{"id":109,"date":"2013-07-18T16:43:54","date_gmt":"2013-07-18T16:43:54","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=109"},"modified":"2013-07-18T16:43:54","modified_gmt":"2013-07-18T16:43:54","slug":"iul-21-2013-c-seu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=109","title":{"rendered":"I\u00fal 21 2013 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">I\u00fal 21 2013 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<br \/>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ag \u00e9isteacht le r\u00fandiamhair Chr\u00edost agus na hEaglaise agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (Genesis 18:1-10).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">A Thiarna, m\u00e1s \u00e1il leat \u00e9 n\u00e1 gabh thar do shearbh\u00f3nta. Cuid th\u00e1bhachtach den l\u00e9acht seo an r\u00e1iteas deiridh ina gheallann Dia do Abr\u00e1h\u00e1m go mbeadh mac ag a bhean ch\u00e9ile S\u00e1ra taobh istigh de bhliain. Ionann sin is a r\u00e1 go mbeadh oidhre ag Abr\u00e1h\u00e1m f\u00e9in. Roghna\u00edodh an t\u00e9acs \u00e1irithe seo mar chomp\u00e1nach do shoisc\u00e9al an Domhnaigh seo ina bhfuil cuntas ar chuairt \u00cdosa ar theach Mharta agus Mh\u00e1ire. Bh\u00ed Abr\u00e1h\u00e1m ina shui ag Dair Mamre. L\u00e1thair bheannaithe chian-\u00e1rsa, pas beag \u00f3 thuaidh \u00f3 Hebron, ab ea Mamre, le crainn darach naofa ann. Chuir Abr\u00e1h\u00e1m faoi faoi na crainn darach sin (Genesis 13:18). Ag t\u00fas na l\u00e9achta deirtear linn gur thaispe\u00e1in an Tiarna \u00e9 f\u00e9in d\u2019Abr\u00e1h\u00e1m, agus d\u00edreach ina dhiaidh sin gur tri\u00far fear (aingil is d\u00f3cha, Genesis 19:1) a sheas ina ch\u00f3ngar. N\u00ed l\u00e9ir mar a th\u00e9ann an tri\u00far seo agus an Tiarna le ch\u00e9ile. B\u2019fh\u00e9idir go seasann an tri\u00far don Tiarna, mar a dh\u00e9anann aingeal amh\u00e1in go minic sa Bh\u00edobla (mar shampla Genesis 16:7). N\u00ed luaitear ach duine amh\u00e1in n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa sliocht seo; d\u00e9antar duine amh\u00e1in den tri\u00far. B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 an Tiarna duine den tri\u00far, agus an bheirt eile a shearbh\u00f3nta\u00ed. Ar aon chuma n\u00ed aithn\u00edonn Abr\u00e1h\u00e1m an tri\u00far mar neacha diaga. I gcuntas bre\u00e1 de chuirt\u00e9is an Oirthir, fearann Abr\u00e1h\u00e1m f\u00e1ilte rompu, c\u00f3ir\u00edonn b\u00e9ile blasta d\u00f3ibh, b\u00e9ile a itheann siad. Th\u00e1nadar i mbrothall an lae, agus molann Abr\u00e1h\u00e1m d\u00f3ibh a sc\u00edth a ligint roimh imeacht d\u00f3ibh. N\u00ed hiad an tri\u00far a ghabhann bu\u00edochas le Abr\u00e1h\u00e1m ach an Tiarna, agus sin i bhfoirm ghealltanais go mbeidh oidhreacht ag Abr\u00e1h\u00e1m. Baineann an Litir chuig na hEabhraigh \u00fas\u00e1id as an dt\u00e9acs seo ag moladh an fh\u00e9ile a chleachtadh. \u00d3ir, mar gheall ar a bhf\u00e9ile bh\u00ed daoine \u00e1irithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios d\u00f3ibh (Eabhraigh 13:1)..<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 14[15]). A Thiarna, c\u00e9 a dh\u00e9anfaidh c\u00f3na\u00ed i do phobal?<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Colosaigh 1:24-28).