{"id":143,"date":"2013-11-18T10:09:13","date_gmt":"2013-11-18T10:09:13","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=143"},"modified":"2013-11-18T10:09:13","modified_gmt":"2013-11-18T10:09:13","slug":"samhain-17-2013-c-triu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=143","title":{"rendered":"Samhain 17 2013 (C) Tr\u00ed\u00fa  Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: S\u00fail le cr\u00edoch; buanseasmhacht go deireadh.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (Malaic\u00ed 3:19-20).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Soilseoidh grian na f\u00edr\u00e9antachta oraibh. Seo \u00e9 an Domhnach roimh an gceann deireanach den bhliain liot\u00fairgeach agus t\u00e1 ta l\u00e9achta\u00ed tofa leis na cr\u00edocha d\u00e9anacha a mheabhr\u00fa d\u00fainn. Is \u00ed teachtaireacht na l\u00e9achta seo n\u00e1 go ngearrfar pion\u00f3s ar lucht d\u00e9anta an oilc sa deireadh thiar agus go mbeidh luach saothair ag na f\u00edr\u00e9in. Tuigfear an l\u00e9acht n\u00edos fearr m\u00e1 dh\u00e9antar \u00ed a shu\u00edomh ina comhth\u00e9acs i leabhar Malac\u00ed. Is \u00ed is br\u00ed le Malac\u00ed, ainm an leabhair, san Eabhrais n\u00e1 \u201cmo theachtaire\u201d, agus i 3:1 deir Dia: \u201cT\u00e1 mo theachtaire (malaci) \u00e1 chur amach agam chun an b\u00f3thar a r\u00e9iteach romham.\u201d B\u2019fh\u00e9idir gur as sin a thagann teideal an leabhair, agus nach fios d\u00fainn ainm an \u00fadair. N\u00ed deimhin ach oiread an d\u00e1ta a chur leis an leabhar; uair \u00e9igin i rith an ch\u00faigi\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost b\u2019fh\u00e9idir. T\u00e1 leagan amach n\u00e9ata sa leabhar: s\u00e9 shleachta agus an crot c\u00e9anna i ngach ceann acu, ina dh\u00e9anann Dia aitheasc n\u00f3 r\u00e1iteas, a chuirtear ina choinne ag sagairt n\u00f3 ag an bpobal. Ina dhiaidh sin b\u00edonn aitheasc ann ina a mb\u00edonn bagairt agus gealltanas sl\u00e1naithe tugtha taobh le taobh. Is \u00e9 an s\u00e9\u00fa ceann d\u00edobh sin agus an ceann deiridh n\u00e1 2:17-3:21 ina chuireann an pobal tuirse ar an dTiarna leis an ghear\u00e1n seo: \u201cCib\u00e9 ar bith duine a dh\u00e9anann an t-olc, is dea-dhuine i s\u00faile an Tiarna agus is orthu at\u00e1 gean agus gnaoi aige\u201d. Agus ar\u00eds: \u201cC\u00e1 bhfuil Dia na c\u00f3ra?\u201d N\u00ed searbhas n\u00f3 ciniceas at\u00e1 i gceist ach scairt chr\u00e1 cro\u00ed \u00f3 dhaoine ar mhaith leo maireacht\u00e1il in \u00e1it mar a bhfuil an mhaith seachas an t-olc faoi r\u00e9im. Tugann Dia freagra go bhfuil s\u00e9 chun gn\u00edomh\u00fa. T\u00e1 s\u00e9 chun teachtaire a sheoladh a dh\u00e9anfaidh an tsagartacht agus an Teampall a ghlanadh. Tugann s\u00e9 aird don ghear\u00e1n a rinneadar agus t\u00e1 s\u00e9 le ainmneacha a fhir\u00e9an a scr\u00edobh s\u00edos i leabhar meabhr\u00e1n. Beidh an bua acu si\u00fad at\u00e1 ionraic i L\u00e1 an Tiarna, nuair a bheidh s\u00e9 soil\u00e9ir an difr\u00edocht at\u00e1 idir an dea-dhuine agus an drochdhuine.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Labhra\u00edonna l\u00e9acht ghairid an lae inniu faoi theacht l\u00e1 seo an Tiarna nuair a loiscfear na ciontaigh agus nuair a bheidh luach saothair ann d\u00f3ibh si\u00fad ar a bhfuil eagla d\u2019ainm an Tiarna.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">L\u00e9acht ghairid seo an lae inniu, agus an c\u00falra sa Bh\u00edobla a ghabhann lei, t\u00e1 cur sios inti ar fhadhb at\u00e1 ann leis na cianta cairbeacha faoi rath a bhionn ar dhrochdhaoine in gc\u00farsa\u00ed saolta. Is fios sin do Dhia a deir go mbeidh an bua sa deireadh thiar ag an ionracas. Maidir le bua D\u00e9 ar an olc i gc\u00farsa\u00ed an tsaoil seo, i sl\u00ed amh\u00e1in is tr\u00ed l\u00e1mha san chine dhaonna a fheidhm\u00edonn s\u00e9. I rith na staire beidh ar gach gl\u00fain feidhmi\u00fa agus gu\u00ed go mbeidh an bua ag an mhaith ar an olc. Is \u00e9 sin a chuireann an saol poilit\u00edochta roimhe a dh\u00e9anamh. Ba ch\u00f3ir d\u00fainn saothr\u00fa agus gu\u00ed go mbeidh toradh f\u00f3nta ag na togra\u00ed a chuireann siad rompu sin a chur in gcr\u00edch \u2013 an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il ar fhoir\u00e9igean, coirpeacht eagraithe, mangair\u00ed druga\u00ed agus eile. M\u00e1 t\u00e1imid ag s\u00fail de r\u00e9ir an ghealltanais le sp\u00e9artha nua agus le domhan nua mar a lonn\u00f3idh an fh\u00edrantacht, b\u00edodh sin mar inspior\u00e1id againn saothr\u00fa le sin a thabhairt i gcr\u00edch cheana f\u00e9in sa mh\u00e9id is f\u00e9idir len\u00e1r mbeo f\u00e9in.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp; <br \/>Salm le Freagra (Salm 97[98]). T\u00e1 an Tiarna ag teacht a rial\u00fa na n\u00e1isi\u00fan go cothrom.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (2 Teasal\u00f3inigh 3:7-12).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">An t\u00e9 nach bhfuil fonn oibre air, n\u00e1 caitheadh s\u00e9 bia ach oiread. Is s\u00e9imh na briathra sin \u201cfonn oibre\u201d. T\u00e1 leagan n\u00edos d\u00e9ine air sna gn\u00e1th-leagain Bh\u00e9arla, agus fi\u00fa i leagain Ghaeilge eile: \u201cMura toil le duine oibri\u00fa, n\u00e1 b\u00edodh cead ite aige\u201d (Cosslett \u00d3 Cuinn); \u201cMunab \u00e1il le h-aoinneach obair a dh\u00e9anamh, n\u00e1r itheadh s\u00e9\u201d (De Si\u00fanta). D\u2019fh\u00e9adfadh na briathra sin, as Gaeilge n\u00f3 as B\u00e9arla \u201cMuna toil le duine obair a dh\u00e9anamh, n\u00e1 itheadh s\u00e9\u201d dul am\u00fa a chur orainn muna dh\u00e9antar iad a l\u00e9amh ina gcomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla. T\u00e1 an comhth\u00e9acs sin soil\u00e9ir \u00f3n v\u00e9arsa d\u00edreach roimh sliocht an lae inniu: \u201cT\u00e1im ag tabhairt fol\u00e1ireamh daoibh, a bhr\u00e1ithre, in ainm an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost fanacht amach \u00f3 bhr\u00e1thair ar bith a chaitheann a shaol d\u00edomh\u00e1oin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uaimse\u201d. Labhair P\u00f3l cheana faoi dhaoine d\u00edomhaoine, fals\u00f3ir\u00ed, sa ch\u00e9ad litir chuig na Teasal\u00f3inigh (5:14; 4:11-12). Gr\u00fapa beag, is d\u00f3cha, a bh\u00ed iontu taobh istigh den tion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed, b\u00eddeach sa chathair mh\u00f3r phag\u00e1nach sin. Is dealramhach go raibh baint leis an feitheamh d\u2019ateacht Chr\u00edost agus go raibh L\u00e1 an Tiarna buailte leo leis an easpa foinn tabhairt faoi obair a dh\u00e9anamh. Caithfear a deirtear faoi seo a mheas sa chomhth\u00e9acs sin. N\u00ed f\u00e9idir \u00fas\u00e1id a bhaint as le neamhaird a thabhiart orthu si\u00fad nach bhfuil ag obair, n\u00f3 nach f\u00e9idir leo oibri\u00fa ar ch\u00faiseanna iomad\u00fala (gan aon obair ar f\u00e1il, m\u00edchumas coirp n\u00f3 aigne).