Copyright 2018 - Custom text here

6 Bealtaine 2018 (B) Séú Domhnach den Cháisc (B)

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé agus creideamh i gCriost. Cé chomh úsáideach is atá an creideamh?

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 10: 25-26, 34-35, 44-48). Doirteadh grásta an Spioraid Naoimh amach ar na ciníocha fosta. Dúirt Íosa go foscailte leis an mbean Chanánach, neamh-Ghiúdach, nár seoladh é leis an dea-scéal a chraobhscaoileadh láithreach don na ciníocha neamh-Ghiúdacha ach amháin go caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Nuair a sheol sé an Dáréag Aspal amach ag seanmóireacht thug sé ordaithe dóibh mar seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Samárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin caoirigh caillte theaghlach Iosrael” (Matha10:5-6). Tháinig sé le na gealltanais a rinneadh d’Iosrael, a phobal féin, a chomhlíonadh. Díreach tar éis an aiséirí fógraíodh an soiscéal do Ghiúdaigh amháin. Go minic nasctar craobhscaoileadh an chreidimh do na ciníocha, na neamh-Ghiúdaigh, le Pól amháin agus lena thiontú chun Críost. Tá ceartú ar sin le fail i léacht an lae inniu. Tháinig an chéim mhór ar aghaidh dáiríre thart ar thráth thiontú Phóil, agus trí Pheadar agus ghníomhú díreach an Spioraid Naoimh. Trí inspioráid ó Dhia chuaigh Peadar go teach feidhmeanaigh phagánaigh Romhánaigh i Caesarea Maritima, lárionad riarachán na Róimhe i Iúdáia, agus léirigh an pagánach sin gur mhaith leis iompú ina Chríostaí. Thuirling an Spiorad Naomh ar a raibh de phagánaigh sa teach, amhail Cincís Nua, a thug le fios do Pheadar nach bhfeiceann Dia chun pearsan seachas a chéile. Níorb do Ghiúdaigh amháin an dea-scéal. Mhínigh Peadar sin do Chríostaithe Iarúsailéim níos déanaí, agus d’aontaíodar leis.

Salm le Freagra (Salm 97[8]). D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.

Dara Léacht (1 Eoin 4:7-10). Is é Dia an Grá. Sa léacht seo, mar a tharlaíonn go minic i Shoisceal Eoin agus i gCéad Litir Eoin, tá cur síos ar ghrá: grá Dé dúinn agus ár ngrá do Dhia agus dá chéile. Tá sé tábhachtach na hidéithe seo a thagann thar n-ais arís agus arís eile a chur le chéile. I dtosach báire léirítear grá Dé dúinn in ionchollú a Mhic Íosa Críost, agus ina bhás do mhaithiúnas ár bpeacai. Is baill iad na creidmhigh de theaghlach an Athar agus a Mhic Dhiaga. Beirtear na creidmhigh, tagann siad ar an saol, gintear iad, trí chreideamh. Sin í an dínit, an uaisleacht, atá acu. Sa léacht seo ní deirtear go beacht conas a thabharfadh na fíréin grá dá chéile. Níl aon sonraí ann faoi seo, ach ní foláir gur cuid den chabhrú leo an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil na haitheanta mar a tuigeadh iad sa luatheaglaise a choimeád, agus sin go léir bunaithe ar chreideamh i ndiagacht Chríost, Críost mar Mhac Dé. Don chomhluadar a raibh Eoin ag scríobh dó bheadh aontacht, comhtháthú, na hEaglaise sin i gceist, gan ligint do thionchair iasachta an lámh in uachtar a fháil orthu, agus rudai eile nach iad.

