{"id":1358,"date":"2020-12-10T09:04:59","date_gmt":"2020-12-10T09:04:59","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1358"},"modified":"2020-12-10T09:05:02","modified_gmt":"2020-12-10T09:05:02","slug":"13-nollaig-2020-b-an-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1358","title":{"rendered":"13 Nollaig 2020 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach  den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>L\u00fach\u00e1ir sa chreideamh agus d\u00e9istin maidir leis<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/em>Go traidisi\u00fanta sa liot\u00fairge Laidine gairmeadh \u201cDomhnach <em>Gaudete<\/em>\u201d ar an tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint, sin le r\u00e1 Domhnach na l\u00fach\u00e1ire<em>, <\/em>agus sin \u00f3 bhriathra tosaigh na loinneoige don Iontr\u00f3id, \u201cB\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach\u201d, briathra at\u00e1 t\u00f3gtha \u00f3n Litir chuig na Filipigh, Filipigh 4:4-7, t\u00e9acs a l\u00e9adh ina ioml\u00e1ine sa sean-liot\u00fairge gach bliain, agus a l\u00e9itear anois sa tr\u00ed\u00fa bliain den ch\u00farsa nua: \u201cA bhr\u00e1ithre, b\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed i bp\u00e1irt leis an Tiarna. Deirim ar\u00eds \u00e9: b\u00edodh l\u00fach\u00e1ir oraibh. B\u00edodh bhur gceansacht&nbsp; le feice\u00e1il ag an saol m\u00f3r mar n\u00ed fada uainn an Tiarna\u201d. Bh\u00ed an moladh c\u00e9anna ag P\u00f3l sa ch\u00e9ad litir uaidh, chuig na Teasal\u00f3naigh, a l\u00e9itear inniu mar dhara l\u00e9acht: \u201cA bhr\u00e1ithre, b\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed; b\u00edg\u00ed ag urna\u00ed de sh\u00edor\u201d<\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 61:1-2, 10-11). <em>G\u00e1irim le gairdeas sa Tiarna<\/em>. T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr sa l\u00e9acht seo, agus iad scartha \u00f3na ch\u00e9ile sa bhunleagan f\u00e9in. Sa ch\u00e9ad mh\u00edr t\u00e1 teachtaire D\u00e9 ag caint, ag f\u00f3gairt go bhfuil misean aige \u00f3 Dhia agus \u00e9 coisricthe ag Dia don mhisean sin. An misean at\u00e1 aige n\u00e1 dea-sc\u00e9ala a fh\u00f3gairt chuig na dear\u00f3ile, c\u00f3ir leighis a chur ar chro\u00edthe br\u00faite, agus fuascailt a&nbsp; fh\u00f3gairt do na cim\u00ed agus na prios\u00fanaigh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is soil\u00e9ir \u00f3na v\u00e9arsa\u00ed a leanann an mh\u00edr seo gur do S\u00ed\u00f3n, Iar\u00fasail\u00e9im, agus do I\u00fada b\u00e1naithe at\u00e1 an teachtaire, an f\u00e1idh, ag caint. Sa dara m\u00edr tugann an teachtaire, an f\u00e1idh, thar cheann an phobail, n\u00f3 an pobal f\u00e9in, n\u00f3 S\u00ed\u00f3n, freagra, ag samhl\u00fa go bhfuil an fh\u00eds f\u00edoraithe. T\u00e1 s\u00ed, n\u00f3 s\u00e9, mar a bheadh buachaill chun p\u00f3sta n\u00f3 mar bhr\u00eddeach. T\u00e1 laethanta a n\u00e1ire thart agus t\u00e1 s\u00e9, n\u00f3 s\u00ed, anois faoi l\u00fach\u00e1ir ag moladh D\u00e9. T\u00e1 r\u00e9 nua tagaithe, agus faoi mar a