{"id":1005,"date":"2020-01-26T18:10:28","date_gmt":"2020-01-26T18:10:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1005"},"modified":"2020-01-27T08:50:54","modified_gmt":"2020-01-27T08:50:54","slug":"2-feabhra-2020-toirbhirt-an-tiarna-la-fheile-muire-na-gcoinneall","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1005","title":{"rendered":"2 Feabhra 2020 Toirbhirt an Tiarna. L\u00e1 Fh\u00e9ile Muire na gCoinneall"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>A.L\u00e9achta\u00ed an Aifrinn mar Threoir don Bteatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>R\u00e9amhr\u00e1<\/em>. Taobh thiar den Fh\u00e9ile seo sa R\u00f3imh, san Iarthar, agus in \u00c9irinn bh\u00ed traidisi\u00fan agus deasghn\u00e1tha roimh-Chr\u00edostaithe. \u00d3 thaobh ama de bh\u00ed an l\u00e1 inniu leathshl\u00ed idir ghrianstad an gheimhridh (Nollaig 21) agus eacaineacht an Earraigh, 21 M\u00e1rta. Bh\u00ed an ghrian, dia do mh\u00f3r\u00e1n, ag dul i dtreise. Do Ghaeil ba th\u00fas s\u00e9as\u00fair eile \u00e9, tar \u00e9is Samhna, leis an bhF\u00e9ile Imbolc, p\u00e9 ar bith ceili\u00faradh a bh\u00ed ag gabh\u00e1il leis sin. Ach do Chr\u00edostaithe an Iarthair daichead l\u00e1 tar \u00e9is fheile bhreith Chr\u00edost a bhi ann, agus ceili\u00faradh a thoirbirt sa Teampall. F\u00f3gra\u00edodh ansin \u00e9 mar sholas chun na n\u00e1isi\u00fan, agus ceili\u00faradh an Fh\u00e9ile le solas coinnle. I sl\u00ed is clabhs\u00far ar thr\u00e9imhse na Nollag an Fh\u00e9ile seo.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar      Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad\nL\u00e9acht <\/em>(Malac\u00ed\n3:1-4). <em>An Tiarna at\u00e1 agaibh \u00e1 lorg,\ntiocfaidh s\u00e9 isteach ina theampall go tobann. <\/em>Ionann an focal Malac\u00ed san\nEabhrais, inar scr\u00edobhadh an leabhar seo, agus \u201cmo theachtaire\u201d, briathra at\u00e1\nag t\u00fas na l\u00e9achta seo, agus measann scolair\u00ed \u00e1irithe gur \u00f3na briathra sin ainm\nan leabhair, agus nach fios d\u00fainn d\u00e1ir\u00edre ainm an fh\u00e1idh f\u00e9in n\u00f3 \u00fadair an\nleabhair seo. Ach is cuma faoi sin. S\u00f3rt agallaimh idir Dia agus a phobal,\nceisteanna acu si\u00fad agus freagra ag Dia, Sa mh\u00edr \u00e1irithe seo deir Dia go bhfuil\ns\u00e9 chun teacht le Teampall Iar\u00fasail\u00e9im agus an tsagartacht (\u201cclann mhac Leiv\u00ed\u201d)\na ghlanadh, le go mbeafdh \u00edobairt cheart \u00e1 hofr\u00e1il acu don Tiarna. I dt\u00fas na\nl\u00e9achta t\u00e1 cur s\u00edos ar an Tiarna agus ar theachtaire, teachtaire an Tiarna, at\u00e1\nle teacht.&nbsp; Ionann iad i sl\u00ed. Ag teacht\nle friotal an tSeantiomna d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cteachtaire (aingeal) an Tiarna\u201d a \u00fasaid\nin ionad an Tiarna, le hom\u00f3s do ainm naofa D\u00e9. Beidh s\u00e9 ag teacht leis an\nTeampall, an tsagartacht, agus a bhaineann leo a ghlanadh, a scagadh, mar\nghal\u00fanach, mar \u00facaire. Baineann an chuid seo den fh\u00e1istine le friotal an tSean-\nTiomna. N\u00ed mar sin a th\u00e1inig an Tiarna \u00cdosa chuig a Theampall, ach mar leanbh i\nmbaclainn a mh\u00e1thar.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 23[24]). <em>C\u00e9 h\u00e9 an R\u00ed seo na gl\u00f3ire? <\/em><em>Is \u00e9 an Tiarna \u00e9.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara\nL\u00e9acht <\/em>(Eabhraigh\n2:14-18). <em>N\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u00f3 bheith cos\u00fail lena\nbhr\u00e1ithre i ngach sli.