{"id":1107,"date":"2020-04-30T12:45:19","date_gmt":"2020-04-30T12:45:19","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1107"},"modified":"2020-04-30T12:45:19","modified_gmt":"2020-04-30T12:45:19","slug":"1107","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1107","title":{"rendered":""},"content":{"rendered":"\n<p>3 Bealtaine 2020 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)<\/p>\n\n\n\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>B<strong>. <em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: \u00cdosa an tAoire Maith, an Tiarna inn\u00e9. inniu agus de sh\u00edor<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>A. L<strong>\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:14, 36-41). <em>Rinne Dia Tiarna agus Cr\u00edost de. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 Peadar ag caint leis an bpobal in Iar\u00fasail\u00e9im tar \u00e9is tuirlingt an Spioraid Naoimh. Sa r\u00e1iteas tosaigh t\u00e1 achoimre cruinn ar chreideamh na luath-eaglaise faoi \u00cdosa: San aiseir\u00ed rinne Dia Tiarna agus Cr\u00edost den \u00cdosa a chuir na Gi\u00fadaigh chun b\u00e1is. L\u00e1r-alt creidimh \u00e9 gur ardaigh Dia \u00cdosa ag an ais\u00e9ir\u00ed agus gur bhronn s\u00e9 air an t-ainm at\u00e1 os cionn gach ainm, agus go ndearbh\u00f3dh gach teanga gurbh \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an Tiarna (Filipigh 2:9-11). Ionann an t-ainm Tiarna anseo, idir fh\u00edrinn\u00ed eile, agus a r\u00e1 go bhfuil \u00cdosa ag deasl\u00e1imh an Athar, agus go bhfuair s\u00e9 an Spiorad a bh\u00ed geallta, an Spiorad a dhoirt s\u00e9&nbsp; l\u00e1 sin na Cinc\u00edse, mar a mheabhraigh Peadar f\u00e9in pas beag n\u00edos luaithe sa seanm\u00f3ir seo&nbsp; chomh maith. Thar cheann na nAspal d\u2019admhaigh Peadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 \u00cdosa lena bheatha ar talamh, agus n\u00edor sh\u00e9an \u00cdosa gurb ea. Ag a thriail chuir an tArdsagart ceist ar \u00cdosa arb \u00e9 an Cr\u00edost (an Meisias) \u00e9. Aris, n\u00edor sh\u00e9an \u00cdosa gurb ea. Lena shaol ar talamh ba \u00e9 an meisias (an Cr\u00edost) \u00cdosa le na gealltanais d\u2019Iosrael a chomhl\u00edonadh. Ag a ais\u00e9ir\u00ed rinne Dia Cr\u00edost de \u00cdosa i modh faoi leith,&nbsp; lena raibh sna gealltanais sin a thabhairt chun cr\u00edche. Nuair adeir Peadar leis an lucht \u00e9isteachta aithr\u00ed a dh\u00e9anamh, n\u00ed aithr\u00ed i bpeaca\u00ed pearsanta at\u00e1 i gceist aige go bun\u00fasach ach athr\u00fa meoin go creideamh in \u00cdosa agus a leanann as, le baisteadh a ghlacadh a thabharfadh isteach iad sa phobal nua ina mbeidh \u00cdosa mar Thiarna agus bronntanas an Spioraid acu. Roimh seo bh\u00edodar tiomanta do Mhaois tr\u00edd an dli. Beidh siad anois tiomanta do \u00cdosa tr\u00ed bhaisteadh in ajnm \u00cdosa (n\u00edos d\u00e9ana\u00ed beidh s\u00e9 in ainm na Trion\u00f3ide). Tugtar \u201cdrochghl\u00fain\u201d ar ghl\u00fain sin na nGi\u00fadach nach \u00e9isteann le guth D\u00e9 ag labhairt tr\u00ed \u00cdosa, an Spiorad agus na hAspail san eaglais. Is gean le L\u00fac\u00e1s dul ar agaidh na hEaglaise i l\u00edon a r\u00edomhadh. Tosa\u00edonn a stair an l\u00e1 sin Cinc\u00edse le tuairim ar thr\u00ed mh\u00edle duine. Beidh m\u00e9ad\u00fa m\u00f3r uirthi i measc na nGintlithe.