{"id":1439,"date":"2021-03-02T15:39:00","date_gmt":"2021-03-02T15:39:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1439"},"modified":"2021-02-18T15:40:25","modified_gmt":"2021-02-18T15:40:25","slug":"7-marta-2021-b-an-triu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1439","title":{"rendered":"7 M\u00e1rta 2021 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Creideamh i nDia agus ina &nbsp;shaothar sl\u00e1naithe tr\u00ed bh\u00e1s agus aisi\u00e9ir\u00ed \u00cdosa<\/em><\/li><li>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Exodus 20:1-17). <em>Tugadh an Dl\u00ed tr\u00ed Mhaois. <\/em>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo leis na Deich nAitheanta don Domhnach \u00e1irithe seo mar chuid den phlean at\u00e1 sa Leicsean\u00e1ir Nua go mbeadh na l\u00e9achta\u00ed \u00f3n tSeantiomna ag tr\u00e1cht ar stair an tsl\u00e1naithe, ar cheann de na h\u00e1bhair de caitic\u00e9is an Charghais \u00e9. Gach bliain b\u00edonn sraith t\u00e9acsanna sa leicsean\u00e1ir seo a thugann pr\u00edomhphoint\u00ed na staire seo d\u00fainn \u00f3na t\u00fas go dt\u00ed gealltanas an Chonartha Nua, le l\u00e9acht faoi Abrah\u00e1m ar an Dara Domhnach agus faoin Exodus ar an Tr\u00ed\u00fa Domhnach. T\u00e1 foilsi\u00fa na nDeich nAitheanta den l\u00e9acht inniu ceangailte le tr\u00e9imhse Iosrael san fh\u00e1sach agus le Sinai. I dt\u00fas b\u00e1ire is d\u00f3cha nach raibh aon bhaint ag na Deich nAitheanta, mar liosta, leis an bhfoilsi\u00fa i Sinai. Ba achoimre n\u00e9ata iad de phr\u00edomhphoint\u00ed chreideamh Iosrael, agus cuid acu ag tabhairt rabhaidh don bhaol a bh\u00ed ann do Iosrael faoi \u00edoladhradh dh\u00e9ithe br\u00e9ige, tr\u00ed dhealba n\u00f3 \u00edomh\u00e1nna eile d\u00edobh a dh\u00e9anamh. T\u00e1 cur s\u00edos fada sa sliocht seo ar an tSab\u00f3id, l\u00e1 saoire agus cr\u00e1ifeachta, at\u00e1 bh\u00ed, agus at\u00e1 f\u00f3s, l\u00e1rnach don Ghi\u00fadachas. N\u00edor bhain an baol \u00f3n ildiachas, n\u00f3 an aithne ar an tSab\u00f3id, ar an Satharn, go m\u00f3r le h\u00e1bhar don Eaglais Chr\u00edosta\u00ed, agus d\u00e1 bharr sin f\u00e1gtar ar l\u00e1r iad i leagan gearraithe sa leicsean\u00e1ir. T\u00e1 cuid d\u00e1 bhfuil sa leagan traidisi\u00fanta de na Deich nAitheanta as d\u00e1ta de bharr dul chun cinn na staire, mar shampla st\u00e1das na mban san aithne dheiridh. Is l\u00e9ir \u00f3na Soisc\u00e9il agus an Tiomna Nua go bhfuil na Deich nAitheanta l\u00e1rnach mar threoir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed agus dhaonna. Nuair a chuir an fear \u00f3g saibhir ceist ar \u00cdosa (Matha 19:16-22): \u201cA mh\u00e1istir, cad&nbsp; an mhaith at\u00e1 le d\u00e9anamh agam chun go mbeadh an bheatha sh\u00edora\u00ed agam?\u201d, d\u2019fhreagair \u00cdosa:&nbsp; \u201cM\u00e1s \u00e1il leat dul isteach sa bhetha, coinnigh na haitheanta\u201d. Agus nuair a iarradh ar \u00cdosa \u201cCad iad f\u00e9in?