Copyright 2017 - Custom text here

26 Samhain 2017 (A) Sollúntas Chríost Rí na nUile

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

Réamhrá do Fhéile Chríost Rí

An Pápa Pius XI a bhunaigh an fhéile seo in onóir Chríost Rí sa bhliain 1925

mar fhreagra ar an náisiúnachas agus an dí-eaglaisiú a bhí ag dul i dtreise san am. Rinneadh í a cheiliúradh i dtosach sa Domhnach deiridh de mhí Mheán Fómhair. Sa bhliain 1969 thug an Pápa Pól VI ainm nua don Fhéile: “(Sollúntas) Ár dTiarna Íosa Críost Rí na nUile”, agus chinntigh sé dáta nua freisin lena ceiliúradh: Domhnach deiridh bhliain an liotúirge, tráth le machnamh a dhéanamh ar ríocht Dé agus ríocht Chríost ar talamh, mar aon le plean slánaithe Dé don chine daonna ag deireadh an tsaoil. Is ullmhú cuí an fhéile seo chomh maith don Aidbhint, tús bhliain nua an liotúirge.

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezícéal 34:11-12, 15-17). Maidir libhse, a thréad, tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh. Tá an léacht seo bunaithe ar mheafar de Iosrael mar thréad agus ceannairí an phobail mar aoirí. Ba chomónta go maith an tráth sin san Neasoirthear an íomhá de dhia, de rí, nó de cheannairí eile mar aoirí. Tá an t-íomháineachas céanna le fáil sa tSeantiomna, mar shampla Salm 2(23), a léatar mar Shalm le freagra inniu, agus chomh maith Salm 94 (95):7, le tagairt don Tiarna Dia Iosrael, agus sa Tiomna Nua (an parabal faoin gcaora chaillte, Matha 18:12-14, agus Íosa an t-Aoire Fónta, an Tréadaí Maith, Eoin 10). Tá na h-íomhánna seo lán de bhrí: ni bheadh na tréada ró-mhór, agus d’fhéadfadh an t-aoire iad a stiúradh amach go féarach nua mar ba ghá; dhéanfadh sé iad a chosaint óna mictíre, na madraí agus ó neacha foghlaigh eile. Bheadh aithne phearsanta aige orthu, agus dhéanfadh na caoirigh a ghuth a aithint. Leis na híomhánna sin a thabhairt isteach i saol an phobail agus na polaitíochta, ba é clann Iosrael an tréad agus agus ba iad na haoirí na ríthe, na prionsaí, an lucht rialaithe, agus mar aon leo na sagairt agus na fáithe. De bharr an neamhaire a rinneadh ar na caoirigh, scaipeadh pobal Iúda agus tugadh go braighdeanas na Baibealóine iad, áit a raibh an fáidh Ezícéal ag seanmóireacht dóibh. Deir Dia sa sliocht seo go bhfuil sé féin le teacht le bheith mar aoire acu, chun iad a thabhairt abhaile (go dtí an Phailistín) agus le cúram faoi leith a thabhairt don chaora lag. Téann sé níos faide ná sin. Féacfaidh Dia chuige go mbeidh ré síochána agus chothram na Féinne idir bhaill uile an chomhluadair nua seo (“idir caoirigh agus caoirigh”), agus nach mbeidh cos ar bolg á himirt ar bhaill laga an phobail (“na caoirigh”) ag dream an nirt (“reithí agus gabhair fhirinn”). Tugann téacs a leanann an ceann seo (nach léitear inniu) brí na meafar dúinn: Déanfaidh Dáiví, seirbhíseach Dé (sin le rá síol Dháiví, an Meisias) iad a bheathú, agus beidh sé ina aoire agus ina phrionsa ina measc.

Salm le Freagra (Salm 22[23]). Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.

