{"id":1019,"date":"2020-02-11T08:46:02","date_gmt":"2020-02-11T08:46:02","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1019"},"modified":"2020-02-11T08:46:02","modified_gmt":"2020-02-11T08:46:02","slug":"16-feabhra-2020-a-seu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1019","title":{"rendered":"16 Feabhra 2020 (A) S\u00e9\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar      Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em><strong>An f\u00e9idir foirfeacht an tSoisc\u00e9il a mhaireacht\u00e1il?<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong>C. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Sirach 15:15-20). <em>N\u00edor ordaigh s\u00e9 d\u2019aon duine riamh bheith\naindiaga. <\/em>T\u00e1 an sliocht 15:11-20 ag cur s\u00edos ar shaorthoil an duine agus ar\nan bhfreagracht i leith an pheaca. Sa tr\u00e1th in ar scr\u00edobhadh an leabhar seo\n(thart ar 180 roimhChr\u00edost) bh\u00ed pl\u00e9\nin Iosrael faoi cad ba ch\u00fais leis an peaca a bheith ann. Teoric amh\u00e1in a bh\u00ed\nann n\u00e1 gurb iad na haingil a pheacaigh in \u00e9adan D\u00e9 agus le daoine daonna a thug\nisteach \u00e9. F\u00f3rsa ann f\u00e9in a bheadh sa pheaca. Teoric eile n\u00e1 go raibh dh\u00e1\nfh\u00f3rsa ag feidhmi\u00fa sa duine daonna, f\u00f3rsa chun na maithe agus f\u00f3rsa chun an\noilc. Tugann S\u00edorach freagra soil\u00e9ir, ag teacht le teagasc leabhar Genesis agus\nan tSeantionma. Chruthaigh Dia an duine le saorthoil, agus t\u00e1 s\u00e9 freagrach as a\ndh\u00e9anann s\u00e9. N\u00ed scl\u00e1bha\u00ed do aon fhorsa ceilte \u00e9. Sna v\u00e9arsa\u00ed d\u00edreach roimh an\nsliocht seo deir an t-\u00fadar: \u201cN\u00e1 habair: \u2018S\u00e9 an Tiarna faoi dear m\u00e9 a dhul ar\nseachr\u00e1n\u2019, mar n\u00ed dh\u00e9anann s\u00e9 an n\u00ed is fuath leis. &#8230; Eisean a chruthaigh an\nduine i dtosach b\u00e1ire, agus d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 \u00e9 faoi sti\u00fair a chomhairle f\u00e9in\u201d, is \u00e9\nsin le r\u00e1 le saorthoil. As sin tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu: \u201cM\u00e1s toil leat is\nf\u00e9idir leat na haitheanta a choime\u00e1d agus toil an Tiarna a dh\u00e9anamh le barr\nd\u00edlseachta\u201d, <\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra iSalm 118[119]). Is\naoibhinn d\u00f3ibh si\u00fad a chomhl\u00edonann dl\u00ed an Tiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh 2:6-10). <em>Cheap Dia an eagna roimh th\u00fas aimsire chun\ngl\u00f3ir a thabhairt d\u00fainn. <\/em>Sa l\u00e9acht seo leanann P\u00f3l ar aghaidh ag cur an\neagna Chr\u00edosta\u00ed i gcompar\u00e1id le eagna dhaonna n\u00e1r thuig plean sl\u00e1naithe D\u00e9 in\n\u00cdosa Cr\u00edost. Deir s\u00e9 go labhra\u00edonn, go m\u00faineann, s\u00e9 agus m\u00fainteoir\u00ed eile\nCr\u00edosta\u00ed, eagna \u201cd\u00f3ibh sin at\u00e1 tagtha in inmhe\u201d, do Chr\u00edosta\u00edthe a bhfuil\ntuiscint thar na bunphrionsabail acu. Eagna faoi leith \u00ed seo a thagann \u00f3 shu\u00e1ilce\nan chreidimh, eagna nach raibh ag \u201clucht ceannais an tsaoil seo\u201d, is \u00e9 sin le\nr\u00e1 is d\u00f3cha f\u00f3rsa\u00ed osn\u00e1d\u00fartha an oilc agus