{"id":1195,"date":"2020-07-02T15:59:17","date_gmt":"2020-07-02T15:59:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1195"},"modified":"2020-07-02T15:59:17","modified_gmt":"2020-07-02T15:59:17","slug":"5-iuil-2020-a-an-ceathru-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1195","title":{"rendered":"5 I\u00fail 2020 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<h3 class=\"wp-block-heading\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n\n\n\n<p><strong>A.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B.\u00a0\u00a0 \u00a0An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cuing \u00cdosa \u00e9adrom n\u00f3 do-iompair?<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>A<strong>.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Zach\u00e1ria 9:9-10). F\u00e9ach, t\u00e1 an r\u00ed ag teacht chugat agus \u00e9 go ceansa.<\/p>\n\n\n\n<p>F\u00e1istine faoi theacht a r\u00ed go hIar\u00fasail\u00e9im (\u201cin\u00edon S\u00ed\u00f3n\u201d, \u201cin\u00edon Iar\u00fasail\u00e9im\u201d) at\u00e1 anseo. Is soil\u00e9ir uaidh sin gurb \u00e9 an Meisias, Mac Dh\u00e1iv\u00ed, at\u00e1 i gceist, b\u00edodh nach deirtear sin go follas. Seasann&nbsp; s\u00e9 amach \u00f3n sliocht seo gur caithr\u00e9im sh\u00edoch\u00e1nta a bheidh ag an r\u00ed seo. Go minic sa tSeantiomna t\u00e1 bua agus caithr\u00e9im fola i gceist i dtagairt\u00ed do Mhac Dh\u00e1ibh\u00ed le teacht, go nd\u00e9anfadh s\u00e9 smionagar de r\u00edthe l\u00e1 na feirge, agus go nd\u00e9anfadh s\u00e9 carn de chonablaigh (Salm 109[110]):5-6). A mhalairt ar fad anseo. C\u00fais l\u00fach\u00e1ire do Iar\u00fasail\u00e9im a theacht. N\u00ed thiocfaidh s\u00e9 go buach ar chapall, ach go humhail, ceansa, ag marca\u00edocht ar asal, ar asal \u00f3g, bromach, searrach asail. Caithr\u00e9im s\u00edoch\u00e1nta a bheidh aige, ag f\u00f3gairt deireadh le treallaimh chogaidh \u00f3 gach ceard in Iosrael, an carbad cogaidh sa tuaisceart (Efraim) agus an capall cogaidh \u00f3 dheas (Iar\u00fasail\u00e9im), agus deireadh leis an bogha cogaidh. Agus n\u00ed do Iosrael amh\u00e1in a theachtaireacht s\u00edoch\u00e1na, ach don domhan uile, curtha in i\u00fal leis na nathana \u201c\u00f3 muir go muir\u201d, agus \u201c\u00f3n abhainn (Eufrates) go cr\u00edocha deiridh na cruinne\u201d. Beidh r\u00e9imeas R\u00ed na S\u00edoch\u00e1na chomh f\u00f3irleathan sin. N\u00ed g\u00e1 a lua gur comhl\u00edonadh an tairngreacht seo in \u00cdosa, ag teacht thar Sliabh na nOl\u00f3g d\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<h3 class=\"wp-block-heading\">Salm le Freagra (Salm 144[145]). Beann\u00f3idh m\u00e9 d\u2019ainm de sh\u00edor, a Dhia liom is a R\u00ed.<\/h3>\n\n\n\n<h3 class=\"wp-block-heading\">Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:9, 11-13). Ma bh\u00e1sa\u00edonn sibh gn\u00edomhartha na colainne le c\u00fanamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.