Soiscéal (Eoin 15:9-17). Níl grá ag aon duine nios mó ná seo go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde. An sliocht seo as Soiscéal Eoin tá an teachtaireacht chéanna aige a bheag nó a mhór agus a bhí ag an dara léacht inniu as Cead Litir Eoin. Tá an grá mar lárthéama aige, grá Dé do lucht leanúna Íosa agus aithne Íosa fanúint aontaithe leis féin sa ghrá. D’fhoilsigh Íosa grá an Athar, grá an Athar don chine daonna go léir. Foilsíodh rúndiamhair ghrá an Athar do dheisceabail Íosa ní mar rud dóibh féin ach mar fhírinne le fógairt don domhan mór, is é sin le rá tríd an Eaglais sna saolta níos déanaí. Ceapadh iad ag Íosa agus an Athair le toradh a thabhairt, toradh a mhairfeadh. I misean na hEaglaise níl aon áit ann do ruathar aonair ó dhaoine aonair carasmatacha. Ní mór don Eaglais tógáil ar Chríost an t-aon bhunsraith agus an teachtaireacht Chríostaí a chur i láthair mar a oireann don aois agus don ócáid, dílis don traidisiún agus oscailte don todhchaí.

  1. B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé agus creideamh i gCriost. Cé chomh úsáideach is atá an creideamh?

Is í éirim léachtaí an lae inniu ná bronntanas an chreidimh, an chreidiúint féin, agus aitheanta Íosa dá dheisceabail ghrá a thabhairt dá chéile. Cúpla Domhnach ó shoin léamar i gCéad Litir Eoin faoi dhá aithne Dé: creideamh a bheith in Íosa mar Mhac Dé agus grá a thabhairt dá chéile. Ní sonraítear impleachtaí an ghrá, a bhfuil béim chomh láidir leagtha air i léachtaí an lae inniu, ach is léir go leanann as tacaíocht a thabhairt do chreideamh i gCríost agus do chleachtadh an creidimh sin. Rinne an luatheaglais, mar is léir ó Íosa féin agus litreacha Phóil, tagairt don chúram ba chóir a bheith dóibh siúd a raibh a gcreideamh i gCríost nó san eaglais i mbaol. Labhraíonn Íosa (Matha 18:6) fúthu mar “daoine beaga (miondaoine; “rudaí beaga”) a chreideann ionam” agus a thromchúisí is a bheadh sé scannal a thabhairt dóibh. Ní páistí a bhí i gceist; ní raibh leannaí i measc deisceabal Íosa agus ní raibh baisteadh ann ansin. Is é a bhí iontu ná lucht leanúna leochaileacha a bhféadfaí a chur ar strae go héasca. In eaglaisí Phóil bhí daoine ar a dtugann Pól “daoine láidre” agus “daoine laga” orthu maidir le cúrsaí coinsiasa agus creidimh, agus tugann sé rabhadh láidir gan coinsias nó creideamh na lag a ghortú, ach a mhalairt, iad a neartú. Tugann léachtaí Dhomhnach an Aoire Mhaith, a cheiliúramar cúpla seachtain ó shoin, deis dúinn machnamh a dhéanamh ar theachtaireacht na léachtaí sin dár lá féin. Nuair a bhí sé ag labhairt faoi féin mar an Aoire Fónta dúirt Íosa: “Ní thagann an gadaí ach chun a bheith ag goid, ag marú agus ag sloid. Tháinig mise le go mbeadh beatha acu agus go mbeadh sé go fial, fairsing acu”. Beatha go fial, fairsing, mar sin teachtaireacht Íosa. Ach an lá atá inniu ann cuirtear i láthair an Chríostaíocht, nó ar a laghad an Caitliceachas, mar a mhalairt ar fad, mar fhórsa leatromach, a éilíonn saoirse uaidh le go mbeadh dul chun cinn ceart daonna againn. Tá na fórsaí iar-Chríostaí agus frith-Chríostaí sin ag feidhmiu go tréan inár measc an lá atá inniu ann.

