{"id":1022,"date":"2020-02-21T14:54:05","date_gmt":"2020-02-21T14:54:05","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1022"},"modified":"2020-02-21T14:54:05","modified_gmt":"2020-02-21T14:54:05","slug":"23-feabhra-2020-a-seachtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1022","title":{"rendered":"23 Feabhra 2020 (A) Seacht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra\ndon Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis\nan Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\n     Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <em>Cr\u00edost agus r\u00fandiamhair na hEaglaise.<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(L\u00e9iv\u00edtic 19:1-2,\n17-18). <em>N\u00ed fol\u00e1ir duit gr\u00e1 a thabhairt do\ndo chomhar mar th\u00fa f\u00e9in. <\/em>Baili\u00fach\u00e1n de rialacha \u00e9ags\u00fala at\u00e1 i gcaibideal 19\nde leabhar L\u00e9iv\u00edtic, agus gan de nasc eatorthu ach naofacht D\u00e9 agus a thoil mar\nat\u00e1 l\u00e9irithe sna Deich nAitheanta. Is aidhm d\u00f3 seo l\u00e9iri\u00fa a thabhairt ar an mbeatha\nis dual do phobal&nbsp; D\u00e9, agus t\u00e1 s\u00e9 i\ngcodarsnacht leis an chosc maidir le c\u00farsa\u00ed gn\u00e9is at\u00e1 le f\u00e1il sa chaibideal\n(18) roimhe seo. Le dul le soisc\u00e9al an lae inniu roghna\u00edtear na sleachta at\u00e1 ag\ntr\u00e1cht ar ghr\u00e1 a thabhairt don chomharsa \u201cmar th\u00fa f\u00e9in\u201d, gan fuath a bheith\nag&nbsp; duine d\u00f3, n\u00e1 faltanas, n\u00e1 d\u00edoltas. \u00c9 seo go l\u00e9ir mar aithris ar\nDhia f\u00e9in, agus a naofacht. Ar nd\u00f3igh ionann \u201ccomharsa\u201d sa Seantiomna n\u00e1 ball\nde phobal De. Cuirfidh \u00cdosa m\u00edni\u00fa n\u00edos leithne de sa pharabal \u201cAn Sam\u00e1ireach\nf\u00f3nta\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 102[103]). <em>Is gr\u00e1mhar tr\u00f3caireach \u00e9 an Tiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Corantaigh 3:16-23). <em>Is libhse iad uile, agus is le Cr\u00edost sibhse\nagus is le Dia Cr\u00edost.<\/em> Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l f\u00f3s ag pl\u00e9 le ceisteanna a bh\u00ed\nag cur as d\u00f3 \u00f3n chead chaidideal den litir seo: an deighilt a bh\u00ed in eaglais\nChoraint de bharr na ngr\u00fapa\u00ed a bh\u00ed \u00e9irithe ann in ainm Ph\u00f3il, C\u00e9afas (sin\nPeadar) agus Apollo. Bh\u00ed seo ag cur as don tuiscint ar l\u00e1nionad Chr\u00edost agus D\u00e9\nsan eaglais. Lochtaigh P\u00f3l freisin an baol a bh\u00ed sa mheas ar an eagna dhaonna,\nag meas ruda\u00ed de r\u00e9ir shlat tomhais dhaonna gan go leor aird a thabhairt ar\neagna D\u00e9 a foils\u00edodh tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Filleann s\u00e9 ar sin ar\u00eds sa\nl\u00e9acht seo. Baineann an eaglais le r\u00fandiamhair naofacht D\u00e9.&nbsp; Is teampall D\u00e9 \u00ed, agus an \u00edobairt naofa a ofr\u00e1iltear inti\nn\u00e1 an bheatha Chr\u00edosta\u00ed faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh. Is diamhasla eason\u00f3ir a\nthabhairt don eaglais, don teampall sin. Bh\u00edothas \u00e1 dh\u00e9anamh sin sa Choraint le\nn\u00edos m\u00f3 aird a thabhairt do dhaoine luaite faoi leith, de r\u00e9ir eagna an tsaoil\nseo. N\u00ed eagna\u00ed i dtuiscint an chreidimh aoinne a fheidhm\u00edonn mar seo. Baineann &nbsp;&nbsp;an d\u00e1\ntheacs den tSeantiomna sa l\u00e9acht (Iob 5:13 agus Salm 94[95]:11) le d\u00edmheas D\u00e9\nar an eagna, an gliocas, daonna a thaispe\u00e1int.