhaonna,”de dheantús” diaga, nach raibh riamh ann cheana nó nach mbeidh arís ariamh arís sa chruthaíocht. Sin is buanfháth leis an lúcháir a sonraítear ag breith linbh ní hamhain ag an lanúin ach ag a bhaill chlainne, ghaolta, cáirde agus go fiú comharsain. Ní nuacht le roinnt go dti seo ainneoin chomh comónta is atá sé agus seo ó aimsir annalód. Fada siar a shíneann an tuiscint den phósadh mar aontas buan idir fhear agus bhean agus mhair an posádh i gcónaí mar bhuanghné nó institiúid i sochaithe uile an domhain dar leis an antraipeolaí, An Dr. Ashley Montagu.

Méadaíonn agus neartaíonn cúram a linbh a chothú, a oileadh agus a threorú go haibíochta buanghrá na beirte dá chéile. Cothaítear gan staonadh sa teaghlach gach tréith ar a bhraitheann ar ball tógáil agus forbairt sochaí daonna.

Sochaí ina chleachtar ag saoránnaigh luachanna a chéad shealbhaíodar ina dtógail sa bhaile - Ionracas,comhbhá lena chéile, roinnt seachas saint i gcomhar chlainne, cosaint lag ag an mhuintir níos laidre, smachtú chinealta nuair is gá agus maithiúnas ó chroí nuair a thuilltear seo i dteannta tuisceana agus an moladh a chothaíonn féinmheas. Seo uile cothaithe i mbuanaíocht ghairme an bhuanphósadh.

Borradh agus fás eile fós roimh grá na dtuismitheori i saolú leanaí a leanaí – gur luach saothair speisíalta a ghrá dá cheile a theacht. Buanaíotar nasc chlainne beo seo na maitheasa a shín fada siar agus a shinfidh ar aghaidh mar snaidhm fhíordhaonna.

An nasc-aistir seo a mhair agus a mhaireann thar na glúinte is comhartha de bhuanbhliantacht (perpetuity) an chine dhaonna a mhaireann slán ainneoin gach tubaiste agus cinedhíothú go fiú a smálaigh stair an Duine.

Tuigtear don creidmheach gur féidir go mbaintear ceannscríbe an aistir teaghlaigh i gcomhar chlainne síorraí Dé féin. (Brí le seo??)

Díghrádú agus treigint raison d’etre an phósta mar cloch choirnéil i dtógail sochaí daonna is bunchuis leis an ainnis shoisialta atá ag réabadh roimhe i sochaithe forbartha Iarthair an Domhain.

Bagairt ar shibhialtacht na hEorpa

Ah ! well a-day ! what evil looks
Had I from old and young !
Instead of the cross, the Albatross
About my neck was hung.

(Coleridge, “The Ancient Mariner”)

Bagairt an bháis féin atá anois ag snámh ar chraiceann shibhialtacht na hEorpa. An t-albatras go bhfuil greim scórnaigh ar a mheanma laghad na leanaí atá á ngineadh. Gealladh go mbeadh an choiscín nó an phiolla in ann líon tí leanaí a phleanáil ach ní pleanáil ach cosc ar bhreith a thoradh. Níl tír dá chuid ann ina bhfuil ráta breithe riachtannach do thodhcaí fholáin. Toradh ar seo go bhfuil géirchéim deimeagrafach ag bagairt ar an Eoraip trí chéile. Is cinnte gur chúis le seo an easpa dóchais roimh a todhchaí. Spioradáltacht seascaithe, imníoch, eaglach gan dóchas saoránachta nach bhfeiceann roimh sliocht a shleachta, a chultúr agus a sheasamhacht, ach asamhlú na n-imirceach ar a mbeidh siad ag braith ar ball. Lion na n­-imirceach (??) seo coinnithe “ar an taobh amuigh” faoi láthair, ach ag méadú go bagrach ar an chumhacht agus stiurú, ord is eagar, atá go fóill i seilbh na mbundúchasach (?) féin. Níl an torthúlacht chultúrtha i mheanma na hEorpa a ghinfeadh an dóchas dochloíte ar a bhraitheann slánfhás aon sibhialtachta.

Is fíor seo go háirithe lenár linn féin agus aghaidh daonna misniúil, failtiúil le fearradh againn roimh líon na dteifeach atá ag plódú isteach ag lorg chaighdean saoil atá coscaithe ortha ina dtíortha dúchais féin. Go mba chóir go mbeadh a shliocht a fhanann ar ball níos Eorpaí na na hEorpaigh féin – ach seo ag braith ar folláine dheimeagrafach na hEorpa féin.

