{"id":1432,"date":"2021-02-23T15:35:00","date_gmt":"2021-02-23T15:35:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1432"},"modified":"2021-02-18T15:36:45","modified_gmt":"2021-02-18T15:36:45","slug":"28-feabhra-2021-b-an-dara-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1432","title":{"rendered":"28 Feabhra 2021 (B) An Dara Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>&nbsp;An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa gn\u00e9 orainn i gCr\u00edost. Deimhnitheacht sa chreidimh<\/em><\/li><li>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Genesis 22::1-2, 9-132, 15-18). <em>\u00cdobairt Abr\u00e1h\u00e1m, \u00e1r n-athair sa chreideamh. <\/em>An sc\u00e9al at\u00e1 againn i Genesis 22:1-19 f\u00e9ictear air mar cheann de na cuntais is dea-chumtha i Leabhar Genesis go hioml\u00e1n. Mar sc\u00e9al t\u00e1 s\u00e9 curtha le ch\u00e9ile agus dea-chumtha thar an gn\u00e1th. Thug s\u00e9 cuireadh machnamh a dh\u00e9anamh air, agus tugadh aire d\u00f3 agus m\u00ednithe \u00e9ags\u00fala air \u00f3 cheannair\u00ed creidimh m\u00f3r le r\u00e1, \u00f3 scol\u00e1ir\u00ed, \u00f3 lucht eala\u00edne, \u00f3 \u00fadar na Litreach chuig na hEabhraigh (Eabhraigh 11:17-19) s\u00edos go dt\u00ed \u00e1r laethanta f\u00e9in. Ard\u00e1ionn s\u00e9 ceisteanna iomad\u00fala, amhail conas a fh\u00e9adfadh D\u00eda \u00edobairt d\u00e1 leith\u00e9id a iarraidh n\u00f3 a ord\u00fa, n\u00ed hamh\u00e1in den ch\u00e9adghin ach de si\u00fad gur tr\u00edd a gheall Dia go nd\u00e9anfadh s\u00e9 a ghealltanais a chomhl\u00edonadh. Measann daoine \u00e1irithe gurbh \u00e9 at\u00e1 ann n\u00e1 c\u00e1ineadh ar an gcleachtadh an ch\u00e9adghin a \u00edobairt do Dhia n\u00f3 do dh\u00e9ithe br\u00e9ige. Ach n\u00ed raibh a leith\u00e9id de chleachtadh in Iosrael, agus n\u00ed d\u00f3cha go raibh s\u00e9 seo in aigne \u00fadar an chuntais seo. Ach cib\u00e9 faoi ch\u00falra i bhfad siar den chuntas seo, faoi mar at\u00e1 s\u00e9 againn anois, ag a th\u00fas agus ag a dheireadh deirtear go soil\u00e9ir go bhfuil Dia ag cur cath\u00fa ar Abrah\u00e1m. T\u00e1 teannas sa chuntas da bharr seo, toisc nach bhfuil a fhios ag Abrah\u00e1m gur cath\u00fa a bh\u00ed ann. Cuireann an t\u00e9acs chun tosaigh umhla\u00edocht Abrah\u00e1m agus beannacht D\u00e9 agus a ghealltanas a thagann ag deireadh an sc\u00e9il. Is sampla \u00e9 Abrah\u00e1m den \u201cn\u00e9al m\u00f3r sin finn\u00e9ithe\u201d a bhfuil cur s\u00edsm air sa Litir chuig na hEabhraigh (12:1). \u201cTr\u00ed chreideamh d\u2019ofr\u00e1il Abrah\u00e1m \u00cdos\u00e1c nuair a cuireadh triail air. Bh\u00ed s\u00e9 ullamh a aonmhac a \u00edobairt si\u00fad is go bhfuair s\u00e9 na gealltanais agus go nd\u00faradh leis \u2018Is tr\u00ed \u00cdos\u00e1c a bheidh sliocht agat\u2019. \u00d3ir chreid s\u00e9 go bhf\u00e9adfadh Dia \u00cdos\u00e1c a th\u00f3g\u00e1il \u00f3 na mairbh. De bharr sin, tugadh thar nais d\u00f3 \u00e9 \u2013 eachtra a raibh br\u00ed shamhailteach leis\u201d (Eabhraigh 12:18-19). Ag deireadh na heachtra cuireann Dia a bheannacht ar Abrah\u00e1m. Beidh beannacht ar chin\u00edocha an domhain tr\u00edd, toisc gur