{"id":1426,"date":"2021-02-18T15:33:13","date_gmt":"2021-02-18T15:33:13","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1426"},"modified":"2021-02-18T15:33:17","modified_gmt":"2021-02-18T15:33:17","slug":"21-feabhra-2021-b-an-chead-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1426","title":{"rendered":"21 Feabhra 2021 (B) An Ch\u00e9ad Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Teachtaireacht an Charghais: \u201cD\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa Soisc\u00e9al\u201d. B\u00e1s a fh\u00e1il d\u00fainn f\u00e9in; le beatha nua a fh\u00e1il i gCr\u00edost.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Genesis 9:8-15). <em>Conradh D\u00e9 le Naoi tar \u00e9is d\u00f3 \u00e9 a shabh\u00e1il \u00f3n d\u00edle.<\/em> Ina shu\u00edomh sa Bh\u00edobla, tagann an l\u00e9acht seo ag deireadh stair na D\u00edleann (Genesis caibidil 6-9). Chruthaigh Dia an domhan agus an cine daonna sgus chonaic s\u00e9 gach a ndearna s\u00e9 agus bh\u00ed s\u00e9 go maith, go s\u00e1rmhaith. Ach th\u00e1inig an peaca ar an bhf\u00f3d agus ghabh aithreachas an Tiarna toisc go ndearna s\u00e9 an duine ar an talamh agus bheartaigh s\u00e9 an cine daonna a dh\u00edoth\u00fa, seachas aon duine amh\u00e1in, Naoi agus a theaghlach. Leanann stair na D\u00edleann ar sin sa Bh\u00edobla, agus ag teacht ag deireadh an chuntais tagann sliocht an lae inniu. Anois go bhfuil an talamh glanta ag uisc\u00ed na D\u00edleann, geallann Dia nach bhfuil s\u00e9 leis an domhan a scriosadh go de ar\u00eds mar a rinne s\u00e9 sa D\u00edle. N\u00ed bheidh D\u00edle d\u00e1 leith\u00e9id ann ar\u00eds. D\u00e9anann s\u00e9 conradh soll\u00fanta le Naoi faoi seo agus beidh an bogha ceatha ann mar chomhartha den chonradh. Nuair a fheicfidh an cine daonna an bogha seo tabharfaidh s\u00e9 chun cuimhne d\u00f3ibh an conradh sin D\u00e9. Roghna\u00edotar an l\u00e9acht seo d\u2019Aifreann an lae inniu le dul leis an gceann eile \u00f3 ch\u00e9ad Litir Naomh Peadar, ata againn mar dhara l\u00e9acht, ina bhfuil cur s\u00edos ar uisce an bhaiste a ghlanann i sl\u00ed spiorad\u00e1lta. Glaonn an Carghas at\u00e1 ag tos\u00fa anois ar chreidmhigh aithr\u00ed a dh\u00e9anamh ar a gcuid pheaca\u00ed de gach saghas agus iad f\u00e9in a ghlanadh do Fh\u00e9ile Ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 24[25]). <em>Gr\u00e1 daingin agus d\u00edlse do rianta uile, a Thiarna, d\u00f3ibh si\u00fad a choime\u00e1dann do chonradh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Peadar 3:18-22). <em>Ba r\u00e9amhshamhail an t-uisce sin ar an mbaisteadh a shl\u00e1na\u00edonn sibh anois. <\/em>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo d\u2019Aifreann an lae inniu de bhr\u00ed go nd\u00e9antar inti compar\u00e1id idir an ghlanadh a dh\u00e9anann uisce an bhaiste agus an glanadh a rinne uisc\u00ed na D\u00edleann (le tagairt do \u00c1irc Naoi n\u00e1r sabh\u00e1ileadh inti ach ochtar, is \u00e9 sin le r\u00e1 Naoi f\u00e9in, a bhean ch\u00e9ile, a thri\u00far mhac agus a mhn\u00e1 ch\u00e9ile si\u00fad). Ina chomhth\u00e9acs bunaidh i litir Pheadair t\u00e1 an t-\u00fadar ag spreagadh lucht a l\u00e9ite bheith reidh d\u2019fhulaingt agus do gh\u00e9arlean\u00faint, ach sna deacrachta\u00ed seo go l\u00e9ir Cr\u00edost, a fhulaing go foighdeach, a bheith acu mar eiseaml\u00e1ir. \u201c\u00d3ir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, m\u00e1s \u00e9 toil D\u00e9 \u00e9, n\u00e1 de chionn an oilc?