{"id":103,"date":"2013-06-28T18:14:17","date_gmt":"2013-06-28T18:14:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=103"},"modified":"2013-06-28T18:14:17","modified_gmt":"2013-06-28T18:14:17","slug":"meitheamh-30-2013-c-triu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=103","title":{"rendered":"Meitheamh 30 2013 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">Meitheamh 30 2013 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<br \/>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaotar Cr\u00edosta\u00edthe chun na saoirse<br \/>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (1 R\u00edthe 19:15, 19-21).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">D\u2019\u00e9irigh Elisea agus lean s\u00e9 \u00c9lias. De r\u00e9ir na c\u00e9ille is beaichte den fhocal, thosaigh an fh\u00e1idhead\u00f3ireacht leo si\u00fad go bhfuil aithne againn orthu on mB\u00edobla&nbsp; mar fh\u00e1ithe scr\u00edobhn\u00f3ireachta, amhail H\u00f3is\u00e9, Am\u00f3s, \u00cdse\u00e1ia (octh\u00fa chead r. Ch.) agus l\u00edne fhada f\u00e1ithe eile. Ach bh\u00ed r\u00e9amhstair ag na f\u00e1ithe \u00e1irithe seo, a th\u00e9ann siar chomh fada le \u00c9lias agus a chomharba&nbsp; Elisea (naoi\u00fa c\u00e9ad r. Ch.). Cuireann an B\u00edobla an bheirt sin, \u00c9lias ach go h\u00e1irithe, mar dhaoine a lean ord\u00fa agus briathar D\u00e9. F\u00e9achadh orthu mar th\u00fas ghluaiseachta na faidhead\u00f3ireachta in Iosrael agus bh\u00edodar faoi mheas d\u00e1 r\u00e9ir. Maidir le \u00c9lias agus Elisea, bh\u00ed gn\u00edomhartha airithe m\u00edchearta ina shaol, mar shampla easpa measa ar dhaoine n\u00e1r ceapadh bheith de r\u00e9ir phlean D\u00e9 (mar shampla an sl\u00e9acht ar fh\u00e1ithe Baal ag \u00c9lias; baint le sl\u00e9acht le r\u00edthe ag Elisea). Mar sin f\u00e9in i dtraidisi\u00fan chreidimh Iosrael d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed dearmad a dh\u00e9anamh ar a leith\u00e9id agus luath-fh\u00e1idhead\u00f3ireacht sin Iosral a&nbsp; th\u00f3gaint mar eiseaml\u00e1ir de fhreagra f\u00e1idh do ghlaoch agus ghairm do bhriathar D\u00e9. De r\u00e9ir dealraimh d\u2019fh\u00e9ach \u00cdosa mar sin ar luath-r\u00e9 sin na f\u00e1idhead\u00f3ireachta, ar a laghad de r\u00e9ir mar a chuireann L\u00fac\u00e1s an sc\u00e9al in\u00e1r l\u00e1thair. L\u00e9ir\u00edonn L\u00fac\u00e1s cuid de ghairm \u00cdosa chun deisceablachta, chun \u00e9 a lean\u00faint,&nbsp; i gcoinne ch\u00falra na sc\u00e9alta faoi \u00c9lias agus Elisea. (F\u00e9ach ar an ch\u00e9ad l\u00e9acht agus an soisc\u00e9al don deichi\u00fa Domhnach.) L\u00e9acht an lae inniu is ceann&nbsp; \u00ed de na sc\u00e9alta faoi Elisea sa Bh\u00edobla (ar a dtugtar \u201cCiorcal Elisea\u201d, Elisha Cycle, lena idirdheal\u00fa \u00f3 \u201cChiorcal \u00c9lias\u201d). Tar \u00e9is saol corraithe ina raibh s\u00e9 ag troid ar son chreideamh D\u00e9 Iosrael in \u00e9adan religi\u00fan an d\u00e9 Baal, thainig \u00c9lias tuirseach traochta chun buaileadh le Dia an chonartha i Horeb. Ansin d\u00fairt Dia leis Elisea a ungadh mar chomharba d\u00f3 f\u00e9in. Cuirtear Elisea in\u00e1r&nbsp; l\u00e1thair mar&nbsp; fheirmeoir rath\u00fail. T\u00e1 tagairt do chl\u00f3ca sa l\u00e9acht seo. Siombal cumhachta agus \u00fadar\u00e1is a bh\u00ed anseo, agus \u00e1 chaitheamh ar Elisea comhartha ab ea \u00e9 faoi \u00fadar\u00e1s \u00c9lias air. Beidh Elisea ina dhalta d\u00f3 