{"id":1464,"date":"2021-03-23T16:00:00","date_gmt":"2021-03-23T16:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1464"},"modified":"2021-02-18T16:01:42","modified_gmt":"2021-02-18T16:01:42","slug":"28-marta-2021-domhnach-na-pailme-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1464","title":{"rendered":"28 M\u00e1rta 2021 Domhnach na Pailme (B)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B.An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/strong><em>Ceansacht Chr\u00edost d\u00e1r ngr\u00edosadh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A.An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>An M\u00f3rshi\u00fal<\/em> (Marcas 11:1-10). <em>\u00cdosa ag teacht isteach go hIar\u00fasail\u00e9im<\/em>. T\u00e1 an sliocht seo faoi theacht \u00cdosa isteach go hIar\u00fasail\u00e9im le f\u00e1il i ngach ceann de na tr\u00ed shoisc\u00e9il shionaptacha, Matha, Marcas agus L\u00fac\u00e1s. Thug an eachtra le tuiscint do lucht lean\u00fana Chr\u00edost an fh\u00e1istine ag an f\u00e1idh Zacairi\u00e1 (9:9-10) faoi theacht an r\u00ed, an Meisias, go humhail go hIar\u00fasail\u00e9im, ag marc\u00e1iocht ar asal, t\u00e9acs at\u00e1 luaite ag Matha (ach nach bhfuil ag Marcas): \u201cAbraig\u00ed le hin\u00edon S\u00ed\u00f3n: Feach, t\u00e1 do r\u00ed ag teacht chugat, agus \u00e9 go ceansa, ag marca\u00edocht ar asal, ar shearrach beith\u00edgh iompair\u201d. Mheasfadh duine gur mior\u00failt a bh\u00ed ann faoi aimsi\u00fa an asail agus c\u00e9 chomh h\u00e9asca a scaoil an t-\u00fain\u00e9ir leis an bheirt dheisceabal \u00e9, ach b\u2019fh\u00e9idir go raibh aithne ag \u00cdosa ar an \u00fain\u00e9ir cheana f\u00e9in. Bh\u00ed Cnoc na nOl\u00f3g, B\u00e9atfag\u00e9 agus B\u00e9at\u00e1ine, congarach do Iar\u00fasail\u00e9im, agus t\u00e1 a fhios againn go raibh c\u00e1irde ag \u00cdosa ansin. Rud suntasach faoin l\u00e9acht seo n\u00e1 nach cheileann \u00cdosa a thuilleadh gurb \u00e9 an Meisias, r\u00ed Iosrael, \u00e9. Tugann a lucht lean\u00fana \u00e9 sin faoi deara agus tugann siad om\u00f3s cu\u00ed d\u00f3. Labhra\u00edonn Matha (agus Marcas) faoi na sluaite a bh\u00ed roimh \u00cdosa amach agus \u00e1 lean\u00faint. Is d\u00f3cha gur deisceabail a bh\u00ed iontu seo. \u00d3c\u00e1id mh\u00f3r a bhi ann d\u00f3ibh si\u00fad mar thuigeadar br\u00ed a raibh ag tarl\u00fa \u00f3na gcreideamh sna f\u00e1istin\u00ed. N\u00edor tharraing an eachra aird chumhacht na R\u00f3imhe uirthi f\u00e9in, cumhacht a bh\u00ed san airdeall faoi aon bhaol d\u00e1 r\u00e9imeas i rith tr\u00e9imhse na C\u00e1sca. Ghlac \u00cdosa leis an om\u00f3s a tugadh d\u00f3: \u201cH\u00f3sanna do Mhac Dh\u00e1iv\u00ed. Is beannaithe an t\u00e9 at\u00e1 ag teacht in ainm a Tiarna! H\u00f3sanna sna harda\u201d, agus n\u00edos soil\u00e9ire f\u00f3s ag Marcas n\u00e1 ag Matha n\u00e1 L\u00fac\u00e1s: \u201cIs beannaithe teacht \u00ed, R\u00edocht \u00e1r nAthar, Daiv\u00ed\u201d. N\u00ed raibh baol na m\u00edthuisceana ann a thuilleadh, faoi mar a bh\u00ed ag C\u00e9asarai\u00e1 Philib. N\u00ed fada go mbeadh g\u00e1rtha eile ag glaoch ar a chuid fola, agus go mbeadh r\u00e9imeas Dh\u00e1iv\u00ed aige lena bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 50:4-7). <em>N\u00edor cheil m\u00e9 mo ghn\u00fais ar mhasla, mar t\u00e1 a fhios agam nach mbeidh m\u00e9 meallta. <\/em>Seo \u00e9 dara amhr\u00e1n ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn d\u00edobh. (Na cinn eile \u00cdse\u00e1ia 