{"id":101,"date":"2013-06-21T08:51:11","date_gmt":"2013-06-21T08:51:11","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=101"},"modified":"2013-06-21T08:51:11","modified_gmt":"2013-06-21T08:51:11","slug":"meitheamh-23-2013-c-dara-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=101","title":{"rendered":"Meitheamh 23 2013 (C) Dara Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">Meitheamh 23 2013 (C) Dara Domhnach D\u00e9ag Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An urna\u00ed agus f\u00e9intuiscint mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (Zach\u00e1ria 12:10-11).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Breathn\u00f3idh siad ar an t\u00e9 a tholl siad. Na caibidil dheiridh de leabhar Zach\u00e1ria (Zach\u00e1ria caibidil 9-14) is d\u00f3cha gur cuid den Seantiomna is d\u00e9ana\u00ed a cuireadh le ch\u00e9ile iad. Na h\u00fadair a chum na caibidil seo is oidhr\u00ed agus deisceabail den fh\u00e1idh Zach\u00e1ria \u00f3n s\u00e9\u00fa c\u00e9ad iad. An \u00edomh\u00e1 a cuirtear os \u00e1r gcomhair sna caibidil seo faoi Phrionsa meisiach na S\u00edoch\u00e1na, agus&nbsp; an S\u00e1raoire nach ghlacann na caoirigh leis, glactar leis gur tuar roimh r\u00e9 iad ar an chur s\u00edos ar&nbsp; \u00cdosa sa Tiomna Nua, scr\u00edbh\u00ednn\u00ed ina bhfuil tagairt\u00ed do na caibidil sin. Cuirtear cr\u00edoch le leabhar seo Zach\u00e1ria (caibidil 12-14) le f\u00eds de L\u00e1 M\u00f3r an Tiarna le teacht nuair a ghlanfaidh Dia Iar\u00fasail\u00e9im \u00f3na cuid peaca\u00ed agus in a mbeidh Dia i r\u00e9im ar fud an domhain mh\u00f3ir.&nbsp; Doirtfidh Dia spiorad an ghr\u00e1sta, na de\u00e1-thola,&nbsp; agus na hurna\u00ed ar theaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed agus agus ar chathair naofa Iar\u00fasail\u00e9im, a thabharfaidh orthu caoineadh a dh\u00e9anamh ar mhairt\u00edreach \u00e9igin at\u00e1 tollta acu. N\u00ed deirtear linn c\u00e9&nbsp; a bh\u00ed i gceist do na l\u00e9itheoir\u00ed n\u00f3 \u00e9isteoir\u00ed tosaigh leis an mairt\u00edreach seo&nbsp; a tolladh. B\u2019fh\u00e9idir gur cur s\u00edos f\u00f3s faoin r\u00e9 le teacht a bh\u00ed ann. Ar aon chuma caoineadh g\u00e9ar a bheidh ann, \u201ccos\u00fail leis an gcaoineadh a dh\u00e9antar ar son Hadad-Rim\u00f3n ar mh\u00e1 Megiddo\u201d. Ionann an Hadad-Rim\u00f3n seo, is d\u00f3cha, agus dia br\u00e9ige Baal, dia torth\u00falachta a bh\u00edodh ag f\u00e1il bh\u00e1is agus ag ais\u00e9ir\u00ed, a bh\u00edodh ann i measc pag\u00e1nach na Pailist\u00edne. P\u00e9 ar bith faoi ch\u00e9ad-bhr\u00ed an mhairt\u00edrigh thollta seo, sa Tiomna Nua t\u00f3gtar an t\u00e9acs ag tagairt d\u2019\u00cdosa.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 62[63]). T\u00e1 \u00edata tarta ar m\u2019anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Galataigh 3:26-29).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Gach duine a baisteadh i gCr\u00edost, t\u00e1 Cr\u00edost curtha uime mar chl\u00f3ca aige. De bharr na triobl\u00f3ide a bh\u00ed ann \u00f3na Cr\u00edosta\u00edthe Gi\u00fadacha a bh\u00ed ag iarraidh an timpeallghearradh agus Dl\u00ed Mhaois a bhr\u00fa ar eaglais na nGalatach, t\u00e1 an ch\u00e9ad chuid den litir seo ag cur s\u00edos go m\u00f3r m\u00f3r ar theacht an tsl\u00e1naithe tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa seachas tr\u00ed Dhli Mhaois agus a chleachtadh. Is iad oidhr\u00ed Abrah\u00e1m n\u00e1 si\u00fad a bhfuil creideamh Abraham, creideamh i gCr\u00edost, acu seachas a chlann mhac de r\u00e9ir na colainne. Leagann P\u00f3l an bh\u00e9im ar seo i l\u00e9acht an lae inniu. Tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost