{"id":1445,"date":"2021-03-08T15:46:00","date_gmt":"2021-03-08T15:46:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1445"},"modified":"2021-02-18T15:47:17","modified_gmt":"2021-02-18T15:47:17","slug":"14-marta-2021-b-an-ceathru-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1445","title":{"rendered":"14 M\u00e1rta 2021 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Gr\u00e1 D\u00e9 don domhan, F\u00eds D\u00e9, an laige dhaonna, t\u00fas \u00farnua<\/em><\/li><li>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (2 Croinic\u00ed 36:14-16, 19-23). <em>L\u00e9ir\u00edtear fearg agus tr\u00f3caire D\u00e9 tr\u00ed dheora\u00edocht agus saoradh a phobail.<\/em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Dh\u00e1 Leabhar na gCroinic\u00ed (nach raibh iontu i dt\u00fas b\u00e1ire ach aon leabhar amh\u00e1in) is athinsint id\u00e9alaithe iad ar luathstair Iosrael mar at\u00e1 sin ar fail i Leabhair Sham\u00fa\u00e9il agus na R\u00edthe, leabhair eile den Bh\u00edobla, foins\u00ed eile at\u00e1 caillte anois, agus bfh\u00e9idir m\u00edreanna cruthaithe ag samhla\u00edocht chruthaitheach an \u00fadair (an Croinic\u00ed) f\u00e9in. Murab ionann agus Leabhair Sham\u00fa\u00e9il agus na R\u00edthe, cuireann an Croinic\u00ed r\u00e9amhr\u00e1 lena shaothar le cuntas na \u201cstaire\u201d \u00f3 \u00c1dhamh i leith.Tugann saothar seo an Chroinic\u00ed d\u00fainn \u00edomh\u00e1 id\u00e9alaithe de Dh\u00e1iv\u00ed agus Sholamh ach go h\u00e1irithe, ag f\u00e1gaint ar l\u00e1r na laig\u00ed a bh\u00ed acu, a bpeaca\u00ed agus na scannail a bhain leo, a bhfuil cur s\u00edos lom orthu sna foins\u00ed ar bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id astu. T\u00e1 sp\u00e9is faoi leith insan saothar sa Teampall, ina throsc\u00e1n agus ina liot\u00fairge, agus feictear ar Dh\u00e1iv\u00ed mar an t\u00e9 chuir t\u00fas leis an liot\u00fairge sin agus leis an salmaireacht, agus mar eiseaml\u00e1ir d\u00f3ibh. Ach d\u2019ainneoin \u00edomh\u00e1 id\u00e9alaithe an \u00fadair ar an r\u00e9 sa bh\u00ed thart, cuireann na foins\u00ed c\u00e9anna iallach air a adhmh\u00e1il gur scriosadh an teampall, Cathair Naofa Iar\u00fasail\u00e9im agus r\u00edocht I\u00fada f\u00e9in. Bh\u00ed an dealramh ar an sc\u00e9al go raibh deireadh tagaithe ar Iosrael mar phobal tofa D\u00e9, de bharr n\u00e1r \u00e9isteadh le guth D\u00e9 a th\u00e1inig chucu ar\u00eds agus ar\u00eds eile tr\u00ed na f\u00e1ithe. Ach a bhu\u00ed le na f\u00e1ithe c\u00e9anna, le Irimia ach go h\u00e1irithe, dearcadh ar thubaiste threascairt an Teampaill agus na cathrach agus ar an deoraiocht mar phion\u00f3s seachas dheireadh ioml\u00e1n caidrimh le Dia. Th\u00e1inig f\u00e1istine Irimia chucu go l\u00e1idir agus go soil\u00e9ir: tar \u00e9is seacht\u00f3 bliain bheadh f\u00e1inne lae nua ann. Mar sin mar fhoirceann ar Leabhair na gCroinic\u00ed t\u00e1 t\u00e9acs t\u00f3gtha as Leabhair gaolmhar le leabhar Irimia, is e sin le r\u00e1 leabhair Eazr\u00e1 agus Nihini\u00e1 ar r\u00e9imeas Ch\u00edoras, r\u00ed agus impire na Peirse (n\u00e1r bhain le creideamh Dhia Iosrael), a fuair glaoch \u00f3 Dhia teacht agus an tubaiste a chur ar ceal agus deireadh a chur leis an deora\u00edocht sa Bhaibeal\u00f3in. Chuir Dia an c\u00faram ar an impire pag\u00e1nach seo Teampall D\u00e9 a ath\u00f3gaint in Iar\u00fasail\u00e9im. Is \u00ed an teachtaireacht at\u00e1 ag l\u00e9acht seo an lae inniu n\u00e1 gur glanadh, ion\u00fa, seachas bascadh, is aidmh do phion\u00f3s \u00f3 Dhia. Mheabhr\u00f3dh an foirceann seo do l\u00e9itheoir\u00ed an leabhair seo briathra an d\u00f3chais a thug Dia do an braighdeanaigh sa Bhaibeal\u00f3in mar at\u00e1 siad le f\u00e1il i Leabhair Irimias (29:11): \u201c\u00d3ir t\u00e1 fios mo smaointe agam in bhur dtaobh\u2013 smaointe s\u00edoch\u00e1na agus n\u00ed oilc, a thabhairt cro\u00ed agus d\u00f3chais daoibh\u201d. Rud eile f\u00f3s: i gcan\u00f3n an Bh\u00edobla ag na Gi\u00fadaigh, is iad Leabhair na gCroinic\u00ed, leis an bhfoirceann seo, leabhar deiridh an chan\u00f3in acu, le n\u00f3ta d\u00f3chais tar \u00e9is gach tubaiste, agus sin do gach gl\u00fain.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 136[137]). <em>Go gceangla\u00ed mo theanga do mo ch\u00fal\u00e1ir\u00ed mura mb\u00edm, ag cuimhneamh ort.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (Eif\u00edsigh 2:4-10). <em>Nuair a bh\u00ed sibh marbh tr\u00ed bhur gcionta, sl\u00e1na\u00edodh sibh tr\u00edd an ghr\u00e1sta. <\/em>Sa r\u00e9amhr\u00e1 a chuireadar don litir chuig na hEifisigh scr\u00edobh na scol\u00e1ir\u00ed H.G. May agus Bruce Metzger chomh h\u00e1lainn sin f\u00faithi go n-oireann a deirid do sliocht seo agus measaim gur fi\u00fa a mbriathra a thabhairt anseo: \u201cAmharcann a l\u00e1n scol\u00e1iri ar an litir seo mar an ceann is uaisle de scr\u00edbhinn\u00ed an aspail P\u00f3l. Is \u00e9 t\u00e9ama na litreach giorra seo n\u00e1 aidhm sh\u00edora\u00ed D\u00e9 Eaglais chomhchoitianta \u00cdosa Cr\u00edosa a bhun\u00fa agus a thabhairt chun ioml\u00e1ine. B\u00edodh gur glaodh ar a baill \u00f3 ch\u00falra\u00ed agus \u00f3 n\u00e1isi\u00fanachta\u00ed difriula, glaodh ar bhaill an chomhluadair seo ag Dia an tAthair, sl\u00e1na\u00edodh iad agus tugadh maithi\u00fanas d\u00f3ibh tr\u00edd an Mhac, agus ionchorpra\u00edodh iad i muintearas at\u00e1 s\u00e9alaithe agus treoirithe ag Spiorad at\u00e1 ag lonn\u00fa iontu. (T\u00e1 an bh\u00e9im seo ar an Trion\u00f3id curtha in i\u00fal i modh lirici\u00fail sna h\u00e1iteanna seo sa litir: 15,12,13; 2:18-20: 3;14,16,17; 4:4-6). Ag cur i l\u00e1thair figiuir\u00ed chomh lonracha sin agus an Eaglais mar chorp Chr\u00edost (1:23; 4:16), foirgneamh n\u00f3 teampall D\u00e9 (2:20-22), agus br\u00eddeach Chr\u00edost (5:23-32) tugann an t-\u00fadar leid d\u00fainn ar an pribhileid thar na bearta agus an chinni\u00faint at\u00e1 ag creidmhigh, agus ar a ndualgais\u00ed chomh maith\u201d. F\u00eds den Eaglais agus den bheatha Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 anseo a spreag creidmhigh thar na blianta, ghl\u00fain i ndiaidh gl\u00faine, n\u00ed hamh\u00e1in an gn\u00e1th-mhuintir ach saoithe ard-aigeanta chomh maith, agus a cuireadh i gcrot nua in\u00e1r laethanta f\u00e9in, go m\u00f3r m\u00f3r i doicim\u00e9idi na Comhairle Vatac\u00e1in II, sa Bhunreacht <em>Lumen Gentium<\/em> ar an Eaglais ach go h\u00e1irithe, an eaglais mar Sholas do na n\u00e1isi\u00fain uile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 an