{"id":133,"date":"2013-10-14T19:59:04","date_gmt":"2013-10-14T19:59:04","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=133"},"modified":"2013-10-14T19:59:04","modified_gmt":"2013-10-14T19:59:04","slug":"deireadh-fomhair-13-2013-c-ochtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=133","title":{"rendered":"Deireadh Fomhair 13 2013 (C) Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<h2>Deireadh Fomhair 13 2013 (C) Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/h2>\n<h3>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: N\u00ed f\u00e9idir laincis a chur ar bhriathar D\u00e9. Fanann s\u00e9 go deo. Bheith bu\u00edoch i gc\u00f3nai.<\/h3>\n<h3>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<br \/>&nbsp;&nbsp;&nbsp; &nbsp;<br \/>C\u00e9ad L\u00e9acht (1 R\u00edthe 5:14-17).<\/h3>\n<p>D\u2019fhill N\u00e1man ar Elisea agus rinne a chreideamh i nDia a fh\u00f3gairt. Roghna\u00edodh an tseoid de l\u00e9acht seo le dul le Soisc\u00e9al an lae inniu. Tuigtear n\u00edos fearr i m\u00e1 dh\u00e9antar \u00e9 a shu\u00edomh ina comhth\u00e9acs n\u00edos leithne sa Bh\u00edobla (2 R\u00edthe 5:1-19). Duine uasal a bh\u00ed i N\u00e1man, ceannfort arm r\u00ed Aram (an tSiria), a raibh ardmheas ag a mh\u00e1istir air. Ach bh\u00ed s\u00e9 ina lobhar. I gceann dena ruathair a rinne Aram (an tSiria) ar Iosrael th\u00f3gadar ina prios\u00fanach cail\u00edn beag agus bh\u00ed s\u00ed ag freastal ar bhean ch\u00e9ile N\u00e1man. Ach n\u00edor thr\u00e9ig s\u00ed a creideamh i nDia Iosrael. D\u00fairt s\u00ed len m\u00e1istr\u00e9as go bhf\u00e9adfadh an f\u00e1idh Eilisea N\u00e1man a leigheas \u00f3na lobhra. Chuaidh N\u00e1man chuig an r\u00ed a chuir toscaireacht chuig r\u00ed Iosrael le litir fhoirmi\u00fail, agus lear m\u00f3r airgid, le N\u00e1man a leigheas d\u00e1 lobhra. Scanraigh an r\u00ed \u00e1 mheas gur cleas a bh\u00ed ann le ruathar \u00f3n tSiria a thabhairt ar Iosrael. D\u00e9anann Eilisea idirghabh\u00e1il \u00e1 r\u00e1 go dtiocfadh N\u00e1man chuige f\u00e9in, rud a dh\u00e9anann N\u00e1man agus th\u00e1inig go Eilisea lena chapaill agus a charbad. D\u00fairt Eilisea leis \u00e9 f\u00e9in a n\u00ed seacht n-uaire sa Iord\u00e1in, rud a chuireann olc ar N\u00e1man, agus a iompa\u00edonn le filleadh agus \u00e9 ar buille. Ach cuireann a shearbh\u00f3nta\u00ed ina lu\u00ed air rud a dh\u00e9anamh ar Eilisea, rud a dh\u00e9anann s\u00e9 agus leigheastar \u00e9. Tugann seo chun creidimh \u00e9 i nDia Iosrael mar an t-Aon Dia amh\u00e1in. N\u00ed thabharfadh s\u00e9 adhradh feasta do Hadad Rimmon, dia Aram (Siria). Ach an uair \u00fad bh\u00ed adhradh d\u00e9 ceangailte le ithir, le cr\u00e9, t\u00edre faoi leith. In ithir na Siria n\u00ed fh\u00e9adfai ach Hadad a adhradh, faoi mar a adhradh Dia Iosrael in ithir Iosrael. Dhi\u00faltaigh Eilisea glacadh le aon luach saothair as an mhior\u00failt, agus iarann N\u00e1man air ualach dh\u00e1 mhi\u00fail de chre, ithir, as Iosrael ionas go bhf\u00e9adfhadh s\u00e9 Dia Iosrael a adhradh ar chr\u00e9 sin Iosrael in a th\u00edr dh\u00fachais Siria.<\/p>\n<h3>Salm le Freagra (Salm 97[98]). D\u2019fhoilsigh an Tiarna a shl\u00e1n\u00fa dona n\u00e1isi\u00fain.