{"id":1202,"date":"2020-07-08T08:00:35","date_gmt":"2020-07-08T08:00:35","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1202"},"modified":"2020-07-08T08:00:37","modified_gmt":"2020-07-08T08:00:37","slug":"12-iuil-2020-a-an-cuigiu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1202","title":{"rendered":"12 I\u00fail 2020 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Spreagann Briathar D\u00e9 d\u00edocas agus d\u00f3chas<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 55:10-11). <em>Cuireann an bh\u00e1isteach eascar sa talamh. <\/em>An teideal seo a tugadh don sliocht seo, oireann s\u00e9 don fh\u00e1th ar roghna\u00edodh \u00e9, sin le r\u00e1 le dul leis an parabal sa soisceal ar an s\u00edolad\u00f3ir. Ach is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil aidhm eile ar fad leis i Leabhar \u00cdse\u00e1ia, agus sin mar chuid de chlabhs\u00far ar an ch\u00e9ad chuid de Dara \u00cdse\u00e1ia, ina bhfuil baili\u00fach\u00e1in f\u00e1istin\u00ed at\u00e1 ag tabhairt uchtaigh do dheoraithe Iosrael sa Bhaibeal\u00f3in, ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh go bhfuil Dia leo i gc\u00f3na\u00ed ina bhriathar agus lena chumhacht. I dt\u00fas an bhaili\u00fach\u00e1in (40:7-8) meabhra\u00edtear go bhfuil an uile fheoil, an uile rud daonna, cos\u00fail lei an bhf\u00e9ar. Feonn an f\u00e9ar, tr\u00e9igeann an bl\u00e1th, ach seasann briathar \u00e1r nDia go Deo. Ansin mar fhoirceann, mar dh\u00fanadh, ar an sliocht deirtear an rud c\u00e9anna, le compar\u00e1id leis an mb\u00e1isteach agus an sneachta a dh\u00e9anann an ithir r\u00e9idh don s\u00edolad\u00f3ir, a chuireann eascairt sa talamh: Briathar D\u00e9 a thagann as b\u00e9al D\u00e9, t\u00e9ann s\u00e9 tr\u00edd an stair agus b\u00edonn toradh f\u00f3nta air. Cuireann an Briathar seo i gcr\u00edch an rud is toil le Dia. N\u00ed hionann sin agus a r\u00e1 go nd\u00e9anann s\u00e9 go tobann n\u00f3 gur tr\u00ed dhra\u00edocht \u00e9igin \u00e9. N\u00ed m\u00f3r creideamh agus foighid le feidhmi\u00fa Bhriathar D\u00e9 sa stair a thuiscint, agus p\u00e9 tobann mall f\u00edoradh na bhf\u00e1istin\u00ed seasann Briathar \u00e1r nDia go deo.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 64[65]). <em>Thit an s\u00edol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:18-23). <em>T\u00e1 an d\u00falra ag tn\u00fath go d\u00edocasach le foillsi\u00fa chlann D\u00e9.<\/em> Leagann caibideal 8 den litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh b\u00e9im l\u00e1idir ar an mbua at\u00e1 ag na creidmhigh i gCr\u00edost tr\u00edd an Spiorad Naofa, ar laige na colainne agus i sl\u00edte eile. Ach n\u00ed m\u00f3r an fhoighid i gcruatain an tsaoil seo, agus is beag iad san i gcompar\u00e1id leis an ghl\u00f3ir a bheidh againn sa deireadh thiar le Cr\u00edost. T\u00e1 an Cr\u00edosta\u00ed ag tn\u00fath leis an ghl\u00f3ir sin. Spreagann an Spiorad \u00e9, an Spiorad a chuireann in i\u00fal d\u00fainn gur clannmhac agus clann in\u00edonacha D\u00e9 sinn. Mothaimid go bhfuil easnamh m\u00f3r orainn sa laige dhaonna seo, agus sinn ag tn\u00fath le foilsi\u00fa ionainn an ghl\u00f3ir is dual do \u00edomh\u00e1 D\u00e9 ionainn. T\u00e9ann P\u00f3l n\u00edos faide n\u00e1 sin sa l\u00e9acht seo. T\u00e1 a bhfuil cruthaithe, an d\u00falra go l\u00e9ir, dar leis, easnamhach, agus gan a bheith de r\u00e9ir mar ba thoil le Dia \u00f3 th\u00fas. Cuireadh \u00f3 rath \u00e9, n\u00ed mar chuid inmhe\u00e1nach den d\u00falra, den n\u00e1d\u00far, f\u00e9in, ach cuireadh \u00f3 rath \u00e9 \u00f3 chumhacht \u00e9igin, ag \u201can t\u00e9 a chuir \u00f3 rath \u00e9.