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">R\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe leis na cianta, nocht Dia d\u00e1 naoimh \u00ed anois beag. Luann P\u00f3l anseo, mar a dh\u00e9anann in \u00e1iteanna eile, a raibh de thriobl\u00f3idi agus pianta le fulaingt aige ar son na heaglaise. Bh\u00ed sin ar eolas ag a chuid eaglais\u00ed. Deireann s\u00e9 gur c\u00fais l\u00fach\u00e1ire d\u00f3 iad toisc an bhaint at\u00e1 acu le Cr\u00edost. T\u00e1 deacrachta\u00ed ag baint leis an dtuiscint agus an aistri\u00fa ceart a chur ar an dt\u00e9acs bunaidh Gr\u00e9igise at\u00e1 aistrithe mar seo i l\u00e9acht an lae inniu: \u201cCib\u00e9 easnamh a bh\u00ed ar thriobl\u00f3idi Chr\u00edost t\u00e1 siad \u00e1 l\u00edonadh agam ar mo sheal f\u00e9in i mo cholainn ar son a choirp, an Eaglais\u201d. Aistri\u00fach\u00e1in Ghaeilge eile n\u00e1: \u201cl\u00edonaim suas im\u2019 fheoil f\u00e9in an m\u00e9id de phiantaibh Chr\u00edost at\u00e1 i n-easnamh ar son a chuirp\u201d (De Si\u00fanta); \u201ccr\u00edochna\u00edm i mo cholainn f\u00e9in an m\u00e9id nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Cr\u00edost ar son a choirp f\u00e9in\u201d (Cosslett \u00d3 Cuinn). T\u00e1 an \u00e9ags\u00falacht ch\u00e9anna le braith sna haistri\u00fach\u00e1in Bh\u00e9arla. Is soil\u00e9ir nach raibh aon easnamh ar phianta, n\u00f3 ar fhulaingt, Cr\u00edost. Is fearr a thuiscint gur i bP\u00f3l, seachas i gCr\u00edost, at\u00e1 an t-easnamh, le aistri\u00fachan mar seo: \u201cCr\u00edochna\u00edm a bhfuil in easnamh i bhfulaint-(bhfulaint\u00ed)-Chr\u00edost-i-mo-cholainn\u201d. Pianta Ph\u00f3il, a fhulaing\u00edonn s\u00e9, is pianta Chr\u00edost iad toisc gur ball de chorp Chr\u00edost \u00e9 P\u00f3l. T\u00e1 gr\u00e1sta D\u00e9 i l\u00e1thair, ag feidhmi\u00fa, i bhfulaingt Ph\u00f3il mar a bh\u00ed s\u00e9 i bp\u00e1is Chr\u00edost. T\u00e1 l\u00fach\u00e1ir ar Ph\u00f3l faoin m\u00e9id a fhulaing\u00edonn s\u00e9 toisc go bhfuil plean shl\u00e1naithe D\u00e9, r\u00fandiamhair an tsl\u00e1nithe, \u00e1 nochtadh tr\u00edothu. Nuair a glaodh ar Ph\u00f3l mar aspal rinneadh timire de chuid na heaglaise de, agus \u00e9 de dhualgas air briathar D\u00e9, is \u00e9 sin r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe, a chraobhscaoileadh go fada fairsing. An r\u00fandiamhair seo is \u00ed plean sl\u00e1naithe D\u00e9 \u00ed, folaithe gur nochtadh i gCr\u00edost agus san Eaglais \u00ed. D\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail go raibh tugtha d\u00f3ibh eolas ar r\u00fandiamhra r\u00edocht na bhflaitheas a bh\u00ed ceilte ar an m\u00e9id eile (Matha 13:11). Ba mh\u00e9anar d\u00f3ibh. Chonaic siad agus chuala siad nithe ar mhian le m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ithe agus f\u00edr\u00e9an a fheice\u00e1il, ach n\u00e1r fhaca (Matha 13:16-17). Is cro\u00edl\u00e1r na r\u00fandiamhaire sin n\u00e1 Cr\u00edost f\u00e9in, d\u00f3chas na gl\u00f3ire, i measc na bhf\u00edr\u00e9an san Eaglais. Is \u00ed is aidhm d\u00f3 sin, don eagna\u00edocht chr\u00edosta\u00ed, n\u00e1 na uile dhuine a dh\u00e9anamh foirfe, mar is toil le Cr\u00edost.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 10:38-42).