{"id":1094,"date":"2020-04-22T09:16:33","date_gmt":"2020-04-22T09:16:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1094"},"modified":"2020-04-22T09:16:34","modified_gmt":"2020-04-22T09:16:34","slug":"26-aibrean-2020-a-triu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1094","title":{"rendered":"26 Aibre\u00e1n 2020 (A)  Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <em>Cr\u00edost linn i mbriathar agus i sacraimint.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:14, 22-33). <em>N\u00edorbh fh\u00e9idir d\u2019ifreann \u00e9 a choinne\u00e1il<\/em>. Cuid de ch\u00e9ad sheanm\u00f3ir Pheadair agus na hEaglaise Domhnach Cinc\u00edse at\u00e1 anseo. Domhnach C\u00e1sca, agus ina dhiaidh, nuair a thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00f3ibh bh\u00ed na deisceabail i dteach agus na doirse faoi ghlas ar eagla na nGi\u00fadach. Bh\u00ed malairt sc\u00e9il ann&nbsp; Domhnach Cinc\u00edse nuair a th\u00e1inig an Spiorad Naomh orthu. Bh\u00edodar anois l\u00e1n de mhisneach agus dh\u00edograis an de\u00e1-sc\u00e9al faoi \u00cdosa a fh\u00f3gairt d\u00e1 muintir f\u00e9in Iosrael. Bh\u00ed an D\u00e1r\u00e9ag ag feidhmi\u00fa mar aonad. N\u00edl againn sa l\u00e9acht seo as sliocht as aitheasc fada Pheadair ina l\u00e9ir\u00edonn s\u00e9 \u00f3na Scriopt\u00fair f\u00edrinni \u00e1irithe faoina tharla maidir le b\u00e1s \u00cdosa, a ais\u00e9ir\u00ed agus teacht an Spioraid Naoimh an Domhnach sin Cinc\u00edse. San aitheasc seo t\u00e1 machnamh domhain na luath-eaglaise ar r\u00fandiamhra Chriost (a bh\u00e1s, a ais\u00e9iri, filleadh ar an Athair, agus teacht an Spioraid) agus an ceangal a bh\u00ed acu le r\u00e9amhinsint sna Scriopt\u00fair. Labhra\u00edonn Peadar faoi bheatha \u00cdosa ar talamh, mar ab eol d\u00e1 lucht \u00e9isteachta \u00ed, agus na mior\u00failt\u00ed a rinne s\u00e9 le cumhacht D\u00e9. Bh\u00ed a bh\u00e1s de r\u00e9ir phlean D\u00e9, le comhairle chinnte agus r\u00e9amheolas D\u00e9. Tagann s\u00e9 ansin go hais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa, a bh\u00ed de r\u00e9ir fh\u00e1istine Dh\u00e1iv\u00ed, a deir Peadar. Glacadh gur chum D\u00e1iv\u00ed Salm 15 (16) agus go bhfuil s\u00e9 ag tagairt d\u00f3 f\u00e9in ann, ag lua nach bhf\u00e1gfadh Dia a anam in ifreann (i measc na marbh). Glacann Peadar seo mar fh\u00e1istine do ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, seachas do Dh\u00e1iv\u00ed. Is finn\u00e9ithe na haspail, d\u00fairt Peadar, ar ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Ina dhiaidh sin t\u00e1 tagairt achomair agus ghonta don diagacht a bhaineann le deascabh\u00e1il \u00cdosa go deasl\u00e1imh an Athar: \u201cFuair s\u00e9 \u00f3na&nbsp; Athair an Spiorad a bh\u00ed geallta agus dhoirt amach orainne \u00e9\u201d, agus sin \u00e9 an Spiorad ba ch\u00fais le Domhnach Cinc\u00edse.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 15[16]).&nbsp; <em>Taispe\u00e1in d\u00fainn sl\u00ed na beatha, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Peadar 1:17-21). <em>Fuascla\u00edodh sibh le fuil luachmhar Chr\u00edost, an t-uan gan locht, gan teimheal.