Copyright 2018 - Custom text here

10n Meitheamh 2018 (B) An Deichiú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Misean leanúnach na hEaglaise i gcúinsí naimhdeacha. “Creidimid agus dá bharr sin labhairimíd”.
  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Genesis 3:9-15). Cuirfidh mé naimhdeas idir do síolsa agus síol na mná. Tagann an sliocht seo teacht ar dheireadh na hinsinte faoi Ghairdin Pharthais, tar éis gur ith an fear agus an bhean (Ádhamh agus Éabha) úll na haithne, an toradh toirmiscthe. Tar éis gur ghéill an bhean do chathú an nathrach, bhí críoch anois leis an gaol cairdiúil idir Dhia agus iad a bhí ann ó thús. Tá Dia anois (nó an Tiarna Dia mar a thugtar air sa chaibideal seo de Genesis) tá sé le pionós a ghearradh orthu siúd a ghlac páirt sa ghníomh, agus san ord ina ghlac siad páirt – an nathair i dtosach, agus ansin an bhean agus sa deireadh an fear (Ádhamh).

            Ní miste amharc ar an scéal seo faoi Ghairdín Pharthais ar leibhéil éagsúla. I dtosach báire tá an chiall, an bhrí, a bhí ina aigne ag chéad údar den scéal, nó sa scéal mar a chéad insíodh é. Ansin bhí na slíte éagsúla inar fhéacadh ar an scéal agus mar ar léirmhíníodh é ag glúine níos déanaí,  nuair a fhéacadh ar an scéal bunúsach seo faoi stair an chine dhaonna faoi sholas eolais níos soiléire ar Dhia. Sa phionós a ghearrtar ar Éabha agus Ádhamh cuirtear i gcuimhne dóibh cé chomh deacair is a bheidh an saol acu taobh amuigh den Ghairdín, an saol a bheidh ar eolas ag glúine ina ndiaidh - na pianta i mbreith clainne, stádas na mban, saothar dian ar an dtalamh, agus mar chríoch air go léir filleadh ar an gcré ag an mbás.

            Seans nach bhfuil i mbriathra Dé don nathair ach cur síos ar nathracha faoi mar ar fhéacadh orthu de ghnáth. Murab ionann le hainmhithe eile, beidh an nathair gan cosa, ach ag sní ar a bholg, ag ithe cré, le naimhdeas idir é agus an bhean, agus a shíolsa agus síol na mná, le coimhlint éigin nach soiléir idir a cheann agus sáil na mná.

            Bíodh sin mar atá, bhí insint eile ar an dtéacs ag an machnamh a rinne an traidisiún Giúdach níos déanaí ar an dtéasc seo bunúsach ar stair agus todhchaí an chine thofa agus an chine dhaonna. Mar shampla, i Leabhar na hEagna (2:24), a scríobhadh thart ar an mbliain 30 roimh Chríost, deirtear gurb ionann an nathair agus an diabhal: “Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol agus is iad na daoine atá i bpáirt leis-sean a bhlaisfidh é”. Rachaidh an traidisiún Giúdach níos déanaí níos faide ná sin. I bparafrása Airimise den téacs seo, a bhí ar fáil b’fhéidir i ré an Tiomna Nua, deir Dia leis an nathair maidir leis an naimhdeas leanúnach ag a shíol-sean le síol na mná go mbeidh an bua ag síol na mná ar an nathair, go mbuailfeadh siad an nathair ar a cheann agus go maróidh siad é ma chloíonn siad leis an Dlí. Beidh leigheas ag síol na mná ach ní bheidh ag an nathair. Agus beidh an bua sin le teacht i laethanta an Mheisias. B’fhéidir go raibh an traidisiún seo ina aigne ag Pól nuair a chuir sé críoch lena litir chuig na Rómhánaigh ag guí go mbeadh siad eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc agus go ndéanfadh Dia na síochána Sátan a bhrú faoina gcosa (Rómhánaigh 16:19-20).

Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna atá trócaire agus tá fuascailt aige go flúirseach

Dara Léacht (2 Corantaigh 4:13-5:1). Creidimid agus labhairimíd dá réir. Sa sliocht díreach roimh an cheann seo labhair Pól faoi uaisleacht an Chonartha Nua agus an trédhearcacht nach mór bheith ag ministrí an tSoiscéil. Dia a dúirt “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas” (Genesis 1:3) chuir sé solas ag lonradh i gcroíthe Phóil agus ministrí an tSoiscéil. Seoid seo na haspalachta is ualach trom í i bprócaí cré daoine dhaonna agus ní bheadh toradh fónta air ach trí ghrásta agus chumhacht Dé amháin. Ina dhiaidh sin téann Pól ar aghaidh le hinsint dúinn cuid den mhéid a fhulaing sé ar son an tSoiscéil.  Bitear dár gciapadh, deir sé, ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; i gcruachás ach gan bheith in éadóchas; dár ngéarleanúint ach gan bheith tréigthe. Cad é an fáth go leanann sé ar aghaidh dá ainneoin sin? Tugann sé an freagra in abairt tosaigh léacht seo an lae inniu. Tá an spiorad creidimh chéanna aige agus a bhí ag an Salmaire (Salm 116.115:10): “Chreid mé agus dá bharr sin labhair mé” – a chreideamh i gcumhacht Dé toradh fónta a thabhairt ar a aspalacht. Tugann seo Pól anois le machnamh a dhéanamh ar aiséirí Íosa agus an rath agus an lúcháir shíoraí dó féin is intuigthe as sin. Neartaíonn sin a chreideamh. Tá a fhios aige ainneoin a nádúir lag dhaonna (“nádur seachtrach”, “an duine atá ar an dtaobh amuigh”) ag meath, tá beatha inmheánach an ghrásta agus an aontacht le Dia (“an duine inmheánach”) á athnuachan. Beidh deireadh le fadhbanna an tsaoil seo go luath dó agus ina n-ionad sin beidh ag éirí astu ualach trom na glóire síoraí. Tugann an smaoinemah seo air machnamh a dhéanamh ar fhírinní na síoraíochta, ar na rudaí dofheicthe seachas ar na nithe sofheicthe. Mar chríoch ar a mhachnamh féachann sé ar a bheatha ar talamh mar phuball an choirp agus ar a chorp spioradálta ar neamh mar theach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daonna.

 An Soiscéal (Marcas 3:20-25). Ní fhéadann Sátan seasamh. Sa léacht seo tá againn sain-ghné de stíl Shoiscéil seo Marcais, ceann ar a dtugtar “teicníc an cheapaire”, ina thosaíonn sliocht le scéal amháin agus a athraíonn go tobann go scéal eile, le casadh ar an  chéad scéal nó ceann gaolmhar leis. Mar sin féin tá aontacht ag rith tríd an trí mhír seo sa mhéid go bfuilid ag cur síos ar an gcoimhthiú ó Íosa agus an cur ina éadan.

            Bhí míorúiltí á ndéanamh ag Íosa agus na sluaite á leanúint. Ni thugnn Marcas aon bhonn leis an amhras a bhí ag a ghaolta faoi Íosa, go raibh a bheatha i mbaol nó go raibh sé as a mheabhar. Ní hamháin nár chreid siad ann; bhí siad naimhdeach dó nó in amhras faoi. (Bíodh nach mbaineann sé le hábhar anseo is féidir a lua gur creidmhigh in Íosa a bhí ina mháthair agus a bhráithre agus iad aontaithe leis ha haspail ag feitheamh le teacht an Spioraid Naoimh, Gníomhartha na nAspal 1:14.).  Tugann Marcas le fios go raibh an naimhdeas d’Íosa  ag treisiú fiú sa Ghailíl, le scríobhaithe ag teacht ó Iarúsailéim ag cur asarlaíochta ina leith, go raibh sé ag caitheamh amach deamhan trí Bealzabúl – ceann de na hainmneacha iomadúla ar an diabhal, ar Shátan,  sa tráth sin i measc na nGiúdach. Ag a bhaisteadah rinneadh Íosa a ungadh ag an Spiorad, an Spiorad Naomh, agus is i neart an Spioraid sin a chaith sé amach deamhain agus a rinne sé leigheas. Ba comhartha iad sin go raibh ríocht Dé ag teacht, nó tagaithe, tríd. A mhaíomh gurb trí Shátan na míorúiltí sin, deamhain a chaitheamh amach, ba trom an peaca é, rud a mhíníonn na briathra troma a úsáideann Íosa faoi.