is clann mhac agus clann in\u00edonacha lucht lean\u00fana Chr\u00edost. I moch-dheasghn\u00e1th an bhaiste bhaineadar si\u00fad a bhi leis an sacraimint a ghlacadh a gcuid \u00e9ada\u00ed ar fad d\u00edobh, mar chomhartha go raibh c\u00e9im amh\u00e1in d\u00e1 saol thart agus t\u00fas curtha le c\u00e9im nua. Leis na h\u00e9ada\u00ed a bhaint d\u00edobh l\u00e9ir\u00edodar go raibh gach idirdheal\u00fa curtha ar leataobh acu, le pearsa \u00far a ghlacadh i gCr\u00edost. Luann P\u00f3l cuid d\u00edobh seo: Gi\u00fadach Gr\u00e9igeach, saor daor, fireann baineann, b\u00edodh nach bhfuil feidhm ach leis an ch\u00e9ad d\u00e1 cheann. N\u00ed raibh cumhacht ag P\u00f3l n\u00e1 creidmheach ar bith ar na cinn eile. Ceist mh\u00f3r san agallamh agus diosp\u00f3ireacht idir lucht lean\u00fana Chr\u00edost agus Gi\u00fadaigh n\u00e1 c\u00e9rb iad oidhri, sliocht, Abrah\u00e1m. Bh\u00ed P\u00f3l deimhin faoi seo: sliocht creidimh seachas sliocht colainne a bh\u00ed i gceist. Ba iad na creidmhigh i gCr\u00edost sliocht, p\u00f3r, Abrah\u00e1m.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 9:18-24).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is tusa Cr\u00edost D\u00e9. N\u00ed fol\u00e1ir do Mhac an Duine m\u00f3r\u00e1n a fhulaingt. Is fearr an t-eolas at\u00e1 againn \u00f3 Shoisc\u00e9al Mhatha ar an chuntas seo faoin admh\u00e1il creidimh in \u00cdosa a rinne Peadar, mar a gheallann \u00cdosa eochracha r\u00edocht neimhe do Pheadar (Matha 16:13-20). I ngach ceann den tr\u00ed shoisc\u00e9al tosaigh, crosbhealach i stair \u00cdosa a bh\u00ed san eachtra seo. Sa tsl\u00ed is dual d\u00f3, leagann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im ar seo, go raibh \u00cdosa i leataobh ag gu\u00ed nuair as chuir s\u00e9 an cheist faoi c\u00e9rbh \u00e9 f\u00e9in ar na deisceabail. Ionann urna\u00ed \u00cdosa agus \u00e9 i gcaidreamh leis an Athair i dtr\u00e1tha t\u00e1bhactachta d\u00e1 shaol. Luann L\u00fac\u00e1s urna\u00ed \u00cdosa&nbsp; ag a bhaisteadh (3:21); tar \u00e9is tr\u00e9imhse dian daoine a leigheas (5:16); roimh an D\u00e1r\u00e9ag a roghn\u00fa (6:12); ag an claochl\u00fa (9:28-29); ag gabh\u00e1il bhu\u00edochais leis an Athair (10:21); roimh m\u00faineadh an \u00c1r nAthair (11:1); ar son Pheadair i gcoinne Shatan (22:23); i Geits\u00e9amain\u00ed (22:40-46); ar an gcrois (23:34, 46). Th\u00e1inig ceist seo \u00cdosa ar a dheisceabail tamall gearr tar \u00e9is ceist cos\u00fail leis \u00f3 H\u00e9ar\u00f3d Antipas faoi c\u00e9rb \u00e9 \u00cdosa, ar tugadh freagra di ar aon dul leis an ceann a thug na deisceabail (L\u00fac\u00e1s 9:7-9). N\u00edos luaithe sna soisceil d\u2019aithin na deamhain gurb \u00e9 Mac D\u00e9 \u00cdosa. Seo \u00ed an ch\u00e9ad uair a admhaigh na deisceabail, tr\u00ed Pheadar, gurb \u00e9 an Meisias, an Cr\u00edost, \u00cdosa. Mar fhreagra air seo tagann c\u00e9ad r\u00e1iteas \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail faoina ph\u00e1is agus a bh\u00e1s at\u00e1 le teacht (le daoradh chun b\u00e1is ag an Sanhedrin, ard-chomhairle na nGi\u00fadach ina raibh sean\u00f3ir\u00ed, uachtar\u00e1in na sagart agus scr\u00edobhaithe). Sin an chonair a bh\u00ed le t\u00f3gaint aige. Meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00e1 lucht lean\u00fana go l\u00e9ir go bhfuil orthu \u00e9 a leanuint sa bhealach c\u00e9anna, ag iompair (go meaforach) a gcrois f\u00e9in gach l\u00e1, ag f\u00e1il bh\u00e1is don pheaca agus do gach rud a scaireann amach iad uaidh f\u00e9in agus an soisc\u00e9al.