{"id":1232,"date":"2020-08-05T09:13:52","date_gmt":"2020-08-05T09:13:52","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1232"},"modified":"2020-08-05T09:13:58","modified_gmt":"2020-08-05T09:13:58","slug":"9-lunasa-2020-a-an-naou-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1232","title":{"rendered":"9 L\u00fanasa 2020 (A) An Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Urnai le teacht i gcabhair ar Eaglais shuaite<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(1 R\u00edthe 19:9, 11-13). <em>Seas ar an sliabh os comhair an Tiarna. <\/em>Cuireann an l\u00e9acht seo s\u00edos ar an bhf\u00e1idh \u00c9ilias ar chnoc Horaeb (ar a dtugtar S\u00edona\u00ed chomh maith) mar a fhoilsigh an Tiarna Dia \u00e9 f\u00e9in do Mhaois, ar labhair s\u00e9 leis mar dhl\u00fathchara, agus ar rinne s\u00e9 conradh le clann Iosrael. Sa ch\u00e9ad cheann de na Deich nAitheanta d\u00fairt Dia: \u201cMise and Tiarna do Dhia. N\u00e1 biodh aon d\u00e9ithe eile agat i mo l\u00e1thair\u201d. P\u00e9 ar bith faoin gceist an raibh aondiachas, monadiachas, go teoriciuil in Iosrael \u00f3 thus, is \u00e9 sin le r\u00e1 adhradh I\u00e1iv\u00e9 Dia Iosrael mar an t-aon Dia amh\u00e1in, is soil\u00e9ir go raibh ar feadh i bhfad adhradh d\u00e9ithe \u00e1iti\u00fala, log\u00e1nta, ann in Iosrael mar aon le adhradh I\u00e1iv\u00e9. B\u2019fh\u00edor \u00e9 sin go m\u00f3r m\u00f3r in Iosrael, R\u00edocht an Tuaiscirt, go h\u00e1irithe le linn r\u00e9imeas an r\u00ed Ach\u00e1b, l\u00e1r na naoi\u00fa haoise roimh Chr\u00edost, a ph\u00f3s Izibil, in\u00edon Ittobaal, ri na Tu\u00edre agus Siod\u00f3in. M\u00f3id\u00edn don dia Baal a bh\u00ed innti, agus ghlac Ach\u00e1b le cultas an d\u00e9 sin go fonnmhar chomh maith. As sin th\u00e1inig borradh ar an bpag\u00e1nachas i R\u00edocht Iosrael, mar aon le iliomad f\u00e1ithe pag\u00e1nacha a bhain le cultas Baal. Ba \u00e9 \u00c9ilias an ch\u00e9ad fh\u00e1idh aonair (gan bheith ina bhall de chuallacht f\u00e1ithe) in Iosrael, agus sheas s\u00e9 go tr\u00e9an ar son chreideamh I\u00e1iv\u00e9 i gcoinne Ach\u00e1b agus Izibil, comhrac a th\u00e1inig chun cr\u00edche ag Cnoc Cairmel, leis an bua do \u00c9ilias, nuair a cuireadh f\u00e1ithe Baal chun b\u00e1is. Bh\u00ed a bheatha anois i mbaol agus theith s\u00e9 leis, tuirseach den chomhrach agus cortha den saol f\u00e9in. Rith s\u00e9 leis dul go Horaeb, an Sliabh inar fhoilsigh Dia \u00e9 f\u00e9in do Iosrael c\u00e9aduair, le athnuachaint a chur lena mhisneach agus a dh\u00edograis. Sa ch\u00e9ad fhoilsi\u00fa \u00f3 Dhia d\u00fairt an Tiarna le Maois go gcuirfeadh s\u00e9 \u00e9 i scoilt sa charraig fad a bheadh s\u00e9 f\u00e9in ag gabh\u00e1il thart (Eacsadas 33:22). B\u2019fheidir go raibh sin in aigne ag \u00c9ilias nuair a chuaigh s\u00e9 isteach san uaimh. Nuair a bh\u00ed an ch\u00e9ad chonradh le d\u00e9anamh, tuair go raibh an Tiarna le teacht an stoirm, crith tal\u00fan agus toirneach (Eacsadas 19). A mhalairt de shin i gc\u00e1s \u00c9ilias. N\u00ed raibh an Tiarna in aon cheann d\u00edobh sin. Ansin th\u00e1inig fuaim leoithne boige, rud a thug le tuiscint do \u00c9ilias, de r\u00e9ir dealraimh, go raibh an Tiarna le teacht, agus chl\u00fadaigh s\u00e9 a aghaidh lena chl\u00f3ca agus sheas ar an bhealach isteach chun na huaimhe. Stopann t\u00e9acs an liot\u00fairge anseo. Sa Bh\u00edobla f\u00e9in leanann an t\u00e9acs ar aghaidh leis an gcomhr\u00e1 idir an Tiarna agus \u00c9ilias a thabhairt d\u00fainn. N\u00ed deirtear linn an bhr\u00ed a bh\u00ed le Dia \u00e9 f\u00e9in a chur i l\u00e1thair i leoithne bhog. Chabhraigh seo leis an gcomhr\u00e1 leis an f\u00e1idh. Toisc gur am an gh\u00e1tair do chonradh idir Dhia agus Iosrael a bh\u00ed ann, l\u00e9irigh freagra seo D\u00e9 go raibh c\u00faram a phobail air, agus an caidreamh seo aige le ceannaire mar an f\u00e1idh \u00c9ilias. Mar sin, t\u00e9ann an sliocht seo leis an l\u00e9acht sa soisc\u00e9al inniu ina bhfuil an t\u00e9ama c\u00e9anna. Ag claochl\u00fa an Tiarna, t\u00e1 Maois agus \u00c9ilias i l\u00e1thair mar fhinn\u00e9ithe don chonradh ar Horaeb\/S\u00edona\u00ed, don Dl\u00ed agus do na F\u00e1ithe.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 84[85]. <em>Taispe\u00e1in d\u00fainn, a Thiarna, do thr\u00f3caire, agus tabhair d\u00fainn do shl\u00e1n\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 9:1-5). <em>N\u00edor mhiste dom bheith faoi mhallacht D\u00e9 ar son muintir mo chine f\u00e9in. <\/em>Chuir P\u00f3l cr\u00edoch lena chuid teagaisc i gcaibideal 8 den litir seo. Sna tr\u00ed chaibideal a leanann \u00e9 (9-11), a l\u00e9ifear astu san Aifreann sa tr\u00ed Dhomhnach seo chugainn, d\u00edr\u00edonn an tAspal a aird ar \u00e1bhar a bh\u00ed ag cur as d\u00f3 go m\u00f3r, n\u00ed fol\u00e1ir, i rith a shaol go l\u00e9ir mar mhisin\u00e9ir, is \u00e9 sin le r\u00e1 faoi mar ar theip ar a phobal f\u00e9in, na Gi\u00fadaigh, glacadh le h\u00cdosa Cr\u00edost mar an Cr\u00edost, an Meisias, agus le comhl\u00edonadh a gcuid staire go l\u00e9ir agus na gealltanais a bhain leis. Is \u00e9 an misean a tugadh do Ph\u00f3l \u00f3 Chr\u00edost ais\u00e9irithe n\u00e1 bheith ina aspal do na gintlithe, na neamh-Ghi\u00fadaigh. Sa litir is t\u00faisce uaidh a th\u00e1inig anuas chugainn (1 Teasal\u00f3naigh 1:4-16) t\u00e1 breith dhian tugtha aige ar a chomh-Ghi\u00fadaigh sa Phailist\u00edn, ach de ghn\u00e1th n\u00ed n\u00f3s leis d\u00edchreideamh a chine a lua sna litreacha eile leis. Ach n\u00ed fol\u00e1ir, mar sin f\u00e9in, go raibh seo ag cur as go m\u00f3r d\u00f3. Anois go bhfuil a chuid misin\u00e9ireachta san Oirthear thart, labhra\u00edonn s\u00e9 go hoscailte faoi leis na R\u00f3mh\u00e1naigh. Le heagla go mbeadh amhras ar aoinne faoina ionracas san \u00e1bhar seo faoi dhol\u00e1s m\u00f3r agus arraing a chro\u00ed, luann s\u00e9 mar bheirt fh\u00ednn\u00e9 Cr\u00edost agus an Spiorad Naomh. Bheadh se r\u00e9idh bheith faoi mhallacht d\u00e1 mba chabhair \u00e9 sin ar son