{"id":1266,"date":"2020-09-03T08:18:03","date_gmt":"2020-09-03T08:18:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1266"},"modified":"2020-09-03T08:18:05","modified_gmt":"2020-09-03T08:18:05","slug":"6-mean-fomhair-2020-a-an-triu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1266","title":{"rendered":"6 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2020 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>An Chr\u00edostaiocht agus anam an phobail<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Ez\u00edc\u00e9al 33:7-9). <em>Mura dtugann tusa rabhadh don drochdhuine, cuirfidh m\u00e9 an fhreagracht as a bh\u00e1s ortsa.<\/em> T\u00e1 tr\u00e1cht sa l\u00e9acht seo ar an fh\u00e1idh Ez\u00edc\u00e9al bheith ceaptha ag Dia mar fhear faire do phobal Iosrael le rabhadh a thabhairt d\u00f3ibh faoi bhaol an pheaca. Tosa\u00edonn an t\u00e9acs seo sa Bh\u00edobla le sampla de fhear faire in aimsir an fh\u00e1idh f\u00e9in. Inniu t\u00e1 taith\u00ed again ar an mbaol \u00f3 bhuama\u00ed agus a leith\u00e9id\u00ed, nuair bhaintear an t-al\u00e1ram, n\u00f3 an bonn\u00e1n. Fear faire an lae inniu a dh\u00e9anann sin. An t\u00e9 nach dtugann aird ar an al\u00e1ram agus an rabhadh agus a chailltear, n\u00ed ar ar bhfear faire an fhreagracht faoi. Ba aimsir chogaidh \u00ed r\u00e9 Ez\u00edc\u00e9al, le baol \u00f3n chla\u00edomh agus \u00f3n namhaid ag teacht faoi dh\u00e9in cathrach. Cuirt\u00ed fear faire ar gharda le s\u00e9ideadh ar an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill. D\u00e1 gcloisfeadh duine fuaim an trumpa gan aire a thabhairt d\u00f3, bheadh s\u00e9 n\u00f3 s\u00ed freagrach ina bh\u00e1s f\u00e9in. D\u00e1 mba rud \u00e9 n\u00e1r sheinn an fear faire an trumpa agus go gcaillf\u00ed duine, bheadh an fear faire, an garda, freagrach as a bh\u00e1s. \u00d3n sampla sin casann an t\u00e9acs go dt\u00ed an f\u00e1idh mar gharda, mar fhear faire, do mhuintir Iosrael, le rabhadh a thabhairt thar cheann D\u00e9 don drochdhuine. Muna dh\u00e9anann an drochdhuine aithr\u00ed agus iomp\u00fa \u00f3na pheaca, is \u00e9 fein, agus n\u00ed an fear faire, at\u00e1 freagrach as a \u00edde.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 94[95]). <em>\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9istfeadh sibh lena ghl\u00f3r inniu: \u2018N\u00e1 calcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u2019.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 13:8-10). <em>Is \u00e9 an gr\u00e1 comhl\u00edonadh an Dl\u00ed.<\/em> Sna v\u00e9arsa\u00ed d\u00edreach roimh an t\u00e9acs seo deir P\u00f3l le Cr\u00edostaithe na R\u00f3imhe bheith c\u00faramach faoi c\u00e1nacha a \u00edoc don st\u00e1t, agus a \u00edoc do ch\u00e1ch a bhfuil dlite d\u00f3: an ch\u00e1in d\u2019fhear na c\u00e1nach agus an dleacht d\u2019fhear na dleachta, urraim agus om\u00f3s d\u00f3ibh gur d\u00edol urraime agus om\u00f3is. Tugann sin go gr\u00e1 an chomharsa \u00e9, leis an moladh gan fiacha ar bith a bheith ar aon duine den chomhthion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed ach amh\u00e1in fiacha an ghr\u00e1 d\u00e1 cheile. Is \u00e9 an gr\u00e1, a deir s\u00e9 le sampla\u00ed, comhl\u00edonadh an Dl\u00ed. Duirt P\u00f3l an rud ceanna ag scr\u00edobh chuig na Galataigh d\u00f3 (5:14) T\u00e1 traidisi\u00fan Gi\u00fadach agus luath-Chr\u00edostai taobh thiar de seo. Nuair a chuir an dliod\u00f3ir, an scr\u00edobha\u00ed, an cheist ar \u00cdosa: \u201cC\u00e9n aithne mh\u00f3r sa dl\u00ed?