bh\u00e9im ar ghr\u00e1 m\u00f3r D\u00e9 d\u00fainn go leir. don domhan. N\u00ed do ch\u00e9ad tosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta, do r\u00e9 an Aspail P\u00f3l, sin amh\u00e1in, ach do gach aois. Meabhra\u00edonn s\u00ed do creidmhigh, agus don chine daonna go l\u00e9ir, gur de dh\u00e9ant\u00fas D\u00e9 sinn, saothar eala\u00edne uaidh, lena ghl\u00f3ir a fh\u00f3gairt. Tugann an t\u00e9acs seo chun cuimhne d\u00fainn a scriobh Pol chuig na Corantaigh (2 Coranthaigh 3:2-3) gur ionann an conradh nua agus litir scr\u00edofa in\u00e1r gcro\u00edthe ag an Spiorad Naomh. Saothar D\u00e9, n\u00ed saothar daonna, at\u00e1 ann, ach bronntanas \u00f3 ghr\u00e1sta D\u00e9, \u00edonghlanadh chro\u00ed an duine \u00f3n pheaca. Glaotar orainn aithint a thabhairt don d\u00ednit at\u00e1 again, agus maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 3:14-21). <em>Thug Dia a Aonghin Mic uaidh chun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an domhan tr\u00edd.<\/em> L\u00e9acht seo an lae inniu is cuid den chomhr\u00e1 \u00ed idir \u00cdosa agus Nicod\u00e9mas, agus d\u2019aitheasc \u00cdosa ar an \u00f3c\u00e1id sin. Ba uachtar\u00e1n ar na Gi\u00fadaigh \u00e9 Nicod\u00e9mas, ball den Sanhedran, comhairle stiurtha na nGi\u00fadach. Sa chomhairle sin chosain s\u00e9 \u00cdosa go discr\u00e9ideach in \u00e9adan l\u00edomhainti na nGi\u00fadach<em>. <\/em>Bh\u00ed s\u00e9 i l\u00e1thair ag adhlacadh \u00cdosa. Thainig s\u00e9 go h\u00cdosa isto\u00edche de bharr eagla \u00f3 na Gi\u00fadaigh. Sa chomhr\u00e1 aige le h\u00cdosa, baineann \u00cdosa \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed a bhfuil dh\u00e1 bhr\u00ed acu, ceann d\u00edobh ag tagairt don saol tadhaill seo, ceann eile le br\u00ed do shaol n\u00edos airde. Leagann \u00cdosa b\u00e9im air seo, nach m\u00f3r do dhuine bheith ginte athuair le dul isteach i r\u00edocht D\u00e9, ginte \u00f3 lastuas, \u00f3n Spiorad. Ar an dul c\u00e9anna baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma eile d\u00e9bhr\u00edoch ag tagairt d\u00f3 f\u00e9in: N\u00ed m\u00f3r d\u00f3 bheith \u201cardaithe\u201d, faoi mar ar arda\u00edodh an nathair nimhe san fh\u00e1sach. \u201cCaithfear Mac an Duine a ard\u00fa, i dtreo gach duine a chreideann ann, go mbeadh an bheatha sh\u00edora\u00ed aige\u201d. An \u201ct-ard\u00fa\u201d at\u00e1 in gceist n\u00e1 ard\u00fa agus c\u00e9asadh ar an gcrois i gciall amh\u00e1in, ach i r\u00fandiamhair D\u00e9 is ard\u00fa chun gl\u00f3ire at\u00e1 sa bh\u00e1s sin, ina ais\u00e9ir\u00ed agus ina dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar, le beatha nua a thabhairt. Ag a ard\u00fa fuair s\u00e9 an bua ar Sh\u00e1tan agus ar fh\u00f3rsa\u00ed an oilc sa domhan seo. T\u00e1 an teachtaireacht ch\u00e9anna aici agus at\u00e1 ag an dara l\u00e9acht. Luann s\u00ed eachtra an nathair nimhe san fh\u00e1sach (Uimhreacha 21:9). Leagtar b\u00e9im ar\u00eds ar ghr\u00e1 D\u00e9 thar teorainn don domhan. Th\u00e1inig \u00cdosa, agus fuair s\u00e9 b\u00e1s, n\u00ed chun daorbhreith a thabhairt ar an saol ach chun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an saol tr\u00edd. Mar mhachnamh air seo is f\u00e9idir a r\u00e1 gurbh ionann sl\u00e1n\u00fa agus c\u00fal