<\/em> T\u00e1 teachtaireacht na l\u00e9achta seo soil\u00e9ir, agus ag\nteacht le t\u00e9ama na f\u00e9ile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn. Is duine d\u00ednn f\u00e9in \u00e9 \u00cdosa, ball\nden chine daonna. N\u00ed aingil is c\u00faram do Dhia ach clann Abr\u00e1h\u00e1m agus an cine\ndaonna. Leagann an t\u00e9acs b\u00e9im l\u00e1idir ar sin. Ghlac \u00cdosa \u00e1r n\u00e1d\u00far daonna chuige\nf\u00e9in. Cuid de phlean D\u00e9 \u00e9 sin, le go mbeadh \u00cdosa mar cheannr\u00f3da\u00ed, threora\u00ed agus\neiseaml\u00e1ir againn. Is br\u00e1thair linn \u00cdosa, agus n\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u00f3 bheith cos\u00fail\nlinne, a bhr\u00e1ithre, in ngach sl\u00ed ionas go mbeadh s\u00e9 ina ardsagart tr\u00f3caireach i\nl\u00e1thair D\u00e9. Le linn a shaoil ar talamh agus ina ph\u00e1is d\u2019fhulaing s\u00e9 agus\ncuireadh cath\u00fa air. Bh\u00ed tuiscint aige don n\u00e1d\u00far daonna, a uaillmhianta agus a\nlaig\u00ed i rith a shaoil abhus. Tuigeann s\u00e9 sin go f\u00f3ill mar ardsagart ar neamh.\nTuigeann s\u00e9 iad si\u00fad ar \u00e9irigh go maith leo, agus iad si\u00fad ar theip an saol\northu. Is f\u00e9idir leis cabhr\u00fa leo uile.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An\nSoisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s\n2:22-40). <em>T\u00e1 mo sh\u00faile tar \u00e9is do shl\u00e1n\u00fa\na fheice\u00e1il.<\/em> Cuireann an t\u00e9acs seo s\u00edos ar bheatha Iosrael sa tsean-r\u00e9, maraon le\nl\u00e9argas ar r\u00e9 le teacht. B\u00edodh gur bhris P\u00f3l le Dl\u00ed Mhaois mar ba dhual d\u00e1\nmhisean do na pag\u00e1naigh, thuig s\u00e9 gur thug muintir \u00cdosa om\u00f3s don Dl\u00ed sin. Mar\nar scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Galataigh: Nuair a th\u00e1inig ioml\u00e1ine na haimsire, sheol\nDia uaidh a mhac, a rugadh \u00f3 bhean, a rugadh faoin Dl\u00ed (Galataigh 4:4).&nbsp; Cuireann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im ar an d\u00edlseacht a bh\u00ed ag Muire\nagus Iosef do dheasghn\u00e1tha an Dl\u00ed. De r\u00e9ir Dl\u00ed Mhaois bh\u00ed ar mh\u00e1thair \u00ed f\u00e9in a\nionghlanadh daichead l\u00e1 tar \u00e9is saol\u00fa mac di. Sin bun\u00fas na F\u00e9ile seo. Bh\u00ed\nfor\u00e1ileamh eile sa Dl\u00ed c\u00e9adghin mic a choisreacan don Tiarna. Rinne Muire agus\nIosaef sin leis ag an \u00f3c\u00e1id ch\u00e9anna, ag ofr\u00e1il \u00edobairt na mbocht: p\u00e9ire colm n\u00f3\ndh\u00e1 ghearrcach col\u00fair.&nbsp; Filleann L\u00fac\u00e1s ar\na nd\u00edlseacht don Dl\u00ed ag deireadh na l\u00e9achta: D\u2019fhilleadar ar an Ghail\u00edl nuair a\nbh\u00ed gach n\u00ed curtha i gcr\u00edch acu de r\u00e9ir an Dli.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;Eachtra shimpl\u00ed a bh\u00ed ann gan plean D\u00e9 agus siombalachas na h\u00f3c\u00e1ide a chur san \u00e1ireamh. Bh\u00ed f\u00e1istine leabhar Malac\u00ed ann faoin chuairt a bh\u00ed Dia le tabhairt ar an Teampall. Siomb\u00f3l de chaidreamh D\u00e9 lena phobal tofa in ngach r\u00e9 an Teampall,&nbsp; r\u00e9 a bh\u00ed thart, an saol ann anois agus r\u00e9 le teacht. Is beag duine an l\u00e1 sin a thabharfadh suntas do thuras sin Muire, Iosaef agus an leanbh \u00cdosa. Ach bh\u00ed beirt ann a thuig t\u00e1bhacht agus br\u00ed na hoc\u00e1ide tr\u00ed lonradh an Spioraid Naoimh \u2013 an f\u00e1idh Sime\u00f3n agus an bhanfh\u00e1idh Anna. Bh\u00edodar beirt ag feitheamh le comhl\u00edonadh dh\u00f3chas Iosrael, go m\u00f3r m\u00f3r mar a l\u00e9irigh D\u00e1nta Ghiolla D\u00e9 i leabhar \u00cdse\u00e1ia an d\u00f3chas sin. Bh\u00ed ainmneacha faoi leith acu ar an d\u00f3chas sin \u2013 an Meisias n\u00f3 Cr\u00edost an Tiarna,&nbsp; Sol\u00e1s \u00cdosrael, sl\u00e1n\u00fa.