a chine, na Gi\u00fadaigh. Bh\u00ed P\u00f3l m\u00f3rtasach i gc\u00f3nai as a oidhreacht Ghi\u00fadach, agus bh\u00ed ar a chumas sin a mheabhr\u00fa d\u00e1 chomhluadair chr\u00edosta\u00ed as na gintlithe. D\u00e9anann s\u00e9 machnamh anois ar an oidhreacht ghl\u00f3rmhar sin, agus na buanna m\u00f3ra \u00f3 Dhia a bh\u00ed ag na Gi\u00fadaigh mar chine, buanna a fheadfa\u00ed fianaise \u00f3n mB\u00edobla a chur le gach ceann acu. Clann D\u00e9 iad, a ch\u00e9adghin de r\u00e9ir Dia f\u00e9in (Eacsadas 4:22). Bh\u00ed gl\u00f3ir D\u00e9 acu ag cur f\u00faithi sa Teampall. Bh\u00ed na conartha\u00ed a rinneadh le Abrah\u00e1m, I\u00e1c\u00f3b (Iosrael), Maois agus D\u00e1iv\u00ed acu; an Dl\u00ed a thug treoir faoi thoil D\u00e9 d\u00f3ibh, an liot\u00fairge taibhseach, na gealltanais faoi thodhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar agus faoin Mheisias. Mar dhuine de chlann Iosrael bh\u00ed P\u00f3l m\u00f3rtasach as bheith de ph\u00f3r na \u201cnAthracha\u201d, na bPaitriarc. Ba leis na Gi\u00fadaigh na patrarca\u00ed, agus ba \u00e9 gl\u00f3ir na gl\u00f3ire acu gur d\u00edobh an Cr\u00edost (\u00cdosa Cr\u00edost), \u201cde r\u00e9ir na colainne\u201d, sa mh\u00e9id gur duine \u00e9. Maidir le foirceann na l\u00e9achta seo d\u2019fheadfa\u00ed ceachtar de dh\u00e1 bhr\u00ed a bhaint as an mbunleagan. An ceann is com\u00f3nta n\u00e1 admh\u00e1il diagachta Chr\u00edost, mar at\u00e1 sa \u201cB\u00edobla Naofa\u201d, le fail sa Leicsean\u00e1r Nua: \u201cCr\u00edost sa mh\u00e9id gur duine \u00e9, &#8211; an t\u00e9 at\u00e1 ina Dhia ar an uile n\u00ed, moladh go deo leis. Amen\u201d. Ach is f\u00e9idir br\u00ed eile a bhaint as, ag cur l\u00e1nstad tar eis \u201csa mh\u00e9id gur duine \u00e9\u201d (n\u00f3: \u201cde r\u00e9ir na colainne\u201d) agus an r\u00e1iteas deiridh a th\u00f3gaint mar dhocseola\u00edocht, r\u00e1iteas molta D\u00e9, agus neamhsple\u00e1ch \u00f3n m\u00e9id a d\u00faradh faoi Chr\u00edost, mar seo: \u201cde r\u00e9ir na colainne. Dia at\u00e1 os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe \u00e9 go deo. \u00c1im\u00e9an\u201d (Cosslettt \u00d3 Cuinn).<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 14:22-33). <em>Ordaigh m\u00e9 a theacht chugat ar bharr an uisce. <\/em>Tugann briathra tosaigh na l\u00e9achta seo cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh air. Chuir \u00cdosa d\u2019fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe. Nuair a shu\u00edtear seo ina chomhth\u00e9acs sa soisc\u00e9al seo, agus i stair na soisc\u00e9al, is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go dtagann an sliocht seo d\u00edreach tar \u00e9is shoisc\u00e9al an Ocht\u00fa Domhnaigh D\u00e9ag ina bhfuil cur s\u00edos ar mhior\u00failt iolr\u00fa an ar\u00e1in. Sa chur s\u00edos ar an mhior\u00failt seo i Soisc\u00e9al Eoin (6:14-15) deirtear gur mheas an pobal, ar a fheiscint doibh, gurb \u00e9 \u00cdosa an f\u00e1idh a bh\u00ed geallta, agus nuair a thug \u00cdosa faoi deara go raibh in aigne acu teacht agus \u00e9 a fh\u00f3gairt mar r\u00ed, chuaigh s\u00e9 ar leataobh faoin sliabh ina aonar. Is d\u00f3cha gurb \u00e9 seo an f\u00e1th gur chuir s\u00e9 d\u2019fhiacha ar na deisceabail dul go h\u00e1it eile. Scaoil s\u00e9 na sluaite uaidh chomh maith agus chuaigh an sliabh suas chun gu\u00ed ina aonar. Luann na soisc\u00e9alaithe, go h\u00e1irithe L\u00fac\u00e1s, go nd\u00e9anadh \u00cdosa gu\u00ed go minic, go h\u00e1irithe dtr\u00e1thanna t\u00e1bhachtachta d\u00e1 shaol; ag a bhaisteadh, sul ar roghnaigh s\u00e9 an D\u00e1r\u00e9ag, ag m\u00faineadh an \u00c1r nAthair d\u00f3, nuair a dh\u00e9anann a dheisceabail admh\u00e1il chreidimh ann i C\u00e9asarai\u00e1 (L\u00fac\u00e1s 9:18), ag Geits\u00e9amain\u00ed, ar lucht a ch\u00e9asta. Taispe\u00e1nann a urna\u00ed a aontacht leis an Athair, agus l\u00e9ir\u00edonn an fhirinne gur leiri\u00fa ar r\u00fandiamhair shlanaithe D\u00e9 a bh\u00ed ina chuid saothair. Thug a urna\u00ed sampla agus teachtaireacht don eaglais aithris a dh\u00e9anamh air.<\/p>\n\n\n\n<p>An ch\u00e9ad mhir eile a thugann cuireadh chun machnaimh n\u00e1 ci\u00fani\u00fa na stoirme, \u00e1 tabhairt chun suaimhnis, ar a leanann admhail na nAspal gur Mac D\u00e9 \u00e9 \u00cdosa. Measann siad gur taibhse a bh\u00ed in \u00cdosa ag si\u00fal ar an uisce. Deir \u00cdosa leo gan eagla a bheith orthu, leis na briathra; \u201cIs mise (at\u00e1 ann)\u201d, briathra a thugfadh chun cuimhne a d\u00fairt an Tiarna Dia faoi f\u00e9in ag an tor ar lasadh (Eacsadas 3:14): \u201cIs m\u00e9 an t\u00e9 at\u00e1\u201d, agus \u00e1iteanna eile ina mbaintear feidhm as an nath lena cur in iul go bhfuil Dia i l\u00e1thair lena chabhair, le eagla a chur ar ceal (\u00cdse\u00e1ia 4:4;n 43:5, 10-11), , agus anseo go bhfuil cabhair D\u00e9 i ngoire in \u00cdosa. T\u00e1 r\u00f3l l\u00e1rnach ag Peadar san eachtra, agus \u00e9 ag iarraidh si\u00fal ar an uisce mar \u00cdosa f\u00e9in. C\u00e1ineann \u00cdosa laige a chreidimh. Nuair a bhi an bheirt sl\u00e1n sabh\u00e1ilte sa bh\u00e1d chi\u00fanaigh an stoirm de thoirt. Chabhraigh cumhacht \u00cdosa ar an ngaoth agus an fharraige, agus fianaise an Bh\u00edobla chuige acu, chabhraigh sin leis na deisceabail admh\u00e1il gur Mac D\u00e9 d\u00e1ir\u00edre \u00e9 \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugann an l\u00e9acht cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar thr\u00ed phointe: (1) urna\u00ed \u00cdosa agus an l\u00e1rionad at\u00e1 ag an urna\u00ed san eaglais don duine aonair agus don phobal; (2) an b\u00e1d sa stoirm sa bhfarraige is \u00edomh\u00e1 \u00e9 den eaglais suaite le fadhbanna i rith a staire. Ach t\u00e1 \u00cdosa i ngiorracht di i gc\u00f3na\u00ed. (3) An r\u00f3l l\u00e1rnach ata ag Peadar san eaglais i bplean \u00cdosa. Rinne \u00cdosa gu\u00ed ar a shon nach gclisfeadh ar a chreideamh ach go mbeadh s\u00e9 l\u00e1idir le creideamh a bhr\u00e1ithre a neart\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>:Urnai