{"id":1183,"date":"2020-06-24T09:22:00","date_gmt":"2020-06-24T09:22:00","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1183"},"modified":"2020-06-25T08:01:59","modified_gmt":"2020-06-25T08:01:59","slug":"28-meitheamh-2020-b-an-triu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1183","title":{"rendered":"28 Meitheamh 2020 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>M\u00e1irtin Mac Conmara MSC<\/strong><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\" type=\"A\"><li><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(2 R\u00edthe 4:8-11, 14-16). <em>Is fear naofa le Dia an fear seo; ligeadh s\u00e9 a sc\u00edth anseo.<\/em> Roghna\u00edodh an ch\u00e9ad l\u00e9acht seo le dul le t\u00e9acs an tSoisc\u00e9il a deir: \u201cAn t\u00e9 a ghlacann f\u00edr\u00e9an (duine naofa) as ucht gur f\u00edr\u00e9an (duine naofa) \u00e9, is tuarastal f\u00edr\u00e9in (duine naofa) a gheobhaidh\u201d. Elisea sa l\u00e9acht seo ba fhear naofa \u00e9. D\u00e9antar \u00e9 a \u00e1ireamh i measc na luath-fh\u00e1ithe r\u00e9amh-clasaiceacha. Bhain s\u00e9 le luath-ghr\u00fapa f\u00e1idhi\u00fail ar a dtugadh \u201cclannmhac na bhf\u00e1ithe\u201d, n\u00f3 \u201cbr\u00e1ithreachas na bhf\u00e1ithe\u201d. D\u2019fh\u00e9ach an pobal orthu si\u00fad mar dhaoine naofa agus bh\u00edodar faoi ardmheas, le lucht taca\u00edochta sna bailte m\u00f3ra agus sna cathracha, daoine rachmasacha ina measc. I Leabhair na R\u00edthe t\u00e1 roinnt sc\u00e9alta faoin mbeirt luath-fh\u00e1ithe \u00c9ilias agus Elisea, a chomarba. T\u00e1 ceann \u00e1lainn d\u00edobh seo faoi Elisea i l\u00e9acht an lae inniu. Bh\u00ed s\u00e9 ar a bhealach go Siunam, baile ar theorainn thuaisceart Iosrael, a bhfuil tr\u00e1cht air in \u00e1iteanna eile sa Seantiomna. Bean den uasalaicme, i measc lucht taca\u00edochta an ghr\u00fapa f\u00e1ithe sin, d\u2019iarr s\u00ed ar a fear c\u00e9ile l\u00f3istin a thabhairt d\u00f3 ina dteach, \u00ed cinnte gur fear naofa le Dia a bh\u00ed in Elisea. Thug s\u00ed bheith istigh comp\u00f3rdach d\u00f3. D\u2019iarr Elisea di cad \u00e9 an c\u00faiteamh cu\u00ed a fh\u00e9adfadh s\u00e9 a dh\u00e9anamh di agus fhreagar Gehazi, searbh\u00f3nta Elisea, n\u00e1ch raibh mac ar bith aici agus go raibh a fear c\u00e9ile aosta. Thar cheann Elisea d\u00fairt a shearbh\u00f3na leis an bhean: \u201cBliain \u00f3n am seo beidh mac i do bhachlann agat\u201d. As ucht an ghair a rinne s\u00ed do fhear naofa bheadh luach saothair fir naofa aici.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 88[89]). <em>Canfaidh m\u00e9 de sh\u00edor do bhuanghr\u00e1, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (R\u00f3mh\u00e1naigh 6:3-4, 8-11). <em>Comhadhlacadh sinn sa bh\u00e1s le Cr\u00edost tr\u00edd an mbaisteadh i dtreo go si\u00falfaimisne freisin i mbeatha \u00farnua. <\/em>Dar le P\u00f3l t\u00e1 dh\u00e1 fh\u00f3rsa ag feidhmi\u00fa sa saol, an b\u00e1s tr\u00ed \u00c1dhamh, an Ch\u00e9ad \u00c1dhamh agus an bheatha tr\u00ed Chr\u00edost, an Dara h\u00c1dhamh. Th\u00e1inig an bheatha, agus r\u00e9 urnua, tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Agus Cr\u00edostaithe, tr\u00edna mbaisteadh t\u00e1 siad aontaithe le Cr\u00edost go misti\u00fail, ach is sl\u00ed at\u00e1 f\u00edor, aontaithe lena bh\u00e1s agus lena ais\u00e9ir\u00ed. Sa luatheaglais rinneadh na Cr\u00edostaithe a bhaisteadh tr\u00ed thumadh san uisce, agus is f\u00e9idir le P\u00f3l a r\u00e1 go ndeacha Cr\u00edostaithe ina