{"id":1458,"date":"2021-03-18T15:54:00","date_gmt":"2021-03-18T15:54:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1458"},"modified":"2021-02-18T15:55:29","modified_gmt":"2021-02-18T15:55:29","slug":"21-marta-2021-b-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1458","title":{"rendered":"21 M\u00e1rta 2021 (B) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra din Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteana an lae.<\/em><\/strong><em> Conradh nua agus cro\u00ed nua<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir dn Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Irimia 31:31-34).&nbsp; <em>D\u00e9anfaidh m\u00e9 conradh nua leo agus n\u00ed chuimhneoidh m\u00e9 ar a bpeaca\u00ed n\u00edos m\u00f3. <\/em>L\u00e9acht seo an lae inniu is \u00ed f\u00e1istine iomr\u00e1iteach faoin gconradh nua i leabhar Irimia \u00ed. D\u00faradh faoi gurb \u201cceann de na sleachta is doimhne agus is corraitheacha sa Bh\u00edobla ar fad \u00ed\u201d. Mar mh\u00edr theagaisc is buaicphointe \u00ed de mhachnamh thar thr\u00e9imhse fhada taobh istigh de scoil le traidisiun dl\u00ed agus f\u00e1istine, scoil at\u00e1 ceangailte le Leabhar Deotranaim\u00ed agus scr\u00edbhinni at\u00e1 faoi thionchar ghr\u00fapa scol\u00e1ir\u00ed Gi\u00fadacha a thug d\u00fainn an corpas \u00e1irithe seo. An droim l\u00e1imhe a thug pobal Iosrael ar\u00eds agus ar\u00eds eile le teachtaireacht D\u00e9 a th\u00e1inig chucu tr\u00edd na f\u00e1ithe, tharraing s\u00e9 tubaiste orthu. Ach \u00f3n dtubaiste sin d\u2019eascair gealltanas D\u00e9 faoi dh\u00f3chas agus r\u00e9 gheal le teacht. An dl\u00ed a tugadh tr\u00ed Mhaois ba rud seachtrach \u00e9; n\u00edor thug s\u00e9 an chumhacht maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na treoracha a bh\u00ed ann. I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 cur s\u00edos inti ar chonradh nua, ach an babhta seo dli D\u00e9 scr\u00edofa istigh i gcro\u00edthe phobal D\u00e9 a bheidh ann. R\u00e9 nua at\u00e1 in aigne D\u00e9, le athnuachaint maidir le eolas ar Dhia agus aithne air; beidh an t-eolas c\u00e9anna air ag gach cuid den phobal, a fhios&nbsp; air \u00f3n t\u00e9 is l\u00fa go dt\u00ed an t\u00e9 is m\u00f3. R\u00e9 \u00ed ina mbeidh maithi\u00fanas ar a pheaca\u00ed faighte ag Iosrael, agus iad ar fad dearmadta ag Dia. N\u00ed d\u00f3cha go bhfuil aon cheist ann an conradh d\u00e9anta cheana ag Dia le Maois a bheith curtha ar ceal.&nbsp; Is pobal D\u00e9 f\u00f3s \u00e9 Iosrael, le dl\u00ed D\u00e9, dl\u00ed &nbsp;nach bhfuil curtha i l\u00e1thair a bheith \u00e9ags\u00fail \u00f3n dli tugtha tr\u00ed Mhaois a bh\u00ed ar eolas ag an pobal cheana. Is fi\u00fa a mheabhr\u00fa gur cos\u00fail an fh\u00e1istine agus an fh\u00eds seo agus f\u00e1istin\u00ed agus f\u00edseanna eile f\u00e1idhi\u00fala faoi r\u00e9 le teacht; n\u00ed rud \u00e9 a thagann de phreab, uaidh f\u00e9in, le cumhacht D\u00e9 amh\u00e1in. N\u00edor fiora\u00edodh \u00e9 in Iosrael thar o\u00edche.