feasta agus leanfaidh s\u00e9 \u00e9. Ach n\u00ed g\u00e1 d\u00f3 sin a dh\u00e9anamh l\u00e1ithreach bonn. Tig leis sl\u00e1n a fh\u00e1gaint ag a athair agus a mh\u00e1thair. Ag cur tine leis na daimh agus an c\u00e9achta tugann Elisea le fios go bhfuil sl\u00e1n f\u00e1gtha aige leis an sl\u00ed bheatha a bh\u00ed aige, lena mh\u00e1istir a lean\u00faint agus&nbsp; c\u00e9im nua i mbeatha f\u00e1idhead\u00f3ireachta a th\u00f3gaint. T\u00e1 macalla ghairm Elisea le feiscint i nglaoch na ndeisceabal ag \u00cdosa agus a bhfreagra tobann (Matha 9;9; Marcas 1;16-20; L\u00fac\u00e1s 5:27-28); a mhalairt i bhfreagra an duine eile i L\u00facas 9:57-62,&nbsp; l\u00e9acht an lae inniu, a bhfuil gairm Elisea mar ch\u00falra d\u00f3.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 15[16]). Is tusa, a Thiarna, mo chuid de r\u00e9ir oidhreachta<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Galataigh 5:1, 13-18).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh. Is focal \u00e9 \u201csaoirse\u201d a chorra\u00edonn meon agus cro\u00ed daoine in aois n\u00f3 i gcult\u00far ar bith. C\u00fais mh\u00f3rtais do Ghr\u00e9gigh an tsaoirse agus an daonlathas a bh\u00ed acu, na scl\u00e1bhaithe as an \u00e1ireamh. B\u2019ionann do na Gi\u00fadaigh. Chinntigh Dli Mhaois an tsaoirse d\u00f3ibh, n\u00f3 sin a mheas cuid acu b\u00edodh go rabhadar faoi r\u00e9imeas na R\u00f3imhe. De r\u00e9ir Shoisc\u00e9al Eoin (Eoin 8:31-34) i nd\u00edosp\u00f3ireacht leo d\u00fairt \u00cdosa do Ghi\u00fadaigh a chreid ann: \u201cM\u00e1 fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bh\u00far ndeisceabail agam d\u00e1ir\u00edre, agus beidh fios na f\u00edrinne agaibh agus d\u00e9anfaidh an fh\u00edrinne saor sibh\u201d. D\u2019fhreagair siad \u00e9: \u201cDe sh\u00edol Abrah\u00e1m sinne, agus n\u00ed rabhamar in\u00e1r ndaor ag aon duine riamh. Conas go ndeir t\u00fa: \u201cD\u00e9anfar saor sibh\u2019?\u201d D\u2019fhreagair \u00cdosa iad: \u201cAmen, Amen, a deirim libh, gach duine a dh\u00e9anann peaca, t\u00e1 s\u00e9 ina dhaor ag an bpeaca\u2019\u201d. Bh\u00ed P\u00f3l ag pl\u00e9 leis an gceist ch\u00e9anna sa litir chuig na Galataigh.&nbsp; N\u00ed clann daormhn\u00e1 (Hagar) iad Cr\u00edosta\u00edthe ach clann na saormhn\u00e1 (Sara). I s\u00fala Ph\u00f3il ionann Dl\u00ed Mhaois agus daoirse seachas saoirse. Bh\u00ed na Galataigh (agus creidmhigh uile) saor \u00f3n Dl\u00ed sin, \u00f3 chuing na daoirse. Sin r\u00e1ite aige, bh\u00ed ar Ph\u00f3l deimhin a dh\u00e9anamh de n\u00e1rb ionann an tsaoirse sin agus cead a gcinn a bheith ag creidmhigh a rogha rud a dh\u00e9anamh. N\u00edorb fhol\u00e1ir d\u00f3ibh bheith san airdeall faoi laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna, \u201can cholainn\u201d mar a thugann s\u00e9 air. D\u2019fh\u00e9adfadh duine a bheith gafa, in ndaoirse, le m\u00edthuscint ar cad is saoirse ann. L\u00e9ir\u00edonn P\u00f3l an bhr\u00ed at\u00e1 le saoirse Chr\u00edostai. Ionann \u00e9 agus dl\u00ed an ghr\u00e1, c\u00faram na gc\u00f3mharsan. Meabhra\u00edonn P\u00f3l anseo, mar a dh\u00e9anann s\u00e9 in \u00e1iteanna eile, ar an d\u00e1 fh\u00f3rsa at\u00e1 sa duine daonna agus an choimhlint idir tarraingt an n\u00e1d\u00fair (\u201cna colainne\u201d) agus gn\u00edomha\u00edocht an Spioraid Naoimh. N\u00ed dl\u00ed teib\u00ed, n\u00e1 t\u00e9acs teib\u00ed,&nbsp; teagasc Chriost ach beatha faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh a thugann an chumhacht an mhaith is \u00e1il d\u00fainn an dh\u00e9anamh. Is \u00ed an fh\u00edrinne, Cr\u00edost an bheatha, agus an Spiorad, a&nbsp;&nbsp; dh\u00e9anann saor sinn.