Dara Léacht (1 Corantaigh 15:20-26, 28). Tabharfaidh sé an ríocht suas do Dhia an tAthair, agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán. Cuireann an léacht seo síos ar iomlanú, bailchríoch, ar ríocht Dé ag deireadh an tsaoil. Sa litir chuig na Corantaigh tá an sliocht i gcomhthéacs aiséirí na colainne, mír theagaisc a raibh deacracht ag roinnt de na Corantaigh glacadh lei, deacracht a bhí ar eolas ag a n-aspal Pól. Leagann Pól béim ar cé chomh lárnach is atá an creideamh in aiséirí Chríost don chreideamh. D’uireasa an chreidimh sin níl bun ná barr leis an creideamh Críostaí féin. As an gcreideamh in aiséirí Chriost leanann creideamh in aiséiri na bhfíréan. Ba é Críost na céadtorthaí a tháinig ó na mairbh, an ceannródaí orthu sin atá ar shlí na fírinne. Tháinig an bás isteach sa domhan trí pheaca Ádhaimh. Tugtar an bheatha thar nais do chreidmhigh go spioradálta sa saol seo i gCríost, agus beatha dá gcoirp ag deireadh an tsaoil. An t-aiséirí deiridh seo, agus an peaca agus an bás sáraithe ag Críost, ionann iad agus bua iomlán ag ríocht Chríost agus ríocht Dé.

Cuid dá ndeireann Pól sa léacht seo is deacair é a leanúint. Is fiú a mheabhrú go bhfuil mar chúlra dá ndeireann Pól go bhfuil dhá fhórsa ag feidhmiú sa saol, sa domhan. Ceann díobh ná Ádhamh, an chéad Ádhamh, trína a tháinig an peaca agus an bás (an bás fisiciúil, bás an choirp, agus an bás morálta) isteach sa domhan. Ba é an dara fórsa, an dara cumhacht, ná Críost, an Dara hÁdhamh, agus a ríocht, óna aiseirí go dtí an Breithiúnas Deiridh agus aiséirí na bhfíréan go léir i gCríost. Tá Críost agus a ríocht ag díothú an pheaca tríd féin agus tríd an Eaglais i rith cúrsa na staire. Beidh Críost ina rí ar feadh na tréimhse seo go léir ag cur ar neamhní a naimhde go léir (an peaca agus fórsaí an oilc). An ceann deiridh díobh seo ná an peaca (pearsantaithe). Is ríocht Chríost í, ach is é Dia an tAthair atá ag feidhmiú trí Chríost, agus ag deireadh tabharfaidh Críost an ríocht suas do Dhia an tAthair.

An Soiscéal (Matha 25:31-46). Rachaidh sé ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile. An léacht seo i soiscéal Mhatha is cuid de aitheasc fada Íosa í ar an mBreithiunas Deiridh ag deireadh an tsaoil. Baineann sí úsáid as na samhlaoidí caoirigh agus gabhair ó ghnáthbheatha tuaithe na nGiúdach. Ba luachmar na hainmhíthe sin. Bhídis ag iníor le chéile, ach scartaí óna chéile iad i gcóir an mhargaidh. Ní chuireann Íosa luach ar cheann amháin thar an gceann eile. Sa léacht seo cuireann Íosa, Mac an Duine, é féin i láthair mar rí agus aoire. Cé gur cur síos ar an mbBreithiúnas Deiridh atá ann, is seanmóir é chomh maith don eaglais ar faoi mar a chóir don bheatha Chríostaí bheith ag feidhmiú. Beidh an scrúdú deiridh ar gach aon duine ar faoi mar ar chaith siad leo san a bhí dearóil agus i dtrioblóid. Tugann Íosa “na bráithre seo agamsa” orthu sin. In áiteanna eile sna soiscéil is ar a dheisceabail a thugann Íosa “mo bráithre”, ach anseo is aon bhall den chine daonna atá i gceist. Áiríonn an téacs sé ghníomhartha na trócaire agus is iad sin na sé chinn tosaigh de sheacht gníomhartha na trócaire corportha de thraidisiún na hEaglaise, an seachtú ceann ná adhlacadh na marbh. Bhí na gníomharthta sin sa traidisiúnta i measc na nGiudach chomh maith.

