Copyright 2017 - Custom text here

26 Márta 2017 (A) An Ceathrú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (1 Samuél 16:1, 6-7, 10-13). Ungtar Dáiví ina rí ar Iosrael. Cuireann an léacht seo síos ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-ógánach Dáiví, mac Iese, mar rí. Sheol sé an fáidh Samuél leis an ógánach Dáiví a ungadh. Is ón bhfocal Eabhraise sin “ungadh”, maiseach, trid an Ghréigis a thagann an focal Críost (“ungtha”) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar ó Dhia bhí Sól ungtha cheana ag Samuél ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar rí agus bhí sé curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo béim gur thrí shaor-dheonú Dé a rognaíodh Dáiví mar rí anois, ní de bharr a thréithe féin. Ní raibh san ungadh seo ach gníomh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach níos déanaí. Chaith Dáivi seal in arm Shóil, sul ar thogh treabh Iúda é mar rí ar Iúda. I ndiaidh bhás Shóil toghadh mar rí ar Iúda agus Iosrael an Tuaiscirt é, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a rítheaghlach buan go deo. creideamh agus dóchas as ar fhás an Meisiasachas a chomhlíon Críost. Ungadh sin Dháivi an t-ógánach ag an bhfáidh Samuél, chuir sé tús leis an ghluaiseacht sin faoi Dháiví agus Mhac Dháiví go bhfuil tagairt ann i soiscéal an lae inniu ag Íosa Mac an Duine, a thug radharc don dall.

Salm le Freagra (Salm 22[23]). Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

Dara Léacht (Eifisigh 5:8-12). Éirigh óna mairbh agus soilseoidh Críost thú. Dúirt Íosa lena dheisceabail gurb solas an domhain agus salann na talún iad. Thóg an eaglais óg briathra seo Chríost go dáiríre, mar is léir ó litreacha Phóil agus ó scríbhinni eile an Tiomna Nua. Bhí teachtaireacht seo Chríost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. Féachadh ar an bpagántacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in iúl i ndeasghnáth an bhaiste: aistriú ó dhorchadas na pagántachta go solas an tsoisceil a bhí ann, nó, bhféidir, ba chirte a rá gur aontú le Críost, an bheatha agus an solas, ab ea é. Bhí an bheatha nua sin le léiriú don saol, don domhan, le beatha de réir an tsoiscéil, ag tabhairt toraidh i ngach cineál maitheasa agus firéantachta agus fírinne. Bheadh teagasc níos beaichte ná sin acu, ar ndóigh, ar na suáílcí le cleachtadh agus na duáilcí le seachaint. Leagtar béim ar thrédhearcacht sa saol poiblí agus san eaglais—le eolas a bheith ag Críostaithe ar dhorchadas agus peacaí sa saol. Tugann lonradh an tsoiscéil chun solais iad – rud is fíor ar ndóigh faoi pheacaí agus mháchail san eaglais féin. Ag deireadh na léachta tá rann, nó leath-rann, a tógadh is docha as sean-iomann Críostaí nach ann dó a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlatán, duine ina chodladh nó ina leath-chodladh, éirí ó staid ar a dtugtar an bás air, bás an pheaca, nó dorchadas an dí-chreidimh, go soilsiú ó Chríost.

An Soiscéal (Eoin 9:1-41). D’imigh sé, nígh sé é féin agus d’fhill agus a radharc aige. Léacht an-fhada atá i soiscéal an lae inniu, ina bhfuil eachtraí difriúla. Tá siad nascaithe le chéile leis an téama láir gurb sholas an domhain é Íosa. Is nós le Eoin téama creidimh a nascadh le eachtra éigin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann Íosa leis an Samáireach mná agus an tobar; an Domhnach seo an dall ón mbroinn agus Íosa mar sholas. In aimsir Chríost (agus fós inniu b’fhéidir) i meon daoine conacthas nasc idir máchail coirp agus peaca, sa chás seo peaca na dtuismitheoirí nó peaca an linbh féin sa bhroinn. Séanann Íosa gurb amhlaidh a bhí, ach le glóir Dé a léiriú tríd an mhiorúilt a bhíothas le déanamh. Gan coinne, tugann Íosa téama na leachta isteach: é féin mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tréithe leighis sa seile, agus smear Íosa seile agus láib ar shúile an daill, gan é a leigheas, agus dúirt leis an dall dul go dtí Linn iomráiteach in Iarúsailéim go raibh an t-ainm Siolóm, air, ainm ar bhrí leis san Airimis agus san Eabhrais “Seolta”, “curtha amach”, áit ar leigheasadh an dall. Déantar an ceangal sin anseo mar ba é Íosa an “Siolóm” ceart, an Té a bhí seolta amach ón Athair. Tar éis gur leigheasadh an dall lean ceisteana faoi chonas a tharla an leigheas, ar dtús idir na comharsana, ansin i measc na bhFairisíneach toisc gur ar an Sabóid a rinneadh an leigheas, rud a bhí in éadan Dlí Mhaois dar leo. Bhí an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh Íosa, gur cara le Dia agus fáidh a bhí ann. Ansin glaonn na “Giúdaigh”, na húdaráis Ghiúdacha, ar thuismitheoirí an daill a leigheasadh le fios fátha an leighis a fháil, áit a bhfuil tagairt do chinneadh na nGiúdach déanta cheana féin aoinne a admhódh gurb é Íosa an Críost a dhíbirt as an tsionagóg. Tagairt atá anseo, is dócha, do dhíbirt Chríostaithe as an tsionagóg a tharla níos déanaí sa stair, tar éis threascairt Iarúsailéim. Glaodar ar an duine a rugadh dall é féin, a thug fianaise do Íosa mar chara Dé agus chaitheadar amach é. Chuala Íosa sin agus bhuail sé leis agus chuir ceist air ar chreid sé i Mac an Duine agus chuir sé é féin in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an té a rugadh dall in Íosa agus rinne omós dó. Tá críoch ag an léacht mar ar thosaigh sé, Íosa á rá gur tháinig sé le breithiúnas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil.

Tá trí phointe soiléir ag eascair as liotúirge agus léachtaí an lae inniu a thugann ábhar saibhir machnaimh agus agallaimh dúinn.

            An chéad cheann ná gurb é solas an tsaoil é Íosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol é ón Athair. Eisean an Té a seoladh. “an Seolta”, Silóm, a leigheasann an dall. Tháinig sé le go mbeadh radharc ghlóir an Athar ag an domhan. Tá sin soléir ó shoiscéal an lae inniu, agus óna lán áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid lárnach de theachtaireacht an Tiomna Nua é.

An dara pointe ná nach do bheatha Íosa ar talamh amháin an méid sin. Roghnaigh sé aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-scéal sin á fhógairt go críocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na talún iad lucht leanúna Íosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais ó thús an soiscéal. Is rúndiamhair an tslánaithe í an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhfíréan.

Tugann sin go dtí an tríú pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei féin agus le saol an lae inniu. Ní mór don eaglais í féin a leasú de shíor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cineál maitheasa agus fíreantachta agus fírinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leasú na heaglaise is iad “na structúir” atá i gceist, go mór mór sa Vatacáin, an “curia” ach go háirithe. Bíodh go bhfuil tábhacht leis sin, ní hé sin an leasú go práomha atá i gceist, ach athrú i meon agus chleachtadh na bhfíréan le go mbeidis de réir an tsoiscéil, le fianaise a thabhairt do Íosa. Pointe eile san agallamh seo ná go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh “solas” air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.