mbaisteadh isteach sa tuama le Cr\u00edost agus gur ais\u00e9irigh siad leis \u00f3 na mairbh chomh maith, le go mbeidis mar aon leis i mbeatha nua. Beidh an bheatha nua sin acu ag an ais\u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh. Ach faoi mar ar fuair Cr\u00edost b\u00e1s an aon uair amh\u00e1in don pheaca, mar an gc\u00e9anna n\u00ed m\u00f3r do chreidmhigh anseo ar talamh iad f\u00e9in a mheas amhail marbh don pheaca agus beo don bheatha nua seo i gCr\u00edost \u00cdosa. N\u00ed \u00e1ir\u00edonn P\u00f3l anseo na sonra\u00ed a leanfadh as an aontacht nua sin le Cr\u00edost sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed. B\u00edodh gur feasach go maith P\u00f3l cumhacht ghrasta D\u00e9, is eol d\u00f3 chomh maith c\u00e9anna laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna a thugann ar dhuine an peaca a dh\u00e9anamh, ach laige \u00ed seo n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00ed dearmad a dh\u00e9anamh riamh de chumhacht ghr\u00e1sta D\u00e9 i gCriost a fuair b\u00e1s le maithi\u00fanas ar na peaca\u00ed agus a ais\u00e9irigh le beatha \u00far a thabhairt, is cuma c\u00e9 chomh minic a thiteann an laige dhaonna.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 10:37-42). <em>An t\u00e9 nach nglacann a chrois, n\u00edl s\u00e9 d\u00edongbh\u00e1la dom. An t\u00e9 a ghlacann sibhse, glacann s\u00e9 mise. <\/em>Is clabhs\u00far an l\u00e9acht seo ar shliocht an tSoisc\u00e9il ar a dtugtar \u201cAitheasc Mhisin\u00e9ireachta \u00cdosa don D\u00e1r\u00e9ag Aspal\u201d a raibh an ch\u00e9ad chuid de againn thuas san Aifreann don Aon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor. Mar sin tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu go cu\u00ed leis na focail \u201cSan am sin d\u00fairt \u00cdosa lena aspail\u201d. B\u00edodh gur c\u00faireadh le ch\u00e9ile an t-aitheasc c\u00e9aduair don D\u00e1r\u00e9ag, de bharr an teagaisc at\u00e1 istigh ann oireann s\u00e9 do mhisin\u00e9ir\u00ed in aon aois agus ina shli f\u00e9in do chreidmhigh go ginear\u00e1lta, agus t\u00e1 cuid d\u00e1 nduirtear ann le f\u00e1il in \u00e1iteanna eile sa Soisc\u00e9al seo.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An r\u00e1iteas tosaigh faoin t\u00e9 ar fearr leis athair n\u00f3 mathair, n\u00f3 mac n\u00f3 inion n\u00e1 \u00cdosa nach fi\u00fa le h\u00cdosa aige \u00e9, ag cur b\u00e9ime at\u00e1 \u00cdosa ar c\u00e9 chomh l\u00e1rnach is at\u00e1 s\u00e9 f\u00e9in don chreideamh. In \u00e1it eile sa soisc\u00e9al deir \u00cdosa gur ch\u00fais easaontais taobh istigh den teaghlach \u00e9, agus is mar sin a bh\u00ed, ar nd\u00f3igh, at\u00e1, agus a bheidh. N\u00ed bhainenn seo tada den mheas a bh\u00ed ag \u00cdosa ar an dteaghlach agus an t-om\u00f3s is dual o thuismitheoir\u00ed agus eile. D\u00edreach tar \u00e9is an raitis seo t\u00e1 r\u00e1iteas eile den saghas c\u00e9anna ar a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 do gach aoinne a chrois f\u00e9in a iomchair agus \u00cdosa a lean\u00faint. An r\u00e1iteas gairid faoi aoinne a fhaigheann a bheatha go gcailleann s\u00e9 \u00ed, agus an t\u00e9 a chailleann a bheatha mar gheall ar \u00cdosa go bhfaigfheann s\u00e9, t\u00e1 nasc aige leis an gceann eile faoin a chrois f\u00e9in a th\u00f3g\u00e1il agus b\u00e1s a fh\u00e1il do gach rud nach bhfuil oiri\u00fanach don bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 tr\u00ed r\u00e1iteas i mh\u00edr deiridh an diosc\u00farsa ar an