Copyright 2017 - Custom text here

19 Feabhra 2017 (A) Seachtú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost agus rúndiamhair na hEaglaise.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Léivític 19:1-2, 17-18). Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsaa mar thú féin. Bailiúchán de rialacha éagsúla atá i gcaibideal 19 de leabhar Léivític, agus gan de nasc eatorthu ach naofacht Dé agus a thoil mar atá léirithe sna Deich nAitheanta. Is aidhm dó seo léiriú a thabhairt ar an mbeatha is dual do phobal Dé, agus tá sé i gcodarsnacht leis an chosc maidir le cúrsaí gnéis atá le fáil sa chaibideal (18) roimhe seo. Le dul le soiscéal an lae inniu roghnaítear na sleachta atá ag trácht ar ghrá a thabhairt don chomharsa “mar thú féin”, gan fuath a bheith ag duine dó, ná faltanas, ná díoltas. É seo go léir mar aithris ar Dhia féin, agus a naofacht. Ar ndóigh ionann “comharsa” sa Seantiomna ná ball de phobal De. Cuirfidh Íosa míniú níos leithne de sa pharabal “An Samáireach fónta”.

Salm le Freagra (Salm 102[103]). Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

Dara Léacht (Corantaigh 3:16-23). Is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost. Sa léacht seo tá Pól fós ag plé le ceisteanna a bhí ag cur as dó ón chead chaidideal den litir seo: an deighilt a bhí in eaglais Choraint de bharr na ngrúpaí a bhí éirithe ann in ainm Phóil, Céafas (sin Peadar) agus Apollo. Bhí seo ag cur as don tuiscint ar lánionad Chríost agus Dé san eaglais. Lochtaigh Pól freisin an baol a bhí sa mheas ar an eagna dhaonna, ag meas rudaí de réir shlat tomhais dhaonna gan go leor aird a thabhairt ar eagna Dé a foilsíodh trí bhás agus aiséirí Chríost. Filleann sé ar sin arís sa léacht seo. Baineann an eaglais le rúndiamhair naofacht Dé. Is teampall Dé í, agus an íobairt naofa a ofráiltear ann ná an bheatha Chríostaí faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Is diamhasla easonóir a thabhairt don eaglais, don teampall sin. Bhíothas á dhéanamh sin sa Choraint le níos mó aird a thabhairt do dhaoine luaite faoi leith, de réir eagna an tsaoil seo. Ní eagnaí i dtuiscint an chreidimh aoinne a fheidhmíonn mar seo. Baineann an dá theacs den tSeantiomna sa léacht (Iob 5:13 agus Salm 94[95]:11) le dímheas Dé ar an eagna, an gliocas, daonna a thaispeáint. Sa Choraint bhí grúpaí á rá (1 Coraintigh 1:12): “Leanaim (bainim le) Pól, nó Céafas nó Apollo”. Ceartaíonn Pól é seo arís anseo. Is amhlaidh a bhaineann siadsan go léir, Pól, Apollo agus Céafas (Peadar) agus mórán rudaí eile, leis an eaglais (sa Choraint); agus is le Críost iad go léir, agus is le Dia Críost. Tá siad go léir aontaithe i rúndiamhair, in eagna, Dé. Sin rúndiamhair na hEaglaise. Ní rud daonna í.

An Soiscéal (Matha 5:38-48). Bíodh grá agaibh de bhur naimhde. Tá dhá mhír sa léacht seo, le samplai faoi “Dúradh libh”. An chéad cheann ná “súil ar shúil, fiacail ar fhiacail” (“i gcúiteamh súile, fiacaile”). As cód dlí ón tSeantiomna (Eacsadas 21:24; Léivitic 24:20; Deotrainimi 19:21) é sin. Ní díoltas a bhí i gceist ansin ach cothroime idir an chion agus an pionós: súil, fiacail, amháin, ní dhá cheann, in éiric súile, fiacaile. Díoltas is brí leis sa téacs seo sa soiscéal, agus molann an téacs nach bhfuil áit ag an díoltas i measc lucht leanúna Chríost. A mhalairt ar fad. Mheasadh duine gur áibhéil atá sa mhéid a dúirt Íosa anseo, ach is “áibhéil” é atá dulta i bhfeidhm fiú i gcúrsaí poilitíochta, mar shampla “an dá mhíle”, nó “an míle breise”.

            Sa dara mír faoi “Chuala sibh go ndúradh” grá don chomharsa agus fuath don namhaid -- tá an aithne faoi ghrá don chomharsa le fáil i Léivític 19:18, téacs atá sa chéad léacht inniu. Níl aon aithne faoi fhuath don namhaid sa tSeantiomna. Bhí fuath ag manaigh Qumran, a fhéach orthu féin mar “clannmhic na tsolais”, do ghrúpa eile ar a dtugadar “clannmhic an dorchadais”. Tá drochmheas ar pheacaigh léirithe i Sírach 12:4-7 atá cóngarach do fhuath: “Is gráin leis an Té is Airde na peacaigh”. Uaireanta sna soiscéil ionann “fuath” agus “meas, grá níos lú”. I dtéacs an lae inniu is ionann “fuath” is dócha agus meon áirithe ina leith siúd nár fhéacadh orthu mar chomharsa, nó mar bhaill den chine. Ar aon chuma tá briathra Íosa ag eascairt ó bhriathra eile leis: “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia”, feicfidh siad Dia Athair Íosa, agus an t-Athair ar neamh don chine daonna go léir idir olc agus maith. Le bheith “foirfe”, iomlán, sa daonnacht agus sa trócaire, tá Athair na trócaire agus an tuisceana ann mar eiseamláir.

  1. C.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost agus rúndiamhair na hEaglaise.

Is fada idir Phól, an óg-eaglais sa Coraint agus saol an lae inniu, maraon leis an Eaglais agus a cuid fadhbanna. Agus bíodh gur mór an difríocht ó thaobh cúrsaí poilitíochta agus soisialta de labhraíonn adúirt Pól fós linn, mar ní heol cúrsaí aimsire do rúndiamhair Dé. Agus i rúndiamhair í an Eaglais anois, faoi mar a bhí in aimsir Phóil. Ní thuigtear í tríd an eagna dhaonna, ach tríd an chreideamh. Le tamall anuas tá scannail éagsúla ag tarraingt aird ar an Eaglais sna meáin. Labhartar fúithi amhail is dá mbeadh sí truaillithe. Meastar, sa chur síos seo, nach bhfuil ann ach an “Eaglais institiúideach”. Déantar an cáineadh uirthi ar uairibh ag baill den chléir, le grúpaí éagsúla ann.

            Is dlisteanach agus dlite cáineadh ar laigí agus scannail san Eaglais. Ach don té a chreideann ní mór cuimhneamh gur sa taobh daonna den Eaglais iad seo. Níor chóir dearmad a dhéanamh de gur naofa agus rúndiamhair fós an Eaglais, teampall an Spioraid Naoimh. Níl sí truaillithe. Tá an dea-scéal fós a chraobhscaoileadh aici do phobal Dé atá faoi stiúir an ghrásta ag maireachtáil de reir bhriathair Dé. Níor chóir go ndéanfadh aon cháineadh dearmad den méid seo. Is fiú machnamh a dhéanamh fós ar an méid a scríobh Pól chuig na Corantaigh: “Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa teampall Dé”, agus is sinne an teampall sin.