{"id":118,"date":"2013-08-21T07:52:30","date_gmt":"2013-08-21T07:52:30","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=118"},"modified":"2013-08-21T07:52:30","modified_gmt":"2013-08-21T07:52:30","slug":"lunasa-25-2013-c-aonu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=118","title":{"rendered":"L\u00fanasa 25 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L\u00fanasa 25 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Fichead Saor <\/span><\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Do R\u00edocht D\u00e9 n\u00ed leor an traidisi\u00fan; n\u00ed m\u00f3r freagra cu\u00ed do ghairm \u00cdosa.<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cds\u00e1ia 66:18-21). <\/span><\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Bh\u00e9arfaidh siad leo bhur mbr\u00e1ithre go l\u00e9ir ar ais as na n\u00e1isi\u00fain uile. Sliocht thar a bheith t\u00e1bhactach at\u00e1 i l\u00e9acht seo an lae inniu. As an mh\u00edr deiridh de leabhar Is\u00e1ia \u00e9, as an chuid ar a dtugtar go minic \u201cAn Tr\u00ed\u00fa Is\u00e1ia\u201d. N\u00ed fios go beacht cathain a cumadh an mh\u00edr \u00e1irithe seo, uair \u00e9igin n\u00e1rb fhada roimh an r\u00e9 Ghr\u00e9igeach (312 r. Ch.) b\u2019fh\u00e9idir. Th\u00e1inig s\u00e9 tar \u00e9is m\u00f3r\u00e1n machnaimh \u00f3 thaobh Iosrael ar \u00e1it na n\u00e1isi\u00fan, na bpag\u00e1nach, i bplean sl\u00e1naithe D\u00e9. T\u00e9ann an sliocht ar aghaidh le tr\u00e1cht ar na sp\u00e9artha nua agus an talamh nua at\u00e1 \u00e1 gcruth\u00fa ag Dia. Aitheasc <\/span><span style=\"color: black;\">eascateola\u00edoch<\/span><span style=\"color: black;\"> ar an nua-aois at\u00e1 anseo, sliocht an lae inniu i bpr\u00f3s; codanne eile den mh\u00edr i bhfil\u00edocht. F\u00eds iontach at\u00e1 anseo. T\u00e1 Dia le cin\u00edocha (neamh-Ghi\u00fadacha) uile a thabhairt le ch\u00e9ile agus feicfidh siad a ghl\u00f3ir \u2013 in Iar\u00faseil\u00e9m. Ni sonra\u00edtear an comhartha at\u00e1 Dia le tabhairt d\u00f3ibh ach is d\u00f3cha gurb \u00e9 gur ann do Iar\u00fasail\u00e9im agus an Teampall mar l\u00e1rionad a bhfuil le d\u00e9anamh aige. N\u00ed sonra\u00edtear ach oiread c\u00e9n f\u00e1th a luaitear an t-iarmhar, iad si\u00fad (de na cin\u00edocha) a f\u00e1gadh sl\u00e1n, ach seolann Dia cuid diobh seo amach mar mhisin\u00e9ir\u00ed do na n\u00e1isi\u00fain in imig\u00e9in \u00f3 Iosrael (faoi na hainmeacha f\u00e9ach Eizic\u00e9il 27:10-13; leis an ionann\u00fa dealraitheach): Tarsis \u2013 an Sp\u00e1inn; P\u00fat \u2013 Libia; L\u00fad \u2013 Lidia; M\u00f3isec<\/span><span style=\"color: black;\"> (Eabhrais. NRSV: \u201ca tharraing\u00edonn an bogha\u201d = boghd\u00f3ir\u00ed; \u201cnoch thairngios an b\u00f3gha\u201d, Bedell) &#8211; Frigia; (n\u00ed cinnte gur cuid den t\u00e9acs i gceart R\u00f3is); T\u00fabal \u2013 Cilicia; Iav\u00e1n \u2013 muintir Ionia n\u00f3 na Gr\u00e9igigh. Is soil\u00e9ir go bhfuil an chuid den iarmhar seo iompaithe go creideamh i nDia Iosrael. An misean at\u00e1 acu n\u00e1 gl\u00f3ir D\u00e9 a fh\u00f3gairt d\u00f3ibh si\u00fad n\u00e1r chuala tr\u00e1cht air agus n\u00e1r fhaca a ghl\u00f3ir. Agus deireann Dia le muintir Iosrael nach bhfuilid f\u00e5gtha as an \u00e1ireamh. Ag filleadh \u00f3n misean sin don iarmhar beidh bronntanas acu: bh\u00e9arfaidh siad na Gi\u00fadaigh (\u201cbhur mbr\u00e1ithre\u201d) ar deora\u00edocht thar nais, ar na modhanna \u00e9ags\u00fala iompair luaite, go dt\u00ed an Teampall (sliabh beannaithe) in Iar\u00fasail\u00e9im, mar bhronntanas don Teampall mar a dh\u00e9anfadh na Gi\u00fadaigh