<\/h3>\n<h3>An Dara L\u00e9acht (2 Tim\u00f3teas 2:8-13).<\/h3>\n<p>M\u00e1 sheasaimid an f\u00f3d, rial\u00f3imid le Cr\u00edost. Sa sliocht seo, mar a dh\u00e9anann s\u00e9 in \u00e1iteanna eile, tugann P\u00f3l chun cuimhne do Tim\u00f3teas cinnteidail \u00e1irithe den chreideamh Cr\u00edosta\u00ed a mheasann s\u00e9 bheith t\u00e1bhachtach d\u00f3, agus b\u2019fh\u00e9idir go rabhadh iad do Thim\u00f3teas bheith san airdeall faoi dhaoine aonair n\u00f3 ghr\u00fapa\u00ed a bh\u00e9adh ag s\u00e9anadh na bhf\u00edrinn\u00ed sin n\u00f3 ag caitheamh amhrais orthu. I dtosach b\u00e1ire tagann ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a fh\u00edordhaonnacht: rugadh \u00e9 de shliocht Dh\u00e1iv\u00ed. C\u00fais gh\u00e9arlean\u00fana do Ph\u00f3l f\u00f3gairt an Dea-Sc\u00e9il. T\u00e1 s\u00e9 i ng\u00e9ibheann ar n\u00f3s an choirpigh. Ach n\u00edl aon gh\u00e9ibheann ar bhriathar D\u00e9. Prionsabal bun\u00fasach \u00e9 sin do Ph\u00f3l, agus c\u00fais d\u00f3chais d\u00f3, agus do Thim\u00f3teas chomh maith. Rinne P\u00f3l tagairt d\u00e1 leitheid de phriobansal ag scr\u00edobh chuig na Filipigh d\u00f3 (Filipigh 1:12-14). B\u2019fh\u00e9idir go raibh P\u00f3l ag smaoineamh ar a scr\u00edobadh in \u00cdsea\u00eda 55:11 ar \u00e9ifeacht Bhriathar D\u00e9, ina deireann Dia: \u201cAn briathar a th\u00e9ann as mo bh\u00e9al, n\u00ed fhilleann s\u00e9 orm gan toradh, gan an rud a b\u2019\u00e1il liom a dh\u00e9anamh agus mo bheart a chur i gcr\u00edch\u201d. De bharr a chreidimh sin in \u00e9ifeacht bhriathar D\u00e9 cuireann P\u00f3l suas le gach s\u00f3rt triobl\u00f3ide a bhaineann lena mhisean, gur aidhm d\u00f3 an sl\u00e1n\u00fa in \u00cdosa Cr\u00edost agus an ghl\u00f3ir a bhaineann leis a chur ar f\u00e1il. Faoin dteideal a luadh cheana (1 Tim\u00f3teas 1:15, san l\u00e9acht don cheathr\u00fa Domhnach fichead) \u201cIs f\u00edor an r\u00e1iteas \u00e9\u201d, ag deireadh an tsleachta tagann c\u00faig l\u00edne meadracha, go m\u2019fh\u00e9idir gur cuid iad de luath-iomann Cr\u00edostai. Cuireann siad s\u00edos ar bhuanseasmhacht D\u00e9 agus sinne i bp\u00e1irt le Cr\u00edost.<\/p>\n<h3>An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 17:11-19).<\/h3>\n<p>N\u00ed raibh aon duine le f\u00e1il a thiocfadh ar ais ag tabhairt gl\u00f3ire do Dhia ach an coimhth\u00edoch seo amh\u00e1in. Tuigfear a bhfuil le r\u00e1 sa l\u00e9acht seo n\u00edos fearr m\u00e1 thugtar faoi deara tr\u00ed phointe ann, is \u00e9 sin le r\u00e1 a \u00e1it taobh istigh den phlean at\u00e1 i shoisc\u00e9al Luc\u00e1s, go luaitear lobhair ann, agus an tagairt ann don teorann idir an tSam\u00e1ir agus an Ghail\u00edl. T\u00e1 an l\u00e9acht suite sa chuid sin den soisc\u00e9al i L\u00facas 9:51-18:14 ar a dtugtar \u201cTuras \u00cdosa go Iar\u00fasail\u00e9im\u201d: \u201cNuair a bh\u00ed an t-am ag teacht go dt\u00f3gfa\u00ed as an saol \u00e9, bhuail s\u00e9 (\u00cdosa) roimhe go d\u00e1na ag d\u00e9anamh ar Iar\u00fasail\u00e9im\u201d (9:51), go Iar\u00fasail\u00e9im \u00e1it ina dheanfar \u00e9 a chur chun b\u00e1is agus a gl\u00f3iri\u00fa, agus an \u00e1it a dtiocfadh an Spiorad Naomh ar a lucht lean\u00fana