Copyright 2017 - Custom text here

20 Samhain 2016 (C) Sollúntas Chríost Rí na nUile

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Roinnt mhachnaimh ar ríocht Dé

Réamhrá do Fhéile Chríost Ri

Bhunaigh an Pápa Pius XI Féile Chríost Ri sa bhliain 1925 mar fhreagra ar náisiúnachas agus dí-eaglaiseachas a bhí ag dul i dtreise san am, agus ceiliúradh é ar an Domhnach deiridh de mhi Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1969 thug an Pápa Pól VI teideal nua don cheiliúradh: (Solúntas) Ár dTiarna Íosa Criost Rí na nUile. Thug sé dáta nua dí chomh maith: an Domhnach deiridh den bhliain liotúirgeach, tráth bliana ina oireann machnamh ar Ríocht Dé agus Chríost ar talamh agus ar chomhlíonadh phlean Dé don chine daonna ag críoch ama. Is ullmhú caoi chomh maith an ceiliúradh seo don bhliain nua liotúirgeach a thosaíonn leis an Aidbhint. Tá glactha leis an cheiliúradh seo ag Anglacánaigh, Liútaraigh, agus mórán Protastúnach eile mar aon leis an Leicseanár Athchóirithe Nua, chomh maith leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach taobh amuigh den Rúis. Tá cúlra saibhir bíobalta ag an Fhéile, le téacsanna ina bhfuil gnéithe éagsula den teagasc atá taobh thiar di. Tá siad sin curtha os ár gcomhair i léachtaí an Leicseanáir san Aifreann i rith an chúrsa trí bliana.

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léact (1 Samuél 5:1-3). Rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael. Ionann Críost Rí mar is léir ón dteideal ar an gcrois: “Íosa Rí na nGiúdach” agus Íosa mac Dháiví. Thosaigh an teideal seo le ungadh Dháiví ina rí thart ar mhíle bliain roimh bhreith Íosa mac Dháiví, Íosa go ndúirt an t-aingeal lena mháthair Muire go dtabharfadh Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair agus go mbeadh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách (Lúcás 1:32-33). Cuireann céad léacht seo an lae inniu síos ar ungadh Dháiví mar rí. Sna céadta tosaigh tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar thír Canán mhair treibheanna Iosrael gan rí, agus sin i dhá mhór-ghrúpa, ceann sa tuaisceart (a bheadh mar ríocht Iosrael níos déanaí) agus treibh Iúda sa deisceart. Níos déanaí tháinig fonn orthu rí a bheith i gceannas orthu mar a bhí ag na náisiúin máguaird. Bhí doicheall ar roinnt áirithe glacadh leis seo mar mheasadar go raibh baol ann go gcuirfeadh seo as don urraim a bhí acu ar Dhia mar an tAon Rí ar Iosrael. In am tráth ghlacadar le rí, ó threibheanna an Tuaiscirt. Tar éis bhás Shól rinne treibheanna Iosrael Dáiví a ungadh mar rí ar Iosrael uile. Ach ní raibh anseo ach an tús. Gheall Dia do Dháivi go ndaingneofaí a ríchathaoir go deo ( 2 Samuel 7:16). Ach níor lean ríchathaoir nó teaghlach Dháiví sa stair. Tháinig deireadh leo nuair a threascair na Baibealóinigh Iarúsailéim sa bhliain 587(586), agus níorb ann dóibh a thuilleadh sa stair. Bhi Iúda gan ri faoi réimeas na Baibealóíne, na nGréigeach agus na Róimhe, ach mhair an dóchas go mbeadh comharba ag Dáiví, ag cur tús le meisiasachas na nGiúdach, agus ag réiteach na slí d’Íosa mar chomhlíonadh ar an ghealltannas a tugadh do Dháiví, agus don fhorás a tháinig sa Tiomna Nua agus san Eaglais luath ar an dteagasc saibhir faoi Chríost mar Ri na nUuile.

Salm le Freagra (Salm 122[123]). Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Téimis i dteach an Tiarna”.