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em>(Salm 22[23]). <em>Is \u00e9 an Tiarns m\u2019aoire; n\u00ed bheidh aon n\u00ed de dh\u00edth orm.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Peadar 2:20-25). <em>T\u00e1 sibh tagaithe ar ais chuig caomhn\u00f3ir bhur n-anama.<\/em> Is fi\u00fa an sliocht seo a mheas i dtosach b\u00e1ire ina chomhth\u00e9asc sa &nbsp;litir f\u00e9in, agus ansin \u00e9 a mheas mar a labhra\u00edonn s\u00e9 linn inniu. T\u00e1 an litir seo d\u00edrithe ar chomhluadair scaipthe de&nbsp; Chr\u00edosta\u00edthe a bh\u00ed ina mhionlach i socha\u00ed phag\u00e1nach, socha\u00ed a bh\u00ed eagraithe go docht \u00f3n Impire f\u00e9in an\u00edos tr\u00ed chathracha, bhailte, theaghlaigh agus eile, socha\u00ed inar chuid d\u00edlis di an scl\u00e1bha\u00edocht. N\u00ed h\u00e9 gur caitheadh go dona i gc\u00f3na\u00ed le seirbh\u00edsigh agus scl\u00e1bhaithe, ach rinneadh ar uairibh agus n\u00ed raibh leigheas a gc\u00e1s acu m\u00e1 rinneadh. Tugann an litir roinnt treoracha do chreidmhigh faoi conas iad f\u00e9in a iompair san socha\u00ed sin: bheith g\u00e9ili\u00fail don uile fhoras daonna ar son an Tiarna; iad f\u00e9in a iompair mar dhaoine saora, ach gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc acu; on\u00f3ir a thabhairt do ch\u00e1ch agus gr\u00e1 don bhr\u00e1ithreacht; eagla orthu roimh Dhia agus om\u00f3s acu don impire. D\u00edreach ina dhiaidh sin, i sliocht an lae inniu, casann Peadar ar cheist na scl\u00e1bhaithe ar&nbsp; a dh\u00e9antar leatrom go h\u00e9agorach. Molann s\u00e9 d\u00f3ibh a bheith foighdeach, agus Cr\u00edost c\u00e9asta a th\u00f3gaint mar eiseaml\u00e1r. N\u00ed thabharfadh seo cothram na F\u00e9inne d\u00f3ibh, ach n\u00ed dh\u00e9anfadh a mhalairt ach oiread sna c\u00fains\u00ed \u00e1irithe sin. Seasann an sliocht seo amach \u00f3n ch\u00falra staire sin, agus \u00f3 aon ch\u00falra eile, agus labhra\u00edonn s\u00e9 le gach gl\u00fain, faoi aithris a dh\u00e9anamh ar Chr\u00edost c\u00e9asta in am an gh\u00e1tair. Chuaidh a theachtaireacht i bhfeidhm go m\u00f3r ar spiorad\u00e1ltacht \u00e1r sinsir: \u201cNach m\u00f3 go m\u00f3r ar fhulaing Cr\u00edost\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 10:1-10). <em>Mise doras na gcaorach.<\/em> \u00d3n soisc\u00e9al a l\u00e9itear inniu tugtar \u201cDomhnach an Aoire Mhaith\u201d ar an Domhnach seo, agus freisean tugtar air go cu\u00ed \u201cL\u00e1 Domhanda do urna\u00ed do ghairmeacha\u201d.\u00a0 Sliocht an lae inniu is t\u00fas \u00e9 do aitheasc fada le h\u00cdosa air f\u00e9in mar an\u00a0 Fh\u00edor-Aoire. Maidir leis an \u00edomh\u00e1 tosaigh ann, de r\u00e9ir dealraimh cr\u00f3 caorach at\u00e1 i gceist, agus balla m\u00f3r timpeall air, ina choime\u00e1dtar na caoirigh thar o\u00edche, le iad a threor\u00fa amach chun f\u00e9araigh ar\u00a0 maidin ag aoire, tr\u00e9ada\u00ed, nuair a oscla\u00edonn an doirseoir d\u00f3. Leagtar b\u00e9im ar an gcomhthuiscint idir na caoirigh agus an F\u00edor-Aoire. Aithn\u00edonn siad a ghuth agus leanann siad \u00e9. Sin parabal tosaigh an tsleachta. Cuid d\u00edlis de thraidisi\u00fan an Bh\u00edobla, sa Seantiomna agus an Tiomna Nua, an t-Aoire agus an tr\u00e9ad. Bh\u00ed aoir\u00ed f\u00f3nta ann, agus droch-aoir\u00ed (r\u00edthe, prionsa\u00ed, agus eile), a chuir scaipeadh ar phobal D\u00e9.\u00a0 Tr\u00ed fh\u00e1idh amh\u00e1in gheall Dia go mbeadh s\u00e9 f\u00e9in mar Aoire ar a thr\u00e9ad\u00a0 chun iad a threor\u00fa go hioml\u00e1ine na beatha. M\u00edn\u00edonn \u00cdosa f\u00e9in br\u00ed an pharabail, ina chuireann s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in i l\u00e1thair mar an doras, is \u00e9 sin le r\u00e1 an tsl\u00ed agus an bheatha, an t-aon sl\u00ed amh\u00e1in chun an Athar ar neamh, agus chun comaoine leis f\u00e9in ar talamh. Samhla\u00edonn \u00cdosa gaol pearsanta idir \u00e9 f\u00e9in agus a thr\u00e9ad, a lucht lean\u00fana, a thuigeann an misean at\u00e1 aige \u00f3n Athair agus a leanann \u00e9. Th\u00e1inig s\u00e9 le beatha a thabhairt, agus \u00ed a thabhairt go fial. De bharr an dl\u00fathchaidrimh idir \u00e9 f\u00e9in agus a thr\u00e9ad aithn\u00edonn siad a ghuth agus leanann siad \u00e9. D\u00e9anann \u00cdosa compar\u00e1id idir \u00e9 f\u00e9in agus daoine eile a dh\u00e9anann dochar don tr\u00e9ad, daoine ar a dtugann s\u00e9 bithi\u00fanaigh agus rob\u00e1laithe, nach dtagann isteach tr\u00edd f\u00e9in, an doras. Tagann siad sin chun a bheith ag goid, ag mar\u00fa agus ag milleadh, murab ionann agus \u00cdosa a th\u00e1inig chun go mbeadh an bheatha ag a thr\u00e9ad. An gaol pearsanta idir \u00cdosa, an tAoire F\u00f3nta, agus a thr\u00e9ad a ligeann d\u00e1 lucht lean\u00fana gan \u00e9isteacht leis droch-aoir\u00ed. C\u00e9aduair bh\u00ed an parabal seo d\u00edrithe ar cheannair\u00ed Gi\u00fadacha (Fairis\u00ednigh) n\u00e1r lig d\u00e1 mhuintir guth D\u00e9 san Soisc\u00e9al a aithint agus \u00cdosa, an tAoire Maith, a lean\u00faint. Tugann bua an chreidimh agus lonradh an Spioraid Naoimh d\u00e1 thr\u00e9ad \u00cdosa a aithint mar an t-aon doras, and t-aon sl\u00ed, chun an Athar and chun na beatha.<\/p>\n\n\n\n<p>B. <strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em><\/strong><em> \u00cdosa an tAoire Maith, an Tiarna inn\u00e9. inniu agus de sh\u00edor.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Sa pharabal agus san aitheasc fada faoi f\u00e9in mar an s\u00e1raoire, leagann \u00cdosa b\u00e9im ar fh\u00edrinn\u00ed bun\u00fasacha faoi f\u00e9in, agus faoin chaidreamh at\u00e1 aige leis an Athair agus a \u201cthr\u00e9ad\u201d, a lucht lean\u00fana d\u00edlis. Tugann an s\u00e1raoire a bheatha ar son a chaorach. T\u00e1 comhthuiscint dhomhain idir \u00e9 f\u00e9in agus a chaoirigh; \u00e1ithn\u00edonn siad a ghuth agus leanann siad \u00e9, ag tabhairt c\u00fal do \u201caoir\u00ed\u201d eile a chuirfeadh ar strae iad.