chuireann an talamh geamhar an\u00edos cuirfidh an Tiarna Dia fir\u00e9antacht ag geamhr\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e9ann an t\u00e9acs seo go h\u00e1lainn le t\u00e9ama Aifrinn an lae inniu: l\u00fach\u00e1ir toisc go raibh Dia linn riamh agus go bhf\u00fail s\u00e9 linn i gc\u00f3na\u00ed. T\u00e1 an teachtaireacht ch\u00e9anna ag an sliocht nuair a su\u00edtear \u00e9 i Leabhar \u00cdse\u00e1ia f\u00e9in agus ina ch\u00falra staire. Glactar leis de ghn\u00e1th gur \u00f3n \u00fadar c\u00e9anna&nbsp; caibidil 60-62 den leabhar seo. Is cuid iad den \u201cTr\u00ed\u00fa \u00cdse\u00e1ia\u201d (\u00cdse\u00e1ia 56-66), baili\u00fach\u00e1n de dh\u00e1nta \u00f3n r\u00e9 iar-dheora\u00edochta den cuid is m\u00f3 de, agus baint acu leis an bPailist\u00edn, agus iad faoi thionchar an Dara \u00cdse\u00e1ia, an caibideal 61 seo ach go h\u00e1irithe, ar a dtugtar ar uairibh \u201cC\u00faigi\u00fa D\u00e1n Sheirbhiseach an Tiarna\u201d.&nbsp; R\u00e9 \u00ed an tr\u00e9imhse luath-iardheora\u00edochta (539-450 roimh Chr\u00edost)&nbsp; nach bhfuil an iomad eolais againn f\u00faithi. B\u2019fhuirist mearbhall bheith ar dhaoine maidir le creideamh agus amhras maidir le d\u00f3chas. Fothrach a bh\u00ed f\u00f3s sa chathair naofa. Maidir le c\u00farsa\u00ed creidimh sa Ghi\u00fadachas, bh\u00ed dh\u00e1 ghr\u00fapa ann: iad sin nach raibh riamh sa deora\u00edocht agus na sean-n\u00f3sanna creidimh acu agus an dream a th\u00e1inig thar nais \u00f3n deora\u00edocht sa Bhaiblea\u00f3in le f\u00eds nua agus plean nua acu don todhcha\u00ed. Sin c\u00falra chaibideal&nbsp; seo \u00cdse\u00e1ia 61 is d\u00f3cha. N\u00edl plean athnuachana soisialta \u00e1 chur i l\u00e1thair sa chaibideal seo, ach f\u00eds don todhcha\u00ed i spiorad an Dara \u00cdse\u00e1ia, ag meabhr\u00fa go raibh Dia i gc\u00f3na\u00ed leo chun gealltanais a fh\u00edoradh agus cneasa a leigheas. Agus mar aon leis sin, t\u00e1 ann freagra an phobail agus an l\u00fach\u00e1ir a sh\u00edolra\u00edonn as creideamh i l\u00e1ithreacht agus gealltanais D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An fh\u00eds a bh\u00ed anseo sa chaibideal seo 61 de Leabhar \u00cdse\u00e1ia,&nbsp; lean s\u00ed lei ag spreagadh d\u00f3chais agus freagra sna gl\u00faine a lean an tr\u00e9imhse ar ch\u00e9ad tugadh di \u00ed. T\u00e1 sampla deas againn i l\u00e1mhscr\u00edbhinn \u00f3 Qumran, \u00f3n Mhuir Mharbh, a scr\u00edobhadh thart ar an bhliain 120 roimh Chr\u00edost, ceann d\u00e1 gairmtear uaireanta \u201cApacailipteach Meisiasach\u201d. Deirtear ann go mbeidh na&nbsp; flaithis ag \u00e9isteacht lena Meisias (le Meisias D\u00e9) agus n\u00ed rachaidh aoinne ar strae \u00f3 aitheanta na neacha naofa. Tabharfaidh Dia aire d\u00e1 chuid naomh. Beidh a spiorad ar foluain os cionn na dear\u00f3ile. Is eisean a thugann cead a gcos do na cimi, radharch do na daill, agus d\u00e9anf\u00e1idh an Tiarna \u00e9achta\u00ed n\u00e1r cualathas a leith\u00e9id riamh roimhe.