Copyright 2017 - Custom text here

13 Samhain 2016 (C) Tríú Domhnach Tríochad Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Súil le críoch; buanseasmhacht go deireadh.

An Chéad Léacht (Malaicí 3:19-20). Soilseoidh grian na fíréantachta oraibh. Seo é an Domhnach roimh an gceann deireanach den bhliain liotúirgeach agus tá na léachtaí tofa leis na críocha déanacha a mheabhrú dúinn. Is í teachtaireacht na léachta seo ná go ngearrfar pionós ar lucht déanta an oilc sa deireadh thiar agus go mbeidh luach saothair ag na fíréin. Tuigfear an léacht níos fearr má dhéantar í a shuíomh ina comhthéacs i leabhar Malaicí. Is í is brí le Malaicí, ainm an leabhair, san Eabhrais ná “mo theachtaire”, agus i 3:1 deir Dia: “Tá mo theachtaire (malaci) á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham.” B’fhéidir gur as sin a thagann teideal an leabhair, agus nach fios dúinn ainm an údair. Ní deimhin ach oiread an dáta a chur leis an leabhar; uair éigin i rith an chúigiú céad roimh Chríost b’fhéidir. Tá leagan amach néata sa leabhar: sé shleachta agus an crot céanna i ngach ceann acu, ina dhéanann Dia aitheasc nó ráiteas, a chuirtear ina choinne ag sagairt nó ag an bpobal. Ina dhiaidh sin bíonn aitheasc ann ina a mbíonn bagairt agus gealltanas slánaithe tugtha taobh le taobh. Is é an séú ceann díobh sin agus an ceann deiridh ná 2:17-3:21 ina chuireann an pobal tuirse ar an dTiarna leis an ghearán seo: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t-olc, is dea-dhuine i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”. Agus arís: “Cá bhfuil Dia na córa?” Ní searbhas nó ciniceas atá i gceist ach scairt chrá croí ó dhaoine ar mhaith leo maireachtáil in áit mar a bhfuil an mhaith seachas an t-olc faoi réim. Tugann Dia freagra go bhfuil sé chun gníomhú. Tá sé chun teachtaire a sheoladh a dhéanfaidh an tsagartacht agus an Teampall a ghlanadh. Tugann sé aird don ghearán a rinneadar agus tá sé le ainmneacha a fhiréan a scríobh síos i leabhar meabhrán. Beidh an bua acu siúd atá ionraic i Lá an Tiarna, nuair a bheidh sé soiléir an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine.

            Labhraíonna léacht ghairid an lae inniu faoi theacht lá seo an Tiarna nuair a loiscfear na ciontaigh agus nuair a bheidh luach saothair ann dóibh siúd ar a bhfuil eagla d’ainm an Tiarna.

            Léacht ghairid seo an lae inniu, agus an cúlra sa Bhíobla a ghabhann lei, tá cur sios inti ar fhadhb atá ann leis na cianta cairbeacha faoi rath a bhionn ar dhrochdhaoine in gcúrsaí saolta. Is fios sin do Dhia a deir go mbeidh an bua sa deireadh thiar ag an ionracas. Maidir le bua Dé ar an olc i gcúrsaí an tsaoil seo, i slí amháin is trí lámha san chine dhaonna a fheidhmíonn sé. I rith na staire beidh ar gach glúin feidhmiú agus guí go mbeidh an bua ag an mhaith ar an olc. Is é sin a chuireann an saol poilitíochta roimhe a dhéanamh. Ba chóir dúinn saothrú agus guí go mbeidh toradh fónta ag na tograí a chuireann siad rompu sin a chur in gcrích – an lámh in uachtar a fháil ar fhoiréigean, coirpeacht eagraithe, mangairí drugaí agus eile. Má táimid ag súil de réir an ghealltanais le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhírantacht, bíodh sin mar inspioráid againn saothrú le sin a thabhairt i gcrích cheana féin sa mhéid is féidir lenár mbeo féin.

                                                        

Salm le Freagra (Salm 97[98]). Tá an Tiarna ag teacht a rialú na náisiún go cothrom.

