{"id":1144,"date":"2020-05-27T08:48:33","date_gmt":"2020-05-27T08:48:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1144"},"modified":"2020-05-27T08:48:34","modified_gmt":"2020-05-27T08:48:34","slug":"31-bealtaine-2020-a-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1144","title":{"rendered":"31 Bealtaine 2020 (A) Domhnach Cincise"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <strong><em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh \u2013 agus an Fhaoistin<\/em><\/strong><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Gn\u00edomhartha na nAspal 2:1-11). <em>L\u00edonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T\u00e1 cur s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar eachtra\u00ed a th\u00e1rla an l\u00e1 a dtugaimid air Domhnach Cinc\u00edse. Whitsunday a thugtar air as B\u00e9arla, sin le r\u00e1 White Sunday toisc na h\u00e9ada\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 n-iompar acu si\u00fad a bh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh an l\u00e1 sin. Sa Ghr\u00e9igis a scr\u00edobhadh Gn\u00edomhartha na nAspal agus is <em>pentecostes<\/em>, \u201can caogad\u00fa\u201d a tugadh ar an l\u00e1 ansin, is \u00e9 sin le r\u00e1 an caogad\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is na C\u00e1sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal \u201ccaogad\u00fa\u201d n\u00e1 <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh\u00ed sin mar theideal ar an fh\u00e9ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th\u00e1inig ainm na f\u00e9ile seo isteach sa Ghaeilge \u2013 sa Sean-Ghaeilge \u201ccingciges\u201d, a athraigh tr\u00ed sheimhiu agus chailli\u00faint an \u201cg\u201d deiridh go dt\u00ed Cinc\u00eds na Nua-Ghaeilge. Ceann \u00ed de thr\u00ed fh\u00e9ile na nGi\u00fadach an Pentecostes, an Chinc\u00eds, a bh\u00ed le ceili\u00faradh le soll\u00fantas faoi leith. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 an Ch\u00e1sc. F\u00e9ile na Cinc\u00edse ag na Gi\u00fadaigh i dt\u00fas b\u00e1ire is d\u00f3cha gur f\u00e9ile an fhomhair a bh\u00ed ann, agus an t-arbhar aib\u00ed. In aimsir Chr\u00edost is dealraitheach go raibh bronntanas an Dl\u00ed \u00f3 Dhia do Mhaois \u00e1 cheili\u00faradh ann.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh\u00e1il Chriost go deasl\u00e1mh an Athar (a cheili\u00faramar an Domhnach seo caite), is f\u00edrinne, r\u00fandiamhair, \u00e9 ar f\u00e9idir a l\u00e9iri\u00fa mar sin, mar r\u00fandiamhair, n\u00f3 a r\u00edomhadh mar eachtra le h-aireacht\u00e1il le c\u00e9adfa\u00ed na colainne. De r\u00e9ir shoisc\u00e9il Naomh Eoin (Eoin 20:22, a l\u00e9itear san Aifreann inniu) bhronn \u00cdosa an Spiorad Naomh ar na deisceabail Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l\u00e9acht seo inniu t\u00e1 L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr\u00edosta\u00ed do na Gi\u00fadaigh agus don domhan m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo inniu t\u00e1 dh\u00e1 radharc. Sa ch\u00e9ad cheann deirtear go raibh \u201csiad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile ar aon l\u00e1thair\u201d. Is d\u00f3cha gurb iad na hAspail, na mn\u00e1 \u00e1irithe, maraon le Muire m\u00e1thair \u00cdosa agus br\u00e1ithre \u00cdosa, agus iad f\u00f3s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nGi\u00fadach, at\u00e1 i gceist, agus iad ag gu\u00ed gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall \u00cdosa d\u00f3ibh roimh imeacht uathu d\u00f3. Athraigh c\u00farsa\u00ed go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L\u00fac\u00e1s feidhm as \u00edomh\u00e1nna traidisi\u00fanta le seo a l\u00e9iri\u00fa: s\u00e9ide\u00e1n gaoithe m\u00f3ire agus tine. Siombal an labhairt i dteangacha difri\u00fala, b\u2019fh\u00e9idir den chumhacht nua chun an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Tabharfadh an Spiorad deimhni\u00fa inmhe\u00e1nach d\u00f3ibh faoi Chr\u00edost agus an dualgas a leag s\u00e9 ortu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00f3gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sin. C\u00e9ad sheanm\u00f3ireacht an tsoisc\u00e9il at\u00e1 ann agus bun\u00fa na hEaglaise. Don fh\u00e9ile sin bheadh Gi\u00fadaigh chr\u00e1ifeacha \u00f3 gach ceard den impireacht R\u00f3mh\u00e1nach in Iar\u00fasail\u00e9im. Tugann L\u00fac\u00e1s liosta d\u00edobh ar threo tuathail, \u00f3n oirthear siar: P\u00e1irtigh agus eile (\u00f3n Ior\u00e1in agus Ior\u00e1ic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an t-Iarthar, an \u00c9igipt agus c\u00f3sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R\u00f3imh. