{"id":1120,"date":"2020-05-13T07:51:38","date_gmt":"2020-05-13T07:51:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1120"},"modified":"2020-05-13T07:53:41","modified_gmt":"2020-05-13T07:53:41","slug":"17-bealtaine-2020-an-seu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1120","title":{"rendered":"17 Bealtaine 2020 An S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha 8:5-8, 14-17). <em>Chuir siad a l\u00e1mh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. <\/em>T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr sa l\u00e9acht seo, an ch\u00e9ad cheann faoi thiont\u00fa mhuintir na Sam\u00e1ire chun creidimh i gCr\u00edost agus a mbaisteadh in ainm an Tiarna \u00cdosa, agus an dara m\u00edr faoi theacht an Spioraid Naoimh orthu. Duine den seachtar d\u00e9ag\u00e1nach ab ea Pilib a rinne roinnt mhaith oibre leis an soisc\u00e9al a chraobhscaoileadh tar \u00e9is bh\u00e1s Stiof\u00e1in, ach i gcr\u00edocha na nGi\u00fadach. Tugtar soisc\u00e9ala\u00ed air n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa leabhar seo. Rud suntasach faoin l\u00e9acht seo gur i gcr\u00edocha na Sam\u00e1ireach, naimhde do na Gi\u00fadaigh, a f\u00f3gra\u00edodh creideamh Chr\u00edost, le toradh thar a bheith f\u00f3nta. Mar is gn\u00e1th leis, luann L\u00fac\u00e1s an t-\u00e1thas a th\u00e1inig leis an gcreideamh i gCr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 dh\u00e1 phointe le tabhairt faoi deara sa dara m\u00edr. N\u00ed aspal, ach d\u00e9ag\u00e1nach, a bh\u00ed i bPilib, agus bh\u00ed an dea-sc\u00e9al le leathadh \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im amach agus faoi sti\u00fair na nAspal. Rud eile n\u00e1 leathn\u00fa thar pobal na nGi\u00fadach a bh\u00ed ann anois. Mar sin cuireann na hAspail in Iar\u00fasail\u00e9im beirt aspal sinsear, Peadar agus Eoin, go cathair na Sam\u00e1ire, rud a thugann le fios a thugtha a bh\u00ed na hAspail sin do aontacht na heaglaise, aontacht leis an mh\u00e1thair-eaglais in Iar\u00fasail\u00e9im. D\u00e9antar ceangal anseo idir leagan l\u00e1mh na n-Aspal agus bronntanas an Spioraid Naoimh. N\u00edorb leor an baisteadh in ainm \u00cdosa amh\u00e1in. N\u00edl an ceangal sin le feiscint in \u00e1iteanna eile sa Tiomna Nua: bronntar an Spiorad sa bhaisteadh. D\u00e9antar an ceangal leis na hAspail anseo chun b\u00e9im a chur ar aontacht na heaglaise leis na hAspail agus leis an chathair naofa Iar\u00fasail\u00e9im.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 65). <em>D\u00e9anaig\u00ed gairdeas do Dhia, a th\u00edortha uile.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Peadar 3:15-18). <em>B\u00e1sa\u00edodh \u00e9 sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad \u00e9.<\/em> Sa chuid seo den litir, i l\u00e9acht an lae inniu, t\u00e1 Peadar, an t-\u00fadar, ag tabhairt comhairle don chomhthion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed a bhfuil br\u00fa, n\u00f3 g\u00e9arlean\u00faint, de shaghas \u00e9igin \u00e1 imirt orthu. N\u00ed fios go beacht c\u00e9n cl\u00famhilleadh at\u00e1 i gceist.