An Dara Léacht (2 Teasalóinigh 3:7-12). An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread. Is séimh na briathra sin “fonn oibre”. Tá leagan níos déine air sna gnáth-leagain Bhéarla, agus fiú i leagain Ghaeilge eile: “Mura toil le duine oibriú, ná bíodh cead ite aige” (Cosslett Ó Cuinn); “Munab áil le h-aoinneach obair a dhéanamh, nár itheadh sé” (De Siúnta). D’fhéadfadh na briathra sin, as Gaeilge nó as Béarla “Muna toil le duine obair a dhéanamh, ná itheadh sé” dul amú a chur orainn muna dhéantar iad a léamh ina gcomhthéacs sa Bhíobla. Tá an comhthéacs sin soiléir ón véarsa díreach roimh sliocht an lae inniu: “Táim ag tabhairt foláireamh daoibh, a bhráithre, in ainm an Tiarna Íosa Críost fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomháoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uaimse”. Labhair Pól cheana faoi dhaoine díomhaoine, falsóirí, sa chéad litir chuig na Teasalóinigh (5:14; 4:11-12). Grúpa beag, is dócha, a bhí iontu taobh istigh den tionól Críostaí bídeach sa chathair mhór phagánach sin. Is dealramhach go raibh baint leis an feitheamh d’ateacht Chríost agus go raibh Lá an Tiarna buailte leo leis an easpa foinn tabhairt faoi obair a dhéanamh. Caithfear a deirtear faoi seo a mheas sa chomhthéacs sin. Ní féidir úsáid a bhaint as le neamhaird a thabhairt orthu siúd nach bhfuil ag obair, nó nach féidir leo obair a dhéanamh ar chúiseanna iomadúla (gan aon obair ar fáil, míchumas coirp nó aigne).

Bíodh sin mar atá, tá sé rí-shoiléir ón sliocht seo go gcuireann Pól é féin chun tosaigh mar eiseamláir do na daoine i gceist gur gá bheith ag obair lena mbeatha a shaothrú. Ni fios go beacht na cúinsí atá taobh thiar den méid adeir Pól sa litir seo, ach de réir dealraimh bhí baint ag feitheamh le Lá an Tiarna, le Ateacht, Téarnamh Chríost, todhchaí ghlómhar, le tabhairt ar chuid acu staonadh ón obair. Is í teachtaireacht shoiléir Phóil nach gceadaíonn aon tsúilíocht, nó dóchas, dá leithéid staonadh óna ndualgaisí do chúrsaí an phobail. Tá teachtaireacht anseo dúinn dár linn féin. Bíodh go ndeireann ár gcreideamh linn bheith ag súil le todhchaí ina mbeidh fíréantacht i réim don chine daonna, sa tráth is toil le Dia sin a chur i gcrích, idir an dá linn ní mór dúinn ár gcion féin a dhéanamh sa “turgnamh” daonna an domhan seo a fheabhsú.

An Soiscéal (Lúcás 21:5-19). Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha. Tá Íosa ag labhairt sa Teampall, agus bhí cuid den lucht éisteachta ag breathnú go taitneamhach ar an bhfoirgneamh agus ag cur a meas air in iúl, ar a chlocha greanta agus a chuid íobairtí. Agus an lán-cheart acu chuige an tráth sin, sa bhliain 30 nó 33 dár ré féin. Scriosadh an chéad Teampall, teampall Sholaimh, ag arm na Beabalóine i 587 nó 586. Cuireadh críoch le Teampall eile ina áit sa bhliain 515, ach bhí sé i bhfad ó áilleacht Theampall Solaimh. Bíodh nach den chreideamah Giúdach an Rí Héaród Mór, chuir sé roimhe an Teampall a mhaisiú le go mbeadh sé inchurtha le foirgneamh ar bith de impireacht an Róimhe. Thosaigh sé an maisiúchán sa bhliain 19 roimh Chríost agus bhí clú agus cáil ar an Teampall de bharr a mhaoirseascht chloiche. Thuar Íosa go scriosfaí é, nach bhfágfaí cloch ar mhuin cloiche de. Ba shin sa bhlain 30 nó 33, agus tháinig an tuar faoin tairngreacht sa bhliain 70 ag arm na Róimhe. Cuireann na deisceabail ceist air faoi dháta na heachtra seo agus faoi na comharthai a bheadh le fesicint roimh an léirscrios.