<\/em> T\u00e1 spiorad na C\u00e1sca (Cr\u00edost mar uan) le moth\u00fa sa sliocht seo faoi mar at\u00e1 sa litir tr\u00edd s\u00edos. Tosa\u00edonn an sliocht le tagairt do Dhia mar Athair, \u201cm\u00e1 thugann sibh Athair\u201d, n\u00f3 \u201cm\u00e1 ghlaonn sibh mar Athair\u201d, &nbsp;briathra a thugann chun cuimhne an phaidir, \u201cA Athair (\u00c1r nAthair) ar neamh\u201d. Leanann sl\u00ed bheatha as admh\u00e1il chreidimh. N\u00ed m\u00f3r aithris a dh\u00e9anamh ar Dhia \u00e1r nAthair, mar a mheabhraigh \u00cdosa go minic, beatha Chr\u00edosta\u00ed a bheadh l\u00e1n d\u2019urraim agus d\u2019om\u00f3s (\u201ceagla\u201d) do Dhia. Deirtear leis na creidmhigh maireacht\u00e1il sa saol seo mar \u00e1itritheoir\u00ed coimhth\u00edocha, sort deoraithe. N\u00ed d\u00f3cha gur deora\u00edocht \u00f3na dt\u00edr dh\u00fachais ar neamh at\u00e1 i gceist, ach amhail creidmhigh mar strains\u00e9ir\u00ed i socha\u00ed phag\u00e1nach. N\u00ed ag d\u00edspeagadh an tsaoil sin at\u00e1 Peadar &#8212; molann s\u00e9 om\u00f3s a thabhairt do gach \u00fadar\u00e1s \u2013ach ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh go bhfuil bun\u00fas eile ar fad lena gcreideamh. Fuascla\u00edodh iad le b\u00e1s (fuil) Chr\u00edost, agus t\u00e1 treoir bheatha eile acu seachas an t -iompar baoth a bh\u00ed acu \u00f3n pag\u00e1nachas (\u201coidhreacht bhur n-aithreacha\u201d). Cuid de phlean sl\u00e1naithe D\u00e9 a bh\u00ed i mb\u00e1s \u00cdosa&nbsp; agus &nbsp;a ais\u00e9ir\u00ed, plean a bh\u00ed ann on ts\u00edora\u00edocht anall. Thug Dia an tAthair gl\u00f3ir do Chr\u00edost ionas go mbeadh creideamh agus d\u00f3chas ag a lucht lean\u00fana i nDia. T\u00e1 bunchloch an creidimh againn anseo: creideamh agus d\u00f3chas.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 24:13-35). <em>D\u2019aitnn\u00edodar \u00e9 i mbriseasdh an ar\u00e1in.<\/em> An eachtra seo, a bhfuil an-aithne uirthi, t\u00e1 s\u00ed ar f\u00e1il i soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1s amhain. T\u00e1 cur s\u00edos inti ar ch\u00e1s bheirt dheisceabal \u00cdosa a chaill a gcreideamh ann de bharr scannal na croise, agus a fhaigheann ar ais \u00e9 tr\u00ed caidreamh le h\u00cdosa agus eolas ar na Scriopt\u00fair. Luaitear an logainm Eam\u00e1\u00fas ann, nach fios go beacht c\u00e1 raibh s\u00e9. N\u00edl s\u00e9 cinnte c\u00e9 chomh fada \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im a bh\u00ed s\u00e9: seasca st\u00e1id (thart ar seacht m\u00edle) n\u00f3 c\u00e9ad st\u00e1id seasca. T\u00e1 cathair Amwas an lae inniu thart ar fhiche m\u00edle sl\u00ed \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im (thart ar c\u00e9ad seasca st\u00e1id). Oilithrigh is d\u00f3cha a bh\u00ed sa bheirt. An comhr\u00e1 idir \u00cdosa (anaithnid d\u00f3ibh)\u00a0 agus iad sa tsl\u00ed bhain s\u00e9 lena tharla d\u2019\u00cdosa,\u00a0 ar fh\u00e9achadar air mar fh\u00e1idh \u00e9ifeachtach \u00f3 ghn\u00edomh agus \u00f3 bhriathar. Bh\u00edodar ina theannta sa Ghail\u00edl, b\u2019fh\u00e9idir. Mh\u00ednigh \u00cdosa d\u00f3ibh r\u00fandiamhair a phearsa f\u00e9in, i bplean sl\u00e1naithe an Athar. N\u00ed leor bheith ina theannta ar talamh. Baineann s\u00e9 le rundiamhair D\u00e9, agus mar sin n\u00ed scannal a bh\u00ed sa chrois ach cuid de phlean sin D\u00e9 a bhfuil tr\u00e1cht uirthi sna Scriopt\u00fair, agus mh\u00ednigh s\u00e9 d\u00f3ibh \u00e9 \u00f3n Peintiteoch (Maois) agus na f\u00e1ithe. Ag an b\u00e9ile ina gcuibhreann, th\u00f3g \u00cdosa\u00a0 an t-ar\u00e1n, bheannaigh, bhris agus thug d\u00f3ibh \u00e9. Oscla\u00edodh\u00a0 a s\u00faile agus d\u2019aithn\u00edodar \u00cdosa. N\u00ed eocairist a bh\u00ed i gceist, ach b\u00e9ile eile i dtraidisi\u00fan \u00cdosa. M\u00e1s amhlaidh go raibh an bheirt deisceabal sin i gcomhluadar \u00cdosa feadh a shaoil, thuigfidis go maith an bhr\u00ed a bh\u00ed ag baint le beann\u00fa agus briseadh an ar\u00e1in. Ar fhilleadh ar Iar\u00fasail\u00e9im d\u00f3ibh chualadar an sc\u00e9al go raibh an Tiarna (\u00cdosa) \u00e9irithe agus go bhfacthas don Sh\u00edom\u00f3n \u00e9. Sean-ainm sa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed ar Pheadar (C\u00e9afas) S\u00edom\u00f3n, agus san eachtra seo t\u00e1 sc\u00e9al \u00e1rsa againn faoin ch\u00e9ad Domhnach C\u00e1sca.