gh\u00e9ill Abrah\u00e1m do ghl\u00f3r an Tiarna. Tugtar \u201cCeangailt \u00cdos\u00e1c\u201d ar an eachtra seo ag na Gi\u00fadaigh toisc a deir Genesis 22:9 (v\u00e9arsa nach bhfuil in l\u00e9acht an lae inniu) gur chuir Abrah\u00e1m ceangal ar a mhac agus leag ar an alt\u00f3ir \u00e9 agus t\u00e1 s\u00e9 l\u00e1rnach don traidisi\u00fan Gi\u00fadach. F\u00e9achann siad ar \u201cCheangailt \u00cdos\u00e1c\u201d ag d\u00e9anamh idirghu\u00ed ar a son i l\u00e1thair D\u00e9 in am gach g\u00e1tair. D\u2019feicfeadh Dia ar \u00edobairt Abrah\u00e1m, Ceangailt \u00cdos\u00e1c, agus sabh\u00e1ilfeadh s\u00e9 iad.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 115[116]). <em>Si\u00falfaidh m\u00e9 i bhfianaise an Tiarna i nd\u00faiche na mbeo.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:31-34). <em>N\u00edor lig Dia uaidh a Mhac f\u00e9in. <\/em>Dar le Eoin 3:16 d\u00fairt \u00cdosa le Nicodaemas: \u201cGhr\u00e1igh Dia an domhan chomh m\u00f3r sin gur thug s\u00e9 a Aonghin Mic uaidh i dtreo gach duine a chreideann ann, nach gcaillf\u00ed \u00e9 ach go mbeadh an bheatha sh\u00edora\u00ed age\u201d. T\u00e1 na smaointe c\u00e9anna ag P\u00f3l sa l\u00e9acht \u00e1lainn seo. C\u00fapla v\u00e9arsa roimh na versa\u00ed \u00e1irithe seo scr\u00edobh P\u00f3l: \u201cT\u00e1 a fhios againn chomh maith go gcomhoibr\u00edonn Dia san uile n\u00ed leo si\u00fad a bhfuil gr\u00e1 acu d\u00f3 agus a bhfuil glaoite aige orthu de r\u00e9ir a chomhairle\u201d Is maith a bh\u00ed eolas ag P\u00f3l ar cora crua an tsaoil, agus ar dheacrachta\u00ed na beatha Cr\u00edosta\u00ed chomh maith. Bh\u00ed aithne mhaith aige orthu agus labhr\u00f3idh s\u00e9 f\u00fathu pas beag n\u00edos d\u00e9ana\u00ed &#8212; triobl\u00f3id, cruatan, g\u00e9arlean\u00faint, gorta, nochtacht, guais, n\u00f3 an cla\u00edomh f\u00e9in. B\u00edonn an bua orthu sin go l\u00e9ir ag an d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed. T\u00e1 an d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed bunaithe ar r\u00e9altacht, rud at\u00e1 ann, i ngr\u00e1 D\u00e9 at\u00e1 l\u00e9irithe i mb\u00e1s a Aonmhic f\u00e9in ar \u00e1r son.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 9:2-10). <em>Is \u00e9 mo Mhac muirneach<\/em>. Faoi mar a l\u00e9itear an Soisc\u00e9al faoi chath\u00fa, thriail, \u00cdosa san fh\u00e1sach gach gach bliain ar an gc\u00e9ad Domhnach den Charghas, l\u00e9itear i gc\u00f3na\u00ed an Soisc\u00e9al faoi chlaoch\u00fa \u00cdosa ar an dara Domhnach. Tharla an eachtra seo tar \u00e9is do Pheadar a admh\u00e1il ag C\u00e9asar\u00e1ia Philib gurb \u00e9 \u00cdosa an Meisias, an Cr\u00edost, agus gur mheabhraigh \u00cdosa do na sluaite agus d\u00e1 dheisceabail n\u00e1rbh fol\u00e1ir do gach aoinne a chrois a iompair agus \u00cdosa a lean\u00faint le bheith mar dheisceabal aige. N\u00ed thugtar aon ainm ar an \u201csliabh ard ar leithrigh\u201d, ach m\u00e1 t\u00e1 aon cheann faoi leith i gceist is Sliabh Hermon, at\u00e1 congarach go leor do C\u00e9asar\u00e1ia Philib, \u00e9 seachas Tabor. T\u00e1 ciall r\u00fandiamhrach le sliabh; is \u00e1it i gcongar do Dhia \u00e9. Th\u00e1inig