a thabhairt le peaca agus \u00cdosa a lean\u00faint. Solas D\u00e9 \u00e9 \u00cdosa, a nochtann an peaca mar pheaca, agus mar sin a thugann breithi\u00fanas air chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Gr\u00e1 D\u00e9 don domhan, F\u00eds D\u00e9, an laige dhaonna, t\u00fas \u00farnua<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu deis bhre\u00e1 d\u00fainn agallamh cu\u00ed a dh\u00e9anamh idir an eaglais, an sc\u00e9ala Cr\u00edosta\u00ed, f\u00eds an chine dhaonna agus na f\u00f3rsa\u00ed at\u00e1 ag feidhmiu sa domhan ina mhairimid. Ar thaobh amh\u00e1in de t\u00e1 fis, l\u00e9argas, D\u00e9 againn faoi ghr\u00e9 D\u00e9 don domhan, mar a chuireann \u00cdosa f\u00e9in in i\u00fal go l\u00e1idir \u00e9 i Soisc\u00e9al Naomh Eoin: Ghr\u00e1igh Dia an domhan chomh m\u00f3r sin gur chuir s\u00e9 a Aonghin Mac chugainn. N\u00ed chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ach go sl\u00e1nofa\u00ed an saol tr\u00edd. T\u00e1 an intinn ch\u00e9anna sin l\u00e9irithe sa dara l\u00e9acht inniu \u00f3n litir chuig na hEifisigh: T\u00e1 Dia l\u00e1n de thr\u00f3caire, mar le barr gr\u00e1 d\u00fainn bheoigh s\u00e9 sinn in bp\u00e1irt le Criost. T\u00e1 f\u00eds sin D\u00e9, agus gn\u00edomh\u00fa sin D\u00e9, i gCr\u00edost le dul ar aghaidh san Eaglais. Is d \u00e9ant\u00fas D\u00e9 \u00ed an Eaglais agus na creidmhigh uile, saothar eala\u00edne De iad. Crutha\u00edodh iad uile in \u00cdosa Criost chun fianaise a thabhairt don saol tr\u00ed dhea-oibreacha \u00e1 gcleachtadh acu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le f\u00eds sin D\u00e9 a fh\u00edoradh sa saol seo n\u00ed m\u00f3r do chreidmigh bheith deimhin de, agus den fhi\u00fantas at\u00e1 ann d\u00f3ibh go pearsanta. Agus is fi\u00fa machnamh ar an m\u00e9id a deir an dara l\u00e9acht san \u00e1bhar seo: n\u00ed uainn f\u00e9in an sl\u00e1n\u00fa n\u00e1 f\u00edoradh na fise, ach is tabhartas \u00f3 Dhia iad. Tugann seo chun cuimhne a deir P\u00f3l agus \u00e9 ag machnamh ar ghl\u00f3ir agus ar phribil\u00e9id an chonartha nua (2 Corantaigh 4:7): \u201cIs i pr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 at\u00e1 an tseoid seo i gcoime\u00e1d againn, d\u2019fonn a chruth\u00fa gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f\u00e9in \u00ed\u201d. Is r\u00f3-mhinic a bh\u00edonn cosa cr\u00e9 ag cl\u00e9irigh na hEaglaise agus ag roinnt de na creidmhigh eile, a chuireann bac ar an \u00e9ifeacht a bheadh acu \u00e1bharthacht agus bainteacht fh\u00eds seo ghr\u00e1 D\u00e9 do shaol an lae inniu a l\u00e9iri\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach taobh amuigh de seo go l\u00e9ir t\u00e1 gn\u00e9ithe eile de fh\u00eds seo ghr\u00e1 D\u00e9 don saol, don domhan, a bheadh oiriunach d\u2019agallamh le saol an lae inniu. Th\u00e1inig \u00cdosa le go mbeadh an bheatha ag an saol, agus go mbeadh s\u00ed go fial aige (Eoin 10:10). Is beatha agus solas \u00e9 \u00cdosa. Mar sholas tugann s\u00e9 chun solais an peaca agus a bhfuil m\u00edcheart, agus sa mh\u00e9id seo tugann an solas breithi\u00fanas. Ionann sl\u00e1n\u00fa agus glacadh leis an solas, le f\u00eds D\u00e9 don bheatha. Tagann an bheatha seo tr\u00ed \u201cbh\u00e1s\u201d a fh\u00e1il d\u00e1 bhfuil dorcha