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) N\u00ed fios go beacht c\u00e9rb \u00e9 an duine a bh\u00ed in aigne an fh\u00e1idh nuair a chum s\u00e9 na duanta seo: an bhfuil s\u00e9 ag labhairt iontu faoina phearsa f\u00e9in, ag pearsan\u00fa Iosrael, n\u00f3 faoi dhuine f\u00f3s le teacht. Is cuma faoin cheist \u00e1irithe seo. Is l\u00e9ir go bhfuil siad f\u00edoraithe in \u00cdosa Cr\u00edost, ina bheatha agus ina bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed. Cuireann an duan seo s\u00edos go h\u00e1lainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bh\u00ed aige. Bh\u00ed an bua \u00f3 Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed \u00e1 ch\u00e9asadh n\u00f3 a bh\u00ed traochta. Fulainga\u00edonn s\u00e9 go foighdeach an m\u00e9id is toil le Dia cur air, agus muin\u00edn ioml\u00e1n aige as Dia go nbeidh toradh ar a shaothar.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 21[22]). <em>A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thr\u00e9ig t\u00fa m\u00e9?<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 2:6-11). Duan an-\u00e1rsa Cr\u00edosta\u00ed \u00e9 seo, a bhaineann P\u00f3l \u00fas\u00e1id as le bheith ina eiseaml\u00e1ir do Chr\u00edostaithe conas aithris a dh\u00e9anamh ar \u00cdosa. Is d\u00f3cha go bhfuil an duan ag d\u00e9anamh codarsnacht idir \u00cdosa, an t\u00c1dhamh nua agus an an ch\u00e9ad \u00c1dhamh i nGaird\u00edn Pharthais. B\u00edodh gur duine daonna, i gcl\u00f3 daonna, a bh\u00ed sa ch\u00e9ad \u00c1dhamh ghlac s\u00e9 le guth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh s\u00e9 bheith mar Dhia, agus loit plean D\u00e9. A mhalairt ar fad le h\u00cdosa, a bh\u00ed i cl\u00f3 D\u00e9 ach a \u00edsligh \u00e9 f\u00e9in, go b\u00e1s fi\u00fa na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar \u00cdosa n\u00e1 \u201cTiarna\u201d. Ionann \u201cTiarna\u201d agus Cr\u00edost c\u00e9asta, ais\u00e9irithe, ar dheasl\u00e1mh an Athar faoi ghl\u00f3ir, agus an T\u00e9 a thugann uaidh an Spiorad Naomh don eaglais. Cr\u00e9 ann f\u00e9in an teideal seo \u201cTiarna\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Marcas 14:1-15:47; leagan gearr Marcas 15:1-39). Tugann leagan fada den soisc\u00e9al an cur s\u00edos d\u00fainn ar ch\u00farsa\u00ed \u00f3 r\u00fan I\u00fad\u00e1s \u00cdosa a thabhairt ar l\u00e1mh go dt\u00ed a bh\u00e1s ar an gcrois. T\u00e1 insint ann ar na hullmh\u00fach\u00e1in don Suip\u00e9ar Deirneach, ar an Suip\u00e9ar fein, ar bhun\u00fa Naomh-Shacraimint na hEocairiste, le athr\u00fa ar\u00e1in ina chorp agus f\u00edona ina fhuil, fuil an chonartha. Ina dhiaidh sin tagann a phianph\u00e1is i Geits\u00e9amain\u00ed, conas mar ar gahbadh agus a cuireadh faoi thriail \u00e9, agus ag deireadh a bh\u00e1s ar an gcrois. T\u00e9ann an leagann gearr \u00f3n dtriail os comhair Phiol\u00e1it go b\u00e1s \u00cdosa. Go luath ina sc\u00e9al faoi bheatha \u00cdosa luann Marcas an freas\u00fara a bh\u00ed ann d\u00f3 ag gr\u00fapa\u00ed \u00e1irithe, agus tar \u00e9is gur admhaigh na deisceabail ag C\u00e9asarai\u00e1 gurb \u00e9 an Cr\u00edost, an Meisias, \u00e9 mheabhraigh \u00cdosa faoi thr\u00ed d\u00f3ibh go raibh fulaingt agus b\u00e1s i nd\u00e1n d\u00f3 in Iar\u00fasail\u00e9im. Thosaigh sin leis an bpianph\u00e1is i ng\u00e1ird\u00edn Geits\u00e9amain\u00ed, agus t\u00e1 sc\u00e9al na p\u00e1ise r\u00edomhtha ag Marcas i l\u00e9acht an lae inniu. Ag b\u00e1s \u00cdosa d\u2019admhaigh an taoiseach