&nbsp; do Shime\u00f3n; fuascailt Iar\u00fasail\u00e9im do Anna. Faoi inspior\u00e1id an Spioraid Naoimh f\u00f3gra\u00edonn Sime\u00f3n gur solas chun na n\u00e1isi\u00fain a shoilsi\u00fa \u00cdosa agus gl\u00f3ir do phobal Iosrael. Meabhra\u00edonn s\u00e9 do Mhuire, m\u00e1thair an linbh, gur d\u00e1n don leanbh seo bheith ina thr\u00faig leagtha agus \u00e9irithe, agus ina chomhartha a sh\u00e9anfar. Sa searmanas simpl\u00ed sin sa Teampall, inar thug Dia cuairt ar a phobal, t\u00e1 r\u00e9amhchomhartha do bheatha \u00cdosa agus do stair na heaglaise \u2013 \u00cdosa comhartha a sh\u00e9anfar.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. <\/strong><em><strong>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/strong><\/em><strong>. <\/strong><em><strong>\u00cdosa solas an domhain, comhartha a sh\u00e9anfar.<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">\u00c1bhar machnaimh d\u00fainn uile go\npearsanta agus firinne le tabhairt chun cuimhne in aon agallamh maidir le\nceisteanna an lae briathra sin an fh\u00e1idh Sime\u00f3n do Mhuire faoina mac \u00cdosa.\nSolas an domhain \u00e9 \u00cdosa. Th\u00e1inig s\u00e9 le beatha a tabhairt don domhan agus \u00ed a\nthabhairt go fial. T\u00e1 a chuid aspal, agus a lucht lean\u00fana uile, seolta amach\naige le bheith ina salann na tal\u00fan agus ina solas don domhan. T\u00e1 teagasc \u00cdosa\nfaoi mheas m\u00f3r fi\u00fa ag daoine nach chreideann san Eaglais n\u00e1 fi\u00fa i nDia. I\nmbeatha \u00cdosa f\u00e9in, tr\u00edd an stair agus f\u00f3s in\u00e1r laethanta f\u00e9in, cuirtear go\nnimhneach i gcoinne na hEaglaise, a teagasc agus a h\u00e1it sa saol poibl\u00ed. Go\nminic is iad na scannail is c\u00fais le c\u00e1ineadh na hEaglaise. Ach is minic nach\nbhfuil iontu sin ach leithsc\u00e9al le fogha a thabhairt in \u00e9adan gach a bhaineann\nle foilsi\u00fa D\u00e9 agus d\u00edlse na hEaglaise d\u00f3 sin. N\u00ed m\u00f3r peaca\u00ed san Eaglais a\nadmh\u00e1il, ach san am c\u00e9anna is fi\u00fa bheith san airdeall faoi Chr\u00edost mar chomhartha\na sh\u00e9antar in\u00e1r laethanta f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>N\u00f3ta deiridh!<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>&nbsp;F\u00f3gra<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>&nbsp;<\/strong>T\u00e1 \u201cMachnamh\u201d do l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &nbsp;don bhliain liot\u00fairgeach,&nbsp; C\u00farsa A, foilsithe anois i bhfoirm leabhair\nn\u00e9ata. <\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">\u00c9 le fail (ar Euro 10) \u00f3 \u00c1IS, n\u00f3 tr\u00edd an bpost \u00f3:\n<br>\n<em>An Sagart,<\/em> \n<br>\nf\/ch Roinn na Nua-Ghaeilge,\n<br>\nOllscoil Mh\u00e1 Nuad, \n<br>\nMaigh Nuad, \n<br>\nCo. Chill Dara.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A.L\u00e9achta\u00ed an Aifrinn mar Threoir don Bteatha Chr\u00edosta\u00ed R\u00e9amhr\u00e1. Taobh thiar den Fh\u00e9ile seo sa R\u00f3imh, san Iarthar, agus in \u00c9irinn bh\u00ed traidisi\u00fan agus deasghn\u00e1tha roimh-Chr\u00edostaithe. \u00d3 thaobh ama de &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1005","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1005","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1005"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1005\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1007,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1005\/revisions\/1007"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1005"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1005"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1005"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}