\u201d (1 Peadar 3:17). Leanann l\u00e9acht an lae inniu \u00f3n smaoineamh sin. Cuireadh Cr\u00edost chun b\u00e1is ina cholainn daonna (ina cholainn) agus rinneadh \u00e9 a bheo\u00fa, rinneadh beo \u00e9, sa spiorad, i mbeatha nua spiorad\u00e1lta. An tagairt at\u00e1 ann ina dhiaidh sin don chuairt a thug s\u00e9 ar na spioraid a bh\u00ed i bprios\u00fan, glacadh leis go traidisi\u00fanta gur tagairt a bh\u00ed ann do chuairt \u00cdosa s\u00edos go hIfreann. Tuigtear go hiondual anois gurbh \u00e9 a mhalairt at\u00e1 ann, gabh\u00e1il \u00cdosa suas ar neamh. T\u00e1imid f\u00f3s i gcomhth\u00e9acs D\u00edle Naoi. Iad sin a bh\u00ed easumhail an tr\u00e1th sin, is d\u00f3cha gurbh iad na haingil a pheacaigh, mic sin D\u00e9 a luaitear i Leabhar Genesis, agus a mheas an traidisiun Gi\u00fadach gurbh iad na haingil a pheacaigh iad agus a ba chuis leis an D\u00edle c\u00e9aduair. Ba iad na tiarnais agus na cumhachta\u00ed agus rialt\u00f3ir\u00ed domhain an dorchadais a measadh a bheith ag troid in \u00e9adan Chriost agus na hEaglaise, agus an tr\u00e1th sin taobh thiar de na g\u00e9arlean\u00faint\u00ed a bh\u00ed \u00e1 bhfulaingt ag lucht lean\u00fana Chr\u00edost. Lena ais\u00e9ir\u00ed agus a dheascabh\u00e1il chun an Athar bh\u00ed Cr\u00edost ag f\u00f3gairt d\u00f3ibh gur raibh an bua bainte aige ar chumacht Sh\u00e1tain agus ar na spioraid sin. Cuireadh bua sin Chr\u00edost i l\u00e1thair de sh\u00edor do chreidmhigh sa bhaisteadh. Maidir leis an mbaisteadh, feidhm\u00edonn an creideamh Cr\u00edosta\u00ed agus an cleachtas liot\u00fairgeach ar dh\u00e1 leibh\u00e9al: ceann seachtrach, den saol seo, agus ceann spiorad\u00e1lta agus inmhe\u00e1nch. Is i dtumadh a rinneadh an baisteadh san eaglais \u00f3g, murab ionann agus againne, agus i sl\u00ed n\u00edoch\u00e1n salachar coirp a bh\u00ed ann chomh maith. Glanadh an choirp in uisce an bhaiste, is rud seachtrach \u00e9, den saol seo, ach don chreidmheach is comhartha de ghn\u00edomh inmhe\u00e1nach \u00e9 sin, de bharr gn\u00edomh\u00fa inmhe\u00e1nach an Spioraid Naoimh. Nascann an baisteadh an creidmheach le Cr\u00edost, \u00e9 anois ar dheasl\u00e1mh D\u00e9 agus an bua faighte aige ar gach namhaid, b\u00edodh nach bhfuil s\u00e9 soil\u00e9ir conas go beacht a chuireann an t\u00e9acs seo s\u00edos ar an nasc sin: gealtanas an dea-choinsiasa do Dhia, \u00e9ileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, n\u00f3 gealltanas do Dhia meon ceart a bheith ag an creidmheach.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:12-15). <em>\u00cdosa \u00e1 phromhadh ag S\u00e1tan, agus na haingil ag freastal air.<\/em> D\u00e9antar soisc\u00e9al faoi phromhadh \u00cdosa san fh\u00e1sach a l\u00e9amh gach bliain c\u00e9ad Domhnach an Charghais. Seo \u00ed bliain 2 den ch\u00farsa thr\u00ed bliana, bliain Mharcais, agus mar sin is \u00f3n soisc\u00e9al sin a th\u00f3gtar an l\u00e9acht don soisc\u00e9al. T\u00e1 eolas againn go l\u00e9ir ar an thr\u00ed phromhadh ar \u00cdosa at\u00e1 ag Matha agus L\u00fac\u00e1s. N\u00edl an liosta sion ag Marcas. Is fi\u00fa tabhairt faoi deara faoi mar ar thuirling san Spiorad ar \u00cdosa d\u00edreach tar \u00e9is a bhaisteadh agus mar ar labhair an tAthair \u00f3 neamh ag f\u00f3gairt gurb \u00e9 \u00cdosa Mac ion\u00fain an Athar. Thiom\u00e1in an Spiorad c\u00e9anna sin \u00cdosa amach faoin bhf\u00e1sach lena phromhadh ag S\u00e1tan. Coimhlint a bhi sa phromhadh maidir le r\u00edocht D\u00e1 agus an bua ar Sh\u00e1tan. Sa chomhth\u00e9asc seo is fi\u00fa a bhfuil r\u00e1ite sa luath-iomann sa litir chuig na Filipigh (2:6-7) a mheabhr\u00fa d\u00fainn f\u00e9in: \u201cAn t\u00e9 \u00fad a bh\u00ed i riocht D\u00f3 \u00f3 dh\u00fachas, n\u00edorbh \u00e9ad\u00e1il leis bheith ar chomhch\u00e9im le Dia. Ach lom s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in. Agus chuir air riocht an scl\u00e1bha agus th\u00e1inig chun bheith ina dhuine mar ch\u00e1ch eile.