Copyright 2017 - Custom text here

22 Deireadh Fómhair 2017 (A) An Naoú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Misean na hEagaise lenár linn fein
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 45:1,4-6). Rug mé ar a lámh dheas ar Curus chun na ciníocha a leagan ina fhianaise. Cuid den bhailiúchan ar a dtugtar an Dara Íseáia an téacs seo, a bhfuil fáistiní agus eile dírith ar dheoraithe na nGiúdach sa Bhailealóin thart ar bhlianta deiridh na deoraíochta sin, 550 go 540 roimh Chríost. Ó thart ar an mbliain 550 r. Ch. don téacs áirithe seo is dócha. Rud nach gnáthach i dtéacs ó na fáithe sa téacs seo ná go luaitear ainm pearsanta duine ann, sin le rá Curus. Bunaitheoir ríocht na Peirse ab ea Curus. Ainm Peirseach é agus “aoire” is brí leis. Rug Curus bua ar ríocht na Méide i 559 r. Ch. agus rinne a choncas ar rí Croesus Lidia sa bhliain 547 iomráiteach é, agus thug an Áise Bheag faoina réim. Ina dhiaidh sin sa bhlain 546 d’iompagh a aire ar an Bhaibealóin. Bheadh eolas maith ar a chuid choncas i measc na nGiúdach sa deoraíocht. Sa bhlain 539 ghéill an Bheabalóin go siochánta dó, agus sa bhliain 538 d’eisigh Curus forógra ag tabhairt cead do na Giúdaigh filleadh abhaile agus an teampall a thógail.

            Pagánach a bhí i Curus, gan aithne ar Dhia Iosrael. Sa léacht seo labhraíonn Dia Iosrael go díreach le Curus, agus fiú tugann sé a Ungthach, a Mheisias, air. Deir sé le Curus gur uaidh féin, Dia Iosrael, na caithréimeanna a bhí aige, tugtha dó ó Dhia Iosrael d’aon ghnó, sin le rá le Iosrael a phobal, an searbhónta ar rogha leis, a scaoileadh saor. Bhíodh nach raibh aithne ag Curus ar Dhia Iosrael, bheadh a chuid buanna mileata ag cur Dia Iosrael ar eolas agus aithne don domhan uile, ag meabhrú dóibh gurbh é Dia Iosrael an tAon Dia amháin, agus gur neamhní an uile rud.

Salm le Freagra (Salm 95[96]). Luaigí leis an Tiarna clú agus cáil.

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 1:1-5). Cuimhnímid gan staonadh ar bhur ngrá, bhur gcreideamh agus bhur ndóchas. Leis an léacht seo tá tús curtha le sraith léachtaí ón litir seo chuig na Teasalónaigh a leanfaigh ar aghaidh go deireadh liotúirge na bliana seo, an tríú Domhnach tríochad den bhliain. Sliocht gairid atá sa léacht seo, ach is díol suntais an litir féin, arb í an chéad cheann de litreacha Phóil a tháinig anios chugainn, agus an téacs is sine den litríocht Chríostaí. Agus is díol suntais chomh maith go bhfuil le fáil cheana sa téacs seo na trí suáilcí diaga creideamh, dóchas agus grá, bíodh nach áirithe san ord sin iad.

Is fiú an litir a shuíomh ina chomhthéacs diagachta agus staire. Is féidir an dáta 51 iar-Chríost a chur lei, mar sin níos aosta na na soiscéil scríofa atá againn. Tugann an data 51-52 le fios an dul chun cinn tapa a bhí ag craobhscaoileadh an tsoiscéil. Tharla bás Chríost, an t-aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh sa bhliain 30 nó 33 agus iompú Phóil chun chreidimnh Chríost thart ar thrí bhliain ina dhiaidh sin. Thosaigh misean Phóil chuig na pagánaigh i ndáiríre le trí aistear thart an an mbliain 47, an dara ceann diobh thart a an mbliain 50. Thug an t-aistear sin go Tróás san Áise Bheag é, agus trasna uaidh sin go dtí an Mhacadóin (Tuaisceart na Gréige), agus an Eoraip. I dTróás bhí fís ag Pól: fear sa Mhacadóin á rá leis: “Tar anall go dtí an Mhacadóin agus cabhraigh linn” (Gníomhartha 16:9). Bhí toradh fónta ag Pól ina chuid misinéireacht i bhFilipi agus i dTeasalóinicé ach chuir géarleanúint iachall air dul ó dheas go dtí an Ghréig, cathair léannta na hAithne, áit inar rinne sé iarracht an dea-scéal a fhógairt d’aos léannta na cathrach sin (an tAreopagus), ach gur tugadh an t-eiteachas béasach dó, ar chloisint dóibh an focal “Aiséirí” (anastasis) Chríost. In isealbhrí tháinig sé chomh fada le cathair Coirint. Ag scríobh dó níos déanaí (thart ar an mbliain 54) dúirt Pól leo (1 Corantaigh 2:2-5): “I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte agus eagna. Shocraigh mé i m’aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa agus eisean arna chéasadh. Is mé a bhí lagbhríoch in bhur measc agus me lán d’uamhan agus d’eagla. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m’fhógra ag braith ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé”. Oíche amháin i gCoraint labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort”, ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost, mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo” (Gníomhartha 18:9-11). D’fhan Pól ag fógairt an dea-scéil i gCoraint bliain go leith. Le linn dó bheith i gCoraint thug na Giúdaigh fogha faoi Phól agus tugadh é os comhair Gaillión a bhí ina phróchonsal Rómhánach ar an bproibhinse sin. Ligeann an tagairt sin do Gaillión dúinn an data 51-52 a chur leis an eachtra, agus leis an litir chuig na Teasalónaigh a scríobhadh ón gcathair sin.