\u201d Is d\u00f3cha gur Dia at\u00e1 i gceist, agus gur thit an d\u00falra \u00f3 rath le peaca an tsinsir. Ba choir go mbeadh an d\u00falra f\u00e9in ag tabhairt fianaise do dh\u00ednit an chine dhaonna, ag l\u00e9iri\u00fa a ghl\u00f3ire. Samhla\u00edonn P\u00f3l an d\u00falra f\u00e9in ag cneadach ag feitheamh leis an tsaoirse is dual d\u00f3 f\u00e9in agus don chine daonna. Agus spreagann an Spiorad Naomh na creidmhigh a bheith ag tn\u00fath leis an tsaoirse agus an ghl\u00f3ir is dual d\u00f3ibh mar \u00edomh\u00e1nna D\u00e9 agus \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 13:1-23). <em>Chuaigh an s\u00edolad\u00f3ir amach ag cur an ts\u00edl.<\/em> Sa l\u00e9acht seo \u00f3n Soisc\u00e9al, tar \u00e9is an r\u00e9amhr\u00e1 t\u00e1 tr\u00ed (n\u00f3 fi\u00fa ceithre) m\u00edreanna ann, iad go l\u00e9ir aontaithe sa teama c\u00e9anna. I dt\u00fas b\u00e1ire t\u00e1 an r\u00e9amhr\u00e1 a thugann su\u00edomh pharabail an lae inniu, n\u00f3 su\u00edomh parabal go ginire\u00e1lta. Is \u00e9 an t\u00e9arma Eabhraise taobh thiar den fhocal parabal n\u00e1 <em>maiseal, <\/em>a bhfuil br\u00edonna \u00e9ags\u00fala ag gabh\u00e1il leis, mar shampla seanfhocal, r\u00e1iteas gaoise, soil\u00e9iri\u00fa, compar\u00e1id, n\u00f3 fi\u00fa d\u00fafhocal, d\u00fathomhas. Leagann an r\u00e9amhr\u00e1 b\u00e9im ar mhisean \u00cdosa teagasc a thabhairt. Ceann de na modhanna ar bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id astu n\u00e1 an parabal, sc\u00e9al le compar\u00e1id ag gabh\u00e1il leis a thug ar an lucht \u00e9isteachta machnamh a dh\u00e9anamh air. Is faoi sh\u00edolad\u00f3ir an parabal, agus tar \u00e9is an pharabail cuirtear ceist ar \u00cdosa \u00f3na dheisceabail faoin gc\u00fais ar bhaineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an modh \u00e1irithe seo m\u00fainteoireachta. Is \u00e9 an freagra a thugann \u00cdosa n\u00e1 go bhfuil gn\u00e9, buntomhais, thar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil seo, le craobhscaoileadh an tSoisc\u00e9il. Baineann s\u00e9 le plean shl\u00e1n\u00fa D\u00e9, r\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe leis na cianta cairbeacha ach \u00e1 foilsi\u00fa anois tr\u00ed phearsa agus theagasc \u00cdosa. Lena glacadh n\u00ed m\u00f3r bronntanas an chredimh \u00f3 Dhia. T\u00e1 an bronntanas seo ag na hAspail agus na deisceabail. T\u00e1 r\u00fandiamhra r\u00edocht D\u00e9 foilsithe d\u00f3ibh agus is m\u00e9anar d\u00f3ibh d\u00e1 bharr. Ba mhian le m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ithe agus f\u00edr\u00e9an na nithe sin a fheice\u00e1il agus a chloisint ach n\u00e1r fhaca n\u00f3 n\u00e1r chuala iad. T\u00e9ann an t\u00e9acs ar aghaidh ansin le m\u00edni\u00fa \u00cdosa ar an bparabal a thabhairt, soil\u00e9iri\u00fa a bheadh \u00e1 thabhairt ag an luath-eaglais f\u00e9in, agus malairt de ag an Eaglais tr\u00edd an stair an\u00edos. Bheadh ar chumas an dreama a ch\u00e9ad chuala an parabal na h\u00edomh\u00e1nna a thuiscint go h\u00e9asca: na hithreacha de shaghasanna \u00e9ags\u00fala taobh le taobh, cas\u00e1in, clocha, carraigeacha, deilgnigh, screaga, maraon le ithir mh\u00e9ith. T\u00e1 teachtaireacht bhuan aige sin go l\u00e9ir don Eaglais in aon aois agus d\u00e1r linn fein. T\u00e1 measc\u00e1n d\u00e1 leith\u00e9id san Eaglais i gc\u00f3na\u00ed, agus n\u00ed m\u00f3r an creideamh agus gr\u00e1sta D\u00e9 le guth D\u00e9 i mBriathar D\u00e9 a thuiscint agus a ghlacadh chugainn f\u00e9in, le toradh a thabhairt i mbeatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: Spreagann Briathar D\u00e9 d\u00edocas agus d\u00f3chas<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>T\u00e1 