\u201d; d\u2019fhreagair \u00cdosa: gr\u00e1 an Tiarna an aithne mh\u00f3r agus an phr\u00edomhaithne, agus is cos\u00fail leis sin an dara ceann: \u201cGr\u00e1\u00f3idh t\u00fa do chomharsa mar th\u00fa f\u00e9in. Ag braith ar an d\u00e1 aithne sin at\u00e1 an dl\u00ed ar fad agus na f\u00e1ithe\u201d (Matha 22:34-40). Agus, ar nd\u00f3igh, thug \u00cdosa m\u00edni\u00fa nua ar c\u00e9rb \u00e9 an comharsa sa pharabal ar an Sam\u00e1ireach F\u00f3nta.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 18:15-20). <em>M\u00e1 \u00e9isteann s\u00e9 leat, t\u00e1 t\u00fa tar \u00e9is do bhr\u00e1thair a thabhairt leat.<\/em> Is cuid de chaibideal \u00e9 seo ina a chuireann an soisc\u00e9ala\u00ed Matha s\u00edos ar riar an chomhthion\u00f3il Chr\u00edosta\u00ed: faoin t\u00e9 is m\u00f3 sa r\u00edocht, an r\u00edocht a ghlacadh mar leanna\u00ed, c\u00faram gan scannal a thabhairt do bhaill laga san eaglais, dul ar t\u00f3ir na caorach caillte n\u00f3 ar seachr\u00e1n; agus ansin an t\u00e9acs seo againne. Maidir leis an ch\u00e9ad mh\u00edr den t\u00e9acs, is \u00e9 an gn\u00e1thleagan de a ghlactar leis n\u00e1 na focail \u201cbr\u00e1thair a dh\u00e9anann peaca i d\u2019aghaidh\u201d mar chuid de. B\u00edodh nach luaitear an peaca, mheasfadh duine gur briseadh muintearais at\u00e1 i gceist. Ach n\u00edl s\u00e9 cinnte gurb chuid den bhunleagan \u201ci d\u2019aghaidh\u201d in aon chor. Peaca trom a bheadh ann in s\u00faile an chomhthion\u00f3il, agus leagtar s\u00edos noirm conas r\u00e9iteach na ceiste a fh\u00e1il de r\u00e9ir spiorad an tsoisc\u00e9il mar ar tuigeadh sin \u2013 i dtosach leis an duine \u00e9 f\u00e9in, ansin d\u00e1 mba gh\u00e1 le finn\u00e9 amh\u00e1in n\u00f3 le beirt, agus ansin os comhair an chomhthion\u00f3il. Bh\u00ed a leith\u00e9id de noirm ag manaigh Ghi\u00fadacha Qumran. An bhreith a thugann an comhthion\u00f3l \u2013 bheith r\u00e9idh leis, \u201cina phag\u00e1nach agus ina phoibleac\u00e1nach\u201d &#8212; t\u00e1 s\u00e9 dian. N\u00edl aon tagairt ann le glacadh thar nais, breith nach dtagann r\u00f3mhaith leis an ch\u00faram don chaora chailte, n\u00f3 ar strae, a raibh tr\u00e1cht air n\u00edos luaithe<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le br\u00ed an t\u00e9acs, n\u00ed dh\u00e9anann na briathra \u201ci d\u2019aghaidh\u201d m\u00f3r\u00e1n difr\u00edochta an ann n\u00f3 as d\u00f3ibh. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed arag\u00f3int i bhf\u00e1bhar iad a bheith ann, agus gur easpa maithi\u00fanais agus athmhuintearais a bh\u00ed i gceist, a th\u00f3gaint ag briathra Pheadair do \u00cdosa a thagann go luath i ndiaidh an tsleachta seo: \u201cC\u00e9 mh\u00e9ad uair ba cheart dom pard\u00fan a thabhairt do mo bhr\u00e1thair a chionta\u00edonn i m\u2019aghaidh?