\u201d&nbsp;&nbsp; Tar \u00e9is gur promhadh mar dhuine \u00e9, chuaigh \u00cdosa chun na Gail\u00edle chun t\u00fas le r\u00e9 nua a fh\u00f3gairt leis na briathra: \u201cD\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa soisc\u00e9al\u201d.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Teachtaireacht an Charghais: \u201cD\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa Soisc\u00e9al\u201d. B\u00e1s a fh\u00e1il d\u00fainn f\u00e9in;ebrsatha nua a fh\u00e1il i gCr\u00edost.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>N\u00ed tr\u00e1th \u00e9 an Carghas do rudai seachtracha, feice\u00e1lacha, amhail saic\u00e9adach agus luaithreach. Taobh thiar den fhocal Gaeilge Carghas t\u00e1 t\u00e9arma Laidine ar dachad, dachad l\u00e1 le machnamh a dh\u00e9anamh ar an r\u00fandiamhair Chr\u00edosta\u00ed, ar an mbeatha Chr\u00edostai i gCr\u00edost, ar uaisleacht agus cont\u00fairt\u00ed phearsa an duine dhaonna, agus ar theachtaireacht D\u00e9 tri Chr\u00edost ar na f\u00edrinn\u00ed sin go l\u00e9ir. D\u00e9antar an machnamh seo go l\u00e9ir le tagairt do Chr\u00edost, an Duine Nua, an t\u00c1dhamh Nua. Sa tr\u00e9imhse dachad l\u00e1 san fh\u00e1sach d\u00f3 n\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur rinne \u00cdosa machnamh ar na f\u00edrinn\u00ed seo. Na cathuithe a chuir S\u00e1tan air, bhaineadar leis an tuiscint a bh\u00ed ag a Athar ar phearsa an duine dhaonna agus a chuid deacrachta\u00ed agus freagra D\u00e9 orthu si\u00fad tr\u00ed bheatha Chr\u00edost f\u00e9in, tr\u00ed faoi mar ar \u00edsligh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in ag glacadh cl\u00f3 daonna, tr\u00edna bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed. De r\u00e9ir sn tsean-iomann sa litir chuig na Filipigh, b\u00edodh go raibh \u00cdosa i riocht D\u00e9 n\u00edor mhian leis feidhm a bhaint as sin d\u00e1 ghl\u00f3ir f\u00e9in. A mhalairt ar fad. D\u2019isligh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in agus ba mhian leis maireacht\u00e1il agus bheith aithinte mar dhuine daonna. An tagairt san iomann d\u2019\u00cdosa i riocht D\u00e9, is d\u00f3cha nach tagairt do n\u00e1d\u00far diaga \u00cdosa at\u00e1 ann, ach go bhfuil s\u00e9 ag d\u00e9anamh codarsnacht idir \u00cdosa an Dara \u00c1dhamh agus an Ch\u00e9ad \u00c1dhamh sa gh\u00e1irdin. D\u00fairt an nathair nimhe, an cathaitheoir, le \u00c9abha d\u00e1 nd\u00e9anfadh sise agus \u00c1dhamh toradh an chrainn a bhi toirmiscthe a ithe go mbeidis mar Dhia agus fios na maitheasa agus an oilc acu (Genesis 3:1-5).&nbsp;&nbsp; Gh\u00e9ill \u00c1dhamh, i riocht daonna, don chath\u00fa riocht diaga a th\u00f3gaint air f\u00e9in, agus lean tubaiste an domhain as. Cuireadh a mhacasamhail de chath\u00fa ar \u00cdosa ach dhi\u00faltaigh s\u00e9 d\u00f3, agus rinneadh eiseaml\u00e1ir de d\u00e1 lucht lean\u00fana.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed dr\u00e1ma seo an Ch\u00e9ad \u00c1dhaimh agus Chr\u00edost \u00e1 l\u00e9iri\u00fa tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos agus t\u00e1 s\u00e9 \u00e1 l\u00e9iri\u00fa go f\u00f3ill len\u00e1r linn f\u00e9in. T\u00e1 codarsnacht nach beag idir an l\u00e9argas at\u00e1 ag an Chr\u00edosta\u00edocht agus chuid mhaith de chult\u00far an lae inniu ar an phearsa dhaonna agus faoi sh\u00e1samh mhianta chroi agus choirp an duine. I l\u00e9argas ar an domhan seo at\u00e1 f\u00f3irleathan inniu feictear ar an bpearsa dhaonna agus an cine daonna amhail is nach mbeadh ach aon