f\u00e9in. Agus mar chr\u00edoch ar sin go l\u00e9ir t\u00e1 an r\u00e1iteas beagnach dochreidte seo: d\u00e9anfaidh Dia d\u00f3 f\u00e9in sagairt agus Leiv\u00edtigh de chuid de iarmhar na gcin\u00edocha sin \u2013 gan aon cheist faoi bhaint le clann Leiv\u00ed n\u00f3 Ar\u00f3n. <br \/><\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">F\u00eds d\u00e1 cuid f\u00e9in \u00ed seo, a bheadh le f\u00edoradh i gCr\u00edost, sa Tiomna Nua agus san luatheaglais. Is l\u00e9acht thar a bheith feili\u00fanach \u00e9 le dul le soisc\u00e9al an lae inniu.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra (Salm 116[117]). <\/span><span style=\"color: black;\">Im\u00edg\u00ed faoin domhan uile; f\u00f3gra\u00edgi an De\u00ada-Sc\u00e9al.<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 12:5-7, 11-13). <\/span><\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Is ar an duine a bhfuil gr\u00e1 aige air a chuireann Dia smacht. Is lean\u00faint de l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite an sliocht seo. Sa l\u00e9acht sin thug an t-\u00fadar sampla\u00ed \u201cn\u00e9al, slua m\u00f3r mar scamall, de fhinn\u00e9ithe\u201d a bh\u00ed mar eiseaml\u00e1ir acu. Sa sliocht seo meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh go bhfuil Dia ag feidhmi\u00fa mar athair sna deacrachta\u00ed at\u00e1 acu, agus gur c\u00f3ir f\u00e9achaint orthu mar sin. De r\u00e9ir teagasc an tSeantiomna (tugann s\u00e9 athfhriotal as Leabhar na Seanfhocal, 3:11-12, an Bh\u00edobla), cuid de dhualgas athar n\u00e1 smacht a chur ar a chlann mhac. (\u201cN\u00ed bh\u00edonn an rath ach mar a bh\u00edonn an smacht\u201d.) M\u00e1 glactar le deacrachta\u00ed sa spiorad ceart is oili\u00faint iad; gineann siad buanseasmhacht, su\u00e1ilce ar a leagann an t-\u00fadar b\u00e9im tr\u00edd a aitheasc go l\u00e9ir.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 13:22-30). <\/span><\/h3>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, agus beidh siad ina su\u00ed chun boird i r\u00edocht D\u00e9. Leabhar de thraidisi\u00fan na nGi\u00fadach, an ceann ar a dtugtar Tiomna Abr\u00e1h\u00e1m, is d\u00f3cha go raibh a \u00e1bhar ar eolas i laethanta Chr\u00edost. De r\u00e9ir an leabhair seo sheol Dia an t-aingeal Miche\u00e1l go Abr\u00e1h\u00e1m lena r\u00e1 leis go raibh s\u00e9 in am d\u00f3 an saol a fh\u00e1gaint agus teacht go Dia ar neamh. Rinne Miche\u00e1l amhlaidh, ach d\u2019\u00e9iligh Abr\u00e1h\u00e1m go dtabharfa\u00ed radharc d\u00f3 ar dt\u00fas ar an domhan uile. Rinneadh amhlaidh \u00f3 scamall, ach ar fheice\u00e1il peacaigh d\u00f3 d\u2019iarr Abr\u00e1h\u00e1m go gcuirf\u00ed chun b\u00e1is iad. Le tuiscint do pheacaigh agus do aithr\u00ed d\u00fairt Dia le Miche\u00e1l Abr\u00e1h\u00e1m a th\u00f3gaint go neamh l\u00e1ithreach. Ar a shl\u00ed ann d\u00f3 chonaic Abr\u00e1h\u00e1m dh\u00e1 gheata, ceann c\u00fang a raibh beag\u00e1n ag dul tr\u00edd agus ceann leathan do na sluaite. Le c\u00falra mar sin t\u00e1 s\u00e9 \u00e9asca a thuiscint conas a chuireann an fear an cheist seo ar \u00cdosa. Is ar an slua, agus n\u00ed ar an duine aonair sin, a thugann \u00cdosa freagra. Is ar Iosrael fr\u00ed ch\u00e9ile at\u00e1 \u00cdosa ag caint. N\u00ed thugann \u00cdosa freagra faoi uimhreacha ach cuireann b\u00e9im ar\u00eds ar aithr\u00ed le bheith r\u00e9idh dul tr\u00edd an doras c\u00fang. Is ar Iosrael at\u00e1 an t\u00e9acs a leanann seo d\u00edrithe, ceangailte leis an ch\u00e9ad chuid leis an t\u00e9arma \u201cdoras\u201d. S\u00f3rt parabail n\u00f3 samhlaoide at\u00e1 i gceist. Doras