\u201d, thug \u00cdosa sampla\u00ed \u00f3n liosta traidisi\u00fanta, ach ag cr\u00edochn\u00fa leis na briathra: \u201cAgus b\u00edodh gr\u00e1 agat do do chomharsa mar at\u00e1 agat duit f\u00e9in\u201d. Thug \u00cdosa m\u00edni\u00fa nua do chuid de na haitheanta don r\u00e9 nua a bh\u00ed \u00e1 tabhairt isteach aige f\u00e9in, ag tabhairt br\u00ed dhearfach do aitheanta a raibh leagan di\u00faltach&nbsp; orthu, \u201cN\u00e1 d\u00e9an\u201d. Mar shampla, an aithne \u201cN\u00e1 d\u00e9an mar\u00fa\u201d, n\u00edl s\u00ed teoranta do rud di\u00faltach amh\u00e1in: \u201cN\u00e1 scrios \u00edomh\u00e1 D\u00e9 sa phearsa dhaonna\u201d, ach cialla\u00edonn s\u00e9&nbsp; om\u00f3s a thabhair d\u00f3, tr\u00ed cosc ar fhearg, ar mhasla, agus easpa maithi\u00fanais. Mar an gc\u00e9anna le adhaltranas, ni h\u00e9 an gn\u00edomh sin amh\u00e1in a bheadh i gceist ach gach siochair pheaca sa r\u00e9imse seo (Matha 5:21-30). &nbsp;T\u00e1 na Deich nAitheanta chomh t\u00e1bhactach sin&nbsp; gur ch\u00f3ir iad a mh\u00faineadh agus iad a bheith de ghlanmheabhair ag daoine mar threoir do l\u00e1rphoint\u00ed \u00e1r gcreidimh agus \u00e1r gcleachtadh creidimh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 18[19]0. <em>Is agatsa, a Thiarna, at\u00e1 briathra na beatha s\u00edora\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Corantaigh 1:22-25). <em>Cr\u00edost at\u00e1 c\u00e9asta at\u00e1 \u00e1&nbsp; fh\u00f3gairt againne \u2013 ceap tuisle do na Gi\u00fadaigh, amada\u00ed dar leis na cin\u00edocha; ach d\u00f3ibh si\u00fad a lean an ghairm is \u00e9 eagna D\u00e9 \u00e9 Cr\u00edost. <\/em>Ag cur sios ar mhinistreacht Ph\u00f3il d\u00f3, labhra\u00edonn \u00fadar <em>Ghniomharha na nAspal <\/em>&nbsp;ar a chuairt ar chathair na&nbsp; hAithne, l\u00e1rionad an chult\u00fair Ghr\u00e9igigh. Chuir dearg-ildiachas na cathrach sin &nbsp;as go m\u00f3r d\u00f3. Chuaigh s\u00e9 chun arag\u00f3na leis na gr\u00fapa\u00ed ba th\u00e1bhachta\u00ed feals\u00fanachta ann, na St\u00f3ich agus na hEipici\u00faraigh. N\u00edor thuigeadar an teachtaireacht a bh\u00ed aige faoin Soisc\u00e9al agus Ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Thug cuid acu siodr\u00e1la\u00ed n\u00f3 bailitheoir ceirteacha air. Tugadh cuireadh d\u00f3 labhairt le comhairle l\u00e9annta na cathrach, an tAreopagus, rud a rinne s\u00e9 in aitheasc l\u00e9annta, dea-chumtha. Ach ar\u00eds, nuair a labhair s\u00e9 faoi alt\u00f3ir do dhia anaithnid d\u00e1 gcuid si\u00fad a chonaic s\u00e9, agus &nbsp;Dia a labhair tr\u00ed \u00cdosa agus tr\u00edna Ais\u00e9ir\u00ed, d\u2019fh\u00e1gadar sl\u00e1n go dea-mh\u00fante le P\u00f3l.&nbsp; C\u00fais mhachnaimh do Ph\u00f3l a bh\u00ed anseo faoi conas ar theip ar na Ghi\u00fadaigh agus na Gr\u00e9igigh l\u00e9annta glacadh le Cr\u00edost agus a Shoisc\u00e9al.&nbsp; Leis na smaointe seo ina aigne, ghluais P\u00f3l ar aghaidh chuig an Choraint. N\u00edos luaithe sa litir seo chuig an chathair sin, mheabhraigh P\u00f3l do na Corantaigh: \u201cN\u00ed ag baisteadh a chuir Cr\u00edost uaidh m\u00e9 ach ag f\u00f3gairt an dea-sc\u00e9il agus \u00e9 a dh\u00e9anamh gan dul i muin\u00edn eagna urlabhra ar eagla cros Chr\u00edost a choilleadh\u201d (1 Corantaigh 1:17). Leanann s\u00e9 leis \u00e1 r\u00e1 gur &nbsp;d\u00edth c\u00e9ille sc\u00e9al seo na croise dar leo si\u00fad at\u00e1 ar bhealach a millte, ach gur cumhacht D\u00e9 agus eagna D\u00e9 \u00e9 do creidmhigh at\u00e1 ar bhealach a sl\u00e1naithe. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar faoi mar ar theip ar an eagna dhaonna san aimsir chaite (b\u00e1s Chr\u00edost ar an gcrois) agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed (scoth-ghr\u00fapa ar bith) beart D\u00e9 i gCr\u00edost a thuiscint. \u201cN\u00ed raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannair\u00ed an tsaoil seo mar d\u00e1 mbeadh a fhios acu \u00ed n\u00ed ch\u00e9asfaidis Tiarna na gl\u00f3ire ar an gcrois\u201d (1 Corantaigh 2:10). Is i gcoinne an ch\u00falra seo a ba ch\u00f3ir l\u00e9acht seo an lae inniu a thuiscint.