            Casann mír dheiridh na léachta seo ar theaghlach Íosa, a mháthair agus a bhráithre. D’fhéadfaí féachaint ar bhriathra Íosa faoina mháthair agus a bhráithre thar a bheith dian, ach ní mór amharc orthu faoi scáth aidhm na míre seo, is é sin le rá ráiteas Íosa faoi fhíor-theaghlach Íosa, nach teaghlach fola e ach teaghlach creidimh. Faoi sholas an teagaisc seo is iad go fíreannach a mháthair, a shiúracha, a bhráithre iad siúd a dhéanann toil Dé, agus lárnach dó sin, ar ndóigh, tá Íosa féin, agus glacadh le hÍosa mar theachtaire Dé.  Tugann an mhír seo le tuiscint go bhfuil saothar, misean, Íosa le dul ar aghaidh tríd an bhfir-theaghlach sin, in ainneoin pé rud a mheasann a ghaolta nó fuath a namhad.

            Is soiléir ó Shoiscéal Lúcáis gur bhain máthair Íosa ó thús  leis an bhfor-theaghlach sin. Is i an creidmheach eiseamláireach, a bhí  lárnach ag  teacht ríocht Dé lena gníomh creidimh umhail agus  a freagra don aingeal Gaibriéil: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d’fhocail” (Lúcás 1:29).

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Misean leanúnach na hEaglaise i gcúinsí naimhdeacha. “Creidimid agus dá bharr sin labhairimíd”.

Tá an t-ábhar a thugann trí léachtaí an lae inniu dúinn le machnamh orthu maidir le agallamh le ceistesnns an lae ná thar a bheith soiléir. Agus is é sin ná misean na hEaglaise, ár misesan go léir, an Soiscéal a chraobhscaoileadh i dtráth agus in antráth. Labhair Íosa go soiléir faoin mhisean a bhí aige. Ní fhéadfadh sé fanúint in áit amháin sa Ghailíl. Bhí air féin agus a chuid dheisceabail dul thar sin leis an dea-scéal a fhógairt in áiteanna eile, mar a dúirt sé féin: “mar is chuige sin a ghabh mé amach” (Marcas 1:38). Mar an gcéanna le Pól: “Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura dhéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt” (1 Corantaigh 9:16). Ba mhór an t-ualach do Phól an misean seo, seoid le coimeád i bprócaí cré lena dhéanamh soiléir gurb ó Dhia amháin an toradh fónta, trí chumhacht Íosa aiséirithe. Bheadh cúis aige scor den saiothar sin de bharr a raibh le fulaingt aige ar a shon. I sliocht díreach roimh dara léacht an lae inniu áiríonn Pól roinnt díobh sin. Scríobh sé: “Bíotar dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bíotar dár ngéarleanínt ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe. Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor” (2 Corantaigh 4:7-10). Ach níor ghéill sé don lagmhisneach riamh de bharr a chreidimh i gCríost, mar a deir sé i Dara Léacht an lae inniu: “Ó tharla go bhfuil an spiorad céanna úd an chreidinh againn a bhfuil tagairt dó sa scrioptúr [Salm116/115:10]: ‘Chreid mé agus labhair mé dá bharr’”. Chreid sé in aiséirí Chríost agus ar chumhacht agus grásta Dé a bheadh leis na creidmhigh go deireadh an tsaoil.

            Bhí réamhinsint éigin den chomhrac leanúnach idir chreidmhigh agus na fórsai a bheadh ina gcoinne le léamh cheana féin i Leabhar Genesis, mar atá i gcéad léacht an lae inniu. An lá atá inniu ann, i sean-saol na hEorpra maidir le creideamh i nDia agus san eaglais, agus inár dtír féin, bheadh cathú ar dhaoine áirithe a chreidiúint go bhfuil na fórsaí ag feidmhmiú in éadan na hEaglaiase agus an chreidimh ró-láidir, agus go scoiridis den chath ar son an chreidinh dá bharr. Bheadh a leithéid seo glan i gcoinne gach ar sheasann an Soiscéal agus an traidisiún Críostaí dó. Is cuid de bheith ann do Chríostaicht an comhrac. Mar aon leis an Salmaire agus le Pól is feidir linn a rá: “Creidimid agus dá bharr sin labhraimid”. Leanaimid ar aghaidh leis an ghairm atá againn fianaise a thabhairt do Chríost mar shalann na talún agus mar sholas an domhain.