claochl\u00fa ar \u00cdosa ansin. Faoi mar a chuireann Marcas s\u00edos air, d\u2019\u00e9irigh a chuid \u00e9adaigh dealrach, gl\u00e9geal thar chuimse. L\u00e9iri\u00fa ar \u00cdosa a bh\u00ed ann mar a bheadh s\u00e9 tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. Seasann Eilias do na f\u00e1ithe agus Maois don Dl\u00ed. (De ghn\u00e1th is ina mhalairt d\u2019ord a bh\u00edonn siad.) &nbsp;Na bothanna a luann Peadar, chuirfeadh siad F\u00e9ile Ghi\u00fadach na mBothanna, F\u00e9ile na dTaibearnacal, i gcuimhne d\u00f3. Thosaigh an Fh\u00e9ile Ghi\u00fadach sin s\u00e9 l\u00e1 i ndiaidh Fh\u00e9ile L\u00e1 M\u00f3r an Leorghnimh, agus seans go bhfuil baint aige sin leis an tagairt i Marcas gur tharla eachtra an chlaochlaithe tar \u00e9is s\u00e9 l\u00e1. Ach b\u2019fh\u00e9idir nach raibh ina aigne ag Peadar ach gur mhian leis, agus iad go l\u00e9ir, fan\u00faint socair s\u00e1sta sa staid sin. Ach de thoirt t\u00e1 siad leo f\u00e9in. Cuireann an scamall in i\u00fal go bhfuil neamh agus an &nbsp;tAthair i l\u00e1thair d\u00f3ibh. Anois, murab ionann agus an baisteadh, t\u00e1 guth an Athar d\u00edrithe ar an tri\u00far aspal. D\u2019admhaigh Peadar gurbh \u00e9 an Meisias \u00e9 \u00cdosa. Anois deir an tAthair gurbh \u00e9 a Mhac muirneach d\u00e1r thug s\u00e9 gnaoi \u00e9, an t\u00e9 at\u00e1 tofa ag an Athair labhairt ar a shon. N\u00edor thuig Peadar n\u00e1 an bheirt aspal eile cad go d\u00edreach a tharla san eachtra, n\u00f3 cad ba chiall leis an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa faoi \u00e9ir\u00ed d\u00f3 \u00f3 mhairbh. Ach thuigfidis n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Beidh tr\u00e1cht ar sin th\u00edos sa \u201cMhachnamh agus Agallamh\u201d.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa gn\u00e9 orainn i gCr\u00edost. Deimhnitheacht sa chreidimh<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Ina cuid liot\u00fairge ceili\u00farann an Eaglais F\u00e9ile Chlaochl\u00fa Chr\u00edost ar an 6 L\u00fanasa. T\u00e1 an r\u00fandiamhair ch\u00e9anna \u00e1 com\u00f3radh inniu chomh maith, ach i gcomhth\u00e9acs thuras \u00cdosa go hIar\u00fasail\u00e9im, go Cailbhire agus an ais\u00e9ir\u00ed maidin Ch\u00e1sca. I dtraisisi\u00fan d\u00e9anach an Bh\u00edobla &nbsp;sa Seantiomna agus i gcuid de thraidisi\u00fan na nGi\u00fadach bh\u00edothas ag feitheamh le claochl\u00fa, athr\u00fa cl\u00f3, chorp na bhf\u00edr\u00e9an sa saol le teacht agus t\u00e1 an creideamh c\u00e9anna sin le f\u00e1il sa Tiomna Nua, mar is l\u00e9ir \u00f3 litreacha Ph\u00f3il (1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). T\u00e1 an claochl\u00fa, an bunathr\u00fa, sin ag gn\u00edomh\u00fa cheana f\u00e9in ar talamh, \u00e1it ina bhfuil na f\u00edr\u00e9in ag dul i gcos\u00faileacht an Chr\u00edost ais\u00e9irithe \u00f3 niamhracht go niamhracht faoi lu\u00ed Spiorad an Tiarna (2 Corantaigh 3:18). Ba ch\u00f3ir do lucht lean\u00fana Chr\u00edost gan patr\u00fan an tsaoil seo a lean\u00faint ach malairt meoin a chur orthu f\u00e9in tr\u00ed athhnuachan aigne ar shl\u00ed go n-aithneodh siad cad \u00e9 is toil le Dia, cad \u00e9 at\u00e1 maith agus taithneamhach agus foirfe (R\u00f3mh\u00e1naigh 12:2).