Copyright 2017 - Custom text here

11 Nollaig 2016 (A) Tríú Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Críost cúis ár n-áthais

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Íseáia 35:1-6, 10). Is é Dia fein atá ag teacht do bhur slánú. Leabhar toirtiúil é leabhar an fháidh Íseáia le sé chaibidil is seasca. De ghnáth anois meastar go bhfuil trí roinn ann, cumtha nó curtha le chéile i dtráthanna éagsúla, mar seo: 1-39; 40-55; 56-66. Is sa chéad roinn, 1-39, a bheadh pé eolas atá le fáil faoin bhfáidh féin, a bhí gníomhach 740-700 roimh Chríost. “Leabhar an tSóláis”, nó an Dara Íseáia, a thugtar ar chaibidil 40-55, ina bhfuil fáidh agus file ag tabhairt uchta agus sóláis do na deoraithe sa Bheabalóin, ag tuar filleadh ar a dtír dhuchais agus ré nua ghlórmhar dóibh agus don dúlra féin chomh maith. Ach táthar d’aon tuairim anois gur cuireadh an leabhar iomlán seo i dtoll a chéile thar achar fada, agus go bhfuil codanna de roinn a haon níos óige ná ré an fháidh féin. Is fíor é seo ach go háirithe faoi chaibideal 35, as a bhfuiil léacht an lae inniu tógtha. Baineann an cúlra agus na h-íomhánna le ré an Dara Íseáia agus filleadh na ndeoraithe go Iarúsailéim agus Iúda. Ach cuid de na tairgngreachtaí a bhí dírithe ar na deoraithe de chéaduair d’fhéadfadh an tuar teacht fúthu níos déanaí.

            Le filleadh anois ar an dtéacs féin: i dtosach báire tugtar cuireadh d’áiteanna neamhthorthúla (dítreabh, fásach, gainiúlach) riméad a bheith orthu, mar go bhfuilid le bheith faoi bhláth, maise le bheith acu mar reigiúin go raibh ainm na h-áilleachta in airde acu (Liobanón, Carmel, Sárón). Ansin tugtar moladh uchtach a thabhairt do dhaoine faonlaga (na deoraithe ar an gcéad dul síos). Tá a nDia ag teacht le hiad a shaoradh, a shlánú. Tá sé ag teacht lena naimhde a chloígh. Baintear úsáid anseo as na téarmaí “díoltas” agus “cúiteamh” , ach anseo ní cos ar bolg atá i gceist. Ionann na téarmaí sin anseo agus “slánú” do phobal Iúda sa deoraíocht.

            Ina dhiaidh sin leanann na miorúiltí a bheidh le teacht i ré nua seo an tslánaithe: do na daoine dalla, bodhra, bacacha, balbha. D’fhéadfadh siad sin seasamh do chéad léitheoirí an téacs mar fhigiúir do na deoraithe sa Bheabalóin, a bheadh ag filleadh ar Shión, Iarúsailéim, faoi áthas, lúcháir, agus gairdeas.

            Ach tiocfadh fíorú ceart na tairngreachta seo sa ré nua le hÍosa Críost, a dhéanann tagairt neamhdhíreach don téacs seo, i soiscéal an lae inniu, do na toscairí ó Eoin Baiste.

Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tar, a Thiarna, dár slanú.

An Dara Léacht (Séamas 5:7-10). Ná bíodh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna. Tá éagsúlacht mhór ábhair i litir Shéamais, le teagasc agus comharlaí éagsúla.Tugann sé léasadh teanga dóibh siúd a fhágann a gcuid oibrithe gan tuarastal. Bhí na daoine a scríobhann sé chucu faoi bhrúnna éagsúla. Ag teacht go deireadh na litreach sa léacht seo tugann sé comhairle a oirfeadh do bheagnach tráth nó chúinse ar bith de shaol an Chríostaí: bheith foighneach, buanseasmhach. Labhraíonn sé faoi theacht an Tiarna, ach níl sé soiléir amach is amach an é Dia nó ateacht, Téarnamh, Chríost atá i gceist. Is dócha go bhfuil na creidmhigh a scríobhann sé chucu ag feithamh le ateacht Chríost. Tugann sé sampla a bheadh le fáil sna soiscéil faoi fheirmeoir. Comhairle eile a thugann sé ná gan bheth ag casaoid, ag tromaíocht, ar a chéile, ag tabhairt breithe ar a chéile – teagasc a bhí ag Íosa sna soiscéil chomh maith. Tugann sé sampla na bhfáithe dóibh faoi bheith foighneach, ach ní deireann sé go beacht cad tá i gceist aige. De réir traidisiún na nGiíudach d’fhulaing na fáithe go léir géarleanúint, ach seans gur foighne de shaghas eile atá in a aigne aige. Bhí na fáithe ag súil le fíoradh a dtairngreachtaí, rud nár tharla ina saol féin. Bhí orthu foighne, creideamh, buanseasmhacht a bheith acu, tréith Chríostaí ar a leagann an litir chuig na hEabhraigh béim.