&nbsp; Ach an comhl\u00edonadh is iomr\u00e1it\u00ed ar fad de n\u00e1 \u00f3 \u00cdosa f\u00e9in i sionag\u00f3g Nazarat, nuair a l\u00e9igh s\u00e9 t\u00e9acs an lae inniu, d\u2019fill an Leabhar le ch\u00e9ile ina raibh s\u00e9, shuigh s\u00edos agus d\u00fairt leis an lucht \u00e9isteachta: \u201cInniu at\u00e1 an scr\u00edbinnn seo comhl\u00edonta i gclos bhur gcluas\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(L\u00fac\u00e1s 1). <em>T\u00e1 l\u00fach\u00e1ir ar m\u2019anam i mo Dhia.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Teasal\u00f3naigh 5:16-24). <em>Go gcoime\u00e1dtar bhur spiorad agus bhur n-anam agus bhur gcorp saor \u00f3 chionta n\u00f3 go dtaga \u00e1r dTiarna.<\/em> Is \u00e1lainn sliocht seo an lae inniu \u00f3 aitheasc deiridh Ph\u00f3il ina litir chuig na Teasal\u00f3naigh, eaglais a bhunaigh s\u00e9 seal de mh\u00edonna roimhe sin. Baineann an t-aitheasc deiridh seo le comhairle faoi mar ba ch\u00f3ir glacadh leis an \u00e9ags\u00falacht gurb chuid d\u00ed an bheatha bheo Chr\u00edosta\u00ed. C\u00e9 go raibh an comhthion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed sin an-\u00f3g, bh\u00ed \u00e9ags\u00falacht agus teannas \u00e1irithe ann cheana. Bh\u00ed buanna an Spioraid Naoimh ann agus bh\u00ed f\u00e1ithe, sa chiall nua Chr\u00edostai den fhocal sin, agus f\u00e1idhead\u00f3ireacht \u2013 feidhmi\u00fa bhua an fh\u00e1idh \u2013 ann a raibh drochmheas ag cuid den phobal sin orthu.&nbsp; Tugann P\u00f3l comhairle faoi conas glacadh le buanna sin an Spioraid. Ach i dtosach cuireann s\u00e9 s\u00edos ar an spiorad nach fol\u00e1ir a bheith in aon phl\u00e9 faoin gceist: an l\u00fach\u00e1ir Chr\u00edosta\u00ed a eascra\u00edonn as chreideamh sa bheatha nua i gCr\u00edost, l\u00fach\u00e1ir a chotha\u00edotar le urna\u00ed agus a \u00e9ir\u00edonn aisti. Agus leo sin gabhann gabh\u00e1il bhu\u00edochais do Dhia. Ar nd\u00f3igh d\u2019fheadfadh an gr\u00fapa a bh\u00ed m\u00edsh\u00e1sta san eaglais sin &nbsp;a mheas go raibh an dream eile a bh\u00ed tiomanta don Spiorad, agus do bhuanna an Spioraid Naoimh, acu dul thar f\u00f3ir, agus mar an gc\u00e9anna leis an f\u00e1idhead\u00f3ireacht, &nbsp;agus molann P\u00f3l scagadh a dh\u00e9anamh, clo\u00ed leis an maith agus gach saghas oilc a sheachaint. Bh\u00ed eaglais na cathrach sin ag s\u00fail le t\u00e9arnamh an Tiarna gan mhoill, agus dar le P\u00f3l is \u00e9 an modh is fearr le bheith r\u00e9idh le buaileadh le Cr\u00edost n\u00e1 tr\u00edd an bheatha Chr\u00edosta\u00ed.&nbsp; Cr\u00edochna\u00edonn s\u00e9 le urna\u00ed do Dhia na s\u00edoch\u00e1na iad a naomh\u00fa agus a choime\u00e1d saor \u00f3 chionta, agus t\u00e1 s\u00e9 deimhin go nd\u00e9anfaidh Dia at\u00e1 d\u00edlis sin.