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 2:13-25). <em>Leagaig\u00ed an teampall seo, agus i dtr\u00ed l\u00e1 t\u00f3gfaidh m\u00e9 suas ar\u00eds \u00e9.<\/em> Mar a thuigtear go forleathan, t\u00e1 difr\u00edocht idir shoisceal Eoin agus na tr\u00ed chinn eile (na Sionoptaigh) nuair a shu\u00edonn Eoin glanadh an Teampaill ag \u00cdosa ag t\u00fas a mhinistreachta seachas ag a deireadh, &nbsp;ag a t\u00fas tar \u00e9is mhior\u00failt Cana, b\u00edodh nach deirtear gurb d\u00edreach ina dhiaidh sin &nbsp;\u00e9. T\u00e1 sp\u00e9is faoi leith ag Eoin, an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9ala\u00ed, le l\u00e9iriu faoi mar ar thug \u00cdosa br\u00ed n\u00edos doimhne (ag tagairt do f\u00e9in agus d\u00e1 mhisean) do fh\u00e9ilte agus do thraidisi\u00fain na nGi\u00fadach. Sa r\u00e9 nua, le hais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, corp ais\u00e9irithe Chr\u00edost a bheidh mar fh\u00edor-theampall; agus ba iad a bh\u00e1s ar an gcrois agus a ais\u00e9iri an fhior-Ch\u00e1sc, a dheascab\u00e1il chuig an Athair. I dTeampall Iar\u00fasail\u00e9im f\u00e9in, agus sa limist\u00e9ir leathan thart timpeall air, i rith&nbsp; fh\u00e9ile na C\u00e1sca, bh\u00ed g\u00e1 le h\u00edobairt\u00ed, agus chuige sin bh\u00ed d\u00edol agus ceannach ainmhithe riachtanach, agus mar aon leis sin malart\u00f3ir\u00ed airgid le boinn airgid na R\u00f3imhe (le \u00edomh\u00e1 an Impire agus d\u00e9ithe br\u00e9ige orthu) a shoinse\u00e1il go boinn eile (boinn \u00f3n Tu\u00edr) a raibh glacadh leo sa Teampall. Maidir le Teampall seo D\u00e9 de, &nbsp;ba fhada i gc\u00e9in an Teampall seo agus a bhain leis \u00f3n rud a bh\u00ed in aigne ag Dia. Ag machnamh ar Salm 69:9 d\u00f3, \u201cD\u00e9anfaidh d\u00edograis do th\u00ed m\u00e9 a ithe\u201d, le d\u00edograis don Teampall, teach a Athar,&nbsp; rinne \u00cdosa mar a rinne s\u00e9 de r\u00e9ir l\u00e9acht an lae inniu. Nuair a cuireadh ceist air comhartha a thabhairt, d\u00fairt s\u00e9 leo si\u00fad a chuir an cheist: \u201cLeagaig\u00ed an teampall seo , agus i dtr\u00ed l\u00e1&nbsp; t\u00f3gfaidh me suas ar\u00eds \u00e9\u201d.&nbsp; Do l\u00e9itheoir\u00ed Cr\u00edosta\u00ed an tsoisc\u00e9il seo bheadh s\u00e9 soil\u00e9ir gur tagairt d\u00e1 bh\u00e1s agus d\u00e1 aiseir\u00ed a bh\u00ed ann. Mheas a lucht \u00e9isteachta Gi\u00fadacha, thart ar an mbliain 29-30 n\u00f3 32-33 d\u00e1r r\u00e9 f\u00e9in, &nbsp;gur ag tagairt don Teampall l\u00e1mh leo a bh\u00ed s\u00e9. B\u2019fheasach gur thosaigh maisi\u00fach\u00e1n an Teampaill sin ag an r\u00ed Hear\u00f3d M\u00f3r sa bhliain 20-19 (roimh Chr\u00edost), maisi\u00fa n\u00e1r chr\u00edochnaigh go&nbsp; dt\u00ed thart ar an mbliain 62 iar Chr\u00edost, go gairid sul ar scriosadh go hioml\u00e1n \u00e9 sa bhliain 70 i. Ch..&nbsp; Tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed do Chr\u00edost thuig a lucht lean\u00fana an bhr\u00ed dhomhain a bh\u00ed lena d\u00fairt \u00cdosa agus an ceangal a bh\u00ed idir sin agus na scriopt\u00fair.