&nbsp;\nSa Choraint bh\u00ed gr\u00fapa\u00ed \u00e1 r\u00e1 (1 Coraintigh 1:12): \u201cLeanaim (bainim le)\nP\u00f3l,&nbsp; n\u00f3 C\u00e9afas n\u00f3 Apollo\u201d. Cearta\u00edonn\nP\u00f3l \u00e9 seo ar\u00eds anseo. Is amhlaidh a bhaineann siadsan go l\u00e9ir, P\u00f3l, Apollo agus\nC\u00e9afas (Peadar) agus m\u00f3r\u00e1n ruda\u00ed eile, &nbsp;leis an eaglais (sa Choraint); agus is le\nCr\u00edost iad go l\u00e9ir, agus is le Dia Cr\u00edost. T\u00e1 siad go l\u00e9ir aontaithe i\nr\u00fandiamhair, in eagna, D\u00e9. Sin r\u00fandiamhair na hEaglaise. N\u00ed rud daonna \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 5:38-48). <em>B\u00edodh gr\u00e1 agaibh de bhur naimhde.<\/em>&nbsp; T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr sa l\u00e9acht seo, le samplai faoi \u201cD\u00faradh\nlibh\u201d.&nbsp; An ch\u00e9ad cheann n\u00e1 \u201cs\u00fail ar\nsh\u00fail, fiacail ar fhiacail\u201d (\u201ci gc\u00faiteamh s\u00faile, fiacaile\u201d). As c\u00f3d dl\u00ed \u00f3n\ntSeantiomna (Eacsadas 21:24; L\u00e9ivitic 24:20; Deotrainimi 19:21) \u00e9 sin. N\u00ed d\u00edoltas a bh\u00ed i\ngceist ansin ach cothroime idir an chion agus an pion\u00f3s: s\u00fail, fiacail,&nbsp; amh\u00e1in, n\u00ed dh\u00e1 cheann, in \u00e9iric s\u00faile,\nfiacaile. D\u00edoltas is br\u00ed leis sa t\u00e9acs seo sa soisc\u00e9al, agus molann an t\u00e9acs\nnach bhfuil \u00e1it ag an d\u00edoltas i measc lucht lean\u00fana Chr\u00edost. A mhalairt ar fad.\nMheasadh duine gur \u00e1ibh\u00e9il at\u00e1 sa mh\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa anseo, ach is \u201c\u00e1ibh\u00e9il\u201d \u00e9\nat\u00e1 dulta i bhfeidhm fi\u00fa i gc\u00farsa\u00ed poilit\u00edochta, mar shampla \u201can d\u00e1 mh\u00edle\u201d, n\u00f3\n\u201can m\u00edle breise\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &nbsp;Sa dara m\u00edr faoi \u201cChuala sibh go nd\u00faradh\u201d gr\u00e1\ndon chomharsa agus fuath don namhaid &#8212; t\u00e1 an aithne faoi ghr\u00e1 don chomharsa le\nf\u00e1il i L\u00e9iv\u00edtic 19:18, t\u00e9acs at\u00e1 sa ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu. N\u00edl aon aithne faoi fhuath\ndon namhaid sa tSeantiomna. Bh\u00ed fuath ag manaigh Qumran,\na fh\u00e9ach orthu f\u00e9in mar \u201cclannmhic na tsolais\u201d, do ghr\u00fapa eile ar a dtugadar\n\u201cclannmhic an dorchadais\u201d. T\u00e1 drochmheas ar pheacaigh l\u00e9irithe i S\u00edrach 12:4-7\nat\u00e1 c\u00f3ngarach do fhuath: \u201cIs gr\u00e1in leis an T\u00e9 is Airde na peacaigh\u201d. Uaireanta\nsna soisc\u00e9il ionann \u201cfuath\u201d agus \u201cmeas, gr\u00e1 n\u00edos l\u00fa\u201d. I dt\u00e9acs an lae inniu is\nionann \u201cfuath\u201d is d\u00f3cha agus meon \u00e1irithe ina leith si\u00fad n\u00e1r fh\u00e9acadh orthu mar\nchomharsa, n\u00f3 mar bhaill den chine. Ar aon chuma t\u00e1 briathra \u00cdosa ag eascairt \u00f3\nbhriathra eile leis: \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo at\u00e1 glan \u00f3 chro\u00ed, \u00f3ir feicfidh siad &nbsp;Dia\u201d, feicfidh siad Dia Athair \u00cdosa, agus an\nt-Athair ar neamh don chine daonna go l\u00e9ir idir olc agus maith. Le bheith\n\u201cfoirfe\u201d, ioml\u00e1n, sa daonnacht agus sa tr\u00f3caire, t\u00e1 Athair na tr\u00f3caire agus an\ntuisceana ann mar eiseaml\u00e1ir.