Go dtí go n-athaimsítear beonasc leo siúd ar an imeall agus go nginfear chomharchúram i gcoinsias leo, is baolach go leanfaidh an bás ag snámh ar chraiceann sibhialtacht na hEorpa agus Iarthair an Domhain. Go deimhin nuair a bhraithniotar ar thíortha Aontais na hEorpa agus a gcuid chinnirí, le Angela Merkel mar eisceacht sonrach, ag tiontú droime ar na dearóil (???) lasmuigh de sconsaí míthrócaireacha nuathógaithe is féidir go bhfuil bagairt an bháis chultúrtha féin sin cheana féin sáinnithe go smior ina mheanma.

Peter Sutherland mar guth sa bhfásach ag nochtadh fimínteacht agus easpa dhaonnachtúlacht chinnirí na hEorpa. Fada ó fhís Chríostúil Maurice Schumann atá meoin agus meanma an AE.

An Óige

Is i gcailliúint na tuisceana reiligiúnda gur beith choisricthe gach aon bheatha daonna le brí agus luach speisíalta, agus le h-aidhm nó aidhmeanna pearsanta ósnadúrtha le haimsiu, is príomhchúis leis an éadóchas a bhrostaíonn óige, ach go hairithe, chun lámh a chur ina bhás féin. Buaneasnamh príomha spioradálta seo a chinnntíon nach bhfuil ollaidhmeanna daonna á chuir ina láthair a fhreastlódh ar an idéileachais is dúil don óige. Cothú spioradalta atá riachtannach don óige agus iad ag teacht in aibíocht agus i ngleic leis an saol, rud a thug ar T.S. Eliot moladh dóibh teachtaireacht na h-ógmhná, Simone Weil, in a saothar dúshlánach, ’l’Enracinement’ / ‘The need for roots’, a shealbhú. Mhol sé dóibh an leabhar, a scríodh sí (?) i Lúndan Shasana cúpla mí roimh bás di in aois tríocha is a ceathair, a léamh ‘before their leisure time has been lost and their capacity for thought destroyed in the life of the hustings and the legislative assembly; books the effect of which, we can only hope, will become apparent in the attitude of mind of another generation’. Guímid gur i nglúin óg an lae inniu a bhláthóidh a mholadh súd!

Abhus

Cúis sách thragóideach eile ata fréamhaithe i dteachtaireacht aimrid seo ár linne in Éirinn an ollfhás in ólacháin agus i ‘social drug taking’ a fhágann ionaid A& E in ár n-ospuideil lán go béil le déagóiri agus go fiu gasuir ólta nó gafa ag drugaí ag na deireadh seachtainní go hairithe.

Ní luatar sna meáin i gcoitinne crá eile de míosúr ‘The Hidden Ireland’ ár linne, nach raibh cinnte i gceist ag Dónal Ó Corcora. Is é sin oícheannta gan codladh dheireadh seachtainne thuismitheoiri agus iad ar chipíní ar eagla an glaoch fóin nó an cnag drochscéalach ag an doras.

Ollfhadhb sláinte an bheathaitheacht (obesity) atá anois ag leathnú imeasc óg agus níos sine, fadhb atá seo ginnte san fhéinshásamh agus cailliúint féinsmachta, féinmheasa agus go deimhin cailliúint dóchais i gcultúr seasc an ábharachais.

‘Eat, Drink and be merry,for ALREADY we are dying’

Creideamh dall seo an Nua-aimsearachais a chothaíonn Ceadmhachas agus Féinrogha, gléasta in eadaigh uasal na Saoirse agus an Comhchéimeachais faoi seach, atá ár míthreorú, ár ndí-uaisliú. “An dall agus an bacach agus an dall chun tosaigh” gan aon agó.

Nach dána an mhaise dos na Nua-aimsearaigh maoimh go bhfuil ré urnua le moladh aimsithe i gcultúr ár linne mar mhalairt ar ré ní rófhada uainn inar tógadh go leor againn -- ré, a bhí dar leo, dorcha, frithdhaonna, fréamhaithe agus cungaithe i ndall creidimh reiligiúnda? Ré ina raibh, ainneoin a lochtanna, aon dúnmharú amháin ina phríomh scéal uafáis na bliana nach mór, inar shiúl idir aosaigh agus óige ‘stoíche gan buairt faoi ionsaí, ina fhágfaí dóirsí gan glasáil lá is oíche gan baol robála, ina raibh urraim tugtha ag fir do mhná, ina raibh macántacht sa saol poiblí agus polaitiúil agus míneadas áirithe i gcaint agus i ngreann.