An Soiscéal (Matha 11:2-11). An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile? Téann an léacht seo go hálainn mar chodarsnacht do shoiscéal an Domhnaigh se caite. Sa sliocht sin den soiscéal tá Eoin, réamhtheachtaire an Té a bhí le teacht, ag fógairt go mbeadh díoltas ar pheacaigh á imirt le teacht an Té sin. A mhalairt ar fad maidir le hÍosa de, cara dóibh siúd a bhí san imeall agus ar fhéachadh orthu mar pheacaigh. Toisc gur cháin Eoin Hearód Antipas, teatrarc na Gailíle, cuireadh i bpriosún é¸ ach bhí deisceabail fós aige. Ar chlos do ghníomhartha Íosa dó tháinig amhras ar Eoin faoi Íosa, agus ba shin fáth na toscaireachta. Mar fhreagra thug Íosa samplaí dá ghníomhartha féin, ceann i ndiaidh a chéile, ar chomhlíonadh iad ar thairngreachtaí, go mór mór iad sin an Íseáia 35, a léadh mar chéad léacht inniu, mar aon le háiteana eile i leabhar Íseáia chomh maith (26:19, na mairbh; 29:18, bodhráin; 61:1, dea-scéal do bhochta). Mhol Íosa Eoin Baiste go hard na spéire, fáidh a bhí tuartha i leabhar Malací fáidh 3:1, ach déanann sé idirdhealú glan idir an Seantiomna agus an Tiomna Nua, an ré nua. Sheas Eoin ag tairseach na ré nua, an Tiomna Nua. Tá briseadh bunúsach idir ré Eoin agus an ré nua a thagann le hÍosa.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Críost cúis ár n-áthais

Go traidisiúnta tugadh Domhnach na lúcháire”, Domhnach Gaudete, ar an tríú Domhnach seo den Aidbhint toisc briathra tosaigh na Loinneoige don Iontróid: “Bígí lúcháireach i gcónaí; bíodh lúchair oraibh mar ní fada uainn an Tiarna” (“atá an Tighearna i gcomhgar”; De Siúnta), Bunús don lúcháir, don áthas, i sli is ea cóngaracht, gaireacht, an Tiarna. Measann daoine áirithe gur cóngaracht ateachta, Téarnaimh, Chríost sa parousia atá i gceist ag Pól anseo, cé nach gcreidim gurb’ea. Ar aon chuma ní ar ateacht, filleadh, Chríost atá an lúcháir, an t-áthas, Críostaí bunaithe. Is bronntanas ó Chríost í, maraon leis an tsíocháin. Bronntanas an lúcháir, an t-áthas seo nach féidir le haoinne tógaint ó Chríostaithe (Eoin 16:22). Ba thoil le Críost go mbeadh a lúcháir féin go hiomlán iontu (Eoin 17:13). Mhol Críost lúchair a bheith ar a lucht leanúna in am géarleanúna ar a shon, agus b’amhlaidh a bhí ag Pól agus Críostaithe eile.

            D’fhéadfadh sin bheith ró-theoiriciúil agus gan baint le cúrsaí an lae inniu, ach ní mar sin atá. Más bronntanas ó Dhia an lúcháir agus an t-áthas sin, beidh siad ag feidhmiú i ghnáth-shaol an chreidmhigh. Tá scannail agus laigí san eaglais, ach leigheasfar iad trí ghrásta Dé. An té nach bhfuil lúcháireach agus áthasach, sona, tá sé nó sí gruama. Bíonn daoine lúcháireach ag tabhairt tacaíochta dá bhfóireann i gcluichí, agus má cailleann an fhoireann ní bhíonn siad naimhdeach don fhreasúra, le tusicint nach bhfuil ann ach cluiche. Sin bua na lúcháire agus na síochána. Bíonn lúcháir, sonas, ann i gcraic agus gceol. Agus fiú in am na hainnise agus trioblóide bíonn dóchas i nDia, mar gur gaire cabhair Dé ná an doras. Sin ceacht an Domhnaigh seo: Bíodh lúcháir oraibh, mar ní fada uainn an Tiarna.