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 9:51-62).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Bhuail \u00cdosa roimhe go d\u00e1na ag d\u00e9anamh ar Iar\u00fasail\u00e9im. Leanfaidh m\u00e9 th\u00fa cib\u00e9 \u00e1it a dt\u00e9 t\u00fa. Cuireann briathra tosaigh na l\u00e9achta seo an sliocht go hioml\u00e1n ina chomhth\u00e9acs beacht. Bh\u00ed \u00cdosa ina bhealach go hIar\u00fasail\u00e9im, turas a thosaigh i sl\u00ed nuair d\u2019admhaigh Peadar gurb \u00e9 an Cr\u00edost, an Meisias, \u00e9, agus nuair a l\u00e9irigh \u00cdosa don ch\u00e9ad uair cad a bh\u00ed i nd\u00e1n do in Iar\u00fasail\u00e9im: daoradh, p\u00e1is, b\u00e1s, ais\u00e9ir\u00ed agus gl\u00f3ir. Tugann Soisc\u00e9al Eoin \u201cgl\u00f3ir\u201d n\u00f3 \u201cgl\u00f3iri\u00fa\u201d Mhac an Duine ar bh\u00e1s, ais\u00e9ir\u00ed agus deascabh\u00e1il \u00cdosa, n\u00f3 fi\u00fa \u201card\u00fa \u00f3n talamh\u201d: \u201cM\u00e1 arda\u00edtear mise \u00f3n talamh tarraingeoidh m\u00e9 gach duine chugam f\u00e9in\u201d (Eoin 12:32). Mar an gc\u00e9anna i sl\u00ed do L\u00fac\u00e1s sa l\u00e9acht seo, sa bhunt\u00e9acs: \u201cNuair a bh\u00ed an t-am ag teacht go dt\u00f3gfai \u00cdosa in airde as an saol\u201d. Aidhm bheatha agus saothair \u00cdosa go l\u00e9ir a bh\u00ed anseo: b\u00e1s agus gl\u00f3iri\u00fa in Iar\u00fasail\u00e9im, an chathair naofa as a thos\u00f3idh misean na hEaglaise le bailchr\u00edoch a chur ar a shaothar. Chuir s\u00e9 toscair\u00ed roimh e amach, is d\u00f3cha le l\u00f3istin a ullmh\u00fa d\u00e1 ghr\u00fapa. N\u00ed fhearfadh na Sam\u00e1irigh f\u00e1ilte roimh oilithrigh Ghi\u00fadacha ar a sl\u00ed go l\u00e1rionad creidimh n\u00e1r aontaigh siad leis. Ba mhaith le S\u00e9amus agus Eoin, ag cuimhneamh is d\u00f3cha ar a rinne \u00c9lias f\u00e1idh (2 R\u00edthe 1:9-12), d\u00edoltas \u00f3 neamh a agairt orthu. C\u00e9 go raibh meas ag \u00cdosa ar \u00c9lias mar fh\u00e1idh bhriathar D\u00e9, n\u00edorbh amhlaidh d\u00e1 gn\u00edomhartha d\u00edoltais. Sampla \u00e9 nach raibh ag Mac an Duine \u00e1it a leagfadh s\u00e9 a cheann. Leanann air seo tr\u00ed r\u00e1iteas \u00cdosa a dh\u00e9anann soil\u00e9ir n\u00e1d\u00far agus pr\u00e1inne na deisceabaileachta. An ch\u00e9ad cheann n\u00e1 an bochtanas agus \u00e9iginteacht bheatha Chr\u00edost, mar a l\u00e9irigh freagra na Sam\u00e1ireach. Nuair a chuireann scol\u00e1ir\u00ed an Bh\u00edobla an cheist faoi chonas a chothaigh \u00cdosa agus a dh\u00edorma tofa iad f\u00e9in, n\u00edl de fhreagra acu ach gur d\u00f3cha gur faoin aer a chaith siad cuid de na ho\u00edcheanta. T\u00e1 an dara r\u00e1iteas deacair le tuiscint \u00f3 \u00cdosa, go raibh meas aige ar bhas, ar adhlacadh agus a bhaineann leo. Ag leagaint b\u00e9ime ar seo at\u00e1 s\u00e9, b\u2019fh\u00e9idir: T\u00f3gann seirbh\u00eds don Soisc\u00e9al t\u00fas \u00e1ite ar d\u00edlseacht do chlann n\u00f3 theaghlach. Bheadh an tr\u00ed\u00fa r\u00e1iteas soil\u00e9ir go leor d\u00f3ibh san ar eol d\u00f3ibh an sc\u00e9al faoi ghairm Elisea (c\u00e9ad l\u00e9acht inniu). T\u00e1 an glaoch chun seirbh\u00eds don soisc\u00e9al n\u00edos pr\u00e1inne (ag \u00e9ileamh freagra tobainn) n\u00e1 mar a