Cumhacht Dé ar a labhraíonn Pól sa litir chuig na Coraintigh agus sa dara léacht inniu, cumhacht dhiaga an Spioraid Naoimh atá i gceist, grásta Dé, a thugann cinnteacht chreidimh iomlán. Ní briathra amháin atá i dteachtaireacht an tsoiscéil agus na hEaglaise, ach cumhacht an Spioraid a thugann cinnteacht, lándeimhniú, inmheánach sa teachtaireacht sin.

Maidir le dara léacht seo an lae inniu tá ábhar machnaimh i dtrí phointe ar a laghad: rogha grámhar Dé chun an chreidimh, na trí suáilcí diaga (creideamh, dóchas, grá) ag feidhmiú sa chomhluadar Críostaí, lárionad an urnaí.

An Soiscéal (Matha 22:15-21). Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia. Leanann léacht seo an lae inniu ceann an Domhnaigh seo caite. Ina chomhthéacs sa Soiscéal is ceann é de cheithre agallamh idir Íosa agus ghrúpaí nó daoine aonair Ghiúdacha: Fairisínigh agus Héaródaigh, Sadúisínigh, dlíodóir (scríobhaí léannta) de chuid na bhFairisíneach, ceist ó Íosa ar ar Fairisínigh. Mar chúlra do léacht an lae inniu, is fiú a mheabhrú go bhfuil an suíomh in Iarúsailéim, in Iúdáia. Bhí Iúdáia faoi riail dhíreach na Róimhe ó briseadh an teitrearc Archalás as a phost sa bhliain 6 iar-Chr­íost, agus leagadh síos cáin denarius amháin, bonn airgid le íomhá an impire -- Tiberius an tráth sin, a d’feicfí air mar dhia. Bhí an cháin le híoc gach bliain, agus ag gach aoinne, sclábhaithe san áireamh. Bhain na Héaródaigh le teaghlach Héaróid, nach raibh i gcumhacht a thuilleadh in Iúdáia, murab ionann agus an Ghailíl. Bheidís i bhfábhar na Róimhe agus chuirfidis aon diúltú an chain a íoc in iúl do údaráis na Róimhe. Sa chás seo bheadh na Fairisínigh ar aon aigne leo le hÍosa chur i sáinn le húdaráis na Róimhe. Tuigeann Íosa gur cleas atá i gceist acu.

An freagra a thug Íosa: “Íocaigí le Céasar”, is é sin le rá le hImpire na Róimhe, agus “’Iocaigí le Dia”, spreag sé machnamh thar na gcéadta ar chúrsaí éagsúla, sa diospóireacht maidir leis an ghaol idir an eaglais agus an stát san áireamh. Bhí ar an luath-eaglais bheith an-chúramach madir le cáin a íoc don stát, gan géarleanúint a tharraingt uirthui féin. I gceisteanna áirithe ní bheadh ar a cumas géilleadh do iarratais an stáit, mar shampla le homós a thabhairt don Impire mar Dhia, agus Críost a shéanadh. Bheadh impleachtaí éagsúla leis an prionsabal na nithe le Dia a íoc le Dia. Maidir leis na daoine, Giúdaigh, a chuir an cheist, bheadh orthu seasamh do éilimh a gcreidimh sa chás. Bhainfeadh lucht leanúna Íosa a mbrí féin as an éileamh -- gach rud a éileann Soiscéal Chríost. Bhí tuiscint faoi leith an tráchtairí na hÉireann ar an mBíobla faoin bhonn agus an íomhá: ionann an bonn agus an duine daonna le íomhá Dé greanta ann. Íoctar an ní is le Dia, an bonn le íomhá Dé, le beatha Chríostaí.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Misean na hEaglaise lenár linn féin.