<\/h3>\n\n\n\n<p>Le foirceann na l\u00e9achta seo a thuiscint n\u00edos fearr, agus go deimhin an l\u00e9acht ina hioml\u00e1n, n\u00ed m\u00f3r an chodarsnacht, an frithshu\u00edomh, at\u00e1 ann idir an Spiorad agus an cholainn a thabhairt faoi deara. N\u00ed h\u00ed an cholainn dhaonna i ghn\u00e1th-bhr\u00ed an fhocail sin at\u00e1 i gceist, an corp daonna sa bhr\u00ed neodrach. I dtuisicnt seo na colainne ag P\u00f3l, i gcodarsnacht leis an Spiorad (an Spiorad Naomh), is ar an n\u00e1d\u00far daonna at\u00e1 s\u00e9 ag smaoineamh agus sin sa chiall dhi\u00faltach, an cholainn, an n\u00e1d\u00far ina laige agus a laig\u00ed iomad\u00fala, ach n\u00edos m\u00f3 f\u00f3s an duine daonna claon chun an pheaca, iompaithe do ch\u00farsa\u00ed pearsanta agus c\u00farsa\u00ed an tsaoil seo amh\u00e1in agus nach bhfuil r\u00e9idh glacadh le Soisc\u00e9al Chr\u00edost n\u00e1 treoir \u00f3 neamh, n\u00e1 \u00f3n Spiorad Naomh lena chabhair agus a ghr\u00e1sta. Ionann beatha agus gn\u00edomhartha de r\u00e9ir na colainne sa chiall sin agus b\u00e1s sa tuisicint Chr\u00edosta\u00ed de. N\u00ed m\u00f3r gn\u00edomhartha na colainne, sa chiall sin, a bh\u00e1su le c\u00fanamh an Spioraid le beatha Chr\u00edosta\u00ed a bheith again. T\u00e1 a fhios ag P\u00f3l go bhfuil Cr\u00edostaithe na R\u00f3imhe ag maireacht\u00e1il de r\u00e9ir an teagaisc sin, faoi threoir an Spioraid Naoimh at\u00e1 lonnaithe iontu \u00f3n mbaisteadh, le beatha shaibhir Chr\u00edosta\u00ed \u00e1 caitheamh acu abhus, sin uile \u00f3 bhronntanas D\u00e9 a th\u00f3g \u00cdosa \u00f3 mhairbh, agus a thabharfaidh an bheatha sh\u00edora\u00ed d\u00e1 lucht dilis lean\u00fana sa saol eile.<\/p>\n\n\n\n<h3 class=\"wp-block-heading\">An Soisc\u00e9al (Matha 11:25-30). T\u00e1im ceansa uir\u00edseal \u00f3 chro\u00ed.<\/h3>\n\n\n\n<p>Soisc\u00e9al an lae inniu is l\u00e9iri\u00fa grinn \u00e9 ar r\u00fandhiamhair Chr\u00edost, agus sin i mbriathra Chr\u00edost f\u00e9in. T\u00e1 s\u00e9 an-ch\u00f3ngarach don chur i l\u00e1thair faoi Chr\u00edost at\u00e1 ag Eoin sa Cheathr\u00fa Soisc\u00e9al. Foilsi\u00fa r\u00fandiamhair Chr\u00edost, agus gaol \u00cdosa leis an Athair at\u00e1 ann, agus is fi\u00fa an sliocht a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9asc sa Soisc\u00e9al f\u00e9in. N\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca ag Eoin Baiste fi\u00fa \u00cdosa agus a mhodh oibre a thuiscint. Bh\u00ed Eoin Baiste ag f\u00f3gairt aithr\u00ed agus d\u00edbheirg D\u00e9 le teacht ar na peacaigh, ach bh\u00ed \u00cdosa ceansa cairdi\u00fail leo. \u00d3n charcar, mar a raibh s\u00e9 i mbraighdeanas, chuir Eoin teachtair\u00ed chuig \u00cdosa lena fhiafra\u00ed de arb \u00e9 dair\u00edre and T\u00e9 a bh\u00ed le teacht. Tr\u00ed thagairt\u00ed do fh\u00e1istin\u00ed cu\u00ed thug \u00cdosa freagra, agus mar fhoirceann air d\u00fairt s\u00e9: \u201cIs m\u00e9anar don t\u00e9 nach ceap tuisle d\u00f3 mise\u201d, b\u00edodh n\u00e1r \u00e9irigh de shliocht na mban duine n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 Eoin Baiste. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur thug sin m\u00e9ad\u00fa ar chreideamh Eoin Baiste ar r\u00fandiamhair \u00cdosa. Ach n\u00edor chreid na cathracha ina rinne s\u00e9 an chuid is m\u00f3 d\u00e1 mhior\u00failt\u00ed iontu in \u00cdosa \u2013 Corazain, B\u00e9ats\u00e1idean agus Cafarn\u00e1um, cathracha gur thug \u00cdosa achas\u00e1n d\u00f3ibh. Tugann sin go dt\u00ed an t\u00e9acs seo Aifrinn an lae inniu sinn ina dh\u00e9antar soil\u00e9ir gur g\u00e1 an creideamh, agus aigne linbh, le r\u00fandiamhair \u00cdosa agus a ghaol leis an Athair a chreidi\u00faint n\u00f3 a thuiscint.<br>Toisc go bhfuil tr\u00e1cht le bheith ag \u00cdosa ar fhoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire, beireann s\u00e9 bu\u00edochas leis an Athair d\u00e1 bharr sin, de bharr gur cheil s\u00e9 \u00e1bhar na r\u00fandiamhaire ar lucht eagna agus \u00e9irime agus gur fhoilsigh s\u00e9 do naoin\u00e1in iad. Is comhmth\u00e9acs apacailipteach at\u00e1 againn. Faoi mar n\u00e1r \u00e9irigh le sao\u00edthe na Beabal\u00f3ine, draoithe n\u00f3 asarlaithe taibhrimh an r\u00ed Nad\u00facadn\u00e1zar a mh\u00edn\u00edu ach gur fhoilsigh Dia a mbr\u00ed do Dhain\u00e9il \u00e9, mar an gc\u00e9anna do lucht eagna agus \u00e9irime gan creideamh. N\u00ed nao\u00edn\u00e1in n\u00f3 leana\u00ed sa chiall seo againne at\u00e1 i gceist. N\u00ed raibh a leith\u00e9id\u00ed i measc lucht \u00e9isteachta n\u00f3 lucht lean\u00fana \u00cdosa, n\u00f3 sa luath-eaglais. Deisceabail \u00cdosa at\u00e1 i gceist. I dt\u00e9acs eile tugann \u00cdosa \u201cmiondaoine\u201d, \u201cdaoine beaga\u201d, \u201cdaoine den mhuintir bheag\u201d orthu (Matha 10:42).<br>Mar fhoirceann d\u00e1 nd\u00fairt s\u00e9 faoi fhoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire, i Soisc\u00e9al Matha tugann \u00cdosa cuireadh teacht chuige le faoiseamh a fh\u00e1il. Tagtar go h\u00cdosa, ar nd\u00f3igh, le creideamh ann f\u00e9in agus sa r\u00fandiamhair maidir leis an ghaol idir \u00e9 f\u00e9in agus an Athair, gaol a roinneann s\u00e9 go fial le creidmhigh. D\u2019fh\u00e9ach traidisi\u00fan eagna na nGi\u00fadach ar Dl\u00ed Maois mar chuing, n\u00ed sa chiall gur daoirse \u00e9 ach gur thug s\u00e9, i chiall leathan an fhocail, treoir don bheatha dhaonna. Labhra\u00edonn \u00cdosa ar a phearsa agus ar a theagasc mar chuing, agus air f\u00e9in, i sl\u00ed mar mh\u00e1istir scoile, m\u00e1istir at\u00e1 ceansa agus umhail. Is l\u00e9ir an meid sin \u00f3na bheatha phoibl\u00ed, agus a chaidreamh le peacaigh agus daoine san imeall. Deir s\u00e9 go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach \u00e9adrom. T\u00e1 seo le tuiscint i gc\u00falra an chreidimh agus r\u00fandiamhair phearsa \u00cdosa. D\u00f3ibh si\u00fad nach bhfuil creideamh acu, agus aithne phearsanta ar \u00cdosa, is trom agus do-iompair an chuing sin. \u00c1bhar machnaimh d\u00fainn anseo.<\/p>\n\n\n\n<h3 class=\"wp-block-heading\">B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cuing \u00cdosa \u00e9adrom no do-iompair?