An Dara Léacht (Colosaigh 1:12-20). Thug sé isteach sinn i ríocht a Mhic ionúin. Deir an sliocht seo go raibh áit cruthaithe ag Dia do na creidmhigh i ríocht an Mhic a thugann Dia gean dó; mar sin is léacht é a oireann don fhéile seo. De bharr a naofa is atá an oidhreacht Chríostai, tosaíonn Pól le urnai bhuíochais leis an Athair “a dheonaigh do chreidmhigh a bheith páirteach in oidhreacht na naomh sa solas”. Do mhanaigh Ghiúdacha Qumran b’ionann a n-oidhreacht siúd agus a gcomhluadar ar talamh bheith i bpáirt leis an comhluadar ar neamh, “le páirt na naomh, clannmhac neimhe”. Is dócha gur na haingil atá i gceist leis “na naoimh, clannmhac Dé” sa téacs Giúdach seo. Sa téacs seo againne d’fhéadfaidh sé bheith gurb iad na haingil atá i gceist leis “na naoimh” chomh maith, cé gur dóchaí gur baill naofa ríocht Chríost ar talamh iad. Seo í ríocht an tsolais; solas an domhain é Críost. Ciallaíonn ríocht Dé naofacht, slánú agus maithiúnas na bpeacaí. Macalla an téacs seo ar a dúirt Críost le Pól ar an mbóthar chun na Damaisce: “Is chuig (na Gintlithe) atáim do do chur chun a súile a oscailt le go n-iompóidis ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidis maithiúnas óna bpeacaí agus ionad (cinniúint) ina measc siúd atá naomhaithe trína gcreideamh ionamsa”.

            I ndiaidh na mbriathra sin ar ríocht Dé, agus ar an Mac is ionúin le Dia, leanann an teacs ar aghaidh le hiomann álainn ar ghradam, ar ardcheannas Chríost, nó ar rúndiamhair ardcheannas Chríost. Ansin leanann an t-iomann ar aghaidh ar ghradam Chríost sa saol cruthaithe agus san eaglais, iomann a bhaineann úsáid as íomhánna na heagna pearsantaithe sa Seantiomna (go háirithe Seanfhocail caibideal 8). Mar íomhá de Dhia, foilsíonn Críost an Dia dofheicthe dúinn go foirfe. Mar céadghin tá tús áite agus ardcheannas aige ar gach dúil chruthaithe. Is tríd agus is dó a cruthaíodh gach rud cruthaithe, ar neamh agus ar talamh (na grádanna éagsúla de na haingil san áireamh, Tróin agus eile). Mar a deirtear in áit eile sa Tiomna Nua (Eabhraigh 1:3) is trí Chríost a choinníotar gach ní dlúite le chéile, coincheap de chuid fhealsúnacht na Gréige, atá le fáil chomh maith sa Seantiomna (Eagna 1:3; Leabhar Shíorach 43:26). Mar a luaitear in áit eile (Eifisigh 1:22-23; 4:15) is ceann na hEaglaise é Críost, is í an Eaglais a chorp. Is é an tús é Críost, agus lena aiséirí is é an chéadghin ó na mairbh é, ag tabhairt ré nua isteach agus ag neartú an chreidimh in aiséirí ár gcolainne. Ansin leanann véarsa a bheadh le tiontú de réir na litre mar seo: “Óir ba thoil leis (is é sin “le Dia”) an iomláine (sa Gréigis: pleroma) ar fad cónaí ann”. (Aistriú eile: “Óir. ba ghnaoi le Dia an nádúr diaga a dhul a chónaí ann ina iomlán”.) Is féidir an téacs a thuiscint trí Colosaigh 2:9: “Mar is ann (is é sin i gCríost) atá iomláine Dé ina chónaí go corportha”, is sin le rá is dócha, is é is iomláine Dé ann ná gach rud is mian le Dia a léiriú faoi féin i gCríost, le go gcuirfimis aithne ar Chríost agus go ndéanfaí foirfe sinn ann. De réir scoláirí áirithe tá seo an-chongarach do ghníomhaíocht an Spioraid Naoimh. Is í is aidhm do láithreacht seo uilechumhachtach Dé i gCríost ná athmhuintearas agus síocháin a bhunú agus a shnaidhmadh idir gach dúil ar neamh agus ar talamh, muintearas agus síocháin atá bunaithe ar fhuil, ar bhás, Chriost ar an gCrois.