            Déarfaidh Mac an Duine, an Breitheamh, le lucht na ndea-oibre dul is seilbh na ríochta a bhí ullamh dóibh ó thús an domhain. Sin ríocht na bhflaitehas ar neamh. Ceacht agus teachtaireacht láidir atá ag an léacht seo dúinn inniu agus choíche ná nach mbeidh seilbh ar ar ríocht sin ar neamh muna saothraíonn duine do theacht ríocht Dé ar an talamh seo, tri na gníomhartha a luann sé. Tá ceangal docht idir ríocht Dé ar neamh agus seirbhís do bhráithre Chríost ar talamh.

            Ba gheal le lucht ealaíona íomhá an Breithiúnais Dheiridh, mar is léir dúinn fëin ó na crosanna greanta, mar shanpla Cros Muiredach i Mainistir Buite, i lámhscríbhinní maisithe agus eile.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae.

Machnamh. Is fiú léachtaí an lae inniu a mheas mar aon le cuid de Phreafáid Aifreann an lae inniu: “(A Dhia) d’olaigh tú le hola an ghairdis d’Aonghin Mic, ár dTiarna Íosa Críost, mar shagart síoraí agus mar rí na n-uile, ionas go n-ofrálfadh sé é féin ina íobairt fhíorghlan réitigh ar altóir na croise agus rundiamhra slánaithe an chine dhaonna á gcur i gcrích aige; agus tar éis dó gach dúil a thabhairt faoina réir, go dtairgeadh sé duitse, a Dhia mhór na glóire, ríocht shíoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrá agus na siochána”. Ar talamh, tá glaoch ag an Eaglais bheith ag saothrú le go dtiocfadh ann do staid tosaigh na ríochta sin. Spreagann an Fhéile seo sinn le guí a chur suas do Dhia gurb amhlaidh a bheidh.

Agallamh le ceisteanna an lae. Tugann an comóradh seo cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an gceangal atá idir Críost Rí na nUile agus sochai an lae inniu, agus agallamh a dhéanamh leis. Cuireadh an fhéile ar bun céaduair mar fhreagra ar an náisiúnachas agus an dí-eaglaisiú a bhí ag dul i dtreise san am, go háirithe san Iodáil agus sa Ghearmáin. Inniu tá géarú ar an dí-eaglaisiú, agus tá an saeclárachas i dul i dtreise, gan trácht ar an aindiachas, nó neamhdhiachas más fearr mar ainm air. Sean-admháil chreidimh é gurb é Íosa Críost an Tiarna. Bhí impleachtaí thar an ghnáth ag gabháil leis an bhfocal sin “Tiarna”. Ag Tiarna tá tiarnas. Bhí a lán ann in aimsir Phóil a thug tiarna orthu féin. Duine díobh sin ná Impire na Róimhe ar tugadh omós dó mar dhia, agus a éiligh an t-omós sin. Ag scríobh chuig na Corantaigh ar ábhar gaolmhar dúirt Pól (1 Corantaigh 8:5-6): “Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh – go deimhin tá “déithe” agus “tiarnaí” ann go líonmhr. Mar sin féin níl ann i dtaca linne de, ach an t-aon Dia amháin …, agus níl ann ach an t-aon Tiarna amháin, Iosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus gur tríd atáimidne ann chomh maith”.

Inniu agus an iarracht ann cursaí stáit a scaradh ón eaglais, agus ó chreideamh, agus saol saeclárach a bheith ann, deir daoine áirithe gur polaiteoirí nó cathróirí, nó ealantóirí iad ar dtús agus ansin Críostaithe nó Caitlicigh. Ní ceadaíonn dílseacht do Criost an Tiarna sin; ní ceadaíonn Íosa d’aoinne é a chur sa dara háit. Is fada siar an cheist faoi dhílseacht do Chríost, dá eaglais, agus an stat, agus is ionann na prionsabail a ghabhann leis an gceist inniu agus a bhí riamh.

Beidh ríocht Dé agus ríocht Chríost i gcoimhlint leis an mbrú a thagann ón aindiachas, nó neamh-dhiachas, ar mhaith leis a chur ina luí ar dhaoine nach ann do Dhia. Ní mór do chreidmigh bheith san airdeall faoi na fórsaí atá ag obair lenár linn. Níl teorainn leis an líon agallamh ar féidir a bheith againn le saol an lae inniu, ag eascair ó chreideamh i gCríost, Rí na nUile.