“When we were growing up in Ringsend in the Thirties”, adúirt an iardhornalaí, Jimmy Ingle, liom dornán de bhlianta o shoin, “we idiolized old people. Now they’re killing them.”

Freagra simplí ar chúis le stuacacht dall seo na Nua-aimsearach go gcaithfear an creideamh nua, an siuid-liobrálachas, a chosaint, a chraobhscaoileadh agus a adhrádh ag altóir cúngchroích an Ábharachais Fhealsúnaigh. “The faith must be upheld!”

Dóchas

Ach bíodh ionainn, creidmhigh, thar aon grúpa, dóchas as ár nDia agus as a phobal. Nach féidir fós spioradáltach seascaithe na hEorpa a uisciú! Ról dúinne, creidmhigh na hÉireann, sa tasc. Bhíomar ann cheana nuair a bhí manaigh na hÉireann ar thús cadhnaíochta i ndíbirt barbaracht de shaghas eile a bhí ag bagairt ar shibhialtacht na Mór-roinne. Tá léacht eolgasach ana-bhrea, “Europe and the Irish monks” le Enzo Farinella, le haimsiú ach seo a Ghoogleáil.

Nach bhfuil a ndúchas siúd fós inár ngin chultúrtha mar a leirítear ag misinéirí ár linne féin agus ag an tacaíocht tréan a thugann cosmhuintir na hÉireann i gcónaí don Domhan Treighte!

Fainic

Slad spioradálta, loitiméireacht na staire i ngach aois, an féidir go mbaineann ár leithéidne, go fiú más go fulangach, lena leithéidí?

Creidimid gur buan-sealbhaíocht, sonas i mbaclann a Chruthaitheora, cuma go nglaotar “Dia, an Fhirinne, Allah, Sat-Chin-Ananda nó Nirbhea” air, an todhchaí a gealltar do na dearóil tréigthe. Is anseo a feictear dom baol dár seasamh mar Críostaithe i dtaca leis na dearóil. Más fíor go n-aimsíonn na dearóil buanchomhluadar clainne Dé féin narab fhiú an fhulaingt! Scaoiltear muid go fochoinsiasach, ó dualgasaíocht ina leith. Sea, is maith go dtugtar tacaíocht airithe dóibh trí chorr-shintuis do leitheidí Goal, Trocaire, Sight Savers nó a leitheidí. Súp dar gcoinseas go nglacfar le saghas tuisceana chúng chompórdach, nach raibh i gceist, silim, ag Browning, do "God's in his Heaven/All's right with the world!"

An saghas agnóiseachta bogásaí seo, is baol don chreideamh tanaí foclach seo.

Mar an gcéanna, is baol go nglactar le meabhrúchán Críost féin dúinn go mbeadh na bochtáin i gcónaí linn mar shaghas leithscéil chun na paidreacha amháin a chur lena gcruachás.

Dairíre ní raibh i gceist ag Críost ach an fhirinne shearbh a chur ós ár gcomhair.

Ach is cinnte nach aon chomhairle ár leasa uaidh go bhfágfar na hainiseoirí gan cúnamh. Nios mó fós léireofar Lá an Luain dóibh siúd inár measc a chlis ar na dearóil lenár linn fein gurab é fein a fhágadh ar an dtrá fholamh. Is sa tuiscint seo, sílim, a thóg ar an Mhahatma Gandhi a rá: “Líonann Seanmóir Chríost ar an Sliabh mé le haoibhneas go fiú sa lá inniú. Tá sé de chumhacht ag a vearsaí milise céasadh m’anam a mhaolú (quench) sa lá inniu féin”.

Rogha de roghanna romhainn

An féidir go dtuillfimid an daorbhreith dheiridh toisc nách bhfuilimid i gcabhair air agus i gcomhair leis an Chríost céanna i bhfoirmeacha na ndearóil tréigthe a fhulaingíonn lenár linn féin mar strainseiri, iad tartmhar, de cheal éadaigh, tínn agus stiúgtha leis an ocras agus go fiú i mbaol bhás ainniseach go díreach tar éis bhreith dibh?