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An urna\u00ed agus f\u00e9intuiscint mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar thr\u00ed phointe t\u00e1bhachtacha; is \u00e9 sin le r\u00e1 f\u00e9intuiscint ar \u00e1r n-oidhreacht mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9; na h\u00e9ilimh a leagann \u00e1r gcreideamh orainn mar lucht lean\u00fana Chr\u00edost; agus sa deireadh an g\u00e1 at\u00e1 le hurna\u00ed phr\u00edobh\u00e1ideach, chomh maith, n\u00f3 fi\u00fa in \u00e9agmais, urna\u00ed phoibl\u00ed leis an fh\u00e9intuiscint sin a choth\u00fa.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Ni m\u00f3r d\u00fainn pearsa \u00cdosa Chr\u00edost a bheith mar chro\u00edl\u00e1r \u00e1r gcreidimh chr\u00edostai, seachas an eaglais \u201cinstiti\u00fadi\u00fail\u201d, ioc\u00f3n, eiseaml\u00e1ir dhaonna ar bith. Mar a mhol an rann Gaeilge fad\u00f3: \u201cB\u00edodh aithne (=eolas pearsanta) ar Chr\u00edost agat\u201d; Cr\u00edost a fuair b\u00e1s ar \u00e1r son, a \u00e9irigh ar\u00eds, a thug d\u00fainn an Spiorad Naomh, a bhfuilimid aontaithe leis sa bhaisteadh. N\u00ed h\u00e9asca na f\u00edrinni sin a chur ina a lu\u00ed ar an aos \u00f3g, n\u00e1 an deabh\u00f3id a leanann astu, ach is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh orthu.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Buaicphointe sna soisc\u00e9il an admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa Cr\u00edost mar an Meisias. \u00c1bhar br\u00f3id a bheadh ann do na haspail, n\u00f3 do aon Gi\u00fadach, go raibh an t\u00e9 a rabhthas ag s\u00fail leis le cianta cairbreacha, an t\u00e9 a bh\u00ed le teacht, tagaithe sa deireadh thiar, agus feicthe acu lena s\u00fala cinn. Bh\u00ed tomhas polaiti\u00fail chomh maith le creidimh ag baint leis seo. Ach chuir \u00cdosa cr\u00edoch tobann le aon smaoineamh caithr\u00e9imeach san \u00e1bhar seo nuair a l\u00e9irigh s\u00e9 gur meisias de shaghas eile a bheadh ann, ag f\u00e1il bh\u00e1is faoi n\u00e1ire le beatha nua a thabhairt d\u00e1 lucht lean\u00fana, muintir a bheadh glaoch acu crois d\u00e1 gcuid f\u00e9in a iompair agus b\u00e1s d\u00e1 gcuid f\u00e9in a fh\u00e1il le maireacht\u00e1il de r\u00e9ir eiseaml\u00e1ire agus teagaisc \u00cdosa f\u00e9in.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann seo uile go dt\u00ed an tr\u00ed\u00fa pointe sinn. Leis an bhf\u00e9intuiscint chriosta\u00ed seo a choth\u00fa, n\u00f3 fi\u00fa a choime\u00e1d beo, n\u00ed m\u00f3r machnamh agus urna\u00ed, urna\u00ed phr\u00edobh\u00e1ideach chomh maith le urna\u00ed phoibl\u00ed, n\u00f3 machnamh agus urna\u00ed priobh\u00e1ideach amh\u00e1in nuair nach ann don cultas poibl\u00ed, rud is com\u00f3nta go leor na laethanta seo. Is f\u00e9idir leis an machnamh agus urna\u00ed phr\u00edobh\u00e1ideach \u00e9ags\u00falacht modhanna a ghlacadh: machnamh ar an mB\u00edobla, l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh, leabhair urnaithe agus mar sin de. D\u00fashl\u00e1n don l\u00e1 at\u00e1 inniu ann conas tabhairt ar dhaoine a bhfuil an creideamh, ach easpa cleachtaidh an chreidimh acu, ach n\u00ed m\u00f3r machnamh a dh\u00e9anamh air agus beart d\u00e1 r\u00e9ir a chur i gcr\u00edch.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 23 2013 (C) Dara Domhnach D\u00e9ag Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-101","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/101","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=101"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/101\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=101"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=101"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=101"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}