{"id":1036,"date":"2020-03-04T19:47:38","date_gmt":"2020-03-04T19:47:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1036"},"modified":"2020-03-04T19:47:38","modified_gmt":"2020-03-04T19:47:38","slug":"8-marta-2020-a-dara-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1036","title":{"rendered":"8 M\u00e1rta 2020 (A) Dara Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <\/strong><em><strong>An B\u00edobla in Agallamh le  Ceisteanna an Lae<\/strong><\/em><strong>: <\/strong><em><strong>Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm  chun fianaise<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Genesis 12:1-4). <em>Glaoch Abrah\u00e1m, athair Phobal D\u00e9. <\/em>Leis\nan dt\u00e9acs seo tosa\u00edonn sc\u00e9al phobal Iosrael. R\u00e9amhstair a bh\u00ed sa mh\u00e9id a ghabh\nroimhe i Genesis caibidil 1 go 11. N\u00ed h\u00e9 go bhfuil sp\u00e9is i gc\u00farsa\u00ed staire sa\nsliocht seo. Seasann s\u00e9 amach \u00f3 ch\u00falra ar bith staire sa d\u00f3igh go labhra\u00edonn s\u00e9\nla gach aois. N\u00edl ach beirt i gceist: Dia agus Abrah\u00e1m, gan aon chur s\u00edos ar\nch\u00fains\u00ed anama, aigne n\u00f3 staire \u00f3 thaobh Abrah\u00e1m de. Glaonn Dia agus tugann Abrah\u00e1m\nfreagra air, gan ceist, gan coinn\u00edollacha. Sa mh\u00e9id seo t\u00e1 gairm Abrah\u00e1m cos\u00fail\nleis an glaoch a thug \u00cdosa ar a ch\u00e9ad dheisceabail ag Muir na Gail\u00edle.\nD\u2019fhreagair misin\u00e9ir\u00ed \u00e1r dt\u00edre f\u00e9in an glaoch c\u00e9anna le dul thar lear \u00f3na dt\u00edr dh\u00fachais\nagus a muintir f\u00e9in leis an dea-sc\u00e9al a scaipeadh i dt\u00edortha eile. Ach le\nfilleadh ar Abrah\u00e1m: geallann Dia go mbeidh beannacht D\u00e9 air agus ar a shliocht,\nagus gur tr\u00edd a dh\u00e9anfaidh cin\u00edocha uile an domhain iad f\u00e9in a bheann\u00fa (\u201cGo\nraibh beannacht D\u00e9 orainn mar a bh\u00ed s\u00ed ar Abrah\u00e1m\u201d), n\u00f3 gur tr\u00edd a bheann\u00f3far\ncin\u00edocha uile an domhain. Is f\u00e9idir ceachtar den d\u00e1 bhr\u00ed sin a bhaint as an\ndt\u00e9acs Eabhraise. Ar nd\u00f3igh, is eol d\u00fainn uile gur t\u00e9acs l\u00e1rnach \u00e9 seo don\nTiomna Nua agus an bheannacht ar chin\u00edocha an domhain a th\u00e1inig tr\u00ed \u00cdosa, s\u00edol\nAbrah\u00e1m.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 32[33]). <em>Tabhair d\u00fainn do bhuanghr\u00e1, a Thiarna, de\nr\u00e9ir an d\u00f3chais a chuirimid ionat.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht<\/em> (2 Tiom\u00f3id\n1:8-10). <em>Glaonn Dia orainn agus soils\u00edonn\nsinn.<\/em> T\u00e1 ceangal ag an l\u00e9acht seo leis an gc\u00e9ad cheann (glaoch agus gairm \u00f3\nDhia) agus leis an Soisc\u00e9al (gl\u00f3ir Chriost). I gcomhth\u00e9acs na litreach seo t\u00e1 P\u00f3l\nag moladh do Thiom\u00f3id, easbag nua-cheaptha, gan bheith c\u00fathalach in admh\u00e1il an\nchreidimh, n\u00e1 laghr\u00edoch toisc P\u00f3l bheith i gh\u00e9ibheann, ach tabhartas D\u00e9 a\nmh\u00fascailt ann f\u00e9in. Mar an spiorad a thug Dia d\u00fainn n\u00ed spiorad na meatachta \u00e9,\nach spiorad na cumhachta, an ghr\u00e1 agus na f\u00e9insmachta, spiorad a spreagann le\nbheith r\u00e9idh fulaingt ar son an tsoisc\u00e9il, agus deimhin a dh\u00e9anamh ar\nuaisleacht na gairme at\u00e1 againn sa chreideamh. Cumhacht D\u00e9 at\u00e1 sa chreideamh,\ncumhacht a shaor sinn de r\u00e9ir r\u00e9amh-phlean D\u00e9, n\u00ed de bharr \u00e1r n-oibreacha f\u00e9in.\nLabhra\u00edonn P\u00f3l faoi dh\u00f3 anseo faoin nglaoch agus an ghairm a fuair Cr\u00edostaithe.\nIs gairm naofa \u00ed, mar tagann s\u00ed \u00f3 Dhia, \u00fadar na naofachta. R\u00e9amh-phlean D\u00e9 a\nbh\u00ed anseo \u00f3n ts\u00edora\u00edocht anall, ach a foils\u00edodh anois, sa Tiomna Nua, \u201ctr\u00ed\ntheacht, foilsi\u00fa (sa Ghreigis <em>epifaneia<\/em>)\ndealraitheach, lonrach, Chr\u00edost\u201d. Go hiondual is \u00e9 teacht Chr\u00edost ag deireadh\nan tsaoil le breithi\u00fanas a thabhairt is br\u00ed leis an bhfocal Gr\u00e9igise sin (\u201cteacht,\nfoilsi\u00fa\u201d) sa Tiomna Nua. Anseo is&nbsp; d\u00e1\ntheacht ar an saol seo, ina bheatha agus ina aiseir\u00ed, a dh\u00e9anann s\u00e9 tagairt.