lean\u00fanachas at\u00e1 ag misean Chr\u00edost le misean an Athar agus&nbsp; ansin tr\u00edothu sin go l\u00e9ir thar an stair a ghlacann p\u00e1irt ann agus a chabhra\u00edonn leis&nbsp; an misean a fhorbairt. An lean\u00fanachas seo sa mhisean \u00f3n Athair tr\u00edd an Mhac agus na chreidmhigh (le saothar an Spioraid Naoimh), is teagasc \u00e9 at\u00e1 l\u00e1rnach do theachtaireacht \u00cdosa i Soisc\u00e9al Eoin, ach t\u00e1 s\u00e9 le f\u00e1il anseo ina shl\u00ed f\u00e9in ag Matha. Aoinne sa chuireann f\u00e1ilte roimh an D\u00e1r\u00e9ag, na haspail agus a gcomharba\u00ed, agus a ghlacann leo, cuireann s\u00e9 f\u00e1ilte roimh \u00cdosa f\u00e9in, agus tr\u00ed \u00cdosa, f\u00e1ilte roimh an Athair a sheol \u00cdosa. Agus t\u00e1 tuarastal, luach saothair, ann doibh si\u00fad a chuir f\u00e1ilte, a ghlac agus a chabhraigh leo si\u00fad a bh\u00ed agus a bheidh gafa i saothar seo na comharbachta aspalda \u2013 agus cuirtear an m\u00e9id sin in i\u00fal i bhfriotal a thugann chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00faradh faoi Elisea sa chead l\u00e9acht inniu. Aoinne a thugann cabhair, is cuma c\u00e9 chomh beag, sa saothar seo le aidhmeanna mhisean \u00cdosa a chur chun cinn, beidh a thuarastal acu. Aoinne a thugann oiread agus cup\u00e1n d\u2019fh\u00edosruisce d\u2019aon duine de na \u201cmiondaoine\u201d (\u201cdaoine beaga\u201d, \u201cmuintir bheag\u201d) as ucht gur deisceabal \u00e9, n\u00ed bheidh siad gan a thuarastal a fh\u00e1il. An t\u00e9arma sin \u201cdaoine beaga, miondaoine\u201d i Soisce\u00e1l Mhatha, t\u00e1 br\u00edonna \u00e9ags\u00fala aige de r\u00e9ir an chomhth\u00e9asc ina fhaightear \u00e9. Anseo, de r\u00e9ir dealraimh, is \u00ed is br\u00ed leis n\u00e1 na haspail, n\u00f3 na deisceabail uile mar fhinn\u00e9ithe do r\u00edocht D\u00e9, go m\u00f3r m\u00f3r iad sin at\u00e1 gafa go gn\u00edomhach ag cur misean na r\u00edochta chun cinn, an misean a f\u00f3gra\u00edodh c\u00e9aduair ag \u00cdosa ina dhiosc\u00farsa misin\u00e9arachta don D\u00e1r\u00e9ag. Cuireann an mh\u00edr seo clabhs\u00far cu\u00ed leis an diosc\u00farsa go l\u00e9ir. An \u00edomh\u00e1 sin den chup\u00e1n d\u2019fh\u00edorusice, agus an ceann eile de chian\u00f3g na baintr\u00ed, f\u00edora\u00edodh iad thar na haoiseanna s\u00edos tr\u00edd an iliomad daoine a thug cabhair go fial den bheagan a bh\u00ed acu.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Faoi mar ar sheol an tAthair mise&#8230;\u201d Leanann misean Chr\u00edost ar aghaidh go dt\u00ed \u00e1r l\u00e1 f\u00e9in.<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>Ba thoil le h\u00cdosa go mbeadh lean\u00fanachas idir i mhisean f\u00e9in agus na gl\u00fanta ina dhiaidh tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos. N\u00ed hamh\u00e1in sin ach go mbeadh a lucht lean\u00fana feasach den rundiamhair mh\u00f3r a bhain lena mhisean, \u00f3na Athair f\u00e9in ar aghaidh. La C\u00e1sca nuair a ch\u00e9ad thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail d\u00fairt s\u00e9 leo: (S\u00edoch\u00e1in daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t\u00e1imse do bhur gcursa uaim freisin\u201d (Eoin 20:21). Sin d\u00edreach mar a deir \u00cdosa i Soisc\u00e9al an lae inniu: Tosa\u00edonn misean \u00cdosa agus ne hEaglaise leis an Athair, agus ba mhian le h\u00cdosa go dtuigfeadh an Eaglais \u00e9 sin \u2013 lanunachas \u00f3 chro\u00ed Dia an tAthair, tr\u00ed \u00cdosa agus a lucht lean\u00fana. Sin r\u00fandiamhjair an tsl\u00e1naithe.