chun t\u00fas a chur le f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il go cr\u00edocha an domhain. Mar aon leis seo sa l\u00e9acht t\u00e1 an caidreamh idir Ghi\u00fadaigh agus Sam\u00e1irigh. Bh\u00ed na Sam\u00e1irigh ag cur f\u00fathu i gcr\u00edoch idir an Ghail\u00edl agus an I\u00fad\u00e9a. N\u00edor ghlac na Gi\u00fadaigh leo mar fh\u00edor-Ghi\u00fadaigh agus bh\u00ed naimhdeas domhain eatorthu. Mhothaigh \u00cdosa agus a dheisceabail \u00e9 sin ag t\u00fas an turais seo ar a sl\u00ed go hIar\u00fasail\u00e9im (L\u00fac\u00e1s 9:51-56; sliocht san Aifreann don 13\u00fa Domhnach). Thug \u00cdosa a aghaidh i gcoinne aon r\u00e9amhchlaonadh cin\u00edoch ina pharabal ar an Sam\u00e1ireach F\u00f3nta (L\u00fac\u00e1s 10:22-37; a l\u00e9adh san Aifreann don 15\u00fa Domhnach). Ba eisean, seachas an sagart Gi\u00fadach n\u00f3 an Leiv\u00edteach Giudach, a thuig br\u00ed na haithne gr\u00e1 a thabhairt don chomharsa. Ansin sa l\u00e9acht tagann an cheist faoi na lobhair agus an lobhra. N\u00ed h\u00e9 an galar is eol d\u00fainn inniu an lobhra a bhfuil cur s\u00edos uirthi sa Seantiomna n\u00f3 sa Tiomna Nua. Galar craicinn t\u00f3g\u00e1lach de sh\u00f3rt \u00e9igin, n\u00f3 de shaghasanna \u00e9igin, a bh\u00ed ann. Cuireadh cosc ar an t\u00e9 a bhi \u00e1 fhulaingt bheith pairteach i sheirbhisi liot\u00fairgeacha. n\u00f3 sa saol sibhialta, go dt\u00ed go bhf\u00f3gr\u00f3fa\u00ed leigheasta (\u201cglan\u201d) \u00e9 ag sagart sa Teampall. An m\u00e9id sin r\u00e1ite, is feidir linn filleadh ar l\u00e9acht an lae inniu. Su\u00edotar an eachtra \u201cfeadh na teorann idir an tSam\u00e1ir agud an Ghail\u00edl\u201d. N\u00edl sp\u00e9is ag L\u00fac\u00e1s sa t\u00edreola\u00edocht agus n\u00ed deir s\u00e9 linn ar c\u00e9n taobh den teorann a tharla an eachtra. N\u00ed dh\u00e9anann galar na lothra aon rogha idir cin\u00edocha, Gi\u00fadach n\u00f3 Sam\u00e1ireach. Toisc gur lobhair iad n\u00ed thagann siad congarach do \u00cdosa. Deireann \u00cdosa leo iad f\u00e9in a thaispe\u00e1int do na sagairt, a bhfuil geall\u00faint leighis intuigthe ann. Tharla an leigheas ar an mbealach d\u00f3ibh. An t-aon duine d\u00edobh a chas le bu\u00edochas a ghabh\u00e1il le h\u00cdosa n\u00e1 Sam\u00e1ireach. Ionann bu\u00edochas a ghabh\u00e1il le h\u00cdosa agus gl\u00f3ir a thabhairt do Dhia faoina rinne s\u00e9 tr\u00ed \u00cdosa. An athuair t\u00e9ann \u00cdosa an Gi\u00fadach thar c\u00farsa cin\u00edochais leis an Sam\u00e1ireach agus an creidreamh a bh\u00ed aige a mholadh. Tar \u00e9is an ais\u00e9iri agus le teacht an Spioraid Naoimh n\u00ed ann a thuilleadh an teorann idir an tSam\u00e1ire agu an Ghail\u00edl, n\u00f3 idir Gi\u00fadach agus Gr\u00e9igach, pag\u00e1nach. Beidh na deisceabail anois ina bhfinn\u00e9ithe ar \u00cdosa in Iar\u00fasail\u00e9im agus ar f\u00fad I\u00fad\u00e1ia go l\u00e9ir agus na Sam\u00e1ire agus a fhad le himeall an domhain (Gn\u00edomhartha 1:8). Rud eile sa l\u00e9ir\u00edonn an l\u00e9acht seo n\u00e1 chomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 bu\u00edochas ghabh\u00e1il le Dia agus lena ch\u00e9ile. Mar a deirimid le Dia i Preaf\u00e1id Choiteann IV den Aifreann: \u201c\u00d3ir n\u00edl t\u00fa ag brath ar \u00e1r moladh ach mar sin f\u00e9in is t\u00edolachadh de do chuid \u00e9 a ch\u00faitimid leat le bu\u00edochas. Mar n\u00ed m\u00e9ad\u00fa ort \u00e1r mbearta molta, ach t\u00e9ann siad i dtairbhe sl\u00e1naithe d\u00fainn f\u00e9in, tr\u00ed Chriost \u00c1r dTiarna\u201d.