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil L\u00fac\u00e1s ag f\u00e9achaint ar an Chinc\u00eds sin mar fhreaschur, aisiomp\u00fa, ar Th\u00far Bhaib\u00e9il, teacht le ch\u00e9ile in ionad scaipeadh. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t\u00e1 t\u00fas curtha le misean na hEaglaise don domhan m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 103[104]. <em>Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d\u00e9an aghaidh na tal\u00fan a athnuachan.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh\u00e1in is ea a baisteadh isteach in aon chorp amh\u00e1in sinn go l\u00e9ir.<\/em> I gcomhth\u00e9acs na litreach seo, is t\u00fas l\u00e9acht seo an lae inniu ar chur s\u00edos fada i dtr\u00ed chaibideal (caibidil 12-14) ina mh\u00edn\u00edonn P\u00f3l do na Corantaigh an \u00e1it at\u00e1 ag na buanna a fuair siad \u00f3n Spiorad Naomh i saol na heaglaise sa chathair sin. Th\u00e1inig an chuid is m\u00f3 de bhaill chomhluadar na heaglaise sin d\u00edreach \u00f3 ch\u00falra pag\u00e1nach, agus is d\u00f3cha go raibh baint ag m\u00f3r\u00e1n acu le deasghn\u00e1tha pag\u00e1nacha sul ar iompaigh siad go creideamh Chr\u00edost, agus gach seans go raibh sin ag cur isteach ar a gcleachtadh sa chreideamh nua. Bh\u00ed buanna iomad\u00fala ag muintir na heaglaise sin, agus bh\u00ed an baol ann go mbeadh meas thar mar ba ch\u00f3ir ar bhuanna \u00e1irithe, mar shampla labhairt i dteangacha \u00e9ags\u00fala. Is \u00e9 bunphrionsabal Ph\u00f3il sa mh\u00e9id a deireann s\u00e9 n\u00e1 gur \u00f3n Spiorad Naomh mar bhronntanas na buanna, na t\u00edolactha\u00ed, at\u00e1 acu agus bronnadh iad go l\u00e9ir ar mhaithe leis an tion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed, lena neart\u00fa sa chreidamh. An admh\u00e1il chreidimh f\u00e9in in \u00cdosa, a rinneadh leis an leagan cainte \u201cIs \u00e9 \u00cdosa an Tiarna\u201d, gn\u00edomh creidimh \u00e9 nach f\u00e9idir a dh\u00e9anamh ach tr\u00edd an Spiorad Naomh. Gach duine d\u00edobh a baisteadh, is san aon Spiorad amh\u00e1in sin a baisteadh iad, idir Ghi\u00fadaigh agus Ghr\u00e9agaigh (neamh-Ghi\u00fadaigh), idir scl\u00e1bhaithe agus shaor\u00e1naigh, agus fuair siad mar bhronntanas an Spiorad c\u00e9anna. Mar sin, n\u00edl aon difr\u00edocht i l\u00e1thair D\u00e9 idir dhuine amh\u00e1in agus duine eile, agus n\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh sa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed ach an oiread. De na buanna, tiolactha\u00ed, iomad\u00fala at\u00e1 acu, n\u00edor tugadh aon cheann d\u00edobh do leas an duine aonair amh\u00e1in. L\u00e9ir\u00edonn P\u00f3l an m\u00e9id a deir s\u00e9 tr\u00ed shampla an choirp dhaonna, ina bhfuil m\u00f3r\u00e1n ball, gach ceann acu ag feidhmi\u00fa do leas an choirp go hioml\u00e1n, sampla ar baineadh \u00fas\u00e1id as ag scribhneoir\u00ed Gr\u00e9igise agus Laidine chomh maith. Sampla de Chr\u00edost agus den Eaglais an corp daonna agus a bhaill.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t\u00e1imse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaig\u00ed an Spiorad Naomh.