cumhachta\u00ed daonna a gh\u00e9ill d\u00f3ibh\nagus a sheas in \u00e9adan Chr\u00edost agus an tSoisc\u00e9il. Is \u00ed an eagna r\u00fanda i gceist\nn\u00e1 r\u00fandiamhair shl\u00e1naithe D\u00e9 a bh\u00ed folaithe go dt\u00ed gur foils\u00edodh \u00ed tr\u00ed Chr\u00edost,\nina bheatha, ina bh\u00e1s ar an gCrois agus ina ais\u00e9ir\u00ed, agus san eaglais. Tr\u00ed bhronntanas\nan chreidimh t\u00e1 an eagna sin ag lucht lean\u00fana Chr\u00edost, b\u00edodh nach ghlacann an\n\u201csaol\u201d, gan an eagna sin, leo.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 5:17-37). <em>Sin mar a d\u00faradh leis na sinsir: ach is \u00e9 seo a deirimse libh. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 \u00cdosa ag cur a theagasc f\u00e9in agus an bheatha a leanann as i gcom\u00f3rtas le teagasc agus saol phobal Iosrael (\u201can sinsear\u201d) roimhe sin. Ionann i sl\u00ed \u201can dli agus na f\u00e1ithe\u201d agus an teagasc agus an saol sin. N\u00edor th\u00e1inig \u00cdosa chun \u201can dl\u00ed agus na f\u00e1ithe\u201d sin a chur ar ceal, ach lena gcur i gcr\u00edch. Ionann \u201ccur i gcr\u00edch\u201d anseo agus iad a thabhairt chun foirfeachta, agus mar sin gach a sheasann an sean-ord, dl\u00ed agus f\u00e1ithe, a choml\u00edonadh. Bh\u00ed \u00e9ags\u00falacht \u00e1irithe san \u00f3g-eaglais faoi sheasamh dhl\u00ed Mhaois i measc na bhf\u00edr\u00e9an. Sa mh\u00e9id gur cleachtadh maidir le feini\u00falacht chine, n\u00ed raibh \u00e1it do Dhl\u00ed Mhaois ag P\u00f3l san eaglais taobh amuigh de Gh\u00edudaigh. Mar sin f\u00e9in, lean Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha \u00e1 chleachtadh. Is cuma i sl\u00ed faoi sheasamh \u00cdosa faoin gceist seo; sa l\u00e9acht seo tugann s\u00e9 ioml\u00e1n\u00fa nua ar aitheanta D\u00e9 a tugadh i Sinai tr\u00ed Mhaois, agus d\u00e9anann s\u00e9 sin go h\u00fadar\u00e1sach. Maidir leis an aithne \u201cN\u00e1 d\u00e9an mar\u00fa\u201d, diamhasla ab ea an mar\u00fa, a scrios \u00edomh\u00e1 D\u00e9 sa duine. T\u00e9ann \u00cdosa thar sin. N\u00ed rud di\u00faltach (\u201cN\u00e1 d\u00e9an\u201d) amh\u00e1in an aithne, ach dearfach chomh maith: om\u00f3s a thabhairt do \u00edomh\u00e1 D\u00e9 seachas masla; maithi\u00fanas agus athmhuintearas; cosc ar fhearg, \u00a0agus agus leasainmneacha mar \u201cceann baoth\u201d, \u201camad\u00e1n\u201d. (N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go raibh an Airimis taobh thiar d\u00edobh sin thar a bheith maslach, mar t\u00e1 pion\u00f3s trom ag gabh\u00e1il leo.) T\u00e9ann s\u00e9 thar adhaltranas go hainmhianta na colla agus dr\u00fais; thar cead do colscaradh go cosc ar cholscaradh; thar gan mionn a sh\u00e1r\u00fa go comhairle gan mionn a dh\u00e9anamh in aon chor, ach a bheith simpl\u00ed agus gur leor focal gan aon mhionn. An bhr\u00ed at\u00e1 leis sin n\u00e1 aidhm \u00cdosa d\u00e1 lucht lean\u00fana: Bheith foirfe faoi mar at\u00e1 an tAthair ar neamh foirfe, mar a deir s\u00e9 ag deireadh an aithisc, a l\u00e9afar an Domhnach seo chugainn.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em><strong>An f\u00e9idir foirfeacht an tSoisc\u00e9il a mhaireacht\u00e1il?