<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">B\u00edodh sin mar at\u00e1, t\u00e1 s\u00e9 r\u00ed-shoil\u00e9ir \u00f3n sliocht seo go gcuireann P\u00f3l \u00e9 f\u00e9in chun tosaigh mar eiseaml\u00e1ir do na daoine i gceist gur g\u00e1 bheith ag obair lena mbeatha a shaothr\u00fa. Ni fios go beacht na c\u00fains\u00ed at\u00e1 taobh thiar den m\u00e9id adeir P\u00f3l sa litir seo, ach de r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed baint ag feitheamh le L\u00e1 an Tiarna, Ateacht, T\u00e9arnamh Chr\u00edost, todhcha\u00ed ghl\u00f3mhar, le tabhairt ar chuid acu staonadh \u00f3n obair. Is \u00ed teachtaireacht shoil\u00e9ir Ph\u00f3il nach gceada\u00edonn aon ts\u00fail\u00edocht, n\u00f3 d\u00f3cha, d\u00e1 leith\u00e9id staonadh \u00f3 na dualgais\u00ed do ch\u00farsa an phobail. T\u00e1 teachtaireacht anseo d\u00fainn d\u00e1r linn f\u00e9in. B\u00edodh go ndeireann \u00e1r gcreideamh linn bheith ag s\u00fail le todhcha\u00ed ina mbeidh f\u00edr\u00e9antacht i r\u00e9im don chine daonna, sa tr\u00e1th is toil le Dia sin a chur i gcr\u00edch, idir an d\u00e1 linn n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn \u00e1r gcion f\u00e9in a dh\u00e9anamh sa \u201cturgnamh\u201d daonna an domhan seo a fheabhs\u00fa.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 21:5-19).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is le bhur mbuanseasamh a ghn\u00f3th\u00f3idh sibh bhur n-anamacha. T\u00e1 \u00cdosa ag labhairt sa Teampall, agus bh\u00ed cuid den lucht \u00e9isteachta ag breathn\u00fa go taitneamhach ar an Teampall agus ag cur a meas air in i\u00fal, ar a chlocha greanta agus a chuid \u00edobairt\u00ed. Agus an l\u00e1n-cheart acu chuige an tr\u00e1th sin, sa bhliain 30 n\u00f3 33 d\u00e1r r\u00e9 f\u00e9in. Scriosadh an ch\u00e9ad Teampall, teampall Sholaimh, ag arm na Beabal\u00f3ine i 587 n\u00f3 586. Cuireadh cr\u00edoch le Teampall eile ina \u00e1it sa bhliain 515, ach bh\u00ed s\u00e9 i bhfad \u00f3 \u00e1illeacht Theampall Solaimh. B\u00edodh nach den chreideamah Gi\u00fadach an R\u00ed H\u00e9ar\u00f3d M\u00f3r chuir s\u00e9 roimhe an Teampall a mhaisi\u00fa le go mbeadh s\u00e9 inchurtha le foirgneamh ar bith de impireacht an R\u00f3imhe. Thosaigh s\u00e9 an maisi\u00fach\u00e1n sa bhliain 19 roimh Chr\u00edost agus bh\u00ed cl\u00fa agus c\u00e1il ar an Teampall de bharr a mhaoirseascht chloiche. Thuar \u00cdosa go scriosfa\u00ed \u00e9, nach bhf\u00e1gfa\u00ed cloch ar mhuin cloiche de. Ba shin sa bhlain 30 n\u00f3 33, agus th\u00e1inig an tuar faoin tairngreacht sa bhliain 70 ag arm na R\u00f3imhe. Cuireann na deisceabail ceist air faoi dh\u00e1ta na heachtra seo agus faoin na comharthai a bheadh le fesicint roimh an l\u00e9irscrios.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">An freagra a thug \u00cdosa is ar an chr\u00edoch dheiridh, filleadh Mhac an Duine, at\u00e1 s\u00e9 seachas treascairt an Teampaill. Ach d\u2019fh\u00e9adfadh roinnt de na comhartha\u00ed a luann s\u00e9 bheith ag tagairt do r\u00e9anna \u00e9ags\u00fala, mar shampla na Meisiasanna br\u00e9ige ag f\u00f3gairt sl\u00e1n\u00fa agus teacht L\u00e1 an Tiarna, Th\u00e9arnaimh \u00cdosa. Tharla cuid de na comharthai seo roimh laethanta deiridh Iar\u00fasail\u00e9im. Is \u00ed is aidhm don roinn seo n\u00e1 fol\u00e1ireamh a thabhairt do na deiscesabail gan ligint d\u00f3ibh f\u00e9in bheith curtha ar strae ag na comhartha\u00ed seo. T\u00e1 an sliocht f\u00e9in agus an t-\u00edomh\u00e1ineachas at\u00e1 ann i dtraidisiun litr\u00edocht apacailipteach na nGi\u00fadach.