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 an ceangal idir \u00cdoisa agus na gl\u00fanta ina dhiaidh. T\u00e1 an lean\u00fanachas, ann in dh\u00e1 mh\u00f3dh, i ngn\u00edomh agus maidir le teagasc. T\u00e1 s\u00e9 ann i ngn\u00edomh, mar is l\u00e9ir \u00f3 l\u00e9acht an tSoisc\u00e9il a bh\u00ed againn inniu, gur admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa agus san Athair gach gn\u00edomh d\u00e1 laghad \u00e9 ar son forbairt r\u00edocht D\u00e9. Ionann f\u00e1ilte roimh aoinne a chreideann i gCriost agus f\u00e1ilte roimh Chr\u00edost agus an Athair. Lean\u00fanachas i r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe at\u00e1 anseo.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 lean\u00fanachs eile ann. N\u00ed fol\u00e1ir bheith d\u00edlis d\u00e1r d\u00fairt Cr\u00edost agus mr a thuig an luatheaglais a theagasc. Thuig an eaglais go luath go raibh g\u00e1 leis sin: aire a thabhairt do spiorad Chr\u00edost agus a theachtaireacht agus don fh\u00edortesgasc. Tugadh \u201ctaisce\u201d air sin. Mar a deir an t\u00e9 a scr\u00edobh go Tiom\u00f3id in ainm agus i spiorad Ph\u00f3il (1 Tiom\u00f3id 6:20): \u201cA Thiom\u00f3id, cumhdaigh an taisce a f\u00e1gadh i do ch\u00faram, agus seachain an chaint bhaoth dhiomhaoin agus r\u00e1ite br\u00e9ige an eolais \u00fad nach bhfuil ann ach eolas in ainm\u201d. Mar an gc\u00e9anna in 2 Tiom\u00f3d 1:12-14: \u201cT\u00e1im cinnte de go bhfuil ar do chumas an taisce a d\u2019fh\u00e1g m\u00e9 faoi do ch\u00faram a ghard\u00e1il go dt\u00ed an l\u00e1 \u00fad. An teagasc foll\u00e1in a chuala t\u00fa uaimse, coime\u00e1d agat mar threoir \u00e9 agus lean den chreideamh agus den ghr\u00e1 at\u00e1 agat i gCr\u00edost \u00cdosa\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 cur sios mion d\u00e9anta ag an Eaglais i gComhairel Vatac\u00edn II ar na ceisteanna sin, go mor m\u00f3r sa doicim\u00e9id&nbsp; ar an hhFoilsi\u00fa Diaga&nbsp; <em>Verbum Dei<\/em>\u00b8\u201dBriathar D\u2019e\u201d, alt 10, a bhfuil an tsubstaint de le f\u00e1il i <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed<\/em>, ailt 80-88. Maidir le agallamh le saol an lae inniu t\u00e1 ceisteanna a eascra\u00edonn as sin \u00e1 gc\u00edoradh na laethanta seo, agus an eaglais ag iarraidh bheith d\u00edlis don \u201ctaisce\u201d, substaint and chreidimh agus m\u00f3rcheisteanna \u00e1r laethanta fein, i gc\u00farsai teagaisc amhail mn\u00e1 ina sagairt n\u00f3 ina ndeag\u00e1naigh, agus m\u00f3r\u00e1n ceisteanna eile.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>M\u00e1irtin Mac Conmara MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (2 R\u00edthe 4:8-11, 14-16). Is fear naofa le Dia an fear seo; ligeadh s\u00e9 a &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1147,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1183","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1183","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1183"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1183\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1193,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1183\/revisions\/1193"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1147"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1183"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1183"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1183"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}