<\/p>\n\n\n\n<p>An <em>Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 1:6-8, 19-28). <em>T\u00e1 duine in bhur measc nach aithnid daoibh. <\/em>Is tr\u00e9imhse ullmh\u00fach\u00e1in \u00ed an Aidbhint do theacht Chr\u00edost, go h\u00e1irithe d\u00e1 ch\u00e9ad-theacht&nbsp; ag a bhreith, a cheili\u00fartar um Nollaig. Mar r\u00e9amhtheachtaire, ba \u00e9 r\u00f3l Eoin Baiste \u00cdosa a chur ar aithne d\u2019Iosrael, agus t\u00e1 misean seo Eoin le sonr\u00fa i liotuirge na hAidbhinte mar a bhfuil Eoin Baiste l\u00e1rnach sna l\u00e9achta\u00ed \u00f3 na soisc\u00e9il sa dara agus sa tr\u00ed\u00fa Domhnach gach bliain. I mbliana t\u00f3gtar sliocht an tsoisc\u00e9il \u00f3n Cheathr\u00fa Soisc\u00e9al. T\u00e1 an ch\u00e9ad chuid den l\u00e9acht t\u00f3gtha \u00f3n r\u00e9amhr\u00e1 don soisc\u00e9al, a chuireann s\u00edos ar \u00cdosa, an Briathar, mar sholas an domhain. Tugann seo ar \u00fadar an r\u00e9amhr\u00e1 tagairt na dh\u00e9anamh do Eoin Baiste mar fhinn\u00e9 don solas, an Solas arb \u00e9 \u00cdosa \u00e9. Feicimid de ghn\u00e1th ar Eoin Baiste mar dhuine aonair, ach d\u00e1ir\u00edre ba l\u00e1rphearsa gluaiseachta \u00e9 n\u00e1r chr\u00edochnaigh tar \u00e9is gur cuireadh chun b\u00e1is Eoin. Lean an ghluaiseacht ar aghaidh sa luatheaglais, a thug ar dhaoine \u00e1irithe a mheas gurb \u00e9 Eoin Baiste an Meisias, n\u00f3 an solas a bh\u00ed le teacht. D\u2019fh\u00e9adfadh sin m\u00edni\u00fa a thabhairt ar an r\u00e1iteas sa t\u00e9acs seo &nbsp;a deir n\u00e1rb \u00e9 Eoin (Baiste) an solas, ach amh\u00e1in finn\u00e9 don solas.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa Phailist\u00edn, in aimsir \u00cdosa bh\u00edothas ag s\u00fail le Meisias de shaghasanna \u00e9ags\u00fala agus le pearsanna a raibh baint acu leis an Meisias. Ar nd\u00f3igh bh\u00ed s\u00fail anairde leis an Meisias (ungtha; as Gr\u00e9igis an Cr\u00edost) Mac Dh\u00e1ivi. I measc manach Qumran bh\u00edothas ag feitheamh le beirt Meisias, Meisias Sagart\u00fail agus Meisias D\u00e1iv\u00edoch, an Meisias as \u00c1r\u00f3n agus as D\u00e1iv\u00ed. Thug&nbsp; gealltanas \u00f3n fh\u00e1idh Malaic\u00ed ar mh\u00f3r\u00e1n a bheith ag feitheamh le filleadh an fh\u00e1idh \u00c9ilias, roimh L\u00e1 M\u00f3r an Tiarna. Bh\u00edothas ag feitheamh chomh maith le teacht F\u00e1idh, toisc t\u00e9acs i leabhar Deotranaim\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir, ina gheallann Dia do Maois go seolfadh s\u00e9 san am le teacht f\u00e1idh cos\u00fail le Maois f\u00e9in. Baineann an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9al feidhm as an t\u00e9arma \u201cGi\u00fadach\u201d le br\u00edonna \u00e9ags\u00fala, uaireanta le tagairt don phobal, i&nbsp; gc\u00e9ill neodrach, uaireanta eile mar naimhde d\u2019\u00cdosa. Seolann Gi\u00fadaigh \u00e1irithe, agus c\u00faram an Teampaill orthu de r\u00e9ir dealraimh, sagairt agus Leiv\u00edtigh chuig Eoin le fiafr\u00fa de arbh aon cheann den tri\u00far sin a bh\u00edothas ag leitheamh leo \u00e9. D\u2019fhreagair Eoin n\u00e1rbh \u00e9, agus nuair a iarradh air c\u00e9rb \u00e9 go d\u00edreach, m\u00e1s ea, d\u2019fhreagair s\u00e9 le briathra iomr\u00e1iteacha Leabhair \u00cdse\u00e1ia: Gl\u00f3r duine ag \u00e9amh san fh\u00e1sach, ag ullmh\u00fa na sli don Tiarma, ag f\u00f3gairt r\u00e9 nua mar a rinne \u00cdse\u00e1ia. Iarann teachtair\u00ed \u00f3 na Fairist\u00ednigh c\u00e9n f\u00e1th go raibh s\u00e9 ag