{"id":139,"date":"2013-11-01T08:51:42","date_gmt":"2013-11-01T08:51:42","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=139"},"modified":"2013-11-01T08:51:42","modified_gmt":"2013-11-01T08:51:42","slug":"samhain-3-2013-c-aonu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=139","title":{"rendered":"Samhain 3 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">Samhain 3 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Gr\u00e1 agus tr\u00f3cauire D\u00e9; Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (Eagna 11:22-12:2).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 trua agat do gach uile n\u00ed \u00f3ir t\u00e1 gr\u00e1 agat do gach uile n\u00ed at\u00e1 ann. T\u00e1 tagairt i m\u00f3r\u00e1n \u00e1iteanna sa tSean-Tiomna ar thr\u00f3caire D\u00e9 agus ar a ghr\u00e1 don chine daonna agus do gach ar chruthaigh s\u00e9 ach n\u00edl aon \u00e1it d\u00edobh i ngar a bheith chomh h\u00e1lainn lena deirtear sa sliocht seo: \u201cT\u00e1 trua agat do gach uile n\u00ed mar is f\u00e9idir leat gach uile n\u00ed a dh\u00e9anamh; scaoileann t\u00fa tharat peaca\u00ed an domhain le s\u00fail go ndeanfaidh siad aithr\u00ed iontu. \u00d3ir t\u00e1 gr\u00e1 agat do gach uile n\u00ed at\u00e1 ann agus n\u00ed \u00e1bhar d\u00e9istine duit aon n\u00ed d\u00e1 ndearna t\u00fa. Mar d\u00e1 mba fhuath leat n\u00ed ar bith, n\u00ed bheithe\u00e1 tar \u00e9is \u00e9 a cruth\u00fa\u201d. Seo \u00e9 cro\u00edl\u00e1r a bhfuil le r\u00e1 ag an \u00fadar sa sliocht seo. N\u00ed h\u00e9 go ndeireann s\u00e9 nach gcuireann Dia pion\u00f3s ar chin\u00edocha de bharr an pheaca. Tagann an sliocht seo idir dh\u00e1 shliocht in a ndeireann s\u00e9 a mhalairt. D\u00edreach roimnh an l\u00e9acht seo mheabhraigh s\u00e9 gur leag Dia pion\u00f3s ar an \u00c9igipt tr\u00ed na pl\u00e1nna, agus ina dhiaidh tugann s\u00e9 cur s\u00edos ar na peaca\u00ed \u00e9ags\u00fala a rinne cin\u00edocha Can\u00e1n tr\u00edd na hoiseanna, agus a bhfuil Dia le hagairt orthu ach deir s\u00e9 go raibh Dia foighneach leo, ag tabhairt deis d\u00f3ibh chun aithr\u00ed a dh\u00e9anamh. Ag t\u00fas na l\u00e9achta see d\u00e9anann s\u00e9 frithshu\u00edomh, codarsnacht, idir an Tiarna agus an domhan go l\u00e9ir nach bhfuil iontu ach mar a bheadh d\u00farad\u00e1n deannaigh n\u00f3 braon dr\u00fachta ina l\u00e1thair. Ach i leith na cr\u00e9at\u00fair\u00ed leochaileacha sin ag an Tiarna Uilechumhachtach t\u00e1 trua agus gr\u00e1. Is eisean a chruthaigh iad; eisean is cionsocair le hiad a bheith ann, smaoineamh a l\u00e9ir\u00edonn an t-\u00fadar le h\u00edomh\u00e1nna \u00e9ags\u00fala. Is \u00f3 Dhia a fuair siad an ghairm a bheith ann, a bheith beo. Is le Dia iad. Cara na mbeo \u00e9 Dia. Spiorad D\u00e9 a thugann beatha d\u00f3ibh, beatha do gach uile rud.&nbsp; Is \u00ed is aidhm do gach a rinne Dia n\u00e1 cairdeas, muintearas, a bhun\u00fa idir dhaoine daonna agus \u00e9 f\u00e9in.&nbsp; Briseann an peaca an muintearas sin, ach t\u00e1 Dia cine\u00e1lta agus is de r\u00e9ir a ch\u00e9\u00edle a cheartaionn s\u00e9 na peacaigh. Tugann s\u00e9 rabhadh d\u00f3ibh le hiad a scaradh \u00f3n olc, \u00f3n peaca, agus filleadh chuige, agus muin\u00edn a bheith acu as. Is \u00e1lainn an l\u00e9acht \u00ed seo, roghnaithe go gleoite le dul le soisc\u00e9al an lae inniu ina deireann \u00cdosa gur th\u00e1inig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shl\u00e1n\u00fa.