Print

11 Márta 2018 (B) An Ceathrú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé don domhan, Fís Dé, an laige dhaonna, tús úrnua
  3. A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (2 Croinicí 36:14-16, 19-23). Léirítear fearg agus trócaire Dé trí dheoraíocht agus saoradh a phobail.            Dhá Leabhar na gCroinicí (nach raibh iontu i dtús báire ach aon leabhar amháin) is athinsint idéalaithe iad ar luathstair Iosrael mar atá sin ar fail i Leabhair Shamúéil agus na Ríthe, leabhair eile den Bhíobla, foinsí eile atá caillte anois, agus bfhéidir míreanna cruthaithe ag samhlaíocht chruthaitheach an údair (an Croinicí) féin. Murab ionann agus Leabhair Shamúéil agus na Ríthe, cuireann an Croinicí réamhrá lena shaothar le cuntas na “staire” ó Ádhamh i leith.Tugann saothar seo an Chroinicí dúinn íomhá idéalaithe de Dháiví agus Sholamh ach go háirithe, ag fágaint ar lár na laigí a bhí acu, a bpeacaí agus na scannail a bhain leo, a bhfuil cur síos lom orthu sna foinsí ar bhain sé úsáid astu. Tá spéis faoi leith insan saothar sa Teampall, ina throscán agus ina liotúirge, agus feictear ar Dháiví mar an té chuir tús leis an liotúirge sin agus leis an salmaireacht, agus mar eiseamláir dóibh. Ach d’ainneoin íomhá idéalaithe an údair ar an ré sa bhí thart, cuireann na foinsí céanna iallach air a adhmháil gur scriosadh an teampall, Cathair Naofa Iarúsailéim agus ríocht Iúda féin. Bhí an dealramh ar an scéal go raibh deireadh tagaithe ar Iosrael mar phobal tofa Dé, de bharr nár éisteadh le guth Dé a tháinig chucu arís agus arís eile trí na fáithe. Ach a bhuí le na fáithe céanna, le Irimia ach go háirithe, dearcadh ar thubaiste threascairt an Teampaill agus na cathrach agus ar an deoraiocht mar phionós seachas dheireadh iomlán caidrimh le Dia. Tháinig fáistine Irimia chucu go láidir agus go soiléir: tar éis seachtó bliain bheadh fáinne lae nua ann. Mar sin mar fhoirceann ar Leabhair na gCroinicí tá téacs tógtha as Leabhair gaolmhar le leabhar Irimia, is e sin le rá leabhair Eazrá agus Nihiniá ar réimeas Chíoras, rí agus impire na Peirse (nár bhain le creideamh Dhia Iosrael), a fuair glaoch ó Dhia teacht agus an tubaiste a chur ar ceal agus deireadh a chur leis an deoraíocht sa Bhaibealóin. Chuir Dia an cúram ar an impire pagánach seo Teampall Dé a athógaint in Iarúsailéim. Is í an teachtaireacht atá ag léacht seo an lae inniu ná gur glanadh, ionú, seachas bascadh, is aidmh do phionós ó Dhia. Mheabhródh an foirceann seo do léitheoirí an leabhair seo briathra an dóchais a thug Dia do an braighdeanaigh sa Bhaibealóin mar atá siad le fáil i Leabhair Irimias (29:11): “Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh– smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh”. Rud eile fós: i gcanón an Bhíobla ag na Giúdaigh, is iad Leabhair na gCroinicí, leis an bhfoirceann seo, leabhar deiridh an chanóin acu, le nóta dóchais tar éis gach tubaiste, agus sin do gach glúin.

                                          

Salm le Freagra (Salm 136[137]). Go gceanglaí mo theanga do mo chúláirí mura mbím, ag cuimhneamh ort.

