{"id":1466,"date":"2021-03-30T16:01:00","date_gmt":"2021-03-30T16:01:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1466"},"modified":"2021-02-18T16:02:56","modified_gmt":"2021-02-18T16:02:56","slug":"4-aibrean-2021-domhnach-casca-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1466","title":{"rendered":"4 Aibre\u00e1n  2021 Domhnach C\u00e1sca (B)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B.An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <em>Cr\u00edost mar ceann na heaglaise agus cro\u00edl\u00e1r \u00e1r gcreidimh. Creidmhigh mar fhinn\u00e9ithe d\u00f3.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>A.<\/em><strong><em>An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 10:34, 37-43). <em>D\u2019itheamar agus d\u2019\u00f3lamar ina chuideachta i ndiaidh a ais\u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh. <\/em>Ina chomhth\u00e9acs i nGn\u00edomthartha na nAspal t\u00e1 an sliocht seo mar chuid den chur s\u00edos ar an \u00e1it a bh\u00ed ag Peadar agus an Eaglais \u00f3g in Iar\u00fasail\u00e9im le creideamh Chriost a thabhhairt do na pag\u00e1naigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bh\u00ed aisling ag C\u00f3irn\u00e9ilias, taoiseach c\u00e9ad na R\u00f3imhe, pag\u00e1nach cr\u00e1ifeach, \u00e1 r\u00e1 leis glaoch ar Pheadar le eolas an tsl\u00e1naithe a thabhairt d\u00f3. Bh\u00ed an glaoch bheith ina aspal do na pag\u00e1naigh faighte ag P\u00f3l cheana f\u00e9in, ach n\u00ed raibh s\u00e9 i mbun saothair f\u00f3s. Thug Peadar an t-aitheasc sa l\u00e9acht seo agus chreid C\u00f3irn\u00e9ilias agus a theaghlach agus th\u00e1inig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iar\u00fasail\u00e9im, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Ch\u00f3irn\u00e9ilias agus a theaghlach at\u00e1 i sliocht seo an lae inniu. Is d\u00f3cha gur sampla \u00e9 de ch\u00e9ad-sheanm\u00f3ireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoisc\u00e9il di.Thosaigh an cur s\u00edos le baiste Eoin Baiste, ungadh Chr\u00edost ansin leis an Spiorad Naomh, agus na mior\u00failt\u00ed a rinne s\u00e9 d\u00e1 bharr, beatha phoibl\u00ed Chr\u00edost, agus na hAspail mar fhinn\u00e9ithe ