{"id":1111,"date":"2020-05-05T15:15:22","date_gmt":"2020-05-05T15:15:22","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1111"},"modified":"2020-05-05T15:15:23","modified_gmt":"2020-05-05T15:15:23","slug":"10-bealtaine-2020-a-cuigiu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1111","title":{"rendered":"10 Bealtaine 2020 (A) C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em>An Eaglais: Pobal D\u00e9, Sagartacht Naofa<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Gn\u00edomhartha 6:1-7). <em>Thogh siad seacht bhfear a bh\u00ed l\u00e1n den Spiorad Naomh. <\/em>Tugann an l\u00e9acht seo l\u00e9as d\u00fainn ar shaol laeth\u00fail na nGi\u00fadach in Iar\u00fasail\u00e9im in aimsir na luath-eaglaise, agus sin mar ch\u00falra don \u00f3g-eaglais f\u00e9in. Bh\u00ed dh\u00e1. n\u00f3 tr\u00ed, theanga \u00e1 labhairt ann go rialta, ceann Seim\u00edteach (Airimis n\u00f3 Eabhrais; d\u2019fheadfa\u00ed Eabhrais a thabhairt ar cheachtar acu) agus Gr\u00e9igis. Tugadh Heill\u00e9in\u00edthe ar lucht labhartha na Gr\u00e9igise. Rugadh cuid mhaith d\u00edobh taobh amuigh den Phailist\u00edn, agus is cos\u00fail go raibh an teanga Gr\u00e9igise \u00e1 h\u00fas\u00e1id go rialta in Iar\u00fasail\u00e9im, le sionag\u00f3ga agus seirbh\u00eds\u00ed liot\u00fairgeacha as Gr\u00e9igis acu. Bheadh cuid d\u00edobh sin n\u00edos oscailte don domhan neamh-Ghi\u00fadach agus do theachtaireacht Chr\u00edost n\u00e1 an dream eile, ach n\u00ed i gc\u00f3na\u00ed a bh\u00ed. Bh\u00ed na Heill\u00e9in\u00edthe go nimhneach i gcoinne Ph\u00f3il aspal. Bh\u00edodh c\u00faram faoi leith ag an eaglais do charthannacht do na baintreacha, agus de reir dealraimh bh\u00ed neamh-shuim \u00e1 d\u00e9anamh ag na seanfhond\u00fair\u00ed le teanga Sheim\u00edteach (Airimis n\u00f3 Eabhrais) ar lucht labhartha na Greigise (eachtranna<em>g<\/em>h). Cuireann an D\u00e1r\u00e9ag Aspal an cheist faoi bhr\u00e1id shlua na ndeisceabal. Thuig na haspail n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00f3ibh c\u00farsai freastail ag b\u00f3rd agus b\u00e9il\u00ed iad a tharraingt \u00f3na gc\u00faram don soisc\u00e9al, r\u00fandiamhair ina raibh urna\u00ed agus seanm\u00f3ireacht nasctha le ch\u00e9ile. Bh\u00ed an seachtar le togha le bheith tiomanta don seirbh\u00eds carthannachta seo. T\u00e1 ainmneacha Gr\u00e9igise ag an seachtar, ach b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh Heill\u00e9in\u00edthe, de bhunadh Gr\u00e9igach, iad go l\u00e9ir, ach cuid acu ina n-\u201cEabhraigh\u201d le h sainm Gr\u00e9igise. Duine amh\u00e1in acu, Niocl\u00e1s as Aint\u00edoc, ba phrosail\u00edteach (comhalta) \u00e9, a iompaigh \u00f3n ph\u00e1g\u00e1ntacht go Gi\u00fadachas. Toghadh d\u00e1 gc\u00faram nua iad le deasghn\u00e1th liot\u00fairgeach; leagadh l\u00e1mh orthu. Tugtar deag\u00e1naigh ar na seirbh\u00edsigh boird sin. Mar Heill\u00e9in\u00edthe bheidis n\u00edos oscailte don domhan neamh-Ghi\u00fadach n\u00e1 na hEabhraigh. N\u00ed cuirtear sios orthu a thuilleadh sa leabhar seo mar sheirbh\u00edsigh bhoird. Tr\u00ed shaothar duine d\u00edobh, Stiof\u00e1n, leath an dea-sc\u00e9al thar Iosrael amach. Agus ba mhisin\u00e9ir Pilib chomh maith. Maidir leis an l\u00edon m\u00f3r sagart a iompaigh ina gCr\u00edosta\u00edthe, n\u00ed dochar a mheabhr\u00fa go raibh l\u00edon m\u00f3r sagart Gi\u00fadacha, clannmhac \u00c1r\u00f3n, in Iar\u00fasail\u00e9im, le frioth\u00e1il sa Teampall.