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Chuir Marta f\u00e1ile roimh \u00cdosa chun a t\u00ed. Is \u00ed an ph\u00e1irt is fearr ba rogha le M\u00e1ire. Cuntas aoibhinn an l\u00e9acht seo faoin fh\u00e1ilte a fhear Marta, deirfi\u00fair Mh\u00e1ire, roimh \u00cdosa. Is m\u00edr \u00e9 de chuntas thuras \u00cdosa agus a bhu\u00edne \u00f3 Ch\u00e9asar\u00e1ia Philip go Iar\u00fasail\u00e9im ina l\u00e9ir\u00edotar gn\u00e9ithe den dheisceabaileacht Chr\u00edosta\u00ed, agus an m\u00e9id a eascra\u00edonn as \u00cdosa a lean\u00faint. Ag an claochl\u00fa th\u00e1ining guth an Athar \u00f3 neamh gurb \u00e9 \u00cdosa a mhac m\u00fairneach, leis na briathra \u201c\u00c9istig\u00ed leis\u201d.Sa turas seo n\u00edor fhearadh f\u00e1ilte i gc\u00f3na\u00ed roimh \u00cdosa n\u00e1 a chuid. A mhalairt anois le Marta. Bh\u00ed Marta gafa le b\u00e9ile cu\u00ed a ch\u00f3iri\u00fa. A mhalairt le M\u00e1ire. Bh\u00ed s\u00ed ina su\u00ed ag cosa an Tiarna ag \u00e9isteacht lena bhriathar.N\u00ed deirtear linn cad air go raibh \u00cdosa ag caint; ar ghn\u00e9ithe de r\u00edocht D\u00e9 is d\u00f3cha. Nuair a iarann Marta ar \u00cdosa a r\u00e1 lena a deirfi\u00fair M\u00e1ire l\u00e1mh c\u00fanta a thabhairt di, d\u2019fhreagair \u00cdosa go raibh Marta ag cur an iomad str\u00f3 uirthi f\u00e9in, buartha faoi al\u00e1n nithe, agus nach raibh riachtanas ach le haon rud amh\u00e1in. N\u00ed deirtear go follasach c\u00e9rb \u00e9 an rud sin, ach is soileir gur \u00e9isteacht le briathar D\u00e9 a bh\u00ed i gceist. N\u00edor th\u00e1inig \u00cdosa go dt\u00ed a ch\u00e1irde seo chun l\u00f3in, ach mar chuid de fh\u00f3gairt an dea-sc\u00e9ala. \u201cIs \u00ed an ph\u00e1irt is fearr ba rogha le M\u00e1ire\u201d. T\u00f3gadh an r\u00e1iteas seo faoin \u201cbp\u00e1irt is fearr\u201d go minic san Eaglais le tuiscint gur fearr agus gur airde beatha an rinnfheithimh n\u00e1 an bheatha ghn\u00edomhach. Ach n\u00ed d\u00f3cha gurb \u00e9 sin a bh\u00ed in aigne \u00cdosa. Bh\u00ed s\u00e9 ag cur b\u00e9ime thar aon rud eile ar th\u00e1bhacht bheith ag \u00e9isteacht le briathar D\u00e9, le briathar \u00cdosa, mar a mhol an tAthair ag an Claochl\u00fa. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed in am pr\u00e1inne deirfidh Peadar: \u201cN\u00ed d\u00f3igh liom go mba cheart d\u00fainne briathar D\u00e9 a fhag\u00e1il chun dul ag freastal ag boird\u201d (Gn\u00edomhthartha 6:2). Labhra\u00edonn briathra \u00cdosa san eachtra seo do gach r\u00e9 san Eaglais: P\u00e9 acu gafa le c\u00farsa\u00ed an tsaoil th\u00fa, n\u00f3 i gci\u00fanas, n\u00e1 d\u00e9an dearmad ar Bhriathar D\u00e9: N\u00edl riachtanas ach le aon n\u00ed amh\u00e1in.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ag \u00e9isteacht le r\u00fandiamhair Chr\u00edost agus na hEaglaise agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an d\u00ednit at\u00e1 againn toisc go bhfuilimid in\u00e1r mbeatha sa r\u00e9 seo ina bhfuil na gealltanais comhl\u00edonta, agus gur c\u00f3ir duinn l\u00fach\u00e1ir a bheith orainn d\u00e1 bharr, l\u00fach\u00e1ir fi\u00fa i measc na dtriobl\u00f3id\u00ed a ghabhann le gn\u00e1thch\u00farsa\u00ed na beatha Cr\u00edosta\u00ed. Bh\u00ed \u00e1thas ar Ph\u00f3l bheith mar thimire leis an dea-sc\u00e9ala, dea-sc\u00e9ala an Bhriathair, a fh\u00f3gairt, an dea-sc\u00e9ala go raibh an