&nbsp; Sa litir \u00f3 Phlinius \u00d3g, gobharn\u00f3ir R\u00f3mh\u00e1nach na reigi\u00fan c\u00e9anna sin thart ar an mbliain 110, luaitear go raibh Cr\u00edostaithe \u00e1 dtabhairt os comhair na c\u00fairte le l\u00edomhaint\u00ed \u00e9ags\u00fala&nbsp; \u00e1 gcur ina leith. Molann an litir seo d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id, creideamh beo i gCr\u00edost a bheith acu agus m\u00edn\u00edu faoin gcreideamh (\u201cd\u00f3chas\u201d) sin a thabhairt go m\u00fainte m\u00e1nla \u2013 rud a dh\u00e9anann siad de r\u00e9ir na litreach c\u00e9anna le Plinius. Ba cheart d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh le fulaingt ar son na maitheasa \u2013 m\u00e1s&nbsp; sin is toil le Dia, ach gan a bheith ar th\u00f3ir g\u00e9arlean\u00fana. T\u00e1 baint ag r\u00e1itis dheiridh na l\u00e9achta seo leis an teachtaireacht seo go l\u00e9ir: beidh an bua ag an gceart ar an \u00e9ag\u00f3ir: fuair Cr\u00edost b\u00e1s ina cholainn dhaonna, ach d\u2019ais\u00e9irigh s\u00e9 do bheatha nua sa Spiorad. T\u00e1 Cr\u00edost mar eiseaml\u00e1ir acu. Sa bhaisteadh bronnadh an Spiorad Naomh sin orthu a thugann soilsi\u00fa agus uchtach d\u00f3ibh in \u00e9adan g\u00e9arlan\u00fana agus b\u00e9ad\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 14:15-21). <em>Iarrfaidh m\u00e9 ar m\u2019Athair \u00e9, agus tabharfaidh s\u00e9 Cabhr\u00f3ir eile daoibh. <\/em>Cuid de aitheasc \u00cdosa ag f\u00e1gaint sl\u00e1n ag a dheisceabail at\u00e1 anseo. I gcionn tamaill bhig n\u00ed bheidh s\u00e9 le feice\u00e1il a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (\u201can saol\u201d mar a thugann an Soisc\u00e9al seo air) lena s\u00faile cinn. Ach beidh \u00cdosa f\u00f3s le feice\u00e1il ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I sl\u00ed, gan \u00cdosa, bheadh na deisceabail mar dh\u00edlleachta\u00ed, ach n\u00ed mar sin a bheidh, mar tiocfaidh \u00cdosa ar ais chucu i sl\u00ed nua, le c\u00f3na\u00ed iontu agus iad a aont\u00fa leis an Athair. Geallann \u00cdosa go bhfuil s\u00e9 chun paraicl\u00e9id eile a thabhairt d\u00f3ibh. An focal Gr\u00e9igise sin <em>parakletos<\/em> t\u00e1 br\u00edonna \u00e9ags\u00fala ar f\u00e9idir a bhaint as. An ceann is bun\u00fasa\u00ed n\u00e1 abhc\u00f3ide, neach a dh\u00e9anfadh iad a chosaint i gc\u00fairt dl\u00ed nuair a bheadh l\u00edomhaint\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh ina gcoinne. Nuair a bh\u00ed \u00cdosa f\u00e9in leo ba paraicl\u00e9id d\u00f3ibh \u00e9. Sin \u00e9 an f\u00e1th go ndeireann s\u00e9 go bhfuil s\u00e9 le abhc\u00f3ide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh at\u00e1 i gceist ag \u00cdosa. Mar aon leis an bhr\u00ed abhc\u00f3ide, is f\u00e9idir an focal c\u00e9anna a thuiscint mar Chosant\u00f3ir, mar Chabhr\u00f3ir, agus S\u00f3l\u00e1sa\u00ed. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhc\u00f3ide, an Cosant\u00f3ir, an Cabhr\u00f3ir, an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed, ag feidhmi\u00fa, agus is \u00e9 \u201can saol\u201d, lucht an d\u00edchreidimh, na c\u00faiseoir\u00ed. Leagann \u00cdosa an-bh\u00e9im ar an ghr\u00e1 d\u00f3. N\u00ed rud teib\u00ed an gr\u00e1 sin. Ionann \u00e9 agus a aitheanta a choinne\u00e1il. Do Shoisc\u00e9al seo Eoin t\u00e1 dh\u00e1 aithne ag \u00cdosa: creideamh ann agus gr\u00e1 \u2013 gr\u00e1 d\u00f3 agus don chomharsa. Aonta\u00edonn na haitheanta sin an deisceabal le h\u00cdosa agus leis an&nbsp; Athair \u2013 gr\u00e1 a thugann tuiscint ar \u00cdosa, a thaispe\u00e1nfaidh \u00e9 f\u00e9in d\u00f3 \u2013 i gcaidreamh diamhair.