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud suntasach faoi l\u00e9achta\u00ed go l\u00e9ir an lae inniu n\u00e1 l\u00e1rionad \u00cdosa sa chreideamh, san eaglais, i bplean sl\u00e1naithe D\u00e9. Ag a ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3 tar eis bh\u00e1is ar an gcrois, rinne Dia Tiarna agus Cr\u00edost de \u00cdosa. B\u2019shin teachtaireacht Pheadair L\u00e1 Cinc\u00edse do phobal na nGi\u00fadach, leis an ghairm aithr\u00ed a dh\u00e9anamh, athr\u00fa \u00f3 chreideamh le Maois ina l\u00e1r go creideamh sa Soisc\u00e9al. Mionlach a bh\u00ed sna comhluadair Cr\u00edosta\u00edthe ar scr\u00edobh Peadar chucu ina litir a l\u00e9itear na Domhnacha\u00ed seo, ina mholann s\u00e9 om\u00f3s a bheith acu do na h\u00fadar\u00e1is shibhialta, ach bheith deimhin de go raibh oidhreacht eile acu f\u00e9in tr\u00ed bh\u00e1s \u00cdosa ar an gCrois, Cr\u00edost a bheadh mar eiseaml\u00e1ir acu. D\u00e9anann \u00cdosa soil\u00e9ir sa pharabal agus ina aitheasc gurb \u00e9 f\u00e9in an t-aon doras, an doras go cr\u00f3 na gcaorach (comhluadar na gcreidmheach ar talamh) agus an t-aon doras go dt\u00ed an tAthair ar neamh. Mar adeir s\u00e9 in \u00e1it eile: is eisean an tsl\u00ed, an fh\u00edrinne agus an bheatha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tr\u00e9ad beag a bh\u00ed ag \u00cdosa ar talamh an uair sin, agus is beag tr\u00e9ad na hEaglaise aon uair i gcompar\u00e1id leis na c\u00e9adta milli\u00fan den chine daonna at\u00e1 ann, gurbh \u00e9 Dia a gCruthaitheoir agus \u00cdosa a Sl\u00e1naitheoir. C\u00e9ard faoina sl\u00e1n\u00fa si\u00fad? Ceap tuisle \u00e9 do aos l\u00e9inn \u00e1irithe gurb ag Cr\u00edostaithe amh\u00e1in, agus tr\u00ed Cr\u00edost an Doras, amh\u00e1in, at\u00e1 bealach isteach do Dhia. N\u00edl freagra na ceiste sin ag an Eaglais. T\u00e1 teagasc Chr\u00edost aici faoi \u00cdosa f\u00e9in mar an Doras, an tSl\u00ed, agus a fhios aici chomh maith gur maitheas gan teora \u00e9 Dia, a bhfuil freagra na ceiste eile aige.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus Domhnach an Aoire Mhaith \u00e1 cheili\u00faradh againn, tugaimis aird ar a bhriathra bheith aontaithe leis agus leis an Athair, le go mbeadh ar \u00e1r gcumas a ghuth a aithint, i saol ina bhfuil iliomad guthanna eile \u00e1r dtarraingt uaidh. Agus gu\u00edmis ar son m\u00e9ad\u00fa ar ghairmeacha le go mbeadh aoir\u00ed, tr\u00e9adaithe, le f\u00e1il san eaglais, gairmeacha a thiocfaidh \u00f3 dhaoine ag aithint guth an&nbsp; Aoire Mhaith<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>3 Bealtaine 2020 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1107","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1107","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1107"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1107\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1108,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1107\/revisions\/1108"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1107"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1107"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1107"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}