Inniu Domhnach na Misean. Bíonn Domhnach Misean Domhanda ann gach bliain ar an Dara Domhnach Deiridh de mhí Dheireadh Fómhair. Bíonn léachtaí an Domhnaigh reatha againn, agus inniu tugann siad ábhar saibhir dúinn machnamh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla ar mhisean na hEaglaise le rúndiamhair shlánaithe Chríost a fhógairt don saol atá inniu ann.

Dia á fhogairt féin tríd na haoiseanna. “Is sibhse mo fhinnéithe”. Sa chéad léacht dúirt Dia le Curus an rí agus impire pagánach, nach raibh aithne aige ar Dhia Iosrael, go raibh an Dia sin á roghnú lena phobal a scaoileadh saor agus le aithne air Dhia a leathnú ar fud an domhain. Dúirt Dia go minic le pobal Iosrael, tríd an bhfáidh Dara Íseáia, gurbh iad sin finnéithe dó, rud a bhíodar ina dtír féin agus ar dheoraíocht dheonach in impireachtaí na Peirse, na Gréige agus na Róimhe. Níos déanaí, trí mhisinéir Chroí Íosa Naomh Mairéad Máire Alacoque feicimid Íosa ag iarraidh briseadh isteach lena ghrá a leiriú an athuair don chine daonna imithe ar strae.

Ísealbhri. Laghmhisneach. Is dual do mhórán inniu bheith lagmhisneach maidir le fógairt an dea-scéil nuair a fheiceann siad an freasúra atá ina gcoinne. Tharla sin cheana go minic, mar is léir óna deir Pól faoi féin, mar a chonnaiceamar sa Dara Léacht.

“Ná biodh eagla oraibh. Lean ag seanmóireacht”. Freagra an Tiarna ar Phól nuair a bhí sé in ísealbhrí ná “Ná bíodh eagla ort. Lean ort”. Níl tú i do aonar. Tá mise leat chun cabhrú leat. Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach dúinn inniu. Tá cumhacht Dé ag gabháil leis le fógairt agus cosaint an tSoiscéil.

Fórsaí ag feidhmiú in éadan creidimh i nDia inniu. Scannail agus Daonnachas Ionsaitheach. Tá fórsai láidre ag obair i gcoinne chleachtadh an chreidimnh agus fiú an creideamh i nDia inniu, agus sin ag gach leibhéal, don ghnáth duine agus don aos léannta. Tá feachtas eagraithe ag an daonnachas le cur in gcoinne aon chreidimh in aon neach nó fórsa nach bhfuil teacht air, nó uirthi, ag an reasún agus na céadfaí.

Cinnteacht agus lándeimhneacht de fhírinne an tSoiscéil. Ag Críostaithe níl cosaint an chreidimh bunaithe ar an réasún ná na céadfaí, faoi mar nach raibh sé ag Pól ná ag an Chríostaithe ó thús. Is bronntanas, suáilce, ó Dhia é a thugann cinnteacht agus lándeimhneacht ar an fhirinne a fhógraíonn sé.

Cumhacht an Spioraid Naoimh sa Bhriathar fógartha. Ni miste tabhairt chun cuimhne an méid a dúirt Pól leis na Teasalónaigh ina chead litir chucu (2:13): “Bimid á altú seo go buan, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nár ghlac sibh leis mar bhriathar daonna ach leis an mbriathar diaga atá ann i bhfírinne atá ag obair ionaibh, i lucht an chreidimh”.

Lárionad an urnaí i misean na heaglaise. Tá alán gnéithe ag baint le fógairt agus cosaint an dea-scéil, stair, eolaíocht agus alán rudaí eile. Ní mór aird a thabhairt orthu san go léir. Ach go bunúsach is rúndiamhair atá ann, a thuigtear agus a ghlactar lei le bua an chreidimh. Leis an creideamh a dhéanamh beo nó mór an urnaí, fírinne ar a leagtar béim ag Pól agus i dtraidisiun na hEaglaise. Is í Treasa Naofa Lisieux patrún na misiun, nár leag cos riamh thar a clochar sa bhFrainc.

Fógairt agus cosaint an chreidimh misean don tuata agus don chléir. Is ilghnéitheach na fadhbanna agus na tosca a bhaineann le fógairt agus cosaint fhírinní an tsoiscéil agus tá glaoch ag gach creidmheach a chion agus a cion féin a dhéanamh i misean seo na hEaglaise, le maireachtáil na beatha Críostaí, aire a thabhairt do na líomhaintí i gcoinne na hEaglaise, agus i gcoinne chreidimh i nDia. Is do thuataí agus chléir an misean sin inniu.