Dearóil ár linne

“Ni ins an ainnise is measa linn bheith sios go deo ach an tarcaisne a leanas sinn i ndiaidh na leon” a chaoin Eoghan Rua Ó Suilleabháin (1748- 1784) . I gcás na haimsire ina mhairimid an féidir gur muidne na leoin chatha a thréigeann ainniseoirí ár linne a fhulaingíonn ar tairseach ár n-iomarcaíochta.
Bhfuil, dá bharr ár n-easpa tacaíochta
dóibh, fáth go mbeadh droch choinsias orainn seachas trua sách fulangach nó bá fhoclach luaite againn do chás seo na ndearóil lena mbainimíd? Go caoinimíd, ó dhuine go duine: ‘Ach cad is feidir LIOMSA a dhéanamh faoin eagóir seo”, seachas go scairtimid “Cad IS féidir liomsa a dhéanamh faoi cruachás mo chomharsan?”

Cén fáth nach gcuachfaí iad san, nach dtumfaí iad, lena bhíonn buanphlé againn leo, i dtuiscint nuadhoimhnithe de Chomhar na gComharsan.

Ár “gComplicité” Praiticiúil

Tar éis gach a bhfuil ráite agus geallta faoin éagóir a aithnímid, nach iad ár vótaí -- mo ghuthsa agus do ghuthsa -- a thugann imprimatur an daonlathais do na córais pholaitiúla agus instidiúidiú bealaí trádála a bhuanaíonn eagóir i gcursaí idirnásiunta. Iad seo cuid mhaith fréamhaithe i saint agus tugtha don méféineachas is buanchúis le díbirt na ndearól (??) go fásach na hainnise agus na heaspa. Cosc curth orthu aon deis a bheith acu le bheith comhpháirteach sa dul chun cinn atá inár seilbh i nDomhan an Dóthain agus na hIomarca, ar cuid ndomhain é freisin.

An claochlú a MHÚSCLÓS MUID

“Cé hiad sin mo chomharsa a bhfuil faobhar ar a ngoile?” teideal an ailt seo. Cén gaol dairíre atá eadrainn agus conas go bhfuilimid ag cliseadh ortha?

comharsana amháin sinn uile ar an gcruinne álainn seo ach gaolta. Gaolta in eisint. Tá leide dúinn sa Ghaeilge: “Más amhlaidh gurb é Ádhamh ár gcéad athair agus gurb í Éabha ár gcéad mháthair, nach uasal mar an gcéanna gach a dtáinig uathu.Cuirim leis sin an fhíric gur de shliocht féin gach neach daonna, gan eisceacht ar bith”. “Mar cibé duine a chomhlíonann toil Mo Athair atá sna Flaithis, is eiseann Mo dhearthair agus deirfiúr agus máthair.” Níl duine nó deoraí nach féidir toil Dé a chomhlíondh. Ní gaol fola seo ach gaolmhaireacht inár chomhshealbhaíocht spioradálta gan teorainn.

Cuimhnímís fosta nach gaolmhaireacht ar feadh an tseala ama de bhlianta ina gcomhmairimid ar dhroim ár gCruinne atá i gceist ach í i bhfad Éireann níos buaine mar gur gaolmhaireacht shíor í.

Tá ár mbeith uile, mar a bhí riamh agus mar a bheidh go deo, foinsithe sa tsíorraíocht agus is sa chomhthéacs pribhléideach sin go mbuanaítear oibleagáideacht (=???; feic leathanach 2; obligingness) dá chéile uile orainn sa seal saol ina mhairimid. Sin, sílim, is brí leis an Dara hAithne agus ni feidir bheith i dtiuin le h-éilimh an Chéad Aithne ach go saothraítear é i gcomhar leis an grá dá cheile uile chomh fada agus is féidir. Tá seo mar buanriachtannas ár ngairme mar chreidmhigh.

Is é an “chomh fada agus is feidir” sin a chaithfear a shaoradh, a scaoileadh ó na laincisí neamháirdeallacha atá cumtha againn ina leith. Is gá anois go n-osclófar dúinn agus romhainn nuafhís daonna Dia-líonta a chlaochlós an spioradáltacht sách leamh, mura bhfuil sé seascaithe, ina bhfuil ár meanmna sáinnithe. Athnuachantfar aghaidh na talún dá bharr seo –‘c’est presque l’analogue d’une révélation nouvelle de l’universe et de la destinée humaine” i bhfoclaibh Simone Weil.

Claochlófar gnéithe, folaithe go dtí seo, inár n-ionannas uile agus áilleacht spioradálta a ghabhann leo i nua-nascadh eadrainn mar pháistí ár gCruthathóra uile. Tá an claochlú seo éilithe orainn toisc an dul chun cinn iontach uile i gcumais agus saineolais luaite thuas a bhronnann orainn anois féidireachtaí nach raibh riamh i seilbh an chine dhaonna go nuige seo. Bearna agus easnamh mhorálta in ár gcomhroinnt leo is cúis leis na heagóracha atá á n-imirt ar na dearóil tréigthe agus ipso facto leis na hiliomad fadhbanna soisíalta atá ár gcrá sa Domhain féin-lárnach forbartha.

