Copyright 2017 - Custom text here

16 Deireadh Fómhair 2016 (C) Naoú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Urnaí gan staonadh. Léamh an Scrioptúir.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Exodus 17:8-13). Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le Iosrael. Sa chúlra sa Bhíobla tá Iosrael ar an dturas ón Éigipt chuig an talamh Naofa, Tír Tairngire. Treibh fhíochmar san fhásach ab ea Amáléc. Naimhde d’Iosrael a bhí iontu, agus lean cogadh eatorthu ar feadh céadta bliain. ‘Cogadh Naofa’ a bhí ann agus de réir ghásanna Seimítecha bhí Iosrael le h-iad a dhíothú, a dhísciú, a chur de dhroim talún ar fad. Seo é an chéad chath eatorthu. Nós na haimsire a bhí ann, barbarach go leor, ach mar ionstraim féinchosanta. Ach ní air sin a dhíríonn liotúirge an lae inniu ár n-aire, ach ar urnaí Mhaois agus a héifeacht. Luaitear an laoch óg Iósua don chéad uair anseo, mar cheannaire arm Iosrael. Ní luaitear Hur ach uair amháin eile (Exodus 24:14) mar a bhfuil sé ar chomhchéim arís le Árón, deartháir Mhaois

Salm le Freagra (Salm 120[121]). Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh – eisean a rinne neamh agus talamh.

An Dara Léacht (2 Tiomóid 3:14-4:2). Tá fear oibre Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-­oibreacha. Díreach roimh sliocht an lae inniu (2 Tiomóid 3:19) tugann Pól rabhadh do Thiomóid bheith san airdeal ar bhréagchreideamh agus na bréagthuairmí a bheidh le teacht. Tá eiseamláir an fhíorchreidimh agus dea-iompair le fáil ag Tiomóid i bPól féin agus sa mhéid a fhulaing sé. I léacht an lae inniu deirann sé le Tiomóid bheith deimhin ina chreideamh agus dílis don teagasc a fuair sé óna a mhuintir féin (2 Tiomóid 1:5) agus ó Phól féin. Ansin luann sé an fhoinse ónar chóir teagasc Críostaí agus cinnteacht teacht, is é sin le rá “na scríbhinní naofa a bhfuil ar a gcumas thú a dhéanamh eagnaí agus thú a sheoladh chun slánaithe trí chreideamh in Íosa Críost”. Scríbhinní an Seantiomna atá i gceist, ar ndóigh. Níorb ann fós don Tiomna Nua. Ansin tugann Pól an bunús atá leis sin go léir. Tá cumhacht faoi leith ag baint leis na scríbhinní sin. Tá inspioráid, tinfeadh, Dé i ngach cuid den scrioptúr. Tá teagasc agus cumhacht Dé faoi leith iontu a dhéanann fónta iad le go mbeadh lucht teasgaisc, fear oibre Dé (focal ar fhocal: “duine le Dia”, “duine is le Dia”) amhail Tiomóid oilte ar a cheird. Agus ní ceannairí na hEaglaise amháin, ach gach creidmheach chomh maith, a bhainfeadh an tairbhe sin ón Scrioptúr. Leagann Eaglais an lae inniu béim láidir ar áit an Scrioptúir sa beatha Chríostaí, agus molann sí da baill eolas agus aithne a chur ar an mBíobla, agus é a leamh agus míniú air a fáil faoi léas an Spioraid Naoimh, an Spiorad sin ar scríobhadh faoin anáil, faoina inspioraid, é. Cuireann Pól críoch leis an aitheasc seo chuig Tiomóid ag impí air an Dea-Scéal a fhógairt i dtráth agus in antráth, “ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc gan staonadh le barrr foighne”. Sin mar a bhí i dtús na hEaglaise, agus is mar sin atá i gcónaí, ach inniu ní féidir an dualgas, an tasc, sin a fhágaint ar cheannairí na hEaglaise amháin. Finnéithe don Dea-Scéal gach creidmheach, gach duine mar a oireann dóibh.

