{"id":116,"date":"2013-08-17T20:03:14","date_gmt":"2013-08-17T20:03:14","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=116"},"modified":"2013-08-17T20:03:14","modified_gmt":"2013-08-17T20:03:14","slug":"lunasa-18-2013-c-fichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=116","title":{"rendered":"L\u00fanasa 18 2013 (C) Fichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\" align=\"center\"><b><span style=\"color: blue;\">L\u00fanasa 18 2013 (C) Fichi\u00fa Domhnach Saor <\/span><\/b><\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\" align=\"center\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\" align=\"center\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\" align=\"center\"><span style=\"color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\" align=\"center\"><span style=\"color: blue;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\" align=\"center\"><span style=\"color: blue;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"color: blue;\">B. An B\u00edobla: <i>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/i><\/span><i><span style=\"color: blue;\"> <br \/><\/span><\/i><\/b><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"color: blue;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span>&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(Iarimi\u00e1 38:4-6, 8-10). <i>Rug t\u00fa m\u00e9 i m\u2019fhear achrannach don t\u00edr ar fad. <\/i>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo le gabh\u00e1il leis an sliocht \u00f3n soisc\u00e9al ina labhra\u00edonn \u00cdosa faoi f\u00e9in agus an consp\u00f3id a bheadh mar thoradh lena theacht. Fear achrannach bh\u00ed san fh\u00e1idh Iarimi\u00e1, ag f\u00f3gairt bhriathar D\u00e9 gan sc\u00e1th, \u00e1bhar consp\u00f3ide agus ag tarraingt gh\u00e9alean\u00fana air f\u00e9in. Samhail de ghairm an fh\u00e1idh agus \u00cdosa f\u00e9in a bh\u00ed ann. Bh\u00ed saol fada mar fh\u00e1idh ag Iarimi\u00e1 i mblianta deiridh r\u00edocht I\u00fada. Bh\u00ed forl\u00e1mhas glactha ag impireacht na Baibeal\u00f3ine ar an dt\u00edr agus cathair Iar\u00fasail\u00e9im f\u00e9in i mbaol. Ba \u00ed teachtaireacht bhuan Iarimi\u00e1 n\u00e1 g\u00e9illeadh do fh\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine, nach mbeadh aici ach r\u00e9imeas gairid. Ach bh\u00ed an \u00c9igipt ag s\u00e9ideadh arm I\u00fada chun ceannairce agus bh\u00ed an t-arm r\u00e9idh chuige sin, gan aon cumhacht ar chursa\u00ed ag an r\u00ed lag Sedecia. Bh\u00ed s\u00e9 soil\u00e9ir gurb ionann ceannairc agus treascairt na cathrach agus deireadh le I\u00fada mar st\u00e1t. Ba shoil\u00e9ir go mbeadh f\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine ag ionsa\u00ed na cathrach go luath, Sin \u00e9 c\u00falra an tsleachta \u00e1irithe seo. Bh\u00ed ar an arm f\u00e1il r\u00e9idh le Iarimi\u00e1, agus n\u00ed raibh ar chumas an r\u00ed cur in a choinne. Is \u00e9 a bhi in aigne ag fir cheannas an airm n\u00e1 gan Iarimi\u00e1 a mhar\u00fa go d\u00edreach ach ligint d\u00f3 b\u00e1s a fh\u00e1il sa tobar. N\u00ed raibh uisce, ach l\u00e1ib sa tobar. M\u00ed I\u00fal n\u00f3 L\u00fanasa (587-86 r.Ch.) a bh\u00ed ann, go gairid sular shrois arm na Baibeal\u00f3ine an chathair. Saoradh Iarimi\u00e1 ag an Eiti\u00f3pach Ebed-melch, oifigeach i bpal\u00e1s an r\u00ed.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span><\/span><i><span>Salm le Freagra<\/span><\/i><span> (Salm 39[40]). <i>Tar i gcabhair orm, a Thiarna.<\/i><\/span><\/h3>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i>An Dara L\u00e9acht<\/i> (Eabhraigh 12:1-4).<\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i>Rithimis go buanseasmhach an r\u00e1s at\u00e5 leagtha amach d\u00fainn.