<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p>In\naimsir Sh\u00edorach cuireadh an cheist: An f\u00e9idir na haitheanta a choime\u00e1d? Arda\u00edodh\nceist d\u00e1 leith\u00e9id faoi chuid de shoisc\u00e9al an lae inniu, go h\u00e1irirthe faoin\nsliocht \u201cN\u00e1 d\u00e9an mar\u00fa\u201d agus a leanann as go dt\u00ed: \u201dN\u00e1 d\u00e9an adhaltranas. Duine ar\nbith a bhreathna\u00edonn ar bhean le d\u00fail inti, t\u00e1 adhaltranas d\u00e9anta aige cheana\nf\u00e9in lei ina chro\u00ed\u201d. Mar a deir Ard-C\u00faisti\u00fana\u00ed Dostoevsky: \u201cBh\u00ed meas r\u00f3-ard ag\n\u00cdosa ar an chine daonna, mar rugadh \u00e9 i bhfad n\u00edos laige agus n\u00edos isle n\u00e1\nmar a mheas Cr\u00edost\u201d. Faoi seo is f\u00e9idir linn a r\u00e1 nach c\u00f3d dl\u00ed, taobh amuigh\nden cosc ar cholscaradh, a bhfuil i l\u00e9acht an lae inniu, ach l\u00e9iri\u00fa ar n\u00e1d\u00far\nr\u00edocht D\u00e9, r\u00edocht \u00cdosa, agus an fhoirfeacht is dual di. L\u00e9ir\u00edonn briathra seo\n\u00cdosa go bhfuil r\u00e9 \u00far tagaithe leis f\u00e9in, agus gairm faighte ag a lucht lean\u00fana\nbheith mar thoscair\u00ed d\u00f3 sin ina mbeatha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e9ann seo le teachtaireacht an dara\nl\u00e9achta: Tugann su\u00e1ilce an chreidimh eagna nua don chreidmheach, nach eagna\nshaolta \u00ed. Ar ndoigh n\u00ed ionann sin agus a r\u00e1 nach raibh meas ag P\u00f3l, n\u00f3 nach\nbhfuil meas ag an eaglais, ar an eagna dhaonna mar sti\u00fair i gc\u00farsai an tsaoil\nseo. Mar a scr\u00edobh P\u00f3l chuig na Filipigh (4:8): \u201cB\u00edodh bhur n-aire ar an rud is\nf\u00edor, ar an rud uasal, ar an rud c\u00f3ir, ar an rud naofa, ar an rud meas\u00fail, ar\nan rud creidi\u00fanach, ar an rud at\u00e1 su\u00e1ileach inmholta\u201d. An teachtaireacht at\u00e1 ag\nP\u00f3l sa dara l\u00e9acht n\u00e1 nach f\u00e9idir linn dearmad a dh\u00e9anamh de gur r\u00fandiamhair\nshl\u00e1naithe D\u00e9 at\u00e1 san eaglais. Agus sinn in agallamh le saol \u00e1r linne n\u00ed dochar\nmachnamh a dh\u00e9anamh ar sin go l\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceist eile a phl\u00e9itear inniu n\u00e1 an\nf\u00e9idir maireacht\u00e1il de r\u00e9ir adeir an soisc\u00e9al. Cuireadh ceist d\u00e1 leith\u00e9id ar\n\u00cdosa, a thug mar fhreagra: \u201cT\u00e1 an uile n\u00ed sodh\u00e9anta ag Dia\u201d (Matha 19:26). N\u00ed\nfreagra na ceiste \u00e9 seo, ach \u00e1bhar machnaimh in aon phl\u00e9 faoin gceist. Nuair\nat\u00e1 r\u00fandiamhair an tsoisc\u00e9il agus na heaglaise i gceist, in aon phl\u00e9 n\u00ed f\u00e9idir\ngr\u00e1sta D\u00e9 a fh\u00e1gaint as an \u00e1ireamh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1019","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1019","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1019"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1019\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1020,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1019\/revisions\/1020"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1019"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1019"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1019"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}