<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag ch\u00e9ad claochl\u00fa \u00cdosa ar an Sliabh Naofa, n\u00ed d\u00f3cha gur thuig Peadar n\u00e1 an bheirt eile br\u00ed na heachtra sin. De r\u00e9ir dealraimh n\u00ed bhfuaireadar aon eisp\u00e9ireas inmhe\u00e1nach, f\u00eds n\u00f3 l\u00e9argas. Ni raibh a fhios ag Peadar cad ba mhaith d\u00f3 a r\u00e1 agus n\u00edor thuigeadar cad ba chiall lena a d\u00fairt \u00cdosa faoi \u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh. Ba shin roimh ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus \u00e9 a theacht i l\u00e1thair d\u00f3ibh. A mhalairt ar fad an c\u00e1s ag P\u00f3l ina theagmh\u00e1il le Cr\u00edost ar an mb\u00f3thar chun na Damaisce d\u00f3. Ag scr\u00edobh chuig na Corantaigh faoin eisp\u00e9areas maidir le creideamh i gCr\u00edost, agus an misean a bh\u00ed ag na haspail gan iad f\u00e9in a fh\u00f3gairt ach \u00cdosa Cr\u00edost, scr\u00edobh P\u00f3l (2 Corantaigh 4:6) \u201cAn Dia a d\u00fairt: \u2018B\u00edodh solas ag lonradh as an dorchadas\u2019, is \u00e9 an Dia c\u00e9anna a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn\u201d. Fuair P\u00f3l l\u00e9argas ar ghl\u00f3ir sin D\u00e9 foilsithe ar aghaidh an Tiarna \u00cdosa an ch\u00e9ad uair sin ar bhuail \u00cdosa leis. Thug sin cinnteacht chreidimh d\u00f3 ar fh\u00edrinn\u00ed \u00e9ags\u00fala: gl\u00f3ir Chr\u00edost, ais\u00e9irithe agus Tiarna, ar dheasl\u00e1mh an Athar; Criost mar chomhl\u00edonadh na Scriopt\u00far, agus ghealltanas D\u00e9 d\u00e1 phobal tofa. Is \u00e9 Cr\u00edost \u201cAmen\u201d D\u00e9 do na gealltanais go l\u00e9ir. Is ann a fuair na gealltanais uile a \u201cSea\u201d, a \u201cAmen\u201d (2 Corantaigh 1:20-22). An teagmh\u00e1il sin le Cr\u00edost thug s\u00ed d\u00f3 cinnteacht maidir lena mhisean f\u00e9in agus mar aon leis an deimhneacht go dtugann Dia an chinnteacht agus an fh\u00eds ch\u00e9anna chreidimh do na creidmhigh go l\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur th\u00e1inig Peadar n\u00edos d\u00e9anna\u00ed ar l\u00e9argas ar an mbr\u00ed a bh\u00ed le ch\u00e9ad chlaochl\u00fa sin \u00cdosa. An t-\u00fadar a thug d\u00fainn Dara Litir Naomh Peadar, meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00e1 l\u00e9itheor\u00ed faoi ainm Pheadair roimh bh\u00e1s d\u00f3 go bhfuil s\u00e9 leis na r\u00fandiamhra sin a thabhairt chun cuimhne d\u00f3ibh. Scr\u00edobhann s\u00e9 (2 Peadar 1:16-18): \u201cN\u00ed ag aithris aon fhabhalsc\u00e9alta a ceapadh go cliste a bh\u00edomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht agus ar theacht \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost, mar chonaiceamar a mh\u00f3rgacht len\u00e1r s\u00faile f\u00e9in. Fuair s\u00e9 gl\u00f3ir agus on\u00f3ir \u00f3 Dhia an tAthair nuair a seoladh a leith\u00e9id seo se ghuth anuas chuige \u00f3n Gh\u00f3ir Mhaorga: \u2018Is \u00e9 seo mo Mhac muirneach d\u00e1r thug me gnaoi\u2019. Chualamar an guth sin a th\u00e1inig anuas \u00f3na flaithis mar bh\u00edomar in \u00e9ineacht leis ar an sliabh naofa\u201d. Tugann an eachtra