iata, seachas doras c\u00fang, at\u00e1 i gceist anois. N\u00ed leor d\u2019Iosrael a r\u00e1 gur duine d\u00edobh f\u00e9in \u00e9 \u00cdosa, a shi\u00fal, a ith, a rinne teagasc ina measc. Is \u00e9 \u00cdosa fear an t\u00ed. Deir s\u00e9 leo gur rinneadar uile an \u00e9ag\u00f3ir, ach n\u00ed thugann sonra\u00ed faoin \u00e9ag\u00f3ir i gceist. Is soil\u00e9ir gur easba chreidimh in \u00cdosa, ina phearsa, agus d\u00e1 sheasann s\u00e9 an ch\u00fais. Breithi\u00fanas ar Iosrael f\u00e9in at\u00e1 ann, agus gairm na gcin\u00edocha ina ionad, mar at\u00e1 in \u00e1iteana eile sna soisc\u00e9il. T\u00e1 tagairt ann don fh\u00e9asta meisiasach sa r\u00e9 le teacht, ag bord leis na patrarca\u00ed, na f\u00e1ithe agus na gealltanais comhl\u00edonta. Tugann \u00cdosa anseo \u201cr\u00edocht D\u00e9\u201d ar an bhf\u00e9asta sin, mar a dh\u00e9anann in \u00e1iteanna eile (L\u00facas 14:15, 16-24; 22:16,18,30). In ionad Iosrael, a bheidh tiom\u00e1inte amach, t\u00e1 na cin\u00edocha as gach ceard den domhan, Iosrael a bh\u00ed ar dt\u00fas anois ag deireadh.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Do R\u00edocht D\u00e9 n\u00ed leor an traidisi\u00fan; n\u00ed m\u00f3r freagra cu\u00ed do ghairm \u00cdosa.<\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I soisc\u00e9al an lae inniu, agus i m\u00f3r\u00e1n \u00e1iteanna eile sna soisc\u00e9il, bh\u00ed teachtaireacht shoil\u00e9ir ag \u00cdosa d\u00e1 chomhaimsirigh agus d\u00e1 mhuintir f\u00e9in. Ba mh\u00f3r an rud na gealltanais do na patrarca\u00ed, agus d\u2019fh\u00e9adfadh fi\u00fa Gi\u00fadach deabh\u00f3ideach a mheas go raibh Iosrael sl\u00e1n, go raibh Dia ceangailte d\u00e1 ghealltanais, ba chuma freagra Iosrael ar theachtaireacht D\u00e9 chucu tr\u00ed \u00cdosa. Thug \u00cdosa rabhadh d\u00f3ibh n\u00e1rbh amhlaidh a bh\u00ed. Agus f\u00edoradh an rabhadh sin ag a bh\u00e1s, a ais\u00e9ir\u00ed agus teacht an Spioraid Naoimh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ceacht t\u00e1bhachtach d\u00fainn as seo n\u00e1 nach leor traidisi\u00fan i gc\u00farsai creidimh in \u00cdosa n\u00e1 san Eaglais. T\u00e5 a fhios againn faoi mar ar chaill m\u00f3ran den tsean-domhan an creideamh. Gluaiseann an Eaglais ar aghaidh go t\u00edortha nua. Is \u00e9asca a r\u00e1 go mbaineann seo le \u201cteacht in aois\u201d agus piseoga agus sc\u00e9alta s\u00ed a fh\u00e1gaint in\u00e1r ndiaidh. Leithsc\u00e9al at\u00e1 anseo. Baineann an creideamh le buntomhas eile: cinnteacht gur ann do nithe nach bhfeicimid. N\u00ed m\u00f3r an creideamh a choth\u00fa, san anam, sa chro\u00ed agus eolas faoi san intinn. N\u00ed leor a mheas gur sl\u00e1n sinn toisc a mhaireamar sa creideamh agus a fhulaing\u00edomar ar a shon. N\u00ed m\u00f3r creideamh beo, i nDia beo, ag \u00e9isteacht le h\u00cdosa ag labhairt linn in gc\u00f3nai.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T\u00e1 \u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn anseo, agus \u00e1bhar agallaimh eadrainn f\u00e9in faoin fhreagra le tabhairt don staid ina bhfuilimid.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L\u00fanasa 25 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-118","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/118","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=118"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/118\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=118"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=118"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=118"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}