<\/h3>\n\n\n\n<p>Ceist mh\u00f3r in agallamh na hEaglaise le socha\u00ed an lae inniu treoir Chr\u00edost agus na hEaglaise i gc\u00farsa\u00ed an tsaoil. T\u00e1 t\u00e9ama\u00ed an agallaimh, nuair is ann d\u00f3, chomh leathan le teachtaireacht Chr\u00edost agus na hEaglaise f\u00e9in. Deir Cr\u00edost gur solas an domhain \u00e9. Ar uairibh, dar le l\u00edon nach beag d\u00e1r gcomhaimsirigh meastar gur dorchadas don chine daonna teagasc na hEaglaise. Ach do \u00e1bhar machnaimh an lae inniu clo\u00edfimid le t\u00e9ama amh\u00e1in den Soisc\u00e9al: cuing \u00cdosa so-iompair agus a ualach \u00e9adrom.<br>An chuing at\u00e1 i gceist n\u00e1 a theachtaireacht agus a theagasc. Seoladh \u00cdosa \u00f3n Athair le beatha a thabhairt don domhan&nbsp; agus \u00ed a thabhairt go fial. Ach t\u00e1&nbsp; teagasc soil\u00e9ir faoin bhestha seo: n\u00ed m\u00f3r do dhuine b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00f3 f\u00e9in leis an bheatha sin a ghn\u00f3thu. Agus deir P\u00f3l an rud c\u00e9anna leis na R\u00f3mh\u00e1naigh, mar a chonacamar sa dara l\u00e9acht inniu. Le bheith mar dheisceabail do Chr\u00edost n\u00ed m\u00f3r do dhuine a chrois a th\u00f3gaint agus \u00cdosa a lean\u00faint. N\u00edl a leith\u00e9id de theagasc inghlactha ag duine gan creideamh, agus fi\u00fa bheadh ceisteanna ag roinnt creidmheach faoi. Mar a deir an file Se\u00e1n \u00d3 Riord\u00e1in faoi seo agus cuid eile de theagasc na hEaglaise: \u201cBuarach ar m\u2019aigne Eaglais D\u00e9, Ar shagairt do glaofinn coillte\u00e1in\u201d \u2013 buarach, r\u00f3pa n\u00f3 corda ceangailte b\u00f3 i stalla. Is fada sin \u00f3 bheith so-iompair n\u00f3 \u00e9adrom.<br>An bhfhuil r\u00e9iteach le fail ar an bhfadhb seo? Don chreidmheach a chreideann i gCr\u00edost, agus&nbsp; a bhfuil aithne phearsanta \u00e1 cur aige air, agus creideamh sa&nbsp; Spiorad Naomh agus feidhmi\u00fa ghr\u00e1sta D\u00e9 tr\u00ed Chr\u00edost aige \u2013 t\u00e1 cuing Chr\u00edost so-iompair agus a ualach \u00e9adrom, chomh so-iompair agus \u00e9adrom agus a bh\u00ed s\u00e9 ar Chr\u00edost f\u00e9in. Is cuid mh\u00f3r de oidhreacht theagasc mhor\u00e1lta na hEaglaise sampla Chr\u00edost. N\u00ed hionann an m\u00e9id sin agus a r\u00e1 nach m\u00f3r an chuing sin a dh\u00e9anamh chomh so-iompair agus \u00e9adrom agus is f\u00e9idir le teagasc Chr\u00edost a chur in oiri\u00faint don saol at\u00e1 anois againn, ach deimhin a dh\u00e9anamh de gur cuing agus ualach Chr\u00edost at\u00e1 i gc\u00f3na\u00ed ann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.\u00a0\u00a0 \u00a0An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1195","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1195","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1195"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1195\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1197,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1195\/revisions\/1197"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1195"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1195"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1195"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}