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 144 [145]). Beann\u00f3idh m\u00e9 d\u2019ainm de sh\u00edor, a Dhia liom, is a R\u00ed.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (2 Teasal\u00f3inigh 1:11-2:2).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Beidh moladh agaibhse ar ainm Chr\u00edost agus beidh moladh aigesan oraibh. T\u00e1 t\u00e9ama l\u00e1rnach den litir seo ag cur s\u00edos ar Th\u00e9arnamh Chr\u00edost \u201cagus len\u00e1r mbaili\u00fa le ch\u00e9ile ina airicis\u201d (2:1),&nbsp; mar sin ar na Criocha D\u00e9aneacha i sl\u00ed. Is d\u00e1 bhr\u00ed sin, is d\u00f3cha, a roghna\u00edotar l\u00e9achta\u00ed aisti don tr\u00ed Dhomhnach deiridh den bhliain liot\u00fairgeach, roimh Fh\u00e9ile Chr\u00edost R\u00ed. T\u00e1 t\u00e9ama eascatal\u00f3igeach sa litir f\u00e9in, ach n\u00ed roghna\u00edtear ach bl\u00faire de cheann diobh sin do l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh (sliocht an lae inniu). Bheidis r\u00f3-dhoil\u00e9ir. T\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir cathain a scr\u00edobh P\u00f3l an ch\u00e9ad litir chuig na Treasal\u00f3naigh, agus na c\u00fains\u00ed a bh\u00ed ag gabh\u00e1il lei. Is \u00ed an p\u00edosa litr\u00edochta cr\u00edosta\u00ed is sine at\u00e1 againn, \u00f3n bhliain 51 iar-Chr\u00edost. L\u00e9irionm s\u00ed gr\u00e1 Ph\u00f3il don eaglais sin agus t\u00e1 de aidhm aici uchtach a thabhairt d\u00f3ibh. T\u00e1 cur s\u00edos innti ar Th\u00e9arnamh an Tiarna \u00cdosa, ar L\u00e1 an Tiarna,&nbsp; agus deir P\u00f3l leo go bhfuil a fhios acu go beacht gur mar a bheadh bithi\u00fanach, gada\u00ed, san o\u00edche a thiocfaidh L\u00e1 an Tiarna. N\u00edl s\u00e9 chomh h\u00e9asca a aimsi\u00fa c\u00e1 h\u00e1it, n\u00f3 c\u00e9n am, an Dara Litir chuig na Teasal\u00f3naigh a shu\u00edomh. Is soil\u00e9ir go raibh g\u00e9arch\u00e9im san eaglais sin ag an am, daoine \u00e1 mheas go raibh L\u00e1 an Tiarna tagaithe cheana f\u00e9in. Tugann an litir (2:1-12) aghaidh ar sin. agus deireann go folasach nach bhfuil bun\u00fas leis na r\u00e1fla\u00ed faoi Ateacht sin Chriost. Deir s\u00e9 nach go tobann a thiocfaidh an L\u00e1 sin, ach go mbeadh comhartha\u00ed ann roimhe. Nuair a chuireann scol\u00e1ir\u00ed an Bh\u00edobla an fhianaise go l\u00e9ir san \u00e1ireamh, is \u00ed tuairim chuid acu gur scr\u00edobhadh an Dara Lara ag P\u00f3l go luath tar \u00e9is an ch\u00e9ad cheann. Dar le scol\u00e1ir\u00ed eile n\u00ed chomh luath sin don Dara litir, agus b\u2019fh\u00e9idir nach \u00f3 pheann Ph\u00f3il \u00ed, ach \u00f3 dhuine eile faoi thionchar agus inspioraid Ph\u00f3il, thart on mblian 68 i. Ch. b\u2019fh\u00e9idir, nuair a bh\u00ed Iar\u00fasaileim agus an Teampall a mbaol a dtreascartha \u00f3 arm na R\u00f3imhe.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Maidir le sliocht an lae inniu, deir P\u00f3l leis an eaglais sin go bhfuil s\u00e9 de sh\u00edor ag gu\u00ed go mbeadh an creideamh beo ina measc, agus Dia gn\u00edomhach iontu ag tabhairt chun cr\u00edche gach dea-r\u00fan a gcr\u00f3ithe, dea-r\u00fan a spreagann Dia agus a thugann chun cr\u00edche \u00e9. Le foirfeacht sin na gCr\u00edosta\u00edthe d\u00e9anfar ainm \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost&nbsp; a ghl\u00f3iri\u00fa sna f\u00edr\u00e9in sin agus na f\u00edr\u00e9in f\u00e9in