tomhais amhain iontu, f\u00e9inriar acu, saoirse ioml\u00e1n, agus glaoch acu maireacht\u00e1il agus iad f\u00e9in a fhorbairt ina mbeatha phearsanta agus shoisialta gan aon chur isteach \u00f3 aon \u00fadar\u00e1s \u00f3n taobh amuigh, biodh sin \u00f3 Dhia n\u00f3 \u00f3 eaglais. A mhalairt sin ar fad at\u00e1 i dteagasc an Tiomna Nua agus an Bh\u00edobla. Pointe l\u00e1ir don teagasc seo n\u00e1 gur gr\u00e1 \u00e9 Dia, go bhfuil gr\u00e1 ag Dia don domhan agus gur sheol s\u00e9 a Mhac le teachtaireacht an ghr\u00e1 seo a thabhairt. Th\u00e1inig Cr\u00edost le go mbeadh beatha acu si\u00fad a chreideann an agus go mbeadh s\u00ed acu go fial (Eoin 10:10). Foinse na beatha \u00e9 Cr\u00edost agus eiseaml\u00e1ir na beatha sin chomh maith. Ach deir Cr\u00edost go solil\u00e9ir freisin nach m\u00f3r do dhaoine b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00f3ibh f\u00e9in leis an bheatha cheart ann a aimsi\u00fa. N\u00edl beatha i gCriost gan a chrois a iompair, agus \u00e9 a lean\u00faint (Matha 9:35-47). Cuireann s\u00e9 b\u00e9im ar luach phearsa an duine aonair. \u201c\u00d3ir cad \u00e9 an tairbhe do dhuine, an domhan uile a gnhn\u00f3th\u00fa agus a bheo f\u00e9in (n\u00f3: a anam f\u00e9in) a chailleadh leis? N\u00f3 cad \u00ed an \u00edoca\u00edocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo (no: lena anam) f\u00e9in a fh\u00e1il ar ais?\u201d (Feach Matha 16:26). Sa mhachnamh faoi seo sa doicim\u00e9id <em>An Eaglais i saol an lae inniu<\/em> (ailt 40-44) tr\u00e1chtann an eaglais go caoin \u00edogair ar an gceist seo: an gaol c\u00f3mhalartach idir an Eaglais agus an domhan (alt 40), a bhfuil \u00e1 ofr\u00e1il ag an Eaglais don duine aonair (alt 41), a bfuil \u00e1 ofr\u00e1il ag an Eaglais don phobal, don tsocha\u00ed (alt 41), a bhfuil \u00e1 thairiscint ag an Eaglais don ghn\u00edomha\u00edocht daonna tr\u00edna chuid ball (alt 43). T\u00e1 an t\u00e9acs ar fail (f\u00f3s as B\u00e9arla amh\u00e1in!) ar an idirl\u00edon. Is fi\u00fa \u00e9 a l\u00e9amh agus machnamh a dh\u00e9anamh air.<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 mana \u00cdosa fos againn don Charghas: D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa Soisc\u00e9al. Ionann aithr\u00ed sa t\u00e9acs seo agus athr\u00fa meoin, athr\u00fa \u00f3 gach rud nach mbaineann le Cr\u00edost. Ionann \u00e9 agus creidi\u00faint. T\u00e1 glaoch againn am an Charghais do mhachnamh agus do dheabh\u00f3id. Beatha\u00edonn an deabh\u00f3id an creideamh, an creideamh pearsanta agus creideamh an phobail, sa teaghlach n\u00f3 sa phar\u00f3iste. N\u00ed g\u00e1 go mbeadh deabh\u00f3id feice\u00e1lach. Tig leis bheith pearsanta agus ci\u00fain, mar shampla ag machnamh ar ph\u00e1is \u00cdosa D\u00e9 hAoine agus staonadh \u00f3 fheoil ina on\u00f3ir (le iasc ina hionad). Agus t\u00e1 slite iomad\u00fala eile ann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. Teachtaireacht &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1078,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1426","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1426","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1426"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1426\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1427,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1426\/revisions\/1427"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1078"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1426"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1426"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1426"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}