\u201d<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh bhreith an chomhthion\u00f3il tugann \u00cdosa don chomhthion\u00f3l f\u00e9in an chumhacht chun ceangailte agus scaoilte a thug s\u00e9 do Pheadar ag C\u00e9asar\u00e1ia Philib, agus tugann s\u00e9 gealltanas go mbeidh s\u00e9 i measc beirt n\u00f3 tri\u00far bailithe le ch\u00e9ile ina ainm ag gu\u00ed. Beidh toradh ar a n-achain\u00ed \u00f3n Athair ar neamh.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>An Chr\u00edostaiocht agus anam an phobail<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Sna saolta seo nuair at\u00e1thar ag iarraidh tionchar na hEaglaise i gc\u00farsai an phobail a mhaol\u00fa n\u00f3 a chur ar cheal, n\u00f3 fi\u00fa a mha\u00edomh gur baol don phobal \u00ed, n\u00ed dochar machnamh a dh\u00e9anamh ar an \u00e1bhar maraon le briathar D\u00e9 san Aifreann, go h\u00e1irithe cuid den mh\u00e9id a deir Naomh P\u00f3l leis na R\u00f3mh\u00e1naigh sna sleachta at\u00e1 \u00e1 l\u00e9amh againn sa liot\u00fairge le c\u00fapla Domhnach anuas. As an d\u00ed-eaglaisi\u00fa leanann b\u00e9im sa taobh seachtrach den duine aonair agus den st\u00e1t, as a leanann fol\u00fas spiorad\u00e1lta sa duine aonair, agus an baol d\u00f3ibh bheith gan treoir sa saol agus in easpa nirt in am an gh\u00e1tair.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is l\u00e9ir go bhfuil an iliomad fadhbanna sa tsocha\u00ed ar eol d\u00fainn inniu &#8212; droganna, agus a leanann astu mar mh\u00ed-\u00e1dh do theaghlaigh, br\u00fa ar and\u00failigh \u00edoc as na droga\u00ed agus bagairt phion\u00f3is n\u00f3 bh\u00e1is f\u00edu orthu f\u00e9in n\u00f3 ar a muintir muna \u00edocann, d\u00fanmhar\u00fa n\u00f3 gort\u00fa le sceana. Is soil\u00e9ir go bhfuil an tsocha\u00ed is eol d\u00fainn \u00e9irithe garbh sna sl\u00edte seo agus i modhanna eile. D\u00e9anann an rialtas agus na heagrais st\u00e1it, agus eagrais eile, iarracht n\u00f3 a nd\u00edcheall dul in ngleic leis na fadhbanna, ach t\u00e1 buntomhas san \u00e1bhar a th\u00e9ann thar rialtas n\u00f3 eagras ar bith, agus is \u00e9 sin anam an duine aonair agus na f\u00f3rsa\u00ed ag feidhmi\u00fa istigh ann. Na daoine a dh\u00e9anann machnamh ar staid an cine dhaonna, n\u00f3 na socha\u00ed seo againne, inniu labhra\u00edonn siad faoin easpa meitifisice n\u00f3 substainte ann, amhail is nach mbeadh sa duine ach tn\u00fath\u00e1in, paisin agus a leith\u00e9id\u00ed gan substaint taobh thiar d\u00edobh le treoir a thabhairt. Is fi\u00fa machnamh air sin. T\u00e1 gairm againn rud a dh\u00e9anamh d\u00e1 r\u00e9ir, go m\u00f3r m\u00f3r ag machnamh d\u00fainn ar chaibidil dheiridh na litreach chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1266","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1266","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1266"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1266\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1267,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1266\/revisions\/1267"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1266"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1266"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1266"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}