baisteadh munar duine den tri\u00far sin \u00e9, a thug ar Eoin freagra a thabhairt nach raibh t\u00e1bhacht ag baint leis f\u00e9in, duine nach raibh ag baisteadh ach le huisce, agus go raibh duine ina measc n\u00e1rbh aithnid d\u00f3ibh \u00e9. Cuirfear aithne air an duine sin, \u00cdosa, in am tr\u00e1th. An B\u00e9at\u00e1ine inar tharla an m\u00e9id sin, n\u00ed baile d\u00fachais Lazaras \u00e9, ach \u00e1it \u00e9igin anaithnid ar an dtaobh thoir den Iord\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>L\u00fach\u00e1ir sa chreideamh agus d\u00e9istin maidir leis.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Is fi\u00fa aird a thabhairt ar bhriathra Ph\u00f3il mar at\u00e1 siad againn i loinneog don Intr\u00f3id in Aifreann an lae inniu: \u201cB\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed. Deirim ar\u00eds \u00e9: B\u00edodh l\u00fach\u00e1ir oraibh\u201d. Is l\u00e9ir uaidh sin go leagann s\u00e9 b\u00e9im ar an l\u00fach\u00e1ir.&nbsp; D\u00fairt s\u00e9 an rud c\u00e9anna sa ch\u00e9ad litir at\u00e1 againn uaidh, sa sliocht a l\u00e9itear inniu: \u201cA chairde, b\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed\u201d. Cuireadh at\u00e1 d\u00fainn anseo machnamh a dh\u00e9anamh ar th\u00e1bhacht na l\u00fach\u00e1ire, an \u00e1thais, sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed, agus sa bheatha dhaonna, agus d\u00fainn creidmhigh an bhaint at\u00e1 idir an l\u00fach\u00e1ir sin agus teacht \u00cdosa ar an saol, agus le teachtaireacht \u00cdosa f\u00e9in d\u00fainn.&nbsp; N\u00ed dochar cuid faoi seo at\u00e1 sa Tiomna Nua a thabhairt chun cuimhne, gan caibideal agus v\u00e9arsa a lua. Ag breith \u00cdosa d\u2019fh\u00f3gair Aingeal an Tiarna leis na haoir\u00ed: \u201cT\u00e1 dea-sc\u00e9ala agam daoibh a chuirfidh \u00e1thas m\u00f3r ar an bpobal uile\u201d. D\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail&nbsp; \u00e1thas a bheith orthu toisc go rabhadar tofa agus rinne \u00cdosa f\u00e9in gairdeas sa Spiorad Naomh agus d\u00fairt: \u201cBeirim bu\u00edochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus tal\u00fan, de chionn mar cheil t\u00fa na nithe seo ar lucht eagna agus \u00e9irime agus mar a fhoilsigh t\u00fa do na\u00edon\u00e1in (a dheisceabail) iad\u201d.&nbsp; Bh\u00ed r\u00fandiamhair D\u00e9 a bh\u00ed faoi cheilt leis na cianta foilsithe d\u00f3ibh,&nbsp; agus ba ch\u00fais l\u00fach\u00e1ire moir\u00e9 \u00e9 sin \u2013 agus is mar sin at\u00e1 f\u00f3s. Nocht \u00cdosa f\u00edrinn\u00ed faoi f\u00e9in lena dheisceabail le go mbeadh a l\u00fach\u00e1ir f\u00e9in iontu agus go mbeadh an l\u00fach\u00e1ir sin ioml\u00e1n. Don chreidmhach n\u00ed chuireann triobl\u00f3id\u00ed an tsaoil, n\u00f3 g\u00e9arlean\u00faint f\u00e9in, as don l\u00fach\u00e1ir.