{"id":115,"date":"2013-08-05T09:31:29","date_gmt":"2013-08-05T09:31:29","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=115"},"modified":"2013-08-05T09:31:29","modified_gmt":"2013-08-05T09:31:29","slug":"lunasa-11-2013-c-naou-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=115","title":{"rendered":"L\u00fanasa 11 2013 (C) Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">L\u00fanasa 11 2013 (C) Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<br \/>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Agallamh le ceisteanna an lae: Solas an Chreidimh. Su\u00e1ilce diaga an Chreidimh<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (Eagna 18:6-9).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Faoi mar a smachtaigh t\u00fa \u00e1r naimhde, sin mar a ghlaoigh t\u00fa chugat f\u00e9in sinn agus a thug gradam d\u00fainn d\u00e1 bharr. Leabhar na hEagna (n\u00f3 lena theideal ioml\u00e1n a thabhairt d\u00f3 Eagna Sholaimh) is \u00e9 an leabhar is d\u00e9ana\u00ed de leabhair Eagna an chan\u00f3in \u00e9. Scr\u00edobhadh \u00e9 as Gr\u00e9igis san \u00c9igipt. i gCathair Alasdair is d\u00f3cha, thart ar an mbliain 30 r. Ch. T\u00e1 an ch\u00e9ad chuid (1:1-11:1) ag cur s\u00edos ar an eagna, agus is cur i l\u00e1thair \u00e9 do ch\u00fains\u00ed nua ar shean-traidisi\u00fan eagna\u00edochta Iosrael le creideamh na nGi\u00fadach a neart\u00fa agus le meas a choth\u00fa ar a dtraidisi\u00fan \u00e1rsa le aghaidh a thabhairt ar chath\u00fa a bheadh ag teacht \u00f3 chult\u00far sopfaistici\u00fail na h\u00c9igipte. T\u00e1 an dara cuid (11:2-19:22) ag cur s\u00edos ar dh\u00edlseacht D\u00e9 d\u00e1 phobal tr\u00e1th a n-imeacht \u00f3n \u00c9igipt. Ba \u00e9 a bhuaicphointe si\u00fad n\u00e1 an ch\u00e9ad o\u00edche C\u00e1sca, le b\u00e1s\u00fa ch\u00e9adghinte na n\u00c9igipteach agus sl\u00e1n\u00fa (gabh\u00e1il thairis) ch\u00e9adghinte Iosrael. D\u2019fhan an o\u00edche C\u00e1sca seo l\u00e1rnach do chreideamh Iosrael, agus ina a sl\u00ed nua f\u00e9in don Chr\u00edosta\u00edocht. Labhra\u00edonn sliocht an lae inniu i modh fileata ar an oiche C\u00e1sca sin, agus is finn\u00e9 \u00e9 go raibh t\u00e9ama\u00ed a \u00e9ireoidh com\u00f3nta in Iosrael n\u00edos d\u00e9ana\u00ed tagaithe le ch\u00e9ile cheana f\u00e9in ar an \u00e1bhar. Tugtar le fios go raibh r\u00e9amheolas ag na hAthracha (patrarca\u00ed. sinsir), Abr\u00e1ham. Is\u00e1c agus Iac\u00f3b is d\u00f3cha, ar an o\u00edche sin agus gur c\u00fais gairdis d\u00f3ibh \u00e9 go raibh na gealltanais (mionna\u00ed) a tugadh d\u00f3ibh comhl\u00edonta (f\u00e9ach Genesis 15:13-14; 46:3-4, 7rl.). Bh\u00ed pobal D\u00e9 ag s\u00fail le sl\u00e1n\u00fa Iosrael (na f\u00edr\u00e9in) agus l\u00e9irscrios na n\u00c9igipteach (na naimhde). Iosrael san \u00c9igipt, clann cr\u00e1ifeach na bhf\u00edr\u00e9an (na bPatrarca\u00ed), ofr\u00e1ileadar uan na C\u00e1sca (\u00edobairt). B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00ed an \u00edobairt seo an socr\u00fa diaga le go mbeadh muintir Iosrael (na naoimh) go dl\u00fath le ch\u00e9ile sna maitheasa\u00ed agus na cont\u00fairt\u00ed a bhuailfeadh iad. Ag foircean na l\u00e9achta, gan m\u00f3r\u00e1n airde ar ch\u00farsa\u00ed staire, cuireann an t-\u00fadar clann Iosrael ag an ch\u00e9ad Ch\u00e1isc ag canadh \u201ciomann na sinsear\u201d, an Hallel (Sailm 113-118[112-117]), a bheadh ina chuid l\u00e1rnach de cheili\u00faradh na C\u00e1sca na c\u00e9adta n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ionann an Ch\u00e1isc agus \u201cfaire\u201d, t\u00e9ama a dh\u00e9anann an l\u00e9acht seo oiri\u00fanach dul leis an soisc\u00e9al ina bhfuil an t\u00e9ama c\u00e9anna.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 32[33]). Is m\u00e9anar don phobal a roghnaigh an Tiarna d\u00f3 f\u00e9in.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 11:1-2, 9-19).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Bh\u00ed Abr\u00e1h\u00e1m ag s\u00fail leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb \u00e9 Dia a hailtire agus a t\u00f3g\u00e1il\u00ed. I rith an ceithre Dhomhnach seo chugainn beidh an dara l\u00e9acht san Aifreann as an Litir chug na hEabhraigh, \u00f3n dara roinn di, sin le r\u00e1 \u00f3 chaibideal 11 ar aghaidh. L\u00e9adh an ch\u00e9ad roinn den litir mar na dhara leachta\u00ed an bhliain seo caite (bliain 2 den tsraith tr\u00e9 bhliain) do Dhomhnacha\u00ed 27 go 33. L\u00e9acht an lae inniu, agus caibideal 11 as ar t\u00f3gadh \u00ed, t\u00e1 siad f\u00edor-th\u00e1bhachtach do theachtaireacht na litreach. T\u00e1 an litir d\u00edrithe ar dhaoine a iompaigh don Eaglais \u00f3n Ghi\u00fadachas agus a raibh de chath\u00fa orthu filleadh ar a seanchreideamh agus a liot\u00fairge. Leagann an t-\u00fadar b\u00e9im ar seo, nach bhfuil i liot\u00fairge na nGi\u00fadach ach sc\u00e1th den fh\u00acior-liot\u00fairge neamha\u00ed, sa bhf\u00edor-phuball n\u00f3 teampall, ar ghabh \u00cdosa an tArdsagart f\u00edor isteach ann lena bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed. Sa sliocht d\u00edreach roimh an cheann seo meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh nach m\u00f3r buanseasmhacht agus foighne a bheith acu, ag baint \u00fas\u00e1ide chuige seo as briathra an fh\u00e1idh Habac\u00fac (2:3-4): \u201c\u2019Mairfidh an f\u00edr\u00e9an seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach m\u00e1 thugann s\u00e9 a ch\u00fal leis n\u00ed bheidh gnaoi agam air.\u2019 N\u00ed daoine sinne a thabharfaidh \u00e1r gc\u00fal leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chlo\u00edfidh leis go s\u00e1bh\u00e1ilfear \u00e1r n-anam\u201d. Ansan sa chaibideal seo t\u00e9ann s\u00e9 ar aghaidh le \u201cn\u00e9al m\u00f3r d\u2019finn\u00e9ithe\u201d (\u201cslua mar scamall\u201d) a \u00e1ireamh d\u00edobh si\u00fad a raibh an creideamh acu. R\u00edomhann s\u00e9 stair laochra seo an chreidimh \u00f3na staid aigne f\u00e9in, ag cur b\u00e9im ag a dheireadh (11:39-40) go bhfuaireadar b\u00e1s gan a raibh geallta d\u00f3ibh a fh\u00e1il. Bh\u00ed seo le teacht le Cr\u00edost agus an r\u00fandiamhair a bhain leis.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;Tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu le sainmh\u00edni\u00fa de cad is creideamh ann, a bhfuil aithne mhaith air, agus leagain \u00e9ags\u00fala den bhunteacs le f\u00e1il, mar aon leis an cheann sa leicsean\u00e1ir (B\u00edobla Mhaighe Nuad).\u201dIs \u00e9 is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag s\u00fail leo, bheith cinnte f\u00e1 neithib nach bhfeictear\u201d (De Si\u00fanta); \u201cIs \u00e9 is creideamh ann deimhin a dh\u00e9anamh den d\u00f3chas, agus bheith cinnte den n\u00ed nach bhfeictear\u201d (\u00d3 Cuinn). As an \u201cn\u00e9al m\u00f3r finn\u00e9ithe\u201d is \u00e9 sampla na bpatrarc, Abr\u00e1h\u00e1m, Is\u00e1c agus Iac\u00f3b, go m\u00f3r m\u00f3r Abr\u00e1h\u00e1m eiseaml\u00e1ir an chreidimh, a thugtar d\u00fainn sa l\u00e9acht seo. Ionann creideamh agus umhla\u00edocht do ghairm D\u00e9. Thug gairm D\u00e9 ar Abr\u00e1h\u00e1m a th\u00edr dh\u00fachais a fh\u00e1g\u00e1il. Thug s\u00e9 a aghaidh ar th\u00edr anaithnid a gealladh d\u00f3 mar oidhreacht, agus chuir s\u00e9 faoi sa t\u00edr tairngre mar choimhth\u00edoch \u2013 t\u00edr ar a dtugfar nios d\u00e9ana\u00ed Tir Can\u00e1n. Deirtear gur