<\/li><li><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Creideamh i nDia agus ina shaothar sl\u00e1naithe tr\u00ed bh\u00e1s agus aisi\u00e9ir\u00ed \u00cdosa<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><strong><em>Machnamh.<\/em> <\/strong>Tugann na l\u00e9achta\u00ed cuireadh chun machnaimh d\u00fainn. Mar shampla \u00cdosa agus an Teampall in Iar\u00fasail\u00e9im. Comhartha do l\u00e1ithreacht D\u00e9 i measc a phobail a bhi sa Teampall. Agus ionann l\u00e1ithreacht D\u00e9 agus naofacht D\u00e9, agus glaoch chun machnamh ar an saol eile agus an naofacht a ghabhann leis abhus. Ach bh\u00ed an Teampall agus a ghabh leis \u00e9irithe saolta, agus cos\u00fail le margadh. Bheadh teampall nua ann in i gcorp \u00cdosa ais\u00e9rithe, agus an glaoch chun bheith aontaithe le \u00cdosa sa naofacht. Is corp Chr\u00edost an Eaglais, agus is teampall De an Eaglais chomh maith. Is teampall D\u00e9 na creidmhigh go l\u00e9ir, agus as sin glaoch chun naofachta acu. Mar a chuireann an tAspal P\u00f3l go deas \u00e9: \u201cNach dtuigeann sibh, a bhr\u00e1ithre, gur teampall D\u00e9 sibh agus go bhfuil Spiorad D\u00e9 ina ch\u00f3na\u00ed ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall D\u00e9, millfidh Dia eisean, mar is naofa \u00e9 teampall D\u00e9, agus is sibhse an teampall sin\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Agallamh<\/em>.<\/strong> Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu cuireadh d\u00fainn agallamh a dh\u00e9anamh le muintir \u00e1r linne f\u00e9in maidir le cuid de na ceisteanna at\u00e1 ag d\u00f3 na geirbe go g\u00e9ar acu le tamall anuas, sin le r\u00e1 creideamh i nDia dofheicthe, n\u00f3 amhras faoi ann d\u00f3 n\u00f3 di. S\u00e9antar creideamh ar bith&nbsp; i nDia a bheith ann go foscailte agus go l\u00e1idir ag roinnt daoine inniu. N\u00edl ach amhras ag roinnt eile daoine faoin gceist seo. T\u00e1 bu\u00edon eile f\u00f3s ann a admha\u00edonn go bhfaigheann siad deacair n\u00f3 dodh\u00e9anta \u201cteagmh\u00e1il\u201d, \u201cnasc\u201d a dh\u00e9anamh le Neach dofheicthe. T\u00e1 al\u00e1n daoine ann a bhfuil ardmheas acu ar an \u201cspiorad\u00e1lta\u201d, n\u00f3&nbsp; t\u00f3ir na habsal\u00f3ide,&nbsp; mar a thuigeann siad sin, n\u00f3 mar a labhra\u00edonn sad faoi, ach nach mian leo n\u00e1d\u00far na \u201chabsal\u00f3ide\u201d seo a shainmhini\u00fa, ar bhfearr leo sin a fh\u00e1gaint \u00e9ideimhin. B\u2019ionann an sc\u00e9al san Aithin, i \u00edsl\u00ed, i laethanta Ph\u00f3il. Ag labhairt d\u00f3 don chomhairle l\u00e9annta san Areopagus d\u00fairt s\u00e9 leo gur thug s\u00e9 faoi deara gur daoine iad a bh\u00ed diaganta thar na bearta agus gur th\u00e1inig s\u00e9 ar alt\u00f3ir ar a raibh an inscr\u00edbhinn seo greanta: \u201cIn on\u00f3ir do dhia anaithnid\u201d.&nbsp; Thug sin an deis d\u00f3 a r\u00e1: \u201cAn neach seo a bhfuil urraim agaibh d\u00f3 agus gan aon aithne agaibh air, sin \u00e9 at\u00e1 le f\u00f3gairt agamsa daoibh\u201d, Dia a fhoilsigh \u00e9 f\u00e9in tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost agus a ais\u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh. N\u00edor lean as sin ach sl\u00e1n dea-bh\u00e9asach \u00f3 lucht an Areopagus.