An Soiscéal (Lúcás 23:35-43). A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta. Cuireann an sliocht álainn seo síos ar Chríost Rí agus a ríocht. Thug an teideal os cionn na croise aitheantas d’Íosa mar rí: “Seo é Rí na nGiúdach”. Rinne cinnirí na nGiúdach, na saighdiúirí agus duine amháin de na coirpigh fonóid faoi Íosa. Deireadh na saighdiúirí: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin”. Tugann an coirpeach eile aitheantas d’Iosa mar rí: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta”. Ní deirtear linn conas a thuig sé réim ríochta seo Íosa. Do Lúcás agus an Tiomna Nua bheadh Íosa i réim a ríochta leis an aiséirí agus an deascabháil. D’fhreagair Íosa go mbeadh an coirpeach an lá sin féin in éineacht leis i bparthas. Do ghrúpa amháin i measc na nGiúdaach b’ionann Parthas agus an áit ina mbeadh anamacha na bhfíréan roimh aiséiri na colainne. Teachtaireacht lárnach na léachta seo ná go bhfuil baint ag bás Íosa ar an gcrois le tusicint Íosa mar Rí na nUile. Ní Rí é ar ghnáth-bhri an fhocail sin, ach Rí a fhulaing fonóid le grá Dé don domhan a léiriú.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Roinnt mhachnaimh ar ríocht Dé

Is nós le roinnt scoláirí agus daoine eile ar gheal leo deighilt a chruthú idir Chríost (“Íosa na staire”) agus an Eaglais a mhaoímh gur fhógair Íosa an ríocht agus is é a eascair as ná an eaglais, amhail is dá mba shéanadh ar shaothar agus theachtaireacht Íosa an eaglais. Is fíor, ar ndóigh, go bhfuil tagairt do ríocht Dé le fáil i bhfad níos minicí a mbriathra Íosa sna soiscéil ná mar atá i scribhinní eile an Tiomna Nua. Ó thús a chuid oibre bhí Íosa ag seanmóireacht agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht” (Matha 4:17). Bhí ríocht Dé i láthair cheana ina chuid mhiorúilti, a rinne sé trí Spiorad Dé. Ach rinne Íosa é féin lárnach do fhógairt shoiscéal na ríochta. “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhálta dom” (Matha 10:17). Agus cuid lárnach dá theagasc is ea a bhfuil sa Seanmóir ar an Sliabh agus áiteanna eile.

            Maidir leis an cheist faoin ríocht agus an eaglais tá dhá thaobh leis an scéal: Íosa agus an eaglais maidir le rúndiamhair an tslánaithe, agus iad sin maidir le cúrsaí na staire. Maidir le rúndiamhair De, ba chuid de phlean shlánaithe Dé saothar, teagasc, bás agus aiséirí Íosa. Ag a bhaisteadh ungadh é ag an Spiorad Naomh, agus is tríd an Spiorad, méar Dé, a rinne sé a chuid mhiorúiltí. Ba chuid den rúndiamhair chéanna sin gur thóg Dia óna mairbh é, agus gur seoladh an Spiorad Naomh ar an eaglais.

            Maidir le ceist na staire de, is fíor nach luaitear na briathra ríocht Dé ach go hannamh i scribhinní Phoil. Ach tá sé ann, agus gan na briathra tá teagasc Íosa agus na ríochta ann. “Ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh” (Rómhánaigh 14:17). Agus do na Corantaigh (1 Cor 4:20) a bhí tugtha don diospóireacht agus do chultas an duine aonair: “Ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht”. Agus gan na briathra, tá pearsa Íosa lárnach do Phól agus scríbhneoirí eile an Tiomna Nua. Bhí Íosa umhal don Athair go bás fiú na croise, agus d’árdaigh an tAthair é, ionas go gcromfadh gach glúin dó (Filipigh 2:8-11). Ionann bheith i do Chríostaí agus bheith umhal i gcroí agus aigne do Chríost agus a shoiscéal. Fuair Pól grásta mar aspal chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son ainm Íosa (Romh 1:5-6; 15:18), leis na náisiúin uile a thabhairt chun géillsine an chreidimh (Rómh 16:26). Déantar na creidmhigh a naomhú trí ghéillsine, umhlú, don fhírinne (1 Peadar 2,22).

            Tá ábhar machnaimh saibhir sa mhéid seo dúinn i Solúntas seo Chríost, Rí na nUile.