r\u00fandiamhair foilsithe, nochtaithe. Bh\u00ed l\u00fach\u00e1ir ar \u00cdosa go raibh an sicr\u00e9id, na r\u00fandiamhra a bh\u00ed folaithe leis na cianta, foilsithe ag an Athair anois tr\u00ed \u00cdosa do na \u201cnaoin\u00e1in\u201d, seachas do lucht na heagna agus na tuisceana (Matha 11:25-30). Mar gheall air seo rinne \u00cdosa gairdeas sa Spiorad Naomh (L\u00fac\u00e1s 10:21-22), faoi mar a dh\u00e9anfaidh P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ba \u00ed an r\u00fandiamhair i gceist n\u00e1 beartas shl\u00e1naithe D\u00e9 tr\u00ed Chr\u00edost, r\u00fandiamhair a fh\u00e9adfa\u00ed a chur i bhfocail \u00e9ags\u00fala. Sa litir chuig na hEifisigh b\u2019ionann an r\u00fan agus seo: nuair a bheadh an t-am cu\u00ed tagaithe, beartas D\u00e9 gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le ch\u00e9ile faoi cheannas Chr\u00edost (Eifisigh 1:9-10). Do Ph\u00f3l sa litir seo chuig na Colosaigh is \u00e9 at\u00e1 ann \u201cCr\u00edost ionaibh, in bh\u00far measc, d\u00f3chas na gl\u00f3ire\u201d. Le nochtadh, le foilsdi\u00fa, seo na r\u00fandiamhaire t\u00e1 Cr\u00edost, d\u00f3chas na gl\u00f3ire, san Eaglais agus i gcro\u00ed gach f\u00edr\u00e9in, tuar d\u00f3chais d\u00fainn abhus agus sa ts\u00edora\u00edocht.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;Leanann an Eaglais ar aghaidh ag baint \u00fas\u00e1ide as an dt\u00e9arma seo \u201cr\u00fandiamhir\u201d agus an saibhreas br\u00ed a bhaineann leis lena a creideamh ina n\u00e1d\u00far f\u00e9in agus sna sacrainint\u00ed a chur in i\u00fal. Is \u00e9 an teideal at\u00e1 ag an gc\u00e9ad chaibideal de Bhunreacht Vatac\u00e1in II ar an Eaglais n\u00e1 \u201cR\u00fandiamhair na hEaglaise\u201d. Mar a mh\u00edn\u00edonn an P\u00e1pa P\u00f3l VI ina aitheasc ag oscailt an dara seisi\u00fan de Chomhairle na Vatac\u00e1ine (1961): \u201cIs r\u00fandiamhair \u00ed an Eaglais. Is r\u00e9altacht \u00ed ina bhfuil l\u00e1ithreacaht D\u00e9 folaithe istigh inti. Baineann s\u00e9 le n\u00e1d\u00far d\u00edlis na hEaglaise, mar sin, bheith oscailte don rud nua agus ag sior cuardach beala\u00ed nua\u201d. Is f\u00e9idir r\u00fandiamhra a thabhairt ar na sacraimint\u00ed chomh maith, de bhr\u00ed go bhfuil cumhacht D\u00e9 i l\u00e1thair iontu, ag tabhairt lean\u00fanachta don r\u00fandiamhair tosaigh a bh\u00ed ann le Cr\u00edost agus bun\u00fa na hEaglaise. Is \u00ed an Eocairist an r\u00fandiamhair par excellence, agus is ioma\u00ed tagairt i liot\u00fairge an Aifrinn do r\u00fandiamhair n\u00f3 r\u00fandiamhra. Is \u00ed is aidmh d\u00f3 sin go l\u00e9ir n\u00e1 an Eaglais agus gach f\u00edr\u00e9an a thabhairt chun foirfeachta, chun beatha de r\u00e9ir na r\u00fandiahmaire, gur d\u00f3chas na gl\u00f3ire \u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I\u00fal 21 2013 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-109","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/109","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=109"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/109\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=109"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=109"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=109"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}