agus peac\u00fail san duine daonna. N\u00ed f\u00eds n\u00f3 teachtaireacht \u00ed seo a ghlactar leis go r\u00f3-\u00e9asca i socha\u00ed nach ghlacann le creideamh i nDia n\u00f3 at\u00e1 agn\u00f3iseach faoi bheith ann do Dhia. In aon agallamh le domhan an Iarthair an lae inniu, t\u00e1 teachtaireacht ag l\u00e9achta\u00ed an lae inniu ann do chreidmhigh: t\u00e1thar ann at\u00e1 r\u00e9idh \u00e9isteacht le teagasc \u00cdosa agus is ann d\u00f3ibh si\u00fad nach bhfuil r\u00e9idh sin a dh\u00e9anamh. Iarann na l\u00e1achta\u00ed seo ar chreidhmigh bheith r\u00e9idh glacadh le f\u00eds D\u00e9 agus teachtaireacht \u00cdosa, agus fianaise a thabhairt don fh\u00eds sin tr\u00edna mbeatha le cleachtadh an chreidimnh agus deimhne acu de.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus maidir leis na laig\u00ed at\u00e1 san eaglais agus san fhreagra a thugtar go minic do theagasc Chr\u00edost, d\u2019fh\u00e9adfadh an B\u00edobla cabhair a thabhairt d\u00fainn san \u00e1bhar seo. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu t\u00e1 cur s\u00edos ar faoi mar ar theip phobal Iosrael freagra cu\u00ed a thabhairt do Dhia agus an tubaiste a lean as sin, ach sa deireadh th\u00e1inig tr\u00f3caire D\u00e9 isteach le t\u00fas \u00farnua a thabhairt d\u00e1 phobal. Chruthaigh Dia f\u00e9in gach rud go maith agus chonaic se s\u00e9 go raibh a raibh cruthaithe aige go maith, go han-mhaith, ach ansin nuair a mh\u00e9adaigh ar an bpeaca agus an olc, ghabh aithreachas an Tiarna de bhr\u00ed go ndearna s\u00e9 an duine (Genesis 1:1-21; 6:1-8). Ach thug s\u00e9 isteach t\u00fas \u00farnua tar \u00e9is na D\u00edleann. Blianta \u00f3 shoin bh\u00ed scanaill san Eaglais agus t\u00e1 a n-iarsmai sin linn go f\u00f3ill, agus b\u00edodh gur trua sin n\u00ed c\u00fais \u00e9ad\u00f3chais \u00e9. Is &nbsp;deis \u00e9 le machnamh a dh\u00e9anamh ar fh\u00edrinn\u00ed l\u00e1rnacha. Ceann d\u00edobh sin n\u00e1 go dtagann an bua, an rath, \u00f3 chumhacht D\u00e9 agus a ghr\u00e1sta. Lonra\u00edonn solas D\u00e9 d\u00ednit an duine agus a laig\u00ed. Is saothar eal\u00e1ine \u00f3 Dhia, deant\u00fas D\u00e9, gach beatha Chr\u00edosta\u00ed. Spreagann na l\u00e9achta\u00ed seo sinn gu\u00ed chun D\u00e9 go nd\u00e9anfadh an Eaglais, agus gach duine againn, r\u00fandiamhair seo D\u00e9 a mhaireacht\u00e1il mar is c\u00f3ir. Mar a chuireann foirceann na dara l\u00e9achta \u00e9: \u201cCrutha\u00edodh sinn i bp\u00e1irt le h\u00cdosa Cr\u00edost chun \u00e1r saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha mar ba mhian le Dia \u00f3 th\u00fas\u201d.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: Gr\u00e1 &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1445","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1445","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1445"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1445\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1446,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1445\/revisions\/1446"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1445"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1445"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1445"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}