            An freagra a thug Íosa is ar an chríoch dheiridh, filleadh Mhac an Duine, atá sé seachas treascairt an Teampaill. Ach d’fhéadfadh roinnt de na comharthaí a luann sé bheith ag tagairt do réanna éagsúla, mar shampla na Meisiasanna bréige ag fógairt slánú agus teacht Lá an Tiarna, Théarnaimh Íosa. Tharla cuid de na comharthai seo roimh laethanta deiridh Iarúsailéim. Is í is aidhm don roinn seo ná foláireamh a thabhairt do na deiscesabail gan ligint dóibh féin bheith curtha ar strae ag na comharthaí seo. Tá an sliocht féin agus an t-íomháineachas atá ann ag teacht le traidisiun litríocht apacailipteach na nGiúdach.

            Baineann an chéad roinn eile, ar ghéarleanúint, leis an eaglais ar a hoilithreacht ar talamh, seachas ar na críocha déanacha. Ní mór do lucht leanúna Chríost bheith réidh don ghéarleanúint ar son a gcreidimh in Íosa. Fiú a seasamh os comhair breithiúna agus gobharnóirí is deis é fianaise a thabhairt d’Iosa (“mar gheall ar m’ainmse”). I dtéascanna eile den Tiomna Nua is é an Spiorad Naomh a bheidh mar chabhair acu. Anseo deir Íosa gurb é féin a bhéarfaidh urlabhra agus eagna dóibh. Tagann chun chuimhne fís Stíofáin de Mhac an Duine ina sheasamh ag dheis Dé (Gníomhartha na nAspal 7:55) nuair a bhi sé á chur chun báis. Amhail an síol sa talamh torthúil (Lúcás 8:15) is é a mbuanseasamh, a ndílseacht bhuan do Chríost, a bhéarfaidh an bua dóibh.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Súil le críoch; buanseasmhacht go deireadh.

Ag deireadh bhliain seo an liotúirge, ina liotúirge tugann an eaglais cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar eachtraí agus firinní a bhaineann leis na críocha déanacha: críoch na staire agus ateacht Mhac an Duine, críoch lenár mbeatha phearsanta, críoch le lámh in uachtar ag an olc ar an mhaitheas, teacht le neamha nó spéartha nua agus talamh nua ina mbeidh an t-ionracas agus an fhíréantacht i réim. Tá tagairtí dóibh sin a léachtaí an lae inniu. Is creideamh, fís, súilíocht iad sin, agus tá fírinne eile a dtugann na léachtaí cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh uirthi i dteannta na gceann eile. Is í an fhírinne seo ná an gá atá le buanseasmhacht má tá ár gcreideamh, ár gcion ar phearsa agus saothar Chríost, le teacht slán ar na fadhbanna, agus an leamthuirse a bhaineann le cúrsai an tsaoil seo, agus cúrsaí an chreidimh. Seo pointe amháin de theagasc Chríost a chuireann Lúcás os ár gcomhair: “Is le bhur mbuanseasamh a gnóthóidh sibh bhur n-anamacha”, faoi mar a rinne sé ag deireadh an mhíniú a thug sé ar pharabal an tSíoladóra. Ionann an talamh mhaith agus na daoine a choinníonn an síol agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh (Lúcás 8:15). Ní rud diúltach an buanseasmhacht seo, amhail glacadh le rud nach bhfuil leigheas air, ach cuid den chreideamh a dhéanann ceangailt idir sinn agus Dia agus Críost. Is cuid de rúndiamhair an tslánaithe é. Is é Dia Slánaitheoir an chine dhaonna, agus toisc saorthoil an duine níl leigheas éasca ar alán ceisteanna. Bhí Dia páirteach leis an chine daonna ó thús, ón “phléasc mór” más mian linn, na trilliún de bhlianta ó shoin. Leagann an Litir chuig na hEabhraigh béim ar a riachtanaí is atá an bhuanseasmhacht seo, i gcaibideal 20 agus áiteanna eile, téacsanna a léadh mar dhara léacht ar Dhomhnach 19 go 22 i mbliana. Is fiú iad a léamh arís, mar aon leis na nótai a ghabhann leo.