An Dara Léacht (Eifísigh 2:4-10). Nuair a bhí sibh marbh trí bhur gcionta, slánaíodh sibh tríd an ghrásta. Sa réamhrá a chuireadar don litir chuig na hEifisigh scríobh na scoláirí H.G. May agus Bruce Metzger chomh hálainn sin fúithi go n-oireann a deirid do sliocht seo agus measaim gur fiú a mbriathra a thabhairt anseo: “Amharcann a lán scoláiri ar an litir seo mar an ceann is uaisle de scríbhinní an aspail Pól. Is é téama na litreach giorra seo ná aidhm shíoraí Dé Eaglais chomhchoitianta Íosa Críosa a bhunú agus a thabhairt chun iomláine. Bíodh gur glaodh ar a baill ó chúlraí agus ó náisiúnachtaí difriula, glaodh ar bhaill an chomhluadair seo ag Dia an tAthair, slánaíodh iad agus tugadh maithiúnas dóibh tríd an Mhac, agus ionchorpraíodh iad i muintearas atá séalaithe agus treoirithe ag Spiorad atá ag lonnú iontu. (Tá an bhéim seo ar an Trionóid curtha in iúl i modh liriciúil sna háiteanna seo sa litir: 15,12,13; 2:18-20: 3;14,16,17; 4:4-6). Ag cur i láthair figiuirí chomh lonracha sin agus an Eaglais mar chorp Chríost (1:23; 4:16), foirgneamh nó teampall Dé (2:20-22), agus brídeach Chríost (5:23-32) tugann an t-údar leid dúinn ar an pribhileid thar na bearta agus an chinniúint atá ag creidmhigh, agus ar a ndualgaisí chomh maith”. Fís den Eaglais agus den bheatha Chríostaí atá anseo a spreag creidmhigh thar na blianta, ghlúin i ndiaidh glúine, ní hamháin an gnáth-mhuintir ach saoithe ard-aigeanta chomh maith, agus a cuireadh i gcrot nua inár laethanta féin, go mór mór i doiciméidi na Comhairle Vatacáin II, sa Bhunreacht Lumen Gentium ar an Eaglais ach go háirithe, an eaglais mar Sholas do na náisiúin uile.

            I léacht an lae inniu tá an bhéim ar ghrá mór Dé dúinn go leir. don domhan. Ní do chéad tosaigh na Críostaíochta, do ré an Aspail Pól, sin amháin, ach do gach aois. Meabhraíonn sí do creidmhigh, agus don chine daonna go léir, gur de dhéantús Dé sinn, saothar ealaíne uaidh, lena ghlóir a fhógairt. Tugann an téacs seo chun cuimhne dúinn a scriobh Pol chuig na Corantaigh (2 Coranthaigh 3:2-3) gur ionann an conradh nua agus litir scríofa inár gcroíthe ag an Spiorad Naomh. Saothar Dé, ní saothar daonna, atá ann, ach bronntanas ó ghrásta Dé, íonghlanadh chroí an duine ón pheaca. Glaotar orainn aithint a thabhairt don dínit atá again, agus maireachtáil dá réir.

An Soiscéal (Eoin 3:14-21). Thug Dia a Aonghin Mic uaidh chun go slánófaí an domhan tríd. Léacht seo an lae inniu is cuid den chomhrá í idir Íosa agus Nicodémas, agus d’aitheasc Íosa ar an ócáid sin. Ba uachtarán ar na Giúdaigh é Nicodémas, ball den Sanhedran, comhairle stiurtha na nGiúdach. Sa chomhairle sin chosain sé Íosa go discréideach in éadan líomhainti na nGiúdach. Bhí sé i láthair ag adhlacadh Íosa. Thainig sé go hÍosa istoíche de bharr eagla ó na Giúdaigh. Sa chomhrá aige le hÍosa, baineann Íosa úsáid as téarmaí a bhfuil dhá bhrí acu, ceann díobh ag tagairt don saol tadhaill seo, ceann eile le brí do shaol níos airde. Leagann Íosa béim air seo, nach mór do dhuine bheith ginte athuair le dul isteach i ríocht Dé, ginte ó lastuas, ón Spiorad. Ar an dul céanna baineann sé úsáid as téarma eile débhríoch ag tagairt dó féin: Ní mór dó bheith “ardaithe”, faoi mar ar ardaíodh an nathair nimhe san fhásach. “Caithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo gach duine a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige”. An “t-ardú” atá in gceist ná ardú agus céasadh ar an gcrois i gciall amháin, ach i rúndiamhair Dé is ardú chun glóire atá sa bhás sin, ina aiséirí agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar, le beatha nua a thabhairt. Ag a ardú fuair sé an bua ar Shátan agus ar fhórsaí an oilc sa domhan seo. Tá an teachtaireacht chéanna aici agus atá ag an dara léacht. Luann sí eachtra an nathair nimhe san fhásach (Uimhreacha 21:9). Leagtar béim arís ar ghrá Dé thar teorainn don domhan. Tháinig Íosa, agus fuair sé bás, ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd. Mar mhachnamh air seo is féidir a rá gurbh ionann slánú agus cúl a thabhairt le peaca agus Íosa a leanúint. Solas Dé é Íosa, a nochtann an peaca mar pheaca, agus mar sin a thugann breithiúnas air chomh maith.