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><strong>: <\/strong><em>Cr\u00edost agus r\u00fandiamhair\nna hEaglaise.<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>Is\nfada idir Ph\u00f3l, an \u00f3g-eaglais sa Choraint agus saol an lae inniu, maraon leis\nan Eaglais agus a cuid fadhbanna. Agus b\u00edodh gur m\u00f3r an difr\u00edocht \u00f3 thaobh\nc\u00farsa\u00ed poilit\u00edochta agus soisialta de labhra\u00edonn ad\u00fairt P\u00f3l f\u00f3s linn, mar n\u00ed\nheol c\u00farsa\u00ed aimsire do r\u00fandiamhair D\u00e9. Agus is r\u00fandiamhair \u00ed an Eaglais anois,\nfaoi mar a bh\u00ed in aimsir Ph\u00f3il. N\u00ed thuigtear \u00ed tr\u00edd an eagna dhaonna, ach tr\u00edd\nan chreideamh. Le tamall anuas t\u00e1 scannail \u00e9ags\u00fala ag tarraingt aird ar an\nEaglais sna me\u00e1in. Labhartar f\u00faithi amhail is d\u00e1 mbeadh s\u00ed truaillithe.\nMeastar, sa chur s\u00edos seo, nach bhfuil ann ach an \u201cEaglais institi\u00faideach\u201d.\nD\u00e9antar an c\u00e1ineadh uirthi ar uairibh ag baill den chl\u00e9ir, agus ag gr\u00fapa\u00ed\n\u00e9ags\u00fala ann. <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is dlisteanach agus dlite c\u00e1ineadh\nar laig\u00ed agus scannail san Eaglais. Ach don t\u00e9 a chreideann n\u00ed m\u00f3r cuimhneamh\ngur sa taobh daonna den Eaglais iad seo. N\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh de gur\nnaofa agus r\u00fandiamhair f\u00f3s an Eaglais, teampall an Spioraid Naoimh. N\u00edl s\u00ed\ntruaillithe. T\u00e1 an dea-sc\u00e9al f\u00f3s a chraobhscaoileadh aici do phobal D\u00e9 at\u00e1 faoi\nsti\u00fair an ghr\u00e1sta ag maireacht\u00e1il de reir bhriathair D\u00e9. N\u00edor ch\u00f3ir go nd\u00e9anfadh\naon ch\u00e1ineadh dearmad den m\u00e9id seo. Is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh f\u00f3s ar an m\u00e9id a\nscr\u00edobh P\u00f3l chuig na Corantaigh: \u201cDuine ar bith a mhilleann teampall D\u00e9,\nmillfidh Dia eisean, mar is naofa teampall D\u00e9\u201d,&nbsp;\nagus is sinne an teampall sin.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cr\u00edost &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1022","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1022","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1022"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1022\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1023,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1022\/revisions\/1023"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1022"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1022"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1022"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}