            Tugann na léachtaí seo cuireadh agus deis dúinn machnamh a dhéanamh ar na buntáistí atá ag an teachtaireacht Chríostaí leis an bheatha fhial, fhairing, dhaonna sin, nach nglacfadh sciar maith de chultúr an lae inniu leis. Is teachtaireacht agus fís í a oirfeadh bheith curtha os comhair Críostaithe an lae inniu, le go mbeadh meas acu ar a dtraidisiún, agus chomh maith céanna os a gcomhair siúd nach cuid den chreideamh iad. Freagra a bheadh ann ar an gceist a cuirtear inniu: “Cad is fiú cráifeacht, creideamh, nó reiligiún ar bith i saol an lae inniu?” Cuireadh an cheist, is dócha, sa luatheaglais féin, agus sórt freagra uirthi sa chéad litir go Timóid maidir le daoine a mheas gur údar saibhris í an chráifeacht. Dar leis an litir sin (1 Tiomóid 6:6) is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid. Scríobh Agaistín saothar faoin dteideal “Tairbhe an chreidimh”, scríbhinn nach bhfuil bainteach le saol an lae inniu mórán toisc go bhfuil sí dírithe ar na fadhbanna a eascair ó éirse na Manaichéach. Ach aon reiligiún a chreideann gur tháinig Críost, an tAoire Maith, agus go bhfuair sé bás le beatha a thabhairt, agus í a thabhairt gor fial, ba chóir dó bheith réidh áitiú go láidir ina gcoinne siúd a bhfuil a mhalairt de thuairim acu. Bhí leas an duine aonair agus an chine dhaonna lárnach do bheatha agus theagasc Chríost. Leigheas sé na heasláin agus thug sé an chumhacht seo, agus a bhaineann leis, do na hAspail, agus don eaglais. Níl fíor-reiligiún, fíor-chreideamh, ceartchreideamh, ortodocsacht, níl sé sin coimeádach. A mhalairt ar fad. Ionann ortodocsacht, ceartchreideamh, agus smaointe cearta, agus an gníomh ceart a leanann as, faoi Dhia agus faoin Aoire Fónta.

           Ní hamháin nach bhfuil an ortodocsacht, ceartchreideamh, coimeádach, ach go bhfuil sé forchéimneach, réabhlóideach sa chiall is fearr den fhocal sin, ag tabhairt athraithe isteach faoi mar is gá.Thug Íosa, an tAoire Maith, a bheatha mar ba thoil leis an Athair, ar dtús do na Giúdaigh, pobal tofa Dé féin. In am tráth ghluais an Eaglais, faoi stiúir an Spioraid Naoimh (agus ní gan crá agus cuardach croi pianmhar) thar an Giúdachas amach le bheith mar chreideamh uilí don domhan uile, gan dlí Mhaois agus a bhain leis, D’fhan sí dílis dá misean le haire a thabhairt do na boicht agus dóibh san faoi leatrom. Thug sí seirbhis d’uasal agus íseal, don ghnáth-duine agus don lucht léinn. Tugann creideamh i nDia agus in Íosa a sheol Dia uaidh treoir don bheatha, agus teagasc faoin saol le teacht. Maidir le teagasc faoi chúrsaí gnéis tá sí cáinte go géar, ach tá cuid den cháinedh seo dírithe ar a staid ar ghníomhartha a bheadh ar chéim íseal de chúrsaí gnéis. Baineann moráltacht ghnéis le gníomhartha ó éigniú ar thaobh amháin go dtí smaoine drúiseacha, mar a dtugtaí orthu tráth, ar an dtaobh eile. Ní dhéanann faillí sna gníomhartha is ísle as do theachtaireacht mhoráltacht an ghnéis ann féin. D’fhéadfaí dul ar aghaidh gan stop ar an ábhar seo: tairbhe an chreidimh agus sa chreidiúint. Baineann sé le hábhar a riarann beatha iomlán an duine aonair ags a bheatha shoisialta chomh maith. Seo an taobh dearfach den scéal seo. Ar an dtaobh diúltach de tá a fhios againn nach bhfuil stair na Críostaíochta gan a taobh peacach, ach peacaí a thabhartar chun solais de bharr a teachtaireachta féin, nó ar a laghad a admháiltear dá bharr sin. Ach mar sin féin is fiú machnamh domhain a dhéanamah ar shaibhreas na teachtaireachta Críostaí, agus sin gach Domhnach ag éisteacht leis na léachtaí agus ag cur ceiste orainn féin faoi mar atá siad bainteach le saol suaite an lae inniu, ag machnamh ar an gcomhairle a thugann Céad Litir Naomh Peadar dúinn (1 Peadar 3:15): “Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt ar an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim”.