an t\u00e9ama seo ag rith tr\u00ed na tr\u00ed l\u00e9achta\u00ed inniu agus is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh air mar t\u00e1 \u00e1bhar agallaimh ann do shaol \u00e1r linne f\u00e9in. Bh\u00ed pobal Iosrael ar scr\u00edobh an f\u00e1idh ar a dtugaimid an Dara \u00cdse\u00e1ia chuige in \u00edseal br\u00ed agus faoi lag-mhisneach sa Bhaibeal\u00f3in gan m\u00f3r\u00e1n d\u00f3chais acu go raibh todhcha\u00ed ar bith i nd\u00e1n d\u00f3ibh. Mheabhraigh an f\u00e1idh seo d\u00f3ibh nach mar sin a bh\u00ed in aigne D\u00e9, a mhaireann a Bhriathar de sh\u00edor. Bh\u00ed r\u00e9 nua i nd\u00e1n d\u00f3ibh, agus gan mhoill, gealltanas a thug d\u00edocas d\u00f3ibh, agus n\u00ed briatrhra baotha folamha a bh\u00ed anseo ach d\u00f3chas bunaithe ar fh\u00edrinne agus dh\u00edlseacht D\u00e9 f\u00e9in. Spreagadh chun gn\u00edmh iad d\u00e1 bharr.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar an gc\u00e9anna le t\u00e9acs Ph\u00f3il chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, leis na tagairt\u00ed do chneadach an d\u00falra ag iarraidh saoirse agus foilsiu ghl\u00f3ir chlann D\u00e9. Ar uairibh sa Seantiomna f\u00e9achtar ar an d\u00falra, ar gach ar crutha\u00edodh, mar bhrat gl\u00f3ire D\u00e9. Brat gl\u00f3ire i sl\u00ed \u00e9 don chine daonna chomh maith, agus n\u00edl s\u00e9 chomh foirfe sa r\u00f3l sin agus a oirfeadh do ghl\u00f3ir na gcreidmhach. T\u00e1 an d\u00falra easnamhach sa mh\u00e9id sin de. Dar le P\u00f3l sin toisc neach \u00e9igin, Dia is d\u00f3cha, a rinne gan rath \u00e9. T\u00e1 baol ann don d\u00falra inniu, n\u00ed t\u00f3isc D\u00e9 ach de bharr neamh-ch\u00faram agus m\u00ed-\u00fas\u00e1id an chine dhaonna. T\u00e1 sp\u00e9is faoi leith again inniu san imshaol, sa timpeallacht, agus t\u00e1 seo ag teacht go geal lena d\u00fairt P\u00f3l. Is cuid dinn f\u00e9in, brat an chine dhaonna, an timpealleacht.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus maidir le \u00edomh\u00e1 an ts\u00edolad\u00f3ra de, is cuid dh\u00edlis de stair poilit\u00edochta agus r\u00e9abhl\u00f3ideach na h\u00c9ireann \u00edomh\u00e1 an ts\u00edl agus an ts\u00edolad\u00f3ra \u2013 an s\u00edol \u00e1 chur ag gl\u00fanta romhainn agus an fomhar \u00e1 bhaint n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ach maille leis sin t\u00e1 Briathar D\u00e9 ann agus guth D\u00e9 tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos. Is s\u00edolad\u00f3ir f\u00f3s \u00e9 \u00cdosa. Agus is s\u00edolad\u00f3ir gach duine againn a chreideann i nDia agis in \u00cdosa, s\u00edolad\u00f3ir le briathar, le guth agus sampla. N\u00e1 cuireadh s\u00e9 isteach orainn m\u00e1 thiteann cuid den ts\u00edol ar ithreacha \u00e9ags\u00fala, ar charraigeacha, chlocha agus eile. Mar sin a bh\u00ed riamh. Ach leanann an s\u00edolad\u00f3ir leis ina shaothar.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Spreagann &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":818,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1202","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1202","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1202"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1202\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1203,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1202\/revisions\/1203"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/818"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1202"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1202"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1202"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}