<\/p>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: N\u00ed f\u00e9idir laincis a chur ar bhriathar D\u00e9. Fanann s\u00e9 go deo. Bheith bu\u00edoch i gc\u00f3nai.<\/h3>\n<p>Ina litir chuig na R\u00f3mh\u00e1nagh (15:4) deir P\u00f3l: \u201cGach ar scr\u00edobhadh fad\u00f3 is d\u00e1r dteagascna a scr\u00edobhadh \u00e9 chun go mbeadh an fhoighne agus an s\u00f3l\u00e1s at\u00e1 ar f\u00e1il sa scriopt\u00far ina n-\u00e1bhar d\u00f3chais d\u00fainn\u201d. Tugann na briathra sin cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh go rialta ar l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh, le misneach agus s\u00f3l\u00e1s a bhaint astu. N\u00ed g\u00e1 d\u00fainn dul go r\u00f3-dhomhain isteach iontu anseo, mar t\u00e1 cuid den mhachnamh d\u00e9anta cheana f\u00e9in ag cur s\u00edos ar na l\u00e9achta\u00ed.<\/p>\n<p>1.&nbsp;&nbsp; &nbsp;Maireann Briathar D\u00e9 go deo.T\u00e1 sampla de seo againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht. Bh\u00ed an f\u00e1idh Eilisea gn\u00edomhach thart ar an mbliain 850 roimh Chr\u00edost. Tugaann an l\u00e9acht sampla d\u00fainn ar fh\u00e1idh \u00f3 Iosrael ag taispe\u00e1int cine\u00e1ltais agus ag tabhairt leighis do choimhth\u00edoch, do cheannaire arm tire a bh\u00ed naimhdeach d\u00e1 th\u00edr. Comhartha a bh\u00ed ann don Dea-Sc\u00e9al a bh\u00ed le fogairt do na pag\u00e1naigh na c\u00e9adta bliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Tugann \u00cdosa sin le fios d\u00e1 mhuintir f\u00e9in sa Nasair, nuair a luiagh s\u00e9 sampla Eilisea mar chomhartha go raibh an Dea-Sc\u00e9al le fogairt thar an chine tofa amach (L\u00fac\u00e1s 5:27). N\u00ed f\u00e9idir laincis, g\u00e9ibheann, a chur ar bhriathar D\u00e9, mar a mheabhraidh P\u00f3l do Tim\u00f3teas. T\u00e1 cumhacht d\u00e1 chuid f\u00e9in i mBriathar D\u00e9. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh an smaoineamh seo r\u00fandaingne sa chreideamh agus uchtach d\u00fainn inniu. T\u00e1 stair, agus r\u00e9amh-stair, fhada ag caidreamh D\u00e9 leis an chine daonna roimh \u00e1r linn f\u00e9in, agus beidh a thuilleadh f\u00f3s ann.<br \/>2.&nbsp;&nbsp; &nbsp;Gabh\u00e1il bu\u00edochais. Tugadh aird d\u00f3 seo sa cur s\u00edos ar an l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al d\u00fainn.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Deireadh Fomhair 13 2013 (C) Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-133","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/133","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=133"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/133\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=133"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=133"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=133"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}