Is i mbeo-shaothrú na cothromaíochta (egalitarianism) a gheallann (??) agus a éilíonn go deimhin Cothrom na Féinne do gach mac agus iníon máthar, gaolta in eisint, agus atá buanaithe i sainmhíniú reiligiúnda dár ndínit indibhidiúlach uile mar bhaill Chlann Dé, atá an chinnteacht is buaine ar féidir dúshlán seo ár linne a fhréamhú, a chothú agus a shaothrú. Buille go smior le bheith tugtha don chiníochas agus d’aon bhréag- ghradamachas ar bhoinn oideachais, eirimiúlacht, talainn nó stádas mar nach raibh, nach bhfuil nó nach mbeidh riamh neach daonna nach de stoc diaga é nó í. Nó níl duine nó deoraí nach gránn ár gCruthaitheoir uile é nó í, agus go n-éilítear orainn Uaidh an grá céanna sin dá cheile a aimsiú ionainn féin. Ansin saorfar muid dairíre chun comharsanúlacht nua-bhisithe a bhuanú ar mhaithe agus i gcomhar leo siúd, ach go háirithe, atá díbeartha go dtí seo chun “an taobh amuigh”.

Is i an chéad cheim ná go n-aimseofar le práinn tuiscint níos doimhne le saothru dona gaolfhoinsí ina bhfuil an comharsanúlacht seo fréamhaithe. Síolfae (?? Shíolfaí?? Síolfar?; Shíolfá??) an “Diultú d’Fhonn Cruthú” seo i gcoinsiasaí indibhidiúlacha ár leitheidne, cosmhuintir na cruinne, ó dhuine go duine go lasfar seo ina chomhéileamh doshrianta lonnaithe i gcoinsias comónta saoránach Iarthair an Domhain trí chéile.

Ach, tuigtear dom gur céad chéim san aistir spioradálta seo go nguífear Dé ag iarraidh doimhniu inár dtuiscint dár ngar-ghaolmaireacht in eisint lenár gcomharsana uile fud fad na Cruinne. Nach Éiseann ár nAthair uile?

dhá shruth dár gcreidimh dúchasach a lionann, más go lag féin seo sa lá inniu, an tascumar spioradálta atá i gcónai ar fáil dúinn. A mheanma seo le hathghabháil agus le blaiseadh in am seo an ghátair. Féith na misinéireachta a chlaochlaigh cheana féin cultúr na hEorpa agus é ar a dhé dheiridh, agus féith an fhinné neamhghéiliúil a shaothraíodh ag cosmhuintir na hÉireann ag carraigeacha ceilte an Aifrinn agus iad i mbaol a mbáis dá bharr. Beidh an t-armlón spioradálta seo, ár bhfirinne féin, le saothrú go mbeidh muid dílis don drithle sin de atá beo ionainn go fóill. Adhnófar saíocht leathdhearmadta go mbeidh sé ina nuasholas spioradálta na maitheasa le saothrú as an nua. Seo a mhisneofar muid chun seasamh neamheaglach roimh “brú na n-allmharach agus síor athrú an tsaoil” mar a chomhailrigh Breandán Ó Doibhlin dúinn ina shaothar fáidhiúil, “Neal Maidne agus Tine Oíche”.

Is é an dúshlán atá rómhainn ról suntasach a ghlacadh i gcothú nasc idirchiníoch a leathnós sna céadta rómhainn i gcruthú nuasibhialtacht dhomhanda. Buíochas do na h-iliomad bealaí cumarsáide agus teagmhála inár seilbh, nach raibh riamh i seilbh an Duine go nuige seo, is féidir go dtapófar an t-aistear cultúrtha chun ceannscríbe sa chéad seo féin.

Ré úr don chine daonna le haimsiú mar a cuireadh ós ár gcomhair mar dhúshlán ag an Riordánach ina dhán, “Ní Ceadmhach Neamhshuim”. Ní beag sin cinnte.

(4000 focal; 17-4-16)

2,451 focal. 30/3/2016 2,974 1.4.’16

3.255 3/4/16. circa 4560 focal 5/4/2016.

[1] I dtaca le foinsí Liútair féach H. Bluhm, Martin Luther Creative Translator (St. Louis 1965).


 [M1]