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cr\u00edost linn i mbriathar agus i sacraimint.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceann de na sleachta is iomr\u00e1it\u00ed sa Bh\u00edobla l\u00e9acht sin i soisc\u00e9al an lae inniu. Labhra\u00edonn s\u00e9 go tr\u00e9an&nbsp; le daoine \u00f3 gach aois, a fheiceann samhail d\u00edobh f\u00e9in sa bheirt thaisteala\u00ed sin san aistear d\u00f3ibh, an creideamh agus an d\u00f3chas caillte acu, an todhcha\u00ed a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a ch\u00e9ile, ach cara caoin anaithnid ag si\u00fal an bh\u00f3thair leo le l\u00e9argas \u00far a thabhairt d\u00f3ibh, n\u00f3 leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I gn\u00e1thach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar nd\u00f3igh is mar sin at\u00e1 \u2013 aistear \u00f3 thaobh aithne ag an duine air n\u00f3 uirthi f\u00e9in, c\u00e1 seasann siad, agus cad t\u00e1 i nd\u00e1n d\u00f3ibh. Moltar si\u00fal leo san aistear.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Go minic is \u00f3 thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do ch\u00farsa\u00ed creidimh. Ach, faoi mar ab eol d\u00e1r sinsir, t\u00e1 Cr\u00edost san aistear i gc\u00f3na\u00ed, Cr\u00edost liom, Cr\u00edost romham, Cr\u00edost i mo dhiaidh agus mar sin de.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F\u00edrinn\u00ed eile ar fi\u00fa machnamh orthu inniu n\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair sa Aifreann, i l\u00e9achta\u00ed an Scriopt\u00fair agus san Eocairist.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ar \u00e9igin gur g\u00e1 a mheabhr\u00fa ar\u00eds firinne ina chuireann an Eaglais an-bh\u00e9im inniu: go bhfuil Cr\u00edost i l\u00e1thair ina bhriathar, mar is \u00e9 Cr\u00edost a labhra\u00edonn gach uair a l\u00e9itear an scriopt\u00far sa liot\u00fairge. Tugann l\u00e9acht an Bh\u00edobla an sean agus an nua le ch\u00e9ile d\u00fainn, an bhr\u00ed ba chiall leis c\u00e9aduair agus faoi mar is f\u00e9idir sin a chur in oiri\u00faint do thosca\u00ed an lae inniu, n\u00f3 fi\u00fa do cheisteanna f\u00f3s le teacht. N\u00ed teagmh\u00e1il aigne, intleachtach lom &nbsp;amh\u00e1in at\u00e1 anseo, mar t\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair lena Spiorad, lena ghr\u00e1sta.<\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/em>Agus, ar nd\u00f3igh, t\u00e1 s\u00e9 i l\u00e1thair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an ar\u00e1in,&nbsp; gn\u00edomh a thugann chun cuimhne d\u00fainn na br\u00edonna iomad\u00fala a bh\u00ed le briseadh an ar\u00e1in do \u00cdosa f\u00e9in lena bheatha agus tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed do.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1094","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1094","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1094"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1094\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1095,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1094\/revisions\/1095"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1094"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1094"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1094"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}