Copyright 2017 - Custom text here

9 Deireadh Fomhair 2016 (C) Ochtú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ní féidir laincis a chur ar bhriathar Dé. Fanann sé go deo. Bheith buíoch i gcónai.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)        

Céad Léacht (1 Ríthe 5:14-17). D’fhill Náman ar Elisea agus rinne a chreideamh i nDia a fhógairt. Roghnaíodh an tseoid de léacht seo le dul le Soiscéal an lae inniu. Tuigtear níos fearr i má dhéantar é a shuíomh ina comhthéacs níos leithne sa Bhíobla (2 Ríthe 5:1-19). Duine uasal a bhí i Náman, ceannfort arm rí Aram (an tSiria), a raibh ardmheas ag a mháistir air. Ach bhí sé ina lobhar. I gceann dena ruathair a rinne Aram (an tSiria) ar Iosrael thógadar ina priosúnach cailín beag agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Náman. Ach níor thréig sí a creideamh i nDia Iosrael. Dúirt sí len máistreás go bhféadfadh an fáidh Eilisea Náman a leigheas óna lobhra. Chuaidh Náman chuig an rí a chuir toscaireacht chuig rí Iosrael le litir fhoirmiúil, agus lear mór airgid, le Náman a leigheas dá lobhra. Scanraigh an rí á mheas gur cleas a bhí ann le ruathar ón tSiria a thabhairt ar Iosrael. Déanann Eilisea idirghabháil á rá go dtiocfadh Náman chuige féin, rud a dhéanann Náman agus tháinig go Eilisea lena chapaill agus a charbad. Dúirt Eilisea leis é féin a ní seacht n-uaire sa Iordáin, rud a chuireann olc ar Náman, agus a iompaíonn le filleadh agus é ar buille. Ach cuireann a shearbhóntaí ina luí air rud a dhéanamh ar Eilisea, rud a dhéanann sé agus leigheastar é. Tugann seo chun creidimh é i nDia Iosrael mar an t-Aon Dia amháin. Ní thabharfadh sé adhradh feasta do Hadad Rimmon, dia Aram (Siria). Ach an uair úd bhí adhradh dé ceangailte le ithir, le cré, tíre faoi leith. In ithir na Siria ní fhéadfai ach Hadad a adhradh, faoi mar a adhradh Dia Iosrael in ithir Iosrael. Dhiúltaigh Eilisea glacadh le aon luach saothair as an mhiorúilt, agus iarann Náman air ualach dhá mhiúil de chre, ithir, as Iosrael a bheith aige ionas go bhféadfhadh sé Dia Iosrael a adhradh ar chré sin Iosrael in a thír dhúchais Siria.

Salm le Freagra (Salm 97[98]). D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú dona náisiúin.

An Dara Léacht (2 Tiomóid 2:8-13). Má sheasaimid an fód, rialóimid le Críost. Sa sliocht seo, mar a dhéanann sé in áiteanna eile, tugann Pól chun cuimhne do Tiomóid ceannteidil áirithe den chreideamh Críostaí a mheasann sé bheith tábhachtach dó, agus b’fhéidir go rabhadh iad do Thiomóid bheith san airdeall faoi dhaoine aonair nó ghrúpaí a bhéadh ag séanadh na bhfírinní sin nó ag caitheamh amhrais orthu. I dtosach báire tagann aiséirí Chríost agus a fhíordhaonnacht: rugadh é de shliocht Dháiví. Cúis ghéarleanúna do Phól fógairt an Dea-Scéil. Tá sé i ngéibheann ar nós an choirpigh. Ach níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé. Prionsabal bunúsach é sin do Phól, agus cúis dóchais dó, agus do Thiomóid chomh maith. Rinne Pól tagairt dá leitheid de phriobansal ag scríobh chuig na Filipigh dó (Filipigh 1:12-14). B’fhéidir go raibh Pól ag smaoineamh ar a scríobadh in Íseaía 55:11 ar éifeacht Bhriathar Dé, ina deireann Dia: “An briathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann sé orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích”. De bharr a chreidimh sin in éifeacht bhriathar Dé, cuireann Pól suas le gach sórt trioblóide a bhaineann lena mhisean, gur aidhm dó an slánú in Íosa Críost agus an ghlóir a bhaineann leis a chur ar fáil. Faoin dteideal a luadh cheana (1 Tiomóid 1:15, san léacht don cheathrú Domhnach fichead) “Is fíor an ráiteas é”, ag deireadh an tsleachta tagann cúig líne meadracha, go m’fhéidir gur cuid iad de luath-iomann Críostai. Cuireann siad síos ar bhuanseasmhacht Dé agus sinne i bpáirt le Críost.