&nbsp; Ba rud \u00e9 an cro\u00ed nua, an bheatha nua inmhe\u00e1nach seo, n\u00e1rbh fhol\u00e1ir urna\u00ed a chur suas chun D\u00e9 ar a shon, mar is l\u00e9ir \u00f3n Salm le Freagra \u00e1lainn a l\u00e9itear inniu (Salm 50[51[): \u201cCruthaigh ionam cro\u00ed glan, a Dhia, agus athnuaigh ionam spiorad daingean\u201d. Thug manaigh Ghi\u00fadacha Qumran \u201can Conradh Nua\u201d orthu f\u00e9in, ach n\u00ed raibh sa chonradh seo agus ina sli bheatha ach conradh Mhaois le claonadh l\u00e1idir ar chomhl\u00edonadh an Dl\u00ed. Ag cur na hEocairiste ar bun d\u00f3 agus ag&nbsp; beann\u00fa na cail\u00edse, &nbsp;d\u00fairt \u00cdosa: \u201cIs \u00e9 an cupa seo an tiomna (n\u00f3: an conradh)&nbsp; nua i m\u2019fhuil\u201d (L\u00facas 22:20; 1 Corantaigh 11:25). Sa Litir chuig na hEabhraigh (8:8-12), an insint \u00f3n tSeantiomna is faide na Tiomna Nua,&nbsp; tugtar t\u00e9acs ioml\u00e1n fh\u00e1istine seo Irimia (sa leagan Gr\u00e9igise de), ina leagtar b\u00e9im gur comhl\u00edonadh \u00e9 i mb\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa. Mar a deir Naomh P\u00f3l, scr\u00edobhtar an conradh nua seo i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an agus d\u00e9antar beo \u00e9 tr\u00ed chumacht an Spioraid Naoimh a dh\u00e9anann athr\u00fa chun leasa orainn. N\u00ed fol\u00e1ir do na f\u00edr\u00e9in, d\u00fainn uile, a bheith ag gu\u00ed de sh\u00edor: \u201cCruthaigh ionam croi nua, croi ghlan, a Dhia\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 50[51]). <em>Cruthaigh cro\u00ed glan dom, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht<\/em> (Eabhraigh 5:7-9). <em>D\u2019fhoghlaim s\u00e9 umhla\u00edocht agus rinneadh de \u00fadar an tsl\u00e1naithe sh\u00edora\u00ed.<\/em> An t\u00e9acs \u00e1lainn seo cuireann s\u00e9 os \u00e1r gcomhair ceann de na r\u00fandiamhra faoinar fhulaing Cr\u00edost agus faoina umhla\u00edocht ioml\u00e1n do thoil an Athar agus don bheart a bh\u00ed aige leis an domhan a shl\u00e1n\u00fa. T\u00e1 na smaointe c\u00e9anna le f\u00e1il in \u00e1iteanna eile sa Tiomna Nua, mar shampla faoi urna\u00ed \u00cdosa i Geits\u00e9amain\u00ed agus sa sliocht as Soisc\u00e9al Naomh Eoin a l\u00e9itear inniu san Aifreann. Mar a chuireann Marcas (14:35-36) \u00e9 maidir le Geits\u00e9amain\u00ed:&nbsp; \u201cChuaigh \u00cdosa ar aghaidh tamall agus chaith s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in ar an talamh, agus ghuigh s\u00e9 go ngabhfadh an uair thairis, d\u00e1 mba fh\u00e9idir \u00e9, agus d\u00fairt s\u00e9: \u2018Abba,&nbsp; a Athair, t\u00e1 gach n\u00ed ar do chumas. T\u00f3g an cupa seo uaim. Ach n\u00e1 b\u00edodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa\u2019\u201d (f\u00e9ach freisin Matha 26:39; L\u00fac\u00e1s 22:42). N\u00f3 i soisc\u00e9al Eoin, sa t\u00e9acs a l\u00e9itear inniu: \u201cT\u00e1 buaireamh ar m\u2019anam anois. Cad a d\u00e9arfaidh m\u00e9? \u2018A Athair, saor m\u00e9 \u00f3n uair seo?\u2019 Ach is chuige sin a th\u00e1inig m\u00e9 chun na huaire seo. A Athair, tabhair gl\u00f3ir do d\u2019ainm\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 12:20-33). <em>An gr\u00e1inne arbhair a thit sa talamh, m\u00e1 fhaigheann s\u00e9 b\u00e1s, tugann s\u00e9 toradh m\u00f3r uaidh.