sa Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost, sin go l\u00e9ir tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9 agus an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost \u2013 iad araon t\u00f3gtha mar aonad. Leis an ghl\u00f3ir sin le f\u00e1il ag \u00cdosa agus an f\u00edr\u00e9in in aonacht, is d\u00f3cha go bhfuil P\u00f3l ag smaoineamh ar L\u00e1 an Tiarna. Tugann sin P\u00f3l go dti an cheist a bh\u00ed ag cur as do mhuintir eaglais na dTeasal\u00f3nach&nbsp; maidir le Ateacht (T\u00e9arnamh) \u00cdosa Cr\u00edost, agus an m\u00e9id a bh\u00ed curtha i leith Ph\u00f3il go raibh an L\u00e1 sin tagaithe cheana f\u00e9in. Deir P\u00f3l leo gan aird a thabhairt ar r\u00e1fla\u00ed n\u00f3 na litreacha br\u00e9ige ar an \u00e1bhar a cuireadh ina leith faoi Theacht an Tiarna. T\u00e9ann s\u00e9 n\u00edos doimhne isteach sa sc\u00e9al sin n\u00edos faide amach sa litir ch\u00e9anna.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 19:1-10).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Th\u00e1inig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shl\u00e1n\u00fa. Labhair \u00cdosa parabal faoi dhul ar t\u00f3ir na caorach a bh\u00ed caillte. Sa l\u00e9acht seo n\u00ed parabal ach eachtra at\u00e1 i gceist, ach an t\u00e9ama c\u00e9anna leis: lena raibh caillte a chuardach agus a shl\u00e1n\u00fa. Tugtar \u201cceannphoibleac\u00e1nach\u201d ar Zach\u00e1ias, ina bhailitheoir c\u00e1nach de ghradam faoi leith. T\u00e1imid i gcathair Ierich\u00f3, ina mbeadh crainnte. Ceann d\u00edobh sin n\u00e1 an seiceamar, sin le r\u00e1 seiceamar na Pailistine, crann f\u00edge n\u00f3 crann maoildeirge. Crainnte arda a bheadh iontu, le brainsi arda, ach na cinn is \u00edsle \u00edseal&nbsp; go leor go bhf\u00e9adfadh le duine dreapadh anairde orthu. Fear saibhir a bh\u00ed i Zach\u00e1ias, go nd\u00fairt \u00cdosa faoina leith\u00e9id gur deacair d\u00f3ibh r\u00edocht na bhflaitheas a bhaint amach. N\u00edorb mar sin do Zach\u00e1ias. T\u00f3gann \u00cdosa an ch\u00e9im thosaigh. Cuireann s\u00e9 forr\u00e1n ar Zach\u00e1ias agus tugann cuireadh d\u00f3 f\u00e9in ina theach si\u00fad. Ghlac Zach\u00e1ias go fonnmhar leis sin. Bh\u00ed an eachtra seo go l\u00e9ir os comhair an phobail. De r\u00e9ir thuiscint na nGi\u00fadach b\u2019ionann muintearas le peacaigh (agus glacadh leis gurb&nbsp; pheacaigh bailitheoir\u00ed c\u00e1nach) agus neamh-ghlaine deasghn\u00e1thach. Tugadh an fhreagairt&nbsp; a tugadh go minic cheana d\u2019\u00cdosa ina leith\u00e9id de ch\u00e1s.&nbsp; Ba l\u00e9ir \u00f3na d\u00fairt Zach\u00e1ias go raibh aithr\u00ed air, ag tabhairt uaidh leath a mhaoine do na bochta agus ag \u00edoc faoi cheathar ar aon gn\u00edomh \u00e9ag\u00f3rach uaidh i gc\u00farsa\u00ed c\u00e1nach, ag dul thar ghn\u00e1th-\u00e9ileamh an Bh\u00edobla agus de r\u00e9ir dl\u00ed na R\u00f3imhe faoi ghoid fholasach. Tugann freagra \u00cdosa br\u00ed agus \u00e9irim na heachtra: b\u00edodh gur fh\u00e9acadh ar Zach\u00e1iais mar pheacach ba mhac d\u2019Abr\u00e1h\u00e1m \u00e9. Th\u00e1inig \u00cdosa, Mac an Duine, le teacht ar an t\u00e9 a bh\u00ed caillte agus beatha De, sl\u00e1n\u00fa, a&nbsp; thabhairt d\u00f3.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Gr\u00e1 agus tr\u00f3cauire D\u00e9; Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">I l\u00e9achta\u00ed an lae inniu t\u00e1 againn idir \u00e1bhar machnaimh agus \u00e1bhar agallaimh linn f\u00e9in agus le saol an lae inniu, san Eaglais agus taobh amuigh di.