<\/em> An l\u00e1 at\u00e1 i gceist anseo, \u201can l\u00e1 c\u00e9anna, an ch\u00e9ad l\u00e1 den tseachtain\u201d is \u00e9 Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in \u00e9, an l\u00e1 ar \u00e9irigh \u00cdosa \u00f3 na mairbh. I soisc\u00e9al Eoin, sa sliocht d\u00edreach roimh an ceann seo, t\u00e1 cur s\u00edos ar \u00cdosa \u00e1 thaispe\u00e1int f\u00e9in do Mh\u00e1ire Mhaighdil\u00e9ana an mhaidin sin. Ansin, sa l\u00e9acht seo, taispe\u00e1ineann s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail at\u00e1 sa seomra agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGi\u00fadach. Ag teacht tr\u00ed na doirse sin taispe\u00e1nann \u00cdosa go bhfuil corp ais\u00e9irithe aige, ach leis an gcorp inar c\u00e9asadh \u00e9, le cr\u00e9achta\u00ed na croise air f\u00f3s. T\u00e1 cuntas an taispe\u00e1na seo le f\u00e1il chomh maith i soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1s (24:36-49). I leagan L\u00fac\u00e1s tugann \u00cdosa aird do na cr\u00e9achtai ina l\u00e1mha agus ina chosa, leis an lean\u00fanachas idir a shaol ina bheatha ais\u00e9irithe agus a bheatha ar talamh. I Soisc\u00e9al Eoin, i sliocht an lae inniu, d\u00e9anann s\u00e9 tagairt do na cr\u00e9achta\u00ed ina l\u00e1mha agus ina chliath\u00e1n, an cr\u00e9acht a rinne duine de na saighdi\u00fairi le sle\u00e1. Thug Soisc\u00e9al Eoin comhartha cheana f\u00e9in go raibh an Spiorad le bronnadh ag b\u00e1s \u00cdosa (Eoin 19:28-30). Nuair a bh\u00ed Iosa ag f\u00e1il bh\u00e1is d\u00fairt s\u00e9: \u201c \u2018T\u00e1 s\u00e9 curtha i gcr\u00edch\u2019. Chrom s\u00e9 a cheann agus thug s\u00e9 uaidh an Spiorad\u201d. An rud a bh\u00ed curtha i gcrich n\u00e1 plean sl\u00e1naithe an Athar. An Spiorad a bh\u00ed i gceist n\u00e1 an Spiorad a gheall s\u00e9 f\u00e9in roimhe sin don eaglais nuair a bheadh s\u00e9 f\u00e9in gl\u00f3irithe, i gcrann na croise (Eoin 7:39; 16:5-7). Siombal do bhronntanas an Spioraid sin n\u00e1 an chr\u00e9acht ina chliath\u00e1n nuair a tholladh \u00e9 agus gur th\u00e1inig fuil agus uisce amach (Eoin 19:34). Nuair a thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail an Domhnach C\u00e1sca sin t\u00e1thar le gealltanas sin an Spioraid a chomhl\u00edonadh. Is tr\u00e1th sol\u00fanta cinni\u00fanach \u00e9 ina bhfuil \u00cdosa leis an Spiorad a thabhairt do na deisceabail, agus iad a sheoladh amach, amhail mar a sheol an tAthair \u00cdosa f\u00e9in amach, lena a ndeisceabail si\u00fad a aont\u00fa le h\u00cdosa agus leis an Athair, i r\u00fandiamhair dhomhain na Trion\u00f3ide. Cuid l\u00e1rnach de rundiamhair seo an aontais le Cr\u00edost agus leis an Athair n\u00e1 an naofacht, easpa an pheaca, agus beidh an chumhacht ag na deisceabail agus a gcomharba\u00ed maithi\u00fanas a thabhairt ar na peaca\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong>An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh \u2013 agus an fhaoistin<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Crutha\u00edonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in \u00cdosa, \u00cdosa f\u00e9in agus an Athair s\u00edos tr\u00edd an stair. Tugann s\u00e9 le tuiscint d\u00f3ibh gur clann don Athair iad. Foils\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh gl\u00f3ir \u00cdosa, f\u00eds den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s\u00e9 an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf\u00e9ini\u00falacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 f\u00e9ini\u00falacht chine ann leis agus ar uairibh ionann \u00ed agus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh, nuair a bh\u00edonn an creideamh c\u00e9anna ag an cine go l\u00e9ir agus an cine faoi bhr\u00fa \u00f3n taobh amuigh. I gc\u00e1s mar sin t\u00f3gtar an creideamh mar chuid den chine agus n\u00ed bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st\u00e1t. Is mar sin a bh\u00ed in \u00c9irinn roimh neamhsple\u00e1chas di agus i mblianta tosaigh an st\u00e1it nua. Is mar sin at\u00e1 f\u00f3s sa Ghr\u00e9ig. Baol m\u00f3r at\u00e1 ag gabh\u00e1il leis seo n\u00e1 go leigtear i ndearmad gur r\u00fandiamhair go bun\u00fasach \u00ed an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r\u00e9idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n\u00f3 sa tsocha\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In \u00c9irinn anois t\u00e1 an r\u00e9 sin thart agus n\u00ed m\u00f3r do phobal na hEaglaise abhus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh a choth\u00fa, eolas n\u00edos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, an tAbhc\u00f3id, Spiorad na f\u00edrinne a thabharfaidh gl\u00f3ir do Chr\u00edost tr\u00ed chreideamh beo na hEaglaise.