seo muin\u00edn do na haspail agus don eaglais labhairt le misneach, agus a bheith&nbsp; feasach den mhac\u00e1ntacht agus an tr\u00e9dhearcacht is g\u00e1 sa mhisean at\u00e1 acu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar a bh\u00ed i gc\u00e1s Ph\u00f3il, radharc sin ghl\u00f3ir D\u00e9 ar chuntan\u00f3s an Tiarna \u00cdosa, thug s\u00e9 deimhne gur chomhl\u00edon \u00cdosa na Scriopt\u00fair, na F\u00e1ithe agus an Dli, ar sheas El\u00edas agus Maois d\u00f3ibh ar an sliabh naofa sin. An t\u00e9acs sin a thugamar as 2 Peadar leanann s\u00e9 ar aghaidh mar seo (2 Peadar 1:19-21): \u201cF\u00e1gann sin an briathar f\u00e1idhi\u00fail n\u00edos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dh\u00e9anfadh sibh ar l\u00f3chrann ag lonr\u00fa in \u00e1it dhorcha, n\u00f3 go gealfaidh an l\u00e1 agus go n-\u00e9ireoidh r\u00e9alta na maidine in bhur gcro\u00ed. Tuigig\u00ed an m\u00e9id seo ar dt\u00fas nach dtagann aon fh\u00e1istine den scriopt\u00far faoi chiall\u00fa an duine aonair. \u00d3ir n\u00ed \u00f3 ghn\u00edomh tola daonna a tugadh aon fh\u00e1istine riamh, ach gur labhair daoine \u00f3 Dhia agus iad faoi lu\u00ed an Spioraid Naoimh\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann leachta\u00ed an Domhnaigh seo agus radharc ar chlaochl\u00fa \u00cdosa teachtaireacht duinn go l\u00e9ir agus gairm don r\u00e9 ina bhfuilimid ag maireacht\u00e1il \u2013 bheith daignithe i gcreideamh Chr\u00edost. Ghr\u00e1igh Dia an domhan chomh m\u00f3r sin gur thug s\u00e9 a Aonghin Mic uaidh ar \u00e1r son (r\u00fandiamhair a bhfuil r\u00e9amhshamhail di in Abrah\u00e1m agus \u00cdos\u00e1c), lena ghr\u00e1 d\u00fainn a l\u00e9iri\u00fa agus an c\u00faram at\u00e1 aige do gach aon duine againn go pearsanta. T\u00e1 teachtaireacht bhuan ag r\u00fandiamhair Chlaochl\u00fa Chr\u00edost d\u00fainn chomh maith, go dtugann s\u00ed le fios d\u00fainn ionad an Scriopt\u00fair in \u00e1r saol. T\u00e1 an Scriopt\u00far go l\u00e9ir scr\u00edofa faoi inspior\u00e1id D\u00e9. D\u00e9anann s\u00e9 nasc idir an aimsir chaite agus an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus d\u00e9anann machnamh air tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9 sinn a neart\u00fa sa chreideamh le aghaidh a thabhairt ar dheacrachtai \u00e1r linne f\u00e9in.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &nbsp;An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. Athr\u00fa &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1333,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1432","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1432","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1432"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1432\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1433,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1432\/revisions\/1433"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1333"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1432"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1432"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1432"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}