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Baineann an ch\u00e9ad roinn eile, ar gh\u00e9arlean\u00faint, leis an eaglais ar a hoilithreacht ar talamh, seachas ar na cr\u00edocha d\u00e9anacha. N\u00ed m\u00f3r do lucht lean\u00fana Chr\u00edost bheith r\u00e9idh don gh\u00e9arlean\u00faint ar son a gcreidimh in \u00cdosa. Fi\u00fa a seasamh os comhair breithi\u00fana agus gobharn\u00f3ir\u00ed is deis \u00e9 fianaise a thabhairt d\u2019Iosa (\u201cmar gheall ar m\u2019ainmse\u201d). I dt\u00e9ascanna eile den Tiomna Nua is \u00e9 an Spiorad Naomh a bheidh mar chabhair acu. Anseo deir \u00cdosa gurb \u00e9 f\u00e9in a bh\u00e9arfaidh urlabhra agus eagna d\u00f3ibh. Tagann chun chuimhne f\u00eds St\u00edof\u00e1in de Mhac an Duine ina sheasamh ag dheis D\u00e9 (Gn\u00edomhartha na nAspal 7:55) nuair a bhi s\u00e9 \u00e1 chur chun b\u00e1is. Amhail an s\u00edol sa talamh torth\u00fail (L\u00fac\u00e1s 8:15) is \u00e9 a mbuanseasamh, a nd\u00edlseacht bhuan do Chr\u00edost, a bh\u00e9arfaidh an bua d\u00f3ibh.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: S\u00fail le cr\u00edoch; buanseasmhacht go deireadh.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Ag deireadh bhliain seo an liot\u00fairge, ina liot\u00fairge tugann an eaglais cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar eachtra\u00ed agus firinn\u00ed a bhaineann leis na cr\u00edocha d\u00e9anacha: cr\u00edoch na staire agus ateacht Mhac an Duine, cr\u00edoch len\u00e1r mbeatha phearsanta, cr\u00edoch le l\u00e1mh in uachtar ag an olc ar an mhaitheas, teacht le neamha n\u00f3 sp\u00e9artha nua agus talamh nua ina mbeidh an t-ionracas agus an fh\u00edr\u00e9antacht i r\u00e9im. T\u00e1 tagairt\u00ed d\u00f3ibh sin a l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. Is creideamh, f\u00eds, s\u00fail\u00edocht iad sin, agus t\u00e1 f\u00edrinne eile a dtugann na l\u00e9achta\u00ed cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh uirthi i dteannta na gceann eile. Is \u00ed an fh\u00edrinne seo n\u00e1 an g\u00e1 at\u00e1 le buanseasmhacht m\u00e1 t\u00e1 \u00e1r gcreideamh, \u00e1r gcion ar phearsa agus saothar Chr\u00edost, le teacht sl\u00e1n ar na fadhbanna, agus an leamthuirse a bhaineann le c\u00farsai an tsaoil seo, agus c\u00farsa\u00ed an chreidimh. Seo pointe amh\u00e1in de theagasc Chr\u00edost a chuireann L\u00fac\u00e1s os \u00e1r gcomhair: \u201cIs le bhur mbuanseasamh a gn\u00f3th\u00f3idh sibh bhur n-anamacha\u201d, faoi mar a rinne s\u00e9 ag deireadh an mh\u00edni\u00fa a thug s\u00e9 ar pharabal an tS\u00edolad\u00f3ra. Ionann an talamh maith agus na daoine a choinn\u00edonn an s\u00edol agus a thugann toradh uath tr\u00edna mbuanseasamh (L\u00fac\u00e1s 8:15). N\u00ed rud di\u00faltach an buanseasmhacht seo, amhail glacadh le rud nach bhfuil leigheas air, ach cuid den chreideamh a dh\u00e9anann ceangailt idir sinn agus Dia agus Cr\u00edost. Is cuid de r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe \u00e9. Is \u00e9 Dia Sl\u00e1naitheoir an chine dhaonna, agus toisc saorthoil an duine n\u00edl leigheas \u00e9asca ar al\u00e1n ceisteanna. Bh\u00ed Dia p\u00e1irteach leis an chine daonna \u00f3 th\u00fas, \u00f3n \u201cphl\u00e9asc m\u00f3r\u201d m\u00e1s mian linn, na trilli\u00fan de bhlianta \u00f3 shoin. Leagann an Litir chuig na hEabhraigh b\u00e9im ar a riachtana\u00ed is at\u00e1 an bhuanseasmhacht seo, i gcaibideal 20 agus \u00e1iteanna eile, t\u00e9acsanna a l\u00e9adh mar dhara l\u00e9acht ar Dhomhnach 19 go 22 i mbliana. Is fi\u00fa iad a l\u00e9amh ar\u00eds, mar aon leis na n\u00f3tai a ghabhann leo.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-143","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/143","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=143"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/143\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=143"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=143"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=143"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}