le teacht i gcabhair ar Eaglais shuaite<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Is as an Soisc\u00e9al a bhfuil de \u00e1bhar machnaimh againn i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu,. Agus t\u00e1 an chuid is m\u00f3 d\u00e1 bhfuil le r\u00e1 mar mhachnamh tugtha sna n\u00f3ta\u00ed ar an l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al. Go traidisi\u00fanta is \u00edomh\u00e1 den eaglais an bad san fharraige ch\u00e1ite. Mar a d\u00faramar, is sampla agus teachtaireacht don eaglais gu\u00ed, urna\u00ed, Chr\u00edost. Ionann urna\u00ed agus admh\u00e1il chreidimh san eaglais mar r\u00fandiamhair, mar bhronntnas \u00f3 Dhia nach dtuigtear ach tri chreideamh, agus gur tr\u00ed urna\u00ed a thagann beocht agus borradh innti.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 an Eaglais caitliceach, sin le r\u00e1 uil\u00ed, domhanda, agus b\u00edodh go bhfuil deacrachta\u00ed aici go minic n\u00ed ionann iad i ngach \u00e1it, cont\u00fairt\u00ed aici \u00f3 gh\u00e9arleanuint\u00ed agus fi\u00fa d\u00edoth\u00fa \u00f3n dtaobh amuigh in \u00e1it amh\u00e1in, agus \u00f3 laig\u00ed agus scannail \u00f3n dtaobh istigh in \u00e1iteanna eile. Sa seandomhan, lena mbaineann muidne, is iad na pr\u00edomhfhadhbanna inniu n\u00e1 easpa creidimh, cur i gcoinne an chreidimh, foghanna ar inchreidteacht na hEaglaise toisc na laig\u00ed agus scannail taobh istigh di. Taobh leis sin t\u00e1 an lag\u00fa at\u00e1 tagaithe ar ghairmeacha don sagartacht agus don bheatha ruialta, a bhi riamh mar sheirbh\u00eds don eaglais lena gcuid saothair agus mar chomhartha do phobal an chreidimh go bhfuil luachanna ann thar na luachanna daonna amh\u00e1in. Tr\u00e1th cu\u00ed \u00e9 le gu\u00ed ar Mh\u00e1istir an fh\u00f3mhair go gcuireadh s\u00e9 meitheal isteach ina fh\u00f3mhar, agus an Spiorad Naomh a sheoladh isteach ina eaglais le luachanna na r\u00edochta a choime\u00e1d buan i gcro\u00edthe na gcreidmheach. Tr\u00e1th \u00e9 glaoch ar na f\u00edr\u00e9in gu\u00ed gan staonadh ar Dhia a eaglais a ghlanadh \u00f3 pheaca agus \u00f3 scannal, ionnas go mbeadh s\u00ed tugtha do na dea-oibreacha a thabharfadh gl\u00f3ir don Athair ar neamh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Urnai &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1084,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1232","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1232","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1232"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1232\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1234,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1232\/revisions\/1234"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1084"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1232"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1232"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1232"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}