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Machnamh: An Spiorad Naomh \u00c1r Sti\u00far\u00fa sa Chreideamh<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ag scr\u00edobh chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh d\u00f3 (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:14) d\u00fairt P\u00f3l: \u201cAn mhuintir a bhfuil Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad\u201d. I l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh seo leagtar b\u00e9im ar an Spiorad Naomh i saol an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is t leagan l\u00e1mh na nAspal a th\u00e1inig an Spiorad Naomh ar na Cr\u00edostaithe i gcathair na Sam\u00e1ire. Is \u00e9 Spiorad Chr\u00edost ais\u00e9irithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi gh\u00e9arlean\u00faint&nbsp; ar scr\u00edobh Peadar chucu. Is \u00e1 an Spiorad Naomh an paraicl\u00e9id, an t-abhc\u00f3id, an cosant\u00f3ir, an cabhr\u00f3ir, an s\u00f3l\u00e1sa\u00ed a gheall \u00cdosa d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann s\u00e9 cinnteacht chreidimh in \u00cdosa agus san Athair, san domhan nach bhfeictear. Tugann s\u00e9 s\u00f3l\u00e1s anama, an t-athas agus an ts\u00edoch\u00e1in anama sin a gheall \u00cdosa d\u00fainn roimh imeacht d\u00f3. Sti\u00farann s\u00e9 sinn le maireacht\u00e1il de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il le glaine chro\u00ed agus le meon a th\u00f3gann a threoir \u00f3 neamh, \u00f3 \u00cdosa agus an eaglais, seachas \u00f3 mheon domhain nach gcreideann i saol eile n\u00e1 i dtreoir uaidh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Machnamh eile a eascra\u00edonn \u00f3 shoisc\u00e9al an lae inniu n\u00e1&nbsp; an choimhlint a bh\u00ed le bheith ann, agus at\u00e1 ann i gc\u00f3na\u00ed, idir \u00cdosa f\u00e9in, a chuid, agus an f\u00f3rsa, na cumhachta\u00ed, ar a dtugann s\u00e9 \u201can saol\u201d, sin le r\u00e1 iad si\u00fad nach raibh r\u00e9idh a phearsa n\u00f3 a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bh\u00ed, agus a bheadh, ag&nbsp; ma\u00edomh go raibh an bua acu air, go raibh a l\u00e1 thart agus a phort seinnte lena bh\u00e1s ar an gcrois. D\u00fairt \u00cdosa go nd\u00e9anfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh s\u00e9 chucu, deimhin de gurb \u00e9 a mhalairt a bh\u00ed f\u00edor; gur ag \u00cdosa a bh\u00ed an bua ar an \u201csaol\u201d. T\u00e1 na f\u00f3rsa\u00ed sin ag feidhmi\u00fa f\u00f3s inniu, ach n\u00ed g\u00e1 dul isteach n\u00edos doimhne sa sc\u00e9al anseo, ach a mheabhr\u00fa d\u00fainn f\u00e9in nach coimhlint idir dh\u00e1 fh\u00f3rsa amh\u00e1in at\u00e1 i gceist, ach go bhfuil \u00cdosa agus a Athair ag cabhr\u00fa lena lucht lean\u00fana tr\u00edd an Spiorad Naomh, an t-abhc\u00f3id, an cabhr\u00f3ir, an s\u00f3lasa\u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (Gn\u00edomhartha 8:5-8, 14-17). Chuir siad a l\u00e1mh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr sa l\u00e9acht seo, an ch\u00e9ad cheann faoi thiont\u00fa mhuintir na &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1120","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1120","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1120"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1120\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1121,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1120\/revisions\/1121"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1120"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1120"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1120"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}