<\/em> Leis an l\u00e9acht seo a thuiscint n\u00edos fearr, is cabhair \u00e9 \u00ed a shuiomh ina chomhth\u00e9acs sa phlean at\u00e1 i Soisc\u00e9al Eoin. T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00f3r-roinn sa Soisc\u00e9al seo. Tugtar \u201cLeabhar na gComhartha\u00ed\u201d (caibidil 1-12) ar ar gc\u00e9ad roinn, agus \u201cLeabhar na Gl\u00f3ire\u201d ar an dara ceann (caibidil 13-20). Ionann \u201ccomhartha\u201d sa chomhth\u00e9acs seo agus mior\u00failt, ach mioruilt gur comhartha \u00e9 do fhirinne n\u00edos airde. Ceann de shaintr\u00e9ithe an tSoisc\u00e9il seo n\u00e1 \u201cuair\u201d \u00cdosa, sin le r\u00e1 an tr\u00e1th beacht a bh\u00ed leagtha amach ag a Athair d\u00f3, an uair ina raibh \u00cdosa le gabh\u00e1il trid an bh\u00e1s (\u201cardaithe sa chrois\u201d i bhfriotal an tSoisc\u00e9il seo), agus a ais\u00e9ir\u00ed go gl\u00f3ir an Athar. Thosaigh \u201cLeabhar na gComhartha\u00ed\u201d i sl\u00ed&nbsp; le ch\u00e9ad chomhartha \u00cdosa ag Cana na Gail\u00edle. Cuirtear cr\u00edoch leis an Leabhar seo le l\u00e9acht an lae inniu. Is \u00e9 is su\u00edomh d\u00f3 n\u00e1 Iar\u00fasail\u00e9im, ag tr\u00e1th na C\u00e1sca nuair a bh\u00ed&nbsp; neamh-Gi\u00fadaigh \u00e1irithe (\u201cGr\u00e9igigh\u201d) sa cathair i gcomhair na f\u00e9ile, daoine a bh\u00ed f\u00e1bharach do chreideamh na nGi\u00fadach. Le linn a shaol bh\u00ed misean \u00cdosa teoranta do phobal Iosrael. Ba mhian leis na Gr\u00e9igih seo \u00cdosa a fheice\u00e1il agus t\u00e9ann siad go beirt aspal (Pilib agus Aindrias) a bhfuil ainmneacha Gr\u00e9igeacha acu, a thug a n-achain\u00ed go h\u00cdosa. Thug \u00cdosa freagra orthu, ach ag an gc\u00e9ad amharc n\u00edl m\u00f3r\u00e1n baint ag a d\u00fairt s\u00e9 leis an achain\u00ed, mura bhfuil sin ag deireadh an t\u00e9acs: \u201cM\u00e1 arda\u00edtear mise (\u00cdosa) \u00f3n talamh (sa chrois, san aiseir\u00ed, sa ghl\u00f3ir), tarraingeoidh me gach duine chugam f\u00e9in\u201d&nbsp; &#8212; Gr\u00e9igigh ina measc.&nbsp; Baineann freagra \u00cdosa go hioml\u00e1n lena \u201cuair\u201d a fheiceann s\u00e9 a bheith tagaithe. Ionann \u201cuair\u201d \u00cdosa agus an tr\u00e1th ina dh\u00e9anfar \u00e9 a ghl\u00f3iri\u00fa, tr\u00edna bheith ardaithe \u00f3n talamh ar an gcrois. I sl\u00ed, cos\u00fail leis an grainne arbhair, faigheann s\u00e9 b\u00e1s ach \u00e9ireoidh s\u00e9 ar\u00eds le toradh m\u00f3r a thabhairt uaidh. Ionann a bh\u00e1s agus bua ar na f\u00f3rsa\u00ed go leir a bh\u00edonn agus a bheidh ag feidhmi\u00fa \u00ed gcoinne a shaothair leis sn domhan a shl\u00e1n\u00fa (\u201can domhan\u201d, an diabhal, \u201cprionsa an tsaoil seo\u201d). Le bua seo na croise (\u201cM\u00e1 arda\u00edtear mise \u00f3n talamh\u201d) tarraingeoidh s\u00e9 gach duine chuige f\u00e9in,&nbsp; &nbsp;Le &nbsp;chreideamh is f\u00e9idir le creidmhigh \u00e9 a fheiscint mar shl\u00e1naitheoir faoi ghl\u00f3ir (\u201cardaithe\u201d) ag deasl\u00e1mh an Athar. Is bonn muin\u00edne d\u00e1 lucht lean\u00fana \u00e9. Is leo sin, chomh maith, an bua a bh\u00ed ag \u00cdosa. Mar a bh\u00ed i gc\u00e1s \u00cdosa, le toradh a thabhairt d\u00f3ibh f\u00e9in agus do dhaoine eile, n\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00f3ibh f\u00e9in&nbsp; maidir le gach rud nach oireann do theachtaireacht \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B Machnamh agus an B\u00edobla in agallamh le ceisteana an lae. <\/em><\/strong><em>Conradh nua agus cro\u00ed nua<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Machnamh.