bh\u00ed gairm Elisea. Maidir leis na h\u00edomh\u00e1nna c\u00e9achta agus f\u00e9achaint siar, n\u00ed c\u00e9achta an lae inniu le capall n\u00f3 tarrac\u00f3ir at\u00e1 i gceist, ach ceann sa Ghailil \u00e1 tharraingt ag damh. An tiom\u00e1na\u00ed a fh\u00e9achann siar thar a ghualainn, t\u00e1 a chlais i mbaol gan bheith d\u00edreach. Seo le r\u00e1 do dhuine gur mhaith leis, n\u00f3 l\u00e9i, f\u00f3namh don Soisc\u00e9al: N\u00ed m\u00f3r d\u00f3 n\u00f3 d\u00ed aidhm soil\u00e9ir a bheith acu agus clo\u00ed leis.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaotar Cr\u00edosta\u00edthe chun na saoirse<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar cheist at\u00e1 chomh \u00e1rsa leis an tsaoirse dhaonna agus creideamh i nDia agus guth \u00f3n saol eile, is \u00e9 sin le r\u00e1 an \u00e1it at\u00e1 ag creidmheach do shaoirse smaoinimh agus gn\u00edmh taobh istigh de phrionsabal a chreidimh, agus faoi mar a bh\u00edonn air an tsaoirse sin a chosaint i saol an lae inniu. S\u00f3l\u00e1s d\u00fainn go bhfuil an cheist c\u00edortha i sl\u00ed ag Eoin agus P\u00f3l. Ach t\u00e1 s\u00e9 \u00e9irithe i bhfad n\u00edos g\u00e9ire tar \u00e9is gluaiseacht fheals\u00fanachta agus chult\u00fartha an ocht\u00fa ch\u00e9id d\u00e9ag ar a dtugtar de ghn\u00e1th an \u201cEagna\u00edocht\u201d, Die Erlkl\u00e4rung, the Elightenment. Leis seo th\u00e1inig an d\u00fail agus an ghluaiseacht gan aon tionchar a bheith ar an ghn\u00edomh agus an smaoineamh daonna seachas a thagann \u00f3 mheon agus ch\u00e9adfa\u00ed an duine dhaonna f\u00e9in, gan aird a thabhairt ar chreideamh n\u00e1 reiligi\u00fan ar bith. D\u2019\u00e9irigh an sc\u00e9al n\u00edos pr\u00e1inn\u00ed in\u00e1r laethanta f\u00e9in nuar a fuair an ghluaiseach seo ceangailte le aindiachas, gan creideamh in aon dia. T\u00e1 an sc\u00e9al ioml\u00e1n c\u00edoraithe go mion ag Comhairle Vatic\u00e1n II ina Dhoicim\u00e9ad Tr\u00e9adach \u201cAn Eaglais i Saol and Lae inniu\u201d (as Laidin Gaudium et Spec, L\u00fach\u00e1ir agus D\u00f3chas), alt.19-21, ar fi\u00fa a l\u00e9amh. T\u00e1 giota\u00ed de in Caitciosma na hEaglaise Caitlic\u00ed, alt, 2124. \u201cMeasann an daonnachas aindiach, agus gan an ceart aige, gurb \u00e9 an duine \u2018ann fein is cr\u00edoch d\u00f3 f\u00e9in, aonchearda\u00ed agus aonchruthaitheoir a chinni\u00fana\u2019 (GS 20,\u00a71). Leagan eile d\u2019aindiachas na linne, b\u00edonn s\u00e9 ag dr\u00e9im le saoradh an duine tr\u00ed shaoirse eacnama\u00edoch agus shoisialta a mbeadh \u2018an reiligi\u00fan i gcodarsnacht l\u00e9i \u00f3na n\u00e1d\u00far, sa mh\u00e9id is go mbuna\u00edonn s\u00e9 d\u00f3chas an duine ar bhriongl\u00f3id na beatha s\u00edorai, \u00e1 chasadh i leataobh \u00f3na chathair ch\u00f3naithe a th\u00f3g\u00e1il ar talamh.\u2019\u201d (GS&nbsp; 20, \u00a72)<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 30 2013 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla: &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-103","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/103","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=103"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/103\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=103"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=103"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=103"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}