<\/i> Tar \u00e9is don \u00fadar crioch a chur le \u00e1ireamh n\u00e9al na bhfinn\u00e9ithe, slua m\u00f3r na bhfinn\u00e9ithe mar scamall, \u00f3 \u00c1ibil go dti na f\u00e1ithe agus daoine eile, a thug fianaise gan an sprioc, na gealltanais, a bhaint amach, tagann s\u00e9 go dt\u00ed an ceacht at\u00e1 le baint as sin ag a l\u00e9itheoir\u00ed a bhfuil cleachtadh a gcreidimh i gCr\u00edost faoi bhr\u00fa. Baineann s\u00e9 \u00fasaid as an r\u00e1s mar \u00edomh\u00e1. Is r\u00e1s le rith an bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Sa r\u00e1s seo n\u00ed m\u00f3r ualach an pheaca a chaitheamh d\u00ednn agus an c\u00farsa a chr\u00edochn\u00fa. Ionann sin agus bheith buanseasmhach, s\u00fail ar an gceann sprice. Sa r\u00e1s seo t\u00e1 ceannr\u00f3da\u00ed againn, an finn\u00e9 is fearr, \u00cdosa f\u00e9in a bhfuil an sprioc bainte amach aige, agus at\u00e1 foirfe mar sin, ach ceanntr\u00f3dai chomh maith a thabharfaidh \u00e1r gcreideamh chun foirfeachta. Leagann an t-\u00ad\u00fadar b\u00e9im ar an m\u00e9id a fhulaing an eiseaml\u00e1ir agus an ceannr\u00f3dai seo le linn a bheatha agus a ph\u00e1ise. Sa r\u00e1s seo is cabhair i gcoinne tuirse agus lagmhisnigh machnamh ar an m\u00e9id a fhulaing \u00cdosa. Ag deireadh a aithisc, aithr\u00edonn an t-\u00fadar an \u00edomh\u00e1 \u00f3n r\u00e1s go dt\u00ed an choimhlint sa dorn\u00e1la\u00edocht. Coimhlint in aghaidh an pheaca beatha an Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i>An Soisc\u00e9al <\/i>(L\u00fac\u00e1s 12:49-53.<\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i>N\u00ed chun s\u00edoch\u00e1in a thabhairt a th\u00e1inig m\u00e9, ach easaontas<\/i>. T\u00e1 deacrachta\u00ed ann le br\u00ed bheacht an ch\u00e9ad d\u00e1 r\u00e1iteas sa sliocht seo a aimsi\u00fa, toisc an chaint mheafarach iontu. Ach is soil\u00e9ir go bhfuil \u00cdosa ag caint iontu ar an gc\u00fais gur th\u00e1inig s\u00e9 ar talamh, ar \u00e1it l\u00e1rnach a phearsa i bplean an Athar agus an t-easaontas at\u00e1 le teacht de bharr na d\u00edlseachta is dual d\u00f3, agus a \u00e9ileann s\u00e9. Thainig s\u00e9 chun tine a chaitheamh ar an talamh. Meafar do bhreithi\u00fanas n\u00f3 ghlanadh is ea tine. T\u00e1 \u00cdosa c\u00edochrach go mbeadh sin tagaithe cheana f\u00e9in. Tiocfaidh s\u00ed le teacht agus saothar, feidhmi\u00fa, an Spioraid Naoimh. An baisteadh at\u00e1 i gceist n\u00ed h\u00ed an tsaicrimint \u00ed, ach meafar do thubaiste, tumadh i dtubaiste na p\u00e1ise agus na croise; an baisteadh sin a thagair \u00cdosa cheana d\u00f3 do na deisceabail S\u00e9amus agus Eoin (Marcas 10:38-39). San eaglais \u00f3g bh\u00ed ceangal idir bhaisteadh sin \u00cdosa sa bh\u00e1s agus an saicrimint Chr\u00edosta\u00ed, inar tumadh na nuachreidmhigh i r\u00fandiamhair bhas\/bhaiste Chr\u00edost. Ionann an \u201cc\u00fangach\u201d a mhotha\u00edonn \u00cdosa a bheith air faoin bhaisteadh agus an d\u00fail mh\u00f3r a bh\u00ed air an tine bheith ar lasadh. Bh\u00ed s\u00e9 c\u00edochrach faoin r\u00e9 nua a thiocfadh lena bh\u00e1s f\u00e9in agus a leanfadh as. Is prionsa na s\u00edoch\u00e1na \u00e9 \u00cdosa. Gn\u00e1th-bheann\u00fa aige n\u00e1 \u201cSioch\u00e1in daoibh\u201d. D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 a shioch\u00e1in mar oidhreacht ag a lucht lean\u00fana. Mar sin f\u00e9in b\u2019ionann a theacht ar talamh agus easaontas eathorthu s\u00edud a leanfadh \u00e9 agus iad s\u00ed\u00fad a bh\u00ed ina choinne, fi\u00fa taobh istigh den teaghlach c\u00e9anna. Sa teampall cheana, mheabhraigh Simeon d\u00e1 mh\u00e1thair Muire gur mar sin a bheadh. Ba dh\u00e1n d\u2019\u00cdosa bheith ina thr\u00faig leagtha agus \u00e9irithe d\u00e1 l\u00e1n in Iosrael (L\u00fac\u00e1s 2:34).<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <b><i>An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/i><\/b><\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Machnamh<\/span><\/i><span style=\"color: black;\">. Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu \u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn. Sinne, Cr\u00edostaithe an lae inniu, is oidhra\u00ed sinn ar n\u00e9al finn\u00e9ithe, slua m\u00f3r finn\u00e9ithe mar scamall. \u00d3 th\u00fas a staire bh\u00ed aithne ag lucht lean\u00fana Chr\u00edost ar gh\u00e9arlean\u00faint de shaghas amh\u00e1in n\u00f3 de shaghas eile. Go luath ina shaol misin\u00e9ireachta bh\u00ed P\u00f3l agus a chomhaspal ag cur misnigh ar na deisceabail agus \u00e1 spreagadh chun bheith d\u00edlis don chreideamh, mar, ar s\u00e9, \u201cn\u00ed fol\u00e1ir d\u00fainn m\u00f3r\u00e1n a fhulaingt chun dul isteach i r\u00edocht D\u00e9\u201d (Gn\u00edomhartha 14:22). B\u00e9im l\u00e1idir sa litir chuig na hEabhraigh a l\u00e9adh inniu n\u00e1 an bhuanseasmhacht. Is mar sin at\u00e1 in\u00e1r laethanta f\u00e9in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Agallamh.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Cuireadh chun agallaimh an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa i soisc\u00e9al an lae inniu faoin bhaint idir \u00e9 f\u00e9in agus easaontas, fi\u00fa easba s\u00edoch\u00e1na. Prionsa na s\u00edoch\u00e1na le gairm chun na haontachta \u00e9 \u00cdosa. Is eol go maith a bhriathra gurb \u00e9 an s\u00e1raoire, agus go raibh caoirigh eile ann nach d\u00e1 chr\u00f3 iad agus narbh fhol\u00e1ir iad sin a thabhairt isteach chomh maith le go mbeadh aon tr\u00e9ad amh\u00e1in agus aon aoire amh\u00e1in ann (Eoin 10:14-16). Luaitear go minic na briathra sin. Ach n\u00edl dul thar an easaontas a bhaineann le pearsa \u00cdosa de bharr na h\u00e9ilimh a dh\u00e9anann s\u00e9 agus an r\u00fandiamhair a bhaineann leis agus leis an Eaglais. F\u00edu d\u00edreach i ndiaidh na briathra sin uaidh faoi eisean mar sh\u00e1raoire, d\u2019\u00e9irigh aighneas idir na Gi\u00fadaigh mar gheall ar a bhriathra. Th\u00e1inig \u00cdosa chuig a mhuintir fein agus n\u00edor ghlac a mhuintir leis. Mh\u00e9adaigh ar an easaontas idir Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha agus eile le f\u00e1s na hEaglaise. Idir Chr\u00edostaithe f\u00e9in d\u2019\u00e9irigh easaontas agus scoilteanna de r\u00e9ir mar ar mh\u00e9adaigh eolas ar r\u00fandiamhair Chr\u00edost agus a ghaol leis an Athair. T\u00e1 iarsmai scoilteanna an Reifirm\u00e9isin linn go f\u00f3\u00edll.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Baineann na sampla\u00ed sin le diosp\u00f3ireachta\u00ed idir Chr\u00edosta\u00edthe. An l\u00e1 at\u00e1 inniu ann t\u00e1 easaontas i bhfad n\u00edos doimhne idir Chr\u00edost agus d\u00e1 sheasann s\u00e9 agus cuid mhaith den saol comhaimsireach, mar shampla aindiachas, daonnachas agus liobr\u00e1lachas, saol gur mhian leis c\u00farsa\u00ed an domhain, agus c\u00farsa\u00ed pearsanta, a riaradh gan aird ar ghuth D\u00e9 n\u00e1 \u00cdosa. N\u00ed m\u00f3r dul in agallamh, m\u00e1s f\u00e9idir, leis an saol seo.<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Agallamh at\u00e1 i gceist, n\u00ed c\u00e1ineadh. T\u00e1 l\u00e9argas, f\u00eds, ioml\u00e1n, cu\u00edosach absal\u00f3ideach ag Cr\u00edost agus an daonnachas ar an saol agus na c\u00farsa\u00ed a ghabhann leis. Bac ar dhul chun cinn an creideamh de r\u00e9ir daonnachais fhealsanta. Cr\u00edost sl\u00e1naitheoir an domhain dar le Cr\u00edost f\u00e9in agus a lucht lean\u00fana. N\u00ed m\u00f3r na h-arag\u00f3int\u00ed at\u00e1 ag lucht an d\u00edchreidimh a th\u00f3gaint ina cheann agus ina cheann agus freagra cu\u00ed a thabhairt orthu. N\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh eagla ar chreidmhigh faoin a leith\u00e9id d\u2019agallamh. I sl\u00ed is d\u00edlseacht do Chr\u00edost agus a oidhreacht \u00e9.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L\u00fanasa 18 2013 (C) Fichi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-116","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/116","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=116"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/116\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=116"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=116"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=116"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}