mhair na patrarca\u00ed i bpubaill, ag s\u00fail le cathair bunaithe ag Dia. Iar\u00fasal\u00e9im neamha\u00ed ata i gceist. Mar strains\u00e9iri agus coimhth\u00edgh ar talamh bh\u00edodar ar t\u00f3ir t\u00edr dh\u00fachais ar neamh. Sin \u00e9 an f\u00e1th n\u00e1r n\u00e1ir le Dia go dtabharfaidis a nDia air. San fh\u00e1sach d\u2019aithnigh Dia \u00e9 fein do Mhaois (Eacsadas 3:15) mar \u201cDia bh\u00far n-athracha, Dia Abr\u00e1h\u00e1m, Dia Is\u00e1c agus Dia Iac\u00f3b\u201d. Ba Dia \u00e9 n\u00e1rb \u00e9 t\u00edr Can\u00e1n amhain an T\u00edr Tairgne a gheall se, ach cathair, an Iar\u00fasail\u00e9im neamha\u00ed. Taisbe\u00e1ntar creideamh Abr\u00e1h\u00e1m i sl\u00edte iomad\u00fala. ina a chreidamh agus sin i gcoinne na fianaise uile, r\u00e9idh lena mhac Is\u00e1c a \u00edobairt. T\u00e1 seo go l\u00e9ir tugtha mar eiseaml\u00e1ir do l\u00e9itheoir\u00ed na litreach agus do chreidmigh i gach r\u00e9 staire. N\u00ed m\u00f3r i gc\u00f3na\u00ed bheith dearfa de na ruda\u00ed go bhfuiltear ag s\u00fail leo, bheith cinnte faoi nithe nach bhfeictear, bronntanais \u00f3 Dhia.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 12:32-48)<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">.B\u00edg\u00ed sibhse ullamh freisin. Ta roinnt m\u00edreanna \u00e9ags\u00fala sa l\u00e9acht seo, agus cuid acu d\u00edrithe ar lucht \u00e9isteachta \u00e9ags\u00fala de r\u00e9ir dealraimh. B\u2019amhlaidh freisin sna m\u00edreanna roimh an l\u00e9acht seo in ar thug \u00cdosa rabhadh faoi bhaol na sainte, agus t\u00e1bhacht \u00e1r n-aire bheith d\u00edrithe ar r\u00edocht D\u00e9 agus a bhaineann leis. Deir an leicsean\u00e1ir go bhfuil \u00cdosa sa sliocht seo ag caint leis na deisceabail, rud is f\u00edor is d\u00f3cha b\u00edodh nach bhful sin luaite i dt\u00e9acs an Bh\u00edobla f\u00e9in. Is iad na deisceabail fr\u00ed ch\u00e9ile, seachas an bu\u00edon c\u00fang den D\u00e1r\u00e9ag, \u201can tr\u00e9ad beag\u201d. Gheall an tAthair d\u00f3ibh an r\u00edocht, agus i sl\u00ed t\u00e1 s\u00ed acu cheana i bpearsa \u00cdosa. Chun teacht i seilbh na r\u00edochta sin ar neamh moltar gan bheith faoi th\u00edor\u00e1ntacht na sainte, ach d\u00e9irc a thabhairt, agus a gcuid saibhris a chur i spar\u00e1n ar neamh, \u00e1it ina mbeidh a gcro\u00ed.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;S\u00f3rt parabail at\u00e1 sa dara m\u00edr, ag moladh d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh f\u00e1ilte a chur roimh a m\u00e1istir ar theacht thar nais d\u00f3 \u00f3 bhainis, iad r\u00e9idh chun oibre le crios faoina gcoim. An bh\u00e9im sa mh\u00edr seo bheith r\u00e9idh do theacht \u00cdosa (Mac an Duine), teagasc \u00e9 a rachadh le eascate\u00f3la\u00edocht na Soisc\u00e9al. Ach is ait iompar an mhaistir i leith na seirbh\u00edseach (n\u00f3 scl\u00e1bhaithe) tar \u00e9is filleadh \u00f3n bhainis d\u00f3, ag freastal orthu. T\u00e1 an t-iompar seo ag teacht n\u00edos m\u00f3 lena rinne \u00cdosa ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach, n\u00f3 cuairt Chr\u00edost ais\u00e9irithe ar na f\u00edr\u00e9in (Apacailipsis 3:20): \u201cSeo m\u00e9 i mo sheasamh ag an doras, agus ag buaileadh air; m\u00e1 chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh m\u00e9 isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa\u201d. B\u2019fh\u00e9idir gurb ionann an bhainis sa parabal agus an f\u00e9asta meisiasach.