c\u00e9ad pag\u00e1nach gurb Mhac D\u00e9 \u00e9 \u00cdosa, cr\u00e9 l\u00e1rnach a bheidh le craobhscaoileadh ag an Eaglais tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa maidin Dhomhnach C\u00e1sca. Thosaigh Marcas a shoisc\u00e9al leis na briathra: \u201cTosach Shoisc\u00e9al \u00cdosa Cr\u00edost, Mac D\u00e9\u201d, admh\u00e1il chreidimh ar st\u00e1das \u00cdosa \u00f3 pheann creidmhigh. Cuireann s\u00e9 cr\u00edoch le sc\u00e9al bheatha \u00cdosa leis an admh\u00e1il ch\u00e9anna \u00f3 bh\u00e9al an taoisigh c\u00e9ad phag\u00e1naigh: \u201cGo dearfa, ba \u00e9 Mac D\u00e9 an duine sin\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>B.<strong>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/strong><em>Ceansacht Chr\u00edost d\u00e1r ngr\u00edosadh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar saibhir machnaimh i l\u00e9acha\u00ed an lae inniu, agus den chuid is m\u00f3 de labhra\u00edonn siad uathu f\u00e9in ach iad a l\u00e9amh agus s\u00fail againn ar shaol agus ch\u00fains\u00ed \u00e1r linne f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa ch\u00e9ad agus sa dara l\u00e9acht t\u00e1 giolla, seirbh\u00edseach, an Tiarna agus \u00cdosa f\u00e9in curtha os \u00e1r gcomhair mar eiseaml\u00e1ir, an giolla a bhfuil teanga an aos l\u00e9inn aige toisc gur fhoghlaim s\u00e9 \u00f3n m\u00e9id a fhulaing s\u00e9, agus a thug d\u00f3 an tuiscint freagra a thabhairt do t\u00e9 at\u00e1 traochta. Sin bua m\u00f3r a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu &#8212; bhfuil d\u00ednit sa bhr\u00f3n, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. D\u00e9antar cur s\u00edos go minic i dt\u00edortha \u00e1irithe ar \u201cchine\u00e1l na beatha\u201d, \u201cthe quality of life\u201d, amhail is nach mbeadh br\u00ed, ciall, leis an bheatha dhaonna mura mbeadh s\u00ed gan fhulaingt, gan fhadhb. T\u00f3gtar easba seo den \u201cquality of life\u201d mar leithsc\u00e9al do eotan\u00e1is. T\u00e1 a fhios againn go bhfuil sc\u00e9al d\u00e1 leith\u00e9id casta, ach mar sin f\u00e9in is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil d\u00ednit ag baint le gach gn\u00e9 den saol daonna.<\/p>\n\n\n\n<p>Ceacht eile a thagann chugainn \u00f3n ch\u00e9ad l\u00e9acht agus \u00f3n soisc\u00e9al, faoi Ph\u00e1is \u00c1r dTiarna, n\u00e1 ceansacht Chr\u00edost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach d\u00e1 ch\u00e9ile. Leag an P\u00e1pa Prionsias b\u00e9im ar a leith\u00e9id de sin agus thug na me\u00e1in chumars\u00e1ide an-aird d\u00f3. T\u00e1 teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag \u00cdosa, a fuair b\u00e1s ar \u00e1r son, don saol seo againne go f\u00f3ill. Gu\u00edmis go mbeadh toradh f\u00f3nta ar aspalacht an Ph\u00e1pa Proin\u00e9as.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1078,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1464","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1464","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1464"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1464\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1465,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1464\/revisions\/1465"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1078"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1464"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1464"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1464"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}