An Soiscéal (Lúcás 18:1-8). Déanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air. Go minic is cabhair dúinn tuiscint níos doimhne a fháil ar shliocht Domhnaigh an tSoiscéil ach é a shuíomh ina chomhthéacs sa Bhíobla. Tá an téacs díreach roimh an cheann seo ag cur síos ar théarnamh, ateacht, Íosa, Mac an Duine. Fiafraíonn na Fairisínigh d’Íosa cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht. D’fhreagair Íosa nach amhlaidh a bhraitear ag teacht í, agus go raibh ríocht Dé ina lár siúd cheana. Ansin labhair Íosa lena dheisceabail faoi théarnamh, ateacht, Mhac an Duine. Bhí moill ateacht Íosa ag cur imní ar bhuíonta áirithe san Eaglais óg. Níor mhór creideamh agus dílse, cothaithe le hurnaí, ina a leithéid de atmaisféir. Tá an parabal i Shoiscéal an lae inniu ag cur síos ar riachtanas na urnaí. Mar a dúirt Íosa: níorbh fholáir bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche. Labhraíonn an parabal uaidh féin. Cuireann Íosa Dia i gcomparáid leis an bhreitheamh éagcórach. Is mó go mór a dhéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa a bhíonn ag éamh air de ló is d’oíche ná an breitheamh úd. Sa leagan Gaeilge leanann air sin an ráiteas débhríoch seo: “agus eisean ag déanamh foighne ina gcás”. Níltear ar aon aigne faoi conas an Ghréigis taobh thiar den téacs seo a chiallú nó a aistriú; mar shamplaí: “Déanfaidh sé é gan mhoill”; “An ndéanfaidh sé moill é a dhéanamh?”, nó b’fhéidir: “Fiú má dhéanann sé moill é a dhéanamh”, ciall a rachadh leis an moill in ateacht Chriost. Ach is é éirim an pharabail, agus a mhíniu ag Íosa, go gcloiseann Dia guth an ainniseora agus go ndéanann sé rud air, freagra cinnte. Sa ráiteas deiridh “Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?”, filleann Íosa ar théama Ateacht, Téarnamh, Mhac an Duine. An creideamh atá i gceist ní creideamh i nDia é, ach an dílse is dual le linn feithimh le teacht Mhac an Duine mar a gealladh. “Maireann an fíréan trína chreideamh, a dhílse”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Urnaí gan staonadh. Léamh an Scrioptúir.

Tá dhá ábhar machnaimh soiléir dúinn i liotúirge an lae inniu, agus tá baint acu eatorthu féin. Is iad sin gairm Íosa chun na hurnaí agus béim Phóil ar an mBíobla mar threoir don bheatha Chríostaí, a bhfuil béim air chomh maith againn sa suíomh idirlín seo.

Maidir leis an urnaí, tá sí riachtanach, mar ní thuigtear creideamh Chríost gan caidreamh pearsanta le Dia sa ghuí, sa phaidreoireacht. Is rúndiamhair í an Chríostaíocht, rúndiamhair a éilíonn an caidreamh sin. Ní beo don chreideamh ina héagmais. Is iomaí sin slíte atá ann le urnaí a dhéanamh, go poiblí nó go príobháideach, ach ní mór do gach saghas díobh a bheith pearsanta, duine i gcaidreamh le Dia agus don Chríostai caidreamh faoi stiúir an Spioraid Naoimh.

Sa mhéid a bhaineann le léamh agus staidéar an Bhíobla de, ní fearr áit le tosú ar a dtábhacht ná an téacs as an litir chuig Tiomóid a léamh inniu. Ní dochar a mheabhrú fós an bhéim a leag an Eaglais i Vatacain II ar áit an Bhíobla sa Liotúirge Nua, go mór mór in Aifreann an Domhnaigh. Ach chomh maith céanna sa doiciméad ar Bhriathar Dé (Dei Verbum) tá caibideal iomlán ann ar an Scrioptúr Naofa i mbeatha na hEaglaise, agus i ngach gné di. Sa chaibideal seo meabhraítear don chléir – sagairt, déagánaigh, caiticeasmóirí – iad sin a bhfuil baint dhíreach acu le ministreacht an Bhriathair, iad féin a thumadh go hiomlán sna Scrioptuir le léamh deabhóideach agus taighde díochra. I doiciméid eile den Chomhairle cheanna, i bhforógra ar mhinistreacht agus bheatha na sagart, téitear i bhfad níos doimhne isteach sa cheist, go háirithe faoin cheangal ar chóir a dhéanamh idir mhíníu na léachtaí agus ceisteanna comhaimsire, ceist a dhéantar iarracht freastal a dhéanamh uirthi sa togra seo.