\nBh\u00ed a theacht dealraitheach do sh\u00faile an chreidimh. Bh\u00ed s\u00e9 dealraitheach, lonrach,\nina athr\u00fa cl\u00f3, a bhfuil cur s\u00edos ar sa soisc\u00e9al inniu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 17:1-9). <em>Shoilsigh a ghn\u00fais ar n\u00f3s na gr\u00e9ine. <\/em>Tagann\nan mh\u00edr seo den Soisc\u00e9al faoi athr\u00fa cl\u00f3 Chr\u00edost tar \u00e9is admh\u00e1il Pheadair i\ngceantar Ch\u00e9asar\u00e1ia Philip gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 \u00cdosa agus tar \u00e9is a\nd\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail faoina ph\u00e1is agus a ais\u00e9ir\u00ed. Sheol \u00cdosa a thri\u00far\naspal Peadar, S\u00e9amus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. N\u00ed thugtar ainm\nan tsl\u00e9ibhe d\u00fainn. Hermon, seachas Tab\u00f3r, a bheadh ann, toisc sin a bheith n\u00edos\nc\u00f3ngara\u00ed do Ch\u00e9asar\u00e1ia. Th\u00e1inig athr\u00fa cl\u00f3 ar \u00cdosa, r\u00e9amhshamhail den ghl\u00f3ir a\nbheadh aige tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. Chonnaic an tri\u00far aspal sin Maois agus \u00c9il\u00edas\nag comhr\u00e1 le h\u00cdosa. Finn\u00e9ithe n\u00f3 ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad,\nagus don chaidreamh tr\u00ed na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bh\u00ed gach\nar sheas Maois (an Dl\u00ed) agus na f\u00e1ithe d\u00f3 le comhl\u00edonadh in \u00cdosa. Bh\u00ed an\ncomhluadar sin, na hAspail, Maois, \u00c9il\u00edas agus Dia i l\u00e1thair ar an sliabh sin.\nComhartha agus samhail de l\u00e1ithreacht D\u00e9 an scamall. Ionann \u00e9 i sl\u00ed agus na\nsp\u00e9artha oscailte ag baisteadh \u00cdosa. Agus ar\u00eds tagann an gl\u00f3r, gl\u00f3r an Athar\ngurb \u00e9 \u00cdosa a Mhac dar thug s\u00e9 gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dh\u00e1 fhocal breise\nleis: \u201c\u00c9istig\u00ed leis\u201d. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tr\u00edd an\nstair s\u00edos do ghl\u00f3ir sin \u00cdosa, an claochl\u00fa dealraitheach, lonrach, a th\u00e1inig\nair agus a bheidh ann i gc\u00f3na\u00ed do sh\u00faile an chreidimh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em><strong>Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm chun fianaise<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Teist,\nl\u00e9iri\u00fa, ghl\u00f3ir Chr\u00edost tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed a bh\u00ed a gclaochl\u00fa Chr\u00edost ar an\nSliabh. B\u00edonn an l\u00e9argas sin de ghl\u00f3ir Chr\u00edost againn i gc\u00f3nai san eaglais. D\u00fairt Criost f\u00e9in an t\u00e9 a fheiceann \u00e9\ngo bhfeiceann s\u00e9 an tAthair. Foils\u00edonn \u00cdosa an tAthair. Chuaigh an fh\u00edrinne sin\ni bhfeidm go m\u00f3r ar an aspal P\u00f3l. Mar a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Corantaigh (2 Corantaigh\n4:6): \u201cAn Dia a d\u00fairt: \u2018Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,\u2019 is \u00e9 an Dia\nc\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga\nar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn\u201d. Sa dara l\u00e9acht inniu t\u00e1 tagairt\ndo l\u00e1thaireacht lonrach \u00cdosa Cr\u00edost in\u00e1r measc.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1\nCr\u00edost beo i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an tr\u00edna ghr\u00e1sta agus tr\u00edd an Spiorad Naomh. T\u00e1\ns\u00e9 ag lonradh tr\u00edna theagasc sna soisc\u00e9il, sna Bi\u00e1ide, sa Seanm\u00f3ir ar an\nSliabh. Th\u00e1inig s\u00e9 chun an bheatha a thabhairt d\u00e1 lucht lean\u00fana agus don saol,\nagus \u00ed a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochl\u00fa Chr\u00edost, agus a\nlucht lean\u00fana tr\u00ed ghr\u00e1sta, f\u00eds d\u00fainn, f\u00eds at\u00e1 thar a bheith t\u00e1bhachtach an l\u00e1\nat\u00e1 inniu ann, agus f\u00edseanna eile nach Cr\u00edosta\u00ed iad \u00e1 mbr\u00fa isteach orainn.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; \u00c1bhar\nmachmaimh eile a thugann an dara l\u00e9acht d\u00fainn n\u00e1 cuireadh, fol\u00e1ireamh\nb\u2019fh\u00e9idir, gan bheith c\u00fathalach faoi chreideamh sa bhf\u00eds sin faoi lonradh D\u00e9, agus\nbheith r\u00e9idh fianaise a thabhairt d\u00ed mar a oireann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1036","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1036","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1036"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1036\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1037,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1036\/revisions\/1037"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1036"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1036"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1036"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}