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 32[33[). <em>Tabhair d\u00fainn do bhuanghr\u00e1, a Thiarna,de r\u00e9ir an d\u00f3chais a chuirimid ionat.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Peadar 2:4-9). <em>Is cine tofa sibh, sagartacht r\u00edoga.<\/em> Ag tabhairt Iosrael amach \u00f3n \u00c9igipt d\u00f3, le bheith ina phobal tofa aige, duirt Dia le Maois a r\u00e1 le clann Iosrael: \u201cChonaic sibh mar thug m\u00e9 sibh ar eit\u00ed iolair agus a thug m\u00e9 chugam f\u00e9in sibh. Uime sin m\u00e1 gh\u00e9illeann sibh do mo ghl\u00f3r agus clo\u00ed le mo chonradh beidh sibhse, thar na cin\u00edocha go l\u00e9ir, i mo sheilbhse ar leithrigh. Beidh sibh agamsa in bhur r\u00edocht sagart, in bhur n\u00e1isiun coisricthe\u201d (Eacsadas 19:3-6). Bh\u00ed an bronntanas seo maidir le sagartacht agus cine coisricthe ceangailte le \u00e9isteacht agus glacadh le guth D\u00e9 ag labhairt. Sagartacht faoi leith, sagartacht an phobail, a bh\u00ed anseo. Bh\u00ed sagartacht eile le bheith ag Iosrael le frioth\u00e1ileamh sa bhoth agus sa Teampall, sagartacht a bhain le clann mhac \u00c1r\u00f3n. D\u2019fh\u00e9ach an pobal Cr\u00edosta\u00ed air f\u00e9in mar chomharba ar Iosrael, leis na t\u00edolactha\u00ed a gealladh do Iosrael: sagartacht agus gach a bhain lei. B\u00edonn ofr\u00e1ileacha ag sagairt, i dTeampall, a bhuna\u00edtear ar talamh de chlocha. I bpobal nua D\u00e9 is \u00e9 an pobal f\u00e9in an Teampall, agus baill an phobail na clocha. Is \u00ed an ofr\u00e1il a dh\u00e9anann an tsagartacht seo n\u00e1 an bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Is \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost bunchloch agus barrchloch an Teampaill, cloch an coirn\u00e9il, an chloch thofa, ach cloch gur ceap tuisle \u00ed d\u00f3ibh sin nach gcreideann. Glaodh \u00cdosrael \u00f3n dorchadas ag teacht \u00f3n \u00c9igipt d\u00f3. Glaodh an Eaglais agus na Cr\u00edostaithe \u00f3n dorchadas ag an eacsadas nua le hais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus sa bhaisteadh. Is cine tofa iad, sagartacht r\u00edoga, n\u00e1isi\u00fan naofa le gl\u00f3ir \u00cdosa a fh\u00f3gairt le beatha de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 14:1-12). <em>Is mise an tSl\u00ed, an Fh\u00edrinne agus an Bheatha.<\/em> Is cuid de aitheasc \u00cdosa \u00e9 seo agus \u00e9 ag f\u00e1gaint sl\u00e1n ag a dheisceabail roimh filleadh ar a Athair d\u00f3 chun \u00e1it a chur in oiri\u00faint d\u00f3ibh. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar an aontas at\u00e1, agus a bheidh, ann idir \u00e9 f\u00e9in, an tAthair agus na deisceabail. Beidh siad leis san \u00e1it ina a bhfuil s\u00e9 ag dul. Ag freagairt ceiste \u00f3 Thom\u00e1s deir \u00cdosa gurb \u00e9 f\u00e9in an tSl\u00ed chun an Athar, an Fh\u00edrinne agus an Bheatha. Ionann aithne ar \u00cdosa agus athne ar an Athair. M\u00e1 t\u00e1 aithne acu ar \u00cdosa, t\u00e1 aithne acu ar an Athair. T\u00e9ama thar a bheith t\u00e1bhachtach at\u00e1 anseo. Bunphrionsabal i gcreideamh an tSeantiomna agus an Ghi\u00fadachais n\u00e1 nach f\u00e9idir le duine daonna Dia a fheice\u00e1il. Mar a d\u00fairt Dia f\u00e9in le Maois: \u201cN\u00ed f\u00e9idir do dhuine m\u00e9 a fheice\u00e1il agus maireacht\u00e1il d\u00e1 \u00e9is sin\u201d (Eacsadas 33:20). Deir Eoin an rud c\u00e9anna sa bhrollach don Soisc\u00e9al seo (Eoin 1:18): \u201cN\u00ed fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin at\u00e1 i gcochall chro\u00ed D\u00e9, eisean a d\u2019aithris\u201d. Deireann \u00cdosa na rud c\u00e9anna sa l\u00e9acht seo. N\u00ed