An Soiscéal (Lúcás 17:11-19). Ní raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin. Tuigfear a bhfuil le rá sa léacht seo níos fearr má thugtar faoi deara trí phointe ann, is é sin le rá a áit taobh istigh den phlean atá i shoiscéal Lucás, go luaitear lobhair ann, agus an tagairt ann don teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl. Tá an léacht suite sa chuid sin den soiscéal i Lúcas 9:51-18:14 ar a dtugtar “Turas Íosa go hIarúsailéim”: “Nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé (Íosa) roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim” (9:51), ar Iarúsailéim áit ina dheanfar é a chur chun báis agus a glóiriú, agus an áit a dtiocfadh an Spiorad Naomh ar a lucht leanúna chun tús a chur le fógairt an tSoiscéil go críocha an domhain. Mar aon leis seo sa léacht tá an caidreamh idir Ghiúdaigh agus Samáirigh. Bhí na Samáirigh ag cur fúthu i gcrích idir an Ghailíl agus an Iúdáia. Níor ghlac na Giúdaigh leo mar fhíor-Ghiúdaigh agus bhí naimhdeas domhain eatorthu. Mhothaigh Íosa agus a dheisceabail é sin ag tús an turais seo ar a slí go hIarúsailéim (Lúcás 9:51-56; sliocht san Aifreann don 13ú Domhnach). Thug Íosa a aghaidh i gcoinne aon réamhchlaonadh ciníoch ina pharabal ar an Samáireach Fónta (Lúcás 10:22-37; a léadh san Aifreann don 15ú Domhnach). Ba eisean, seachas an sagart Giúdach nó an Leivíteach Giudach, a thuig brí na haithne grá a thabhairt don chomharsa. Ansin sa léacht tagann an cheist faoi na lobhair agus an lobhra. Ní hé an galar is eol dúinn inniu an lobhra a bhfuil cur síos uirthi sa Seantiomna nó sa Tiomna Nua. Galar craicinn tógálach de shórt éigin, nó de shaghasanna éigin, a bhí ann. Cuireadh cosc ar an té a bhi á fhulaingt bheith pairteach i sheirbhisi liotúirgeacha. nó sa saol sibhialta, go dtí go bhfógrófaí leigheasta (“glan”) é ag sagart sa Teampall. An méid sin ráite, is feidir linn filleadh ar léacht an lae inniu. Suitear an eachtra “feadh na teorann idir an tSamáir agud an Ghailíl”. Níl spéis ag Lúcás sa tíreolaíocht agus ní deir sé linn ar cén taobh den teorann a tharla an eachtra. Ní dhéanann galar na lothra aon rogha idir chiníocha, Giúdach nó Samáireach. Toisc gur lobhair iad ní thagann siad congarach do Íosa. Deireann Íosa leo iad féin a thaispeáint do na sagairt, a bhfuil geallúint leighis intuigthe ann. Tharla an leigheas ar an mbealach dóibh. An t-aon duine díobh a chas le buíochas a ghabháil le hÍosa ná Samáireach. Ionann buíochas a ghabháil le hÍosa agus glóir a thabhairt do Dhia faoina rinne sé trí Íosa. An athuair téann Íosa an Giúdach thar cúrsa ciníochais leis an Samáireach agus an creidreamh a bhí aige a mholadh. Tar éis an aiséiri agus le teacht an Spioraid Naoimh ní ann a thuilleadh an teorann idir an tSamáire agu an Ghailíl, nó idir Giúdach agus Gréigeach, pagánach. Beidh na deisceabail anois ina bhfinnéithe ar Íosa in Iarúsailéim agus ar fúd Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain (Gníomhartha 1:8). Rud eile sa léiríonn an léacht seo ná chomh tábhachtach is atá sé buíochas ghabháil le Dia agus lena chéile. Mar a deirimid le Dia i Preafáid Choiteann IV den Aifreann: “Óir níl tú ag brath ar ár moladh ach mar sin féin is tíolachadh de do chuid é a chúitimid leat le buíochas. Mar ní méadú ort ár mbearta molta, ach téann siad i dtairbhe slánaithe dúinn féin, trí Chriost Ár dTiarna”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ní féidir laincis a chur ar bhriathar Dé. Fanann sé go deo. Bheith buíoch i gcónai.

Ina litir chuig na Rómhánagh (15:4) deir Pól: “Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá ar fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais dúinn”. Tugann na briathra sin cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh go rialta ar léachtaí an Domhnaigh, le misneach agus sólás a bhaint astu. Ní gá dúinn dul go ró-dhomhain isteach iontu anseo, mar tá cuid den mhachnamh déanta cheana féin ag cur síos ar na léachtaí.

  1. Maireann Briathar Dé go deo.Tá sampla de seo againn sa chéad léacht. Bhí an fáidh Eilisea gníomhach thart ar an mbliain 850 roimh Chríost. Tugaann an léacht sampla dúinn ar fháidh ó Iosrael ag taispeáint cineáltais agus ag tabhairt leighis do choimhthíoch, do cheannaire arm tire a bhí naimhdeach dá thír. Comhartha a bhí ann don Dea-Scéal a bhí le fogairt do na pagánaigh na céadta bliain níos déanaí. Tugann Íosa sin le fios dá mhuintir féin sa Nasair, nuair a luiagh sé sampla Eilisea mar chomhartha go raibh an Dea-Scéal le fógairt thar an chine tofa amach (Lúcás 5:27). Ní féidir laincis, géibheann, a chur ar bhriathar Dé, mar a mheabhraidh Pól do Thiomóid. Tá cumhacht dá chuid féin i mBriathar Dé. Ba chóir go dtabharfadh an smaoineamh seo rúndaingne sa chreideamh agus uchtach dúinn inniu. Tá stair, agus réamh-stair, fhada ag caidreamh Dé leis an cine daonna roimh ár linn féin, agus beidh a thuilleadh fós ann.
  2. Gabháil buíochais. Tugadh aird dó seo sa cur síos ar an léacht ón Soiscéal dúinn.