  1. Machnamh agus an Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé don domhan, Fís Dé, an laige dhaonna, tús úrnua

Tugann léachtaí an lae inniu deis bhreá dúinn agallamh cuí a dhéanamh idir an eaglais, an scéala Críostaí, fís an chine dhaonna agus na fórsaí atá ag feidhmiu sa domhan ina mhairimid. Ar thaobh amháin de tá fis, léargas, Dé againn faoi ghré Dé don domhan, mar a chuireann Íosa féin in iúl go láidir é i Soiscéal Naomh Eoin: Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur chuir sé a Aonghin Mac chugainn. Ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ach go slánofaí an saol tríd. Tá an intinn chéanna sin léirithe sa dara léacht inniu ón litir chuig na hEifisigh: Tá Dia lán de thrócaire, mar le barr grá dúinn bheoigh sé sinn in bpáirt le Criost. Tá fís sin Dé, agus gníomhú sin Dé, i gCríost le dul ar aghaidh san Eaglais. Is d éantús Dé í an Eaglais agus na creidmhigh uile, saothar ealaíne De iad. Cruthaíodh iad uile in Íosa Criost chun fianaise a thabhairt don saol trí dhea-oibreacha á gcleachtadh acu.

            Le fís sin Dé a fhíoradh sa saol seo ní mór do chreidmigh bheith deimhin de, agus den fhiúntas atá ann dóibh go pearsanta. Agus is fiú machnamh ar an méid a deir an dara léacht san ábhar seo: ní uainn féin an slánú ná fíoradh na fise, ach is tabhartas ó Dhia iad. Tugann seo chun cuimhne a deir Pól agus é ag machnamh ar ghlóir agus ar phribiléid an chonartha nua (2 Corantaigh 4:7): “Is i prócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í”. Is ró-mhinic a bhíonn cosa cré ag cléirigh na hEaglaise agus ag roinnt de na creidmhigh eile, a chuireann bac ar an éifeacht a bheadh acu ábharthacht agus bainteacht fhís seo ghrá Dé do shaol an lae inniu a léiriú.

            Ach taobh amuigh de seo go léir tá gnéithe eile de fhís seo ghrá Dé don saol, don domhan, a bheadh oiriunach d’agallamh le saol an lae inniu. Tháinig Íosa le go mbeadh an bheatha ag an saol, agus go mbeadh sí go fial aige (Eoin 10:10). Is beatha agus solas é Íosa. Mar sholas tugann sé chun solais an peaca agus a bhfuil mícheart, agus sa mhéid seo tugann an solas breithiúnas. Ionann slánú agus glacadh leis an solas, le fís Dé don bheatha. Tagann an bheatha seo trí “bhás” a fháil dá bhfuil dorcha agus peacúil san duine daonna. Ní fís nó teachtaireacht í seo a ghlactar leis go ró-éasca i sochaí nach ghlacann le creideamh i nDia nó atá agnóiseach faoi bheith ann do Dhia. In aon agallamh le domhan an Iarthair an lae inniu, tá teachtaireacht ag léachtaí an lae inniu ann do chreidmhigh: táthar ann atá réidh éisteacht le teagasc Íosa agus is ann dóibh siúd nach bhfuil réidh sin a dhéanamh. Iarann na láachtaí seo ar chreidhmigh bheith réidh glacadh le fís Dé agus teachtaireacht Íosa, agus fianaise a thabhairt don fhís sin trína mbeatha le cleachtadh an chreidimnh agus deimhne acu de.

            Agus maidir leis na laigí atá san eaglais agus san fhreagra a thugtar go minic do theagasc Chríost, d’fhéadfadh an Bíobla cabhair a thabhairt dúinn san ábhar seo. Sa chéad léacht inniu tá cur síos ar faoi mar ar theip phobal Iosrael freagra cuí a thabhairt do Dhia agus an tubaiste a lean as sin, ach sa deireadh tháinig trócaire Dé isteach le tús úrnua a thabhairt dá phobal. Chruthaigh Dia féin gach rud go maith agus chonaic se sé go raibh a raibh cruthaithe aige go maith, go han-mhaith, ach ansin nuair a mhéadaigh ar an bpeaca agus an olc, ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine (Genesis 1:1-21; 6:1-8). Ach thug sé isteach tús úrnua tar éis na Díleann. Blianta ó shoin bhí scanaill san Eaglais agus tá a n-iarsmai sin linn go fóill, agus bíodh gur trua sin ní cúis éadóchais é. Is  deis é le machnamh a dhéanamh ar fhírinní lárnacha. Ceann díobh sin ná go dtagann an bua, an rath, ó chumhacht Dé agus a ghrásta. Lonraíonn solas Dé dínit an duine agus a laigí. Is saothar ealáine ó Dhia, deantús Dé, gach beatha Chríostaí. Spreagann na léachtaí seo sinn guí chun Dé go ndéanfadh an Eaglais, agus gach duine againn, rúndiamhair seo Dé a mhaireachtáil mar is cóir. Mar a chuireann foirceann na dara léachta é: “Cruthaíodh sinn i bpáirt le hÍosa Críost chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha mar ba mhian le Dia ó thús”.