<\/em> N\u00ed g\u00e1 gurbh ionann agallamh le ceisteanna an lae agus agallamh maidir le c\u00farsa\u00ed soisialta, cult\u00fartha agus poilit\u00edochta nach mbaineann le saol na hEaglaise. N\u00ed m\u00f3r don ch\u00e9ad agallamh le l\u00e9achta\u00cd an Domhnaigh a bheith leis na creidmhigh iad f\u00e9in mar is leo sin at\u00e1 Cr\u00edost ag caint sna l\u00e9achta\u00ed seo, mar a mheabhra\u00edonn an Chomhairle Vatac\u00e1in II linn (<em>Bunreacht ar an Liotuirge Naofa, <\/em>paragraph 7). Pr\u00edomh-theachtaireacht l\u00e9achta\u00ed an lae inniu n\u00e1 cuireadh leis an conradh nua a thabhairt chun cuimhne d\u00fainn, conradh gur f\u00eds agus r\u00e9altacht \u00e9 \u2013 f\u00eds don fh\u00e1idh Irimia agus r\u00e9altacht tr\u00ed Chr\u00edost agus an Spiorad Naomh. Mar a mheabhra\u00edonn P\u00f3l d\u00fainn, conradh at\u00e1 scr\u00edofa in\u00e1r gcro\u00edthe \u00e9, &nbsp;n\u00ed le d\u00fach ach le spiorad an D\u00e9 bheo, agus nach ar thaibhl\u00e9id chloiche a greanadh \u00ed ach ar thaibhl\u00e9id an chro\u00ed dhaonna. Is maoir ar an gconradh nua Pol agus an eaglais, nach conradh litreach \u00e9 ach conradh sa Spiorad (2 Corantaigh 3:3,6). N\u00ed fol\u00e1ir freagra umhail a bheith ann don conradh seo le urna\u00ed bhuan &nbsp;do Dhia cro\u00ed glan a chruthu ionainn.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teachtaireacht eile do chreidmhigh san agallamh seo le l\u00e9achta\u00ed an lae inniu n\u00e1 gur ionann b\u00e1s Chriost ar an gcrois agus&nbsp; an &nbsp;bua &nbsp;a bh\u00ed aige, a bhua in \u00e9adan gach f\u00f3rsa a sheasann ina choinne ina shaothar sl\u00e1naithe \u2013 an \u201csaol\u201d seo, cumhacht an diabhail agus aon chumhacht eile. Deireann Cr\u00edost an m\u00e9id seo le muin\u00edn a thabhairt d\u00e1 lucht lean\u00fana.Thug s\u00e9 d\u00f3ibh a bhua f\u00e9in. Mar a d\u00fairt s\u00e9 lena dheisceabail: \u201cLabhair m\u00e9 na nithe sin libh, chun go mbeadh s\u00edoch\u00e1in agaibh ionamsa. T\u00e1 buairt agaibh sa saol, ach b\u00edodh misneach agaibh. T\u00e1 buaite agamsa ar an saol\u201d (Eoin 16:33). T\u00e1 an teachtaireacht ch\u00e9anna ann do chreidmhigh de ghl\u00fain ar bith nuair a bh\u00edonn siad faoi bhr\u00fa de bharr a gcreidimh. T\u00e1 Cr\u00edost agus an Spiorad Naomh ina gcro\u00edthe agus ina gcoinsiasa le neart a thabhairt d\u00f3ibh. \u201cT\u00e1 buaite agaibh, &nbsp;mar gur treise an t\u00e9 at\u00e1 ionaibhse n\u00e1 an t\u00e9 at\u00e1 ar an saol\u201d (1 Eoin 4:4), is \u00e9 sin le r\u00e1 n\u00edos treise n\u00e1 aon fh\u00f3rsa at\u00e1 ag iarraidh iad a tharraingt \u00f3 Chr\u00edost agus \u00f3n Eaglais. Pas beag n\u00edos d\u00e9ana\u00ed tugann an scr\u00edobhn\u00f3ir c\u00e9anna briathra spreag\u00fala faoi bhua an chreidimh i gCr\u00edost ar gach namhaid (\u201can saol\u201d): \u201cIs \u00ed seo an chaithr\u00e9im a sh\u00e1ra\u00edonn an saol, \u00e1r gcreideamh\u201d (1 Eoin 5:4).<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An bua, an chaithr\u00e9im seo, tugtha do chreidmhigh, ar a labhra\u00edonn Cr\u00edost, is intuigthe as go bhfuil na creidmhigh aontaithe le Cr\u00edost, agus le Cr\u00edost mar shampla ag f\u00e1il b\u00e1is d\u00e1 bpeaca\u00ed fein mar an gr\u00e1inne arbhair.