&nbsp; A mhalairt ar fad dar le h\u00cdosa, a mheabhraigh d\u00e1 lucht lean\u00fana go mbeadh buairt acu sa saol ach go n-iomp\u00f3far a mbuairt chun \u00e1thais. Agus mar chr\u00edoch ar na Bi\u00e1de, na Beannachta\u00ed, d\u00fairt \u00cdosa gur m\u00e9anar d\u00e1 lucht lean\u00fana bheith faoi aithis agus bhr\u00fa, agus gur choir d\u00f3ibh ansin bheith l\u00fach\u00e1ireach agus ag l\u00e9imneach le h\u00e1thas. T\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir \u00f3na t\u00e9acsanna sin go bhfuil an l\u00fach\u00e1ir Chr\u00edosta\u00ed fr\u00e9amhaithe sa chreideamh i gCr\u00edost, sa r\u00e9 nua a thosaigh leis,&nbsp; agus san eaglais a bhunaigh s\u00e9. Gabhann s\u00ed le gr\u00e1 don eaglais sin agus meas uirthi.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ba chuid d\u00edlis den oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed an gr\u00e1 don chreideamh agus an l\u00fach\u00e1ir a bhaineann leis. T\u00e1 sin le moth\u00fa go m\u00f3r i luath-litr\u00edocht Chr\u00edosta\u00ed na h\u00c9ireann agus s\u00edos go dt\u00ed \u00e1r r\u00e9 f\u00e9in. T\u00e1 athr\u00fa m\u00f3r tagaithe maidir leis sin le deireannas, sa r\u00e9 iar-Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 linn anois i sl\u00edte \u00e1irithe, go m\u00f3r m\u00f3r i gc\u00farsa\u00ed ard-litr\u00edochta. Le roinnt c\u00e9adta anuas t\u00e1 an Chr\u00edosta\u00edocht tr\u00e9igthe ag saoithe, agus n\u00edos deireanna\u00ed ag an gn\u00e1th-mhuintir. Maidir leo si\u00fad a chreideann n\u00f3 a thugann droim l\u00e1imhe leis an gcreideamh t\u00e1 tr\u00ed short ann: iad sin a fhanann mar chreidmhigh, iad sin a fh\u00e1gann agus gur cuma leo, agus an tr\u00ed\u00fa gr\u00fapa ar ghr\u00e1in leo creideamh na hEaglaise, n\u00f3 creideamh i gCr\u00edost, n\u00f3 fi\u00fa i nDia. T\u00e1 d\u00e9istin le gach a bhaineann leis le moth\u00fa ina gcuid scribh\u00ednn\u00ed. T\u00e1 sl\u00e1n\u00fa pearsanta, agus don domhan, \u00e1 lorg ag cuid acu si\u00fad, agus d\u00e9anann siad soil\u00e9ir nach \u00e9 an sl\u00e1n\u00fa at\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt ag an Eaglais, ag teacht \u00f3 Chr\u00edost, at\u00e1 i gceist.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus Domhnach seo na l\u00fach\u00e1ire \u00e1 chom\u00f3radh againn, measaim nach dochar s\u00fail a chaitheamh ar an d\u00e1 thaobh den saol at\u00e1 linn maidir le creideamh Chr\u00edost: Cr\u00edost c\u00fais \u00e1r n-athais, \u00e1r l\u00fach\u00e1ire, agus an creideamh c\u00fais d\u00e9istine.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: L\u00fach\u00e1ir &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1080,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1358","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1358","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1358"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1358\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1359,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1358\/revisions\/1359"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1080"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1358"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1358"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1358"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}