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;N\u00ed thugann \u00cdosa freagra d\u00edreach ar cheist Pheadair faoi an d\u00f3ibh sin (na deisceabail? an D\u00e1r\u00e9ag?) (linne) a bh\u00ed an parabal ag tagairt n\u00f3 do ch\u00e1ch. Ina ionad sin tugann s\u00e9 parabal eile gur d\u00f3cha gur faoi riaradh na hEaglaise \u00e9, le maor iontaofa i gceannas agus seirbhisigh. Is mar sin a fh\u00e9achann P\u00f3l ar na haspail (1 Coirintigh 4:1-2): \u201cTuigeadh daoine gurb \u00e9 at\u00e1 ionainne, seirbh\u00edsigh do Chr\u00edost agus maoir ar r\u00fandiamhra D\u00e9. \u00c9ilitear ansin ar na maoir duine a bheith d\u00edlis\u201d.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Agallamh le ceisteanna an lae: Solas an Chreidimh. Su\u00e1ilce diaga an Chreidimh<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann an dara l\u00e9acht as an Litir chuig na hEabhraigh cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar conas dul in agallamh le gluaiseacht gn\u00edomhach daonnachtach aindiach \u00e1r linne f\u00e9in. Ceist mh\u00f3r leathan \u00ed seo ionas nach f\u00e9idir ach roinnt phoint\u00ed bun\u00fasacha a thabhairt anseo. Bh\u00ed imlitir ar an \u00e1bhar beagnach r\u00e9idh ag an P\u00e1pa Benedict XVI sular \u00e9irigh s\u00e9 as oifig. D\u2019fhoilsigh a chomharba an P\u00e1pa Proinsias \u00ed (faoin dteideal Lumen Fidei\u00b8\u201dSolas an chreidimh\u201d) i Meitheamh 2013. T\u00e1 leagan B\u00e9arla di ar f\u00e1il san idirl\u00edon, Google, faoin dteideal sin. Deir an P\u00e1pa (alt 6) gur ionann labhairt ar \u201csholas an chreidimh\u201d agus bheith ag feitheamh le ag\u00f3id\u00ed, cur ina choinne, \u00f3 roinnt mhaith de lucht \u00e1r gcomhaimsire. Sa saol at\u00e1 inniu ann d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine \u00f3 ghl\u00fain agus socha\u00ed eile at\u00e1 thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann d\u00e1r linn f\u00e9in, don chine daonna at\u00e1 in aois, m\u00f3rtasach as chumas a r\u00e9as\u00fain agus c\u00edochrach a thodhcha\u00ed a scr\u00fad\u00fa i sl\u00edte nua. F\u00e9achadh ar an gcreideamh ag daoine \u00e1irithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhall ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go d\u00e1na ar lorg an eolais, mar dh\u00fal\u00e9im, l\u00e9im sa dorchadas, le t\u00f3gaint nuair nach raibh solas ar f\u00e1il, \u00e1 dtiom\u00e1int ag moth\u00fach\u00e1n caoch, n\u00f3 mar sholas subiacht\u00fail, a bh\u00ed in ann b\u2019fh\u00e9idir ola a chur ar an gcro\u00ed agus s\u00f3l\u00e1s pearsanta a thabhairt, ach nach rud \u00e9 a fh\u00e9adfa\u00ed a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiacht\u00fail a thabharfadh treoir don r\u00f3d seo romhainn. Sin r\u00e1ite aige, deir an P\u00e1pa go bhfuil g\u00e1 ann ar\u00eds f\u00e9achaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amh\u00e1in go m\u00fachtar lasair an chreidimh, tosa\u00edonn gach solas eile ag dul i l\u00e9ig. Is don todhcha\u00ed c\u00edoradh a dh\u00e9anamh ar phoint\u00ed ag eascair as seo. Is leor d\u00fainn anseo a mheabhr\u00fa, ar aon dul leis an dara l\u00e9acht, nach tuairim n\u00e1 \u00e1iti\u00fas, tuairim l\u00e1idir dhaonna, \u00e9 an creideamh. Is bronntanas diaga \u00e9, su\u00e1ilce diaga, a thugann d\u00fainn bheith dearfa de na ruda\u00ed go bhfuiltear ag s\u00fail leo, bheith cinnte faoi nithe nach bhfeictear.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L\u00fanasa 11 2013 (C) Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-115","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/115","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=115"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/115\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=115"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=115"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=115"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}