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <em>Agallamh. <\/em>&nbsp;M\u00e1 th\u00e9imid ar aghaidh as seo go hagallamh leis an \u201csaol\u201d, le saol agus socha\u00ed \u00e1r linne f\u00e9in, at\u00e1 ar uairibh gan creideamh ar bith, is f\u00e9idir linn comhairle Pheadair a lean\u00faint (1 Peadar 3:15-16): \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh,&nbsp; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dh\u00e9antar troma\u00edocht oraibh go gcuirtear n\u00e1ire ar an muintir a dh\u00e9anann b\u00e9ad\u00e1n ar bhur ndea-iompar i gCr\u00edost\u201d.&nbsp; Nuair a ghlacann creidmhigh le firinn\u00ed&nbsp; l\u00e9achta\u00ed Aifreann an lae inniu, mar bhaill den phobal lena mbaineann siad, t\u00e1 siad gafa leis an bheatha shoisialta ag gach leibh\u00e9al, idir cult\u00fartha, poilitiochta agus eile.&nbsp; Ach tugann siad &nbsp;t\u00fas \u00e1ite i gc\u00f3na\u00ed don d\u00edlse do Chr\u00edost, ag tabhairt chun cuimhne briatrhra Chr\u00edost f\u00e9in: \u201cAn t\u00e9 arb ansa leis athair n\u00f3 mathair n\u00e1 m\u00e9, n\u00edl s\u00e9 d\u00edongbh\u00e1la dom\u201d (Matha 10:37). Is f\u00edor na briathra sin faoi th\u00edr dh\u00fachais, ph\u00e1irt\u00ed poilit\u00edochta n\u00f3 duine n\u00f3 gr\u00fapa ar bith eile, amhail is nach bhf\u00e9adfa\u00ed a r\u00e1: mo th\u00edr dh\u00fachais,&nbsp; n\u00f3 mo ph\u00e1irt\u00ed poilit\u00edochta ar dt\u00fas agus an creideamh lena bhainim (m\u00e1s ionann sin ag d\u00edlse do Chr\u00edost) ina dhiaidh sin. M\u00e1 deirtear a leith\u00e9id n\u00ed m\u00f3r a r\u00e1 ina choinne go bhfuil t\u00fas \u00e1ite ag Cr\u00edost agus ag an Eaglais, sa mh\u00e9id is&nbsp; go seasann s\u00ed do theagasc Chriost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed minic a bh\u00edonn ar dhuine rogha mar sin a dh\u00e9anamh, ach ar uairibh cloistear mar nath \u00f3 ghr\u00fapa\u00ed agus \u00f3 dhaoine aonair gur prionsabail ag Caitlicigh \u201cEaglais, n\u00f3 mo chreideamh,&nbsp; ar dt\u00fas agus ansin an pairt\u00ed poilit\u00edochta, c\u00farsa\u00ed an phobail\u201d. N\u00ed h\u00e9 go bhfuil cur&nbsp; i gcoinne n\u00f3 coimhhlint bun\u00fasach idir d\u00edlse chreidimh agus aire do ch\u00farsa\u00ed an phobail. Is l\u00e9ir \u00f3n stair gur daoine le creideamh l\u00e1idir agus le gr\u00e1 agus d\u00edlse don eaglais agus do Chr\u00edost a thug d\u00fainn staid shocair an phobail mar at\u00e1 s\u00ed anois againn.&nbsp; N\u00ed namhaid do dul chun cinn pobail creideamh Chriost, ach a mhalairt ar fad. Sochar don saol poibl\u00ed creidmhigh a chreideann i&nbsp; bhf\u00eds an chonartha nua agus i &nbsp;mbriathra Criost b\u00e1s a fh\u00e1il do laig\u00ed le toradh a thabhairt. Cotha\u00edonn a leith\u00e9id muin\u00edn an phobail.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra din Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteana an lae. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1458","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1458","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1458"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1458\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1459,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1458\/revisions\/1459"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1458"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1458"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1458"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}