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Spiorad Naomh, Maithi\u00fanas na bPeaca\u00ed agus an Fhaoistin<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Sheol \u00cdosa na hAspail, na deisceabail, amach amhail mar a chuir an tAthair \u00cdosa f\u00e9in amach uaidh, le muintearas r\u00fandiamhrach a bhun\u00fa idir na creidmhigh, \u00cdosa agus an Athair, le go mbeadh an tAthair beo iontu faoi mar a bh\u00ed s\u00e9 in \u00cdosa f\u00e9in. Bac da leith\u00e9id de chaidreamh an peaca, agus tugadh do na hAspail agus d\u00e1 gcomharba\u00ed an chumhacht peaca\u00ed a mhaitheamh. Rud m\u00f3r i bhf\u00e9ini\u00falacht Ghael n\u00e1 an Fhaoistin agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. T\u00e1 an Fhaoistin titithe in l\u00e9ig in \u00c9irinn le tamall anuas agus tugann soisc\u00e9al an lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dheanamh ar shacraimint na haithr\u00ed san Eaglais agus in \u00c9irinn. Bh\u00ed ar an luath-eaglais tuiscint a fh\u00e1il ar an bpeaca agus conas maithi\u00fanas a thabhairt air. I dtosach n\u00edor cuireadh san \u00e1ireamh mar pheacai ach cinn throma, amhail \u00edoladhradh, d\u00fanmhar\u00fa n\u00f3 adhaltranas, agus gearradh pion\u00f3s trom orthu. Faoistin phoibl\u00ed a bh\u00ed ann. N\u00ed raibh toradh air seo, gur thug E\u00edre cleachtadh \u201cpr\u00edobh\u00e1ideach\u201d isteach, a scaip don eaglais go l\u00e9ir. Mar a deirtear linn i g<em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed<\/em> (alt 1447): \u201cI rith an seacht\u00fa haois faoi thionchar thraidisi\u00fan na manach san Oirthear, thug misin\u00e9ir\u00ed na h\u00c9ireann leo isteach ar mh\u00f3r-roinn na hEorpa cleachtadh \u2018pr\u00edobh\u00e1ideach\u2019 na haithr\u00ed, n\u00e1r \u00e9iligh oibreacha aithr\u00ed a dh\u00e9anamh go poibl\u00ed ar feadh achair fhada roimh athmhuintearas leis an Eaglais a fh\u00e1il. &#8230; Is \u00e9 sin, a bheag n\u00f3 a mhor, an leagan amach at\u00e1 ar chleachtadh na haithr\u00ed san Eaglais go dt\u00ed an l\u00e1 inniu\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann sin d\u00fainn ghlaoch le athmhachnamh a dh\u00e9anamh ar athnuachan faoi shacraimint na haithr\u00ed in \u00c9irinn inniu. N\u00ed raibh Faoistin n\u00f3 Comaoineach com\u00f3nta roimh leas\u00fa liot\u00fairgeach an Ph\u00e1pa Pius X sa bhlian 1905, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed i gComhairle Vatacain II. Ansin d\u2019\u00e9irigh Faoistin an-chom\u00f3nta in \u00c9irinn. Faoistin dheabh\u00f3ideach, seachas ar pheaca\u00ed troma, a bh\u00ed ann. T\u00edr an-deabh\u00f3ideach i m\u00f3r\u00e1n sl\u00edte a bh\u00ed in \u00c9irinn. Ansin th\u00e1inig an t-athr\u00fa suntasach at\u00e1 linn go f\u00f3ill. N\u00ed g\u00e1 gur cailli\u00faint chreidimh is bun leis seo. Maidir le dl\u00ed na hEaglaise de, n\u00edl de oiblige\u00e1id dul chun Faoistine ach orthu si\u00fad a bhfuil trompheaca\u00ed ar a gcoinsias, agus sin uair sa bhliain. Agus c\u00e9 nach bhfuil s\u00e9 riachtanach, molann an Eaglais Faoistin dheadh\u00f3ide do mhionpheaca\u00ed. Ach ag f\u00e1gaint dl\u00edthe agus aithne na hEaglaise ar leataobh, is ionmholta an rud \u00e9 an Fhaoistin agus gn\u00e1th\u00fa shacraimint an athmhuintearais. Coime\u00e1dann an deabh\u00f3id seo an peaca, agus baol an pheaca, os \u00e1r gcomhair agus is fianaise \u00e9 go gcreidimid go bhfuair Cr\u00edost b\u00e1s ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed, agus aonta\u00edonn s\u00e9 sinn le r\u00fandiamhair na hEaglaise.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus baineann an Fhaoistin le f\u00e9ini\u00falacht Ghael.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1144","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1144","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1144"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1144\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1146,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1144\/revisions\/1146"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1144"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1144"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1144"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}