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tr\u00edd an stair s\u00edos, go dt\u00ed \u00e1r laethanta f\u00e9in, bh\u00ed gluaiseachta\u00ed ann ar mhian leo&nbsp; creideimh agus reiligiuin thraidisi\u00fanta, a raibh cr\u00e9anna beachta creidimh acu mar aon le spiorad\u00e1ltacht agus meon aigne a eascair as na cr\u00e9anna sin, gluaiseachta\u00ed a bh\u00ed ag iarraidh idir sean-chr\u00e9, spiorad\u00e1ltacht agus meon aigne a athr\u00fa go cinn eile a bheadh n\u00edos inghlactha&nbsp; ag r\u00e9 nua agus an cult\u00far a ghabhann leis. In agallamh&nbsp; le gluaiseachta\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id agus lu\u00ed an phobail f\u00fathu, is maith an rud cuirt\u00e9is do thuairm\u00ed daoine eile a nascadh le seasamh l\u00e1idir ar bhunphrionsabail an chreidimh Chr\u00edosta\u00ed agus an cleachtadh a leanann as. Mar a deirtear i gC\u00e9ad&nbsp; Litir Naomh Peadar (1 3:15): \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed raibh an t-aondiachas, an monadiachas, an creideamh i aon Dia dofheicthe amh\u00e1in, n\u00ed raibh sin \u00e9asca riamh. \u00d3 th\u00fas bh\u00ed an cath\u00fa ann claonadh chuig ildiachas, agus \u00edomh\u00e1nna a dh\u00e9anamh do dh\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala.&nbsp; Bh\u00ed ceann amh\u00e1in de na Deich nAitheanta ina gcoinne sin.&nbsp; An t-aondiachas mar a tuigeadh n\u00edos d\u00e9ana\u00ed \u00e9, cuireadh i l\u00e1thair go soil\u00e9ir \u00e9 c\u00e9aduair tr\u00edd an Dara \u00cdse\u00e1ia thart ar an mbliain 550 roimh Chr\u00edost. B\u00edodh go bhfuil Dia dofheicthe n\u00edl s\u00e9, n\u00ed s\u00ed, anaithnid. Labhair an R\u00e9altacht Bhunaidh seo, an Absal\u00f3id, go minic agus i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala, &nbsp;tr\u00ed Mhaois agus na f\u00e1ithe, agus i sl\u00ed chr\u00edochnaitheach tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost a fhoilsigh d\u00fainn an Dia dofheicthe, an tAthair. N\u00ed rud teib\u00ed \u00e9 an t-aondiachas. T\u00e1 s\u00e9 d\u00edrithe ar bheatha eitici\u00fcil. D\u2019fhoilsigh Dia \u00e9 f\u00e9in do Mhaois n\u00ed hamh\u00e1in mar an tAon Dia amh\u00e1in; chuir s\u00e9 a thoil in i\u00fal chomh maith tr\u00ed na Deich nAitheanta le treoir a thabhairt maidir le seirbh\u00eds do Dhia agus don chomharsa.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 Dia eagna\u00ed. Is \u00e9 an eagna f\u00e9in \u00e9, ach n\u00edor mhian leis sinn a shabh\u00e1il tr\u00ed eagna dhaonna n\u00f3 tri shaothar daonna, ach tr\u00edd an chrois, tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed a Mhic. N\u00ed bheadh br\u00ed le haon agallamh i r\u00e9 ar bith gan r\u00fandiamhair na croise agus an ais\u00e9ir\u00ed a bheith ann, faoi mar nach raibh san Areopagus i laethanta Ph\u00f3il&nbsp; n\u00e1 in aon agallamh \u00e1r linne f\u00e9in.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1076,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1439","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1439","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1439"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1439\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1440,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1439\/revisions\/1440"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1076"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1439"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1439"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1439"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}