uaidh f\u00e9in a labhra\u00edonn s\u00e9, ach mar a deir an tAthair leis. Mar sin feictear Dia na gl\u00f3ire in \u00cdosa, ina ghr\u00e1 do chine daonna agus i m\u00f3r\u00e1n sl\u00edte eile. Is \u00e9 an tAthair at\u00e1 ag d\u00e9anamh na hoibreacha a dh\u00e9anann \u00cdosa. Ni mior\u00failt\u00ed amh\u00e1in at\u00e1 i gceist sna hoibreacha seo, ach saothar ioml\u00e1n sl\u00e1naithe \u00cdosa, n\u00f3 saothar an Athar tr\u00ed \u00cdosa. Agus nuair a bheidh \u00cdosa imithe, agus leis an Athair, agus an Spiorad tagaithe, beidh oibreacha \u00cdosa, agus n\u00edos m\u00f3 f\u00f3s n\u00e1 iad, \u00e1 nd\u00e9anamh ag a dheisceabail. Aris n\u00ed mior\u00failti at\u00e1 i gceist, ach fianaise don domhan, agus pobal creidimh a bhun\u00fa le gl\u00f3ir a thabhairt do Dhia. Bh\u00ed saothar, oibreacha, \u00cdosa teoranta don Phailist\u00edn. Beidh fianaise agus oibreacha a dheisceabail, agus na heaglaise, ann don domhan m\u00f3r \u2013 \u00cdosa imithe chun an Athar ach i l\u00e1thair tr\u00edd an Spiorad,.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: An Eaglais: Pobal D\u00e9, Sagartacht Naofa.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh domhain againn i dara l\u00e9acht an lae inniu, i Litir Pheadair. I sl\u00ed n\u00ed g\u00e1 cur leis. T\u00e9acs iomr\u00e1iteach i Litir seo Pheadair n\u00e1 sagartacht choiteann na gcreidmheach, agus d\u00e9antar pl\u00e9 faoi minic go leor inniu. Ceist amh\u00e1in a arda\u00edtear ina taobh n\u00e1 an gaol at\u00e1 idir sagartacht choiteann seo na bhf\u00edr\u00e9an go l\u00e9ir agus sagartacht mhinistreach na sagart agus na n-easpag. T\u00e1 an cheist pl\u00e9ite go minic, agus ar\u00eds i doicim\u00e9id\u00ed Vatic\u00e1in II. T\u00e1 achoimre den teagasc i <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/em>(ailt 1546-1547): sagartacht choiteann seo na bhf\u00edr\u00e9an, cuireann na f\u00edr\u00e9in i ngn\u00edomh \u00ed tri rannph\u00e1irt\u00edocht i misi\u00fan \u00cdosa Cr\u00edost mar Shagart, Faidh agus R\u00ed, gach duine de r\u00e9ir na gairme a fuair s\u00e9 f\u00e9in. T\u00e1 difr\u00edocht bhun\u00fasach, \u00e1fach, idir sagartacht mhinistreach na n-easpag agus na sagart agus sagartacht choiteann na bhf\u00edr\u00e9an, c\u00e9 go bhfuil siad araon p\u00e1irteach in aon sagartacht Chr\u00edost, gach ceann acu ar a dh\u00f3igh f\u00e9in agus go bhfuil siad ordaithe i dtreo a cheile. Is dual don sagartacht mhinistreach f\u00f3namh don sagartacht choiteann. M\u00e1 t\u00e1 r\u00fan le t\u00f3gaint againn \u00f3 liot\u00fairge agus l\u00e9achta\u00ed a lae inniu, gairm a bheadh ann \u00f3 Dhia \u00e9isteacht le guth, le gl\u00f3r, D\u00e9 agus \u00cdosa agus urna\u00ed a dh\u00e9anamh bheith dilis don chonradh ionas gur sagartacht chu\u00ed do ghl\u00f3ir D\u00e9 a bheadh ionainn.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1084,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1111","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1111","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1111"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1111\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1112,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1111\/revisions\/1112"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1084"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1111"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1111"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1111"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}