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Machnamh.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Gr\u00e1 agus tr\u00f3caire D\u00e9. N\u00edorb fhada mar chomharba Pheadair d\u00f3 nuair a mheabharigh an P\u00e1pa Proinsias don Eaglais gur c\u00f3ir bheith ag machnamh agus ag cainnt i bhfad nios m\u00f3 ar ghr\u00e1 agus ar throcaire D\u00e9 n\u00e1 ar \u00e1bhair \u00e1irithe consp\u00f3ideacha eile. Deireann an ch\u00e9ad l\u00e9acht agus soisc\u00e9al an lae inniu an rud c\u00e9anna linn. Tugann siad cuireadh machnamh a dh\u00e9anamh ar sin. Is gr\u00e1 \u00e9 Dia agus tugann s\u00e9 gr\u00e1 do gach ar chruthaigh se agus t\u00e1 tr\u00f3caire aige ar an chine daonna agus na daoine aonair. T\u00e1 \u00cdosa i gc\u00f3nai ar t\u00f3ir an t\u00e9 at\u00e1 caillte,&nbsp; tr\u00edd f\u00e9in, tr\u00edd an Spiorad Naomh agus tr\u00edna lucht lean\u00fana. N\u00ed g\u00e1 ach l\u00e9achta\u00ed an lae inniu a l\u00e9amh agus a athl\u00e9amh le bheith deimhin de sin. Ceist d\u00fainn go l\u00e9ir n\u00e1 conas an teachtaireacht sin a fh\u00f3gairt do shaol an lae inniu.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Agallamh le baill na hEaglaise agus leo sin taobh amuigh di: Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha \u2013 B\u00e1s, breithi\u00fanas, ifreann, neamh. Meabhra\u00edonn an dara l\u00e9acht as an Dara litir chuig na Teasal\u00f3naigh d\u00fainn go bhfuilimid ag teannadh le deireadh na bliana liot\u00fairg\u00ed, tr\u00e9imhse at\u00e1 oiri\u00fanach do chl\u00e9ir agus tuath machnamh a dh\u00e9anamh ar na Cr\u00edocha D\u00e9anacha. I dtraidisi\u00fan na hEaglaise is iad na ceithre cr\u00edocha d\u00e9anacha n\u00e1 b\u00e1s, breithi\u00fanas, ifreann agus neamh. T\u00e1 drogall ar a l\u00e1n daoine inniu machnamh ar na t\u00e9ama\u00ed sin, go m\u00f3r m\u00f3r ar an mb\u00e1s at\u00e1 in nd\u00e1n do gach aoinne, is cuma an creidmheach n\u00f3 d\u00edchreidmheach \u00e9. Do chreidmhigh is cuid de Chr\u00e9 na nAspal na f\u00edrinn\u00ed sin, agus t\u00e1 cur s\u00edos orthu mar chuid den Chr\u00e9 i Caiticiosama na hEaglaise Caitlic\u00ed (ailt 1006-1065).<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">An B\u00e1s. Sa Bhuntreacht Tr\u00e9adach ar an Eaglais is Saol an Lae inniu de chuid na Comhairle Vaticain II (alt 18) t\u00e1 machnamh domhain, speisi\u00fail, ar \u201cr\u00fandiamhair an bh\u00e1is\u201d. \u201cIs i l\u00e1thair an bh\u00e1is a shroiseann d\u00facheist na staide daonna (staid an duine agus an chine dhaonna) a buaicphointe\u201d. Is \u00e1bhar machnaimh agus agallaimh na cr\u00edocha sin d\u00fainn sna seachtain\u00ed amach romhainn, mar ullmh\u00fach\u00e1n do Fh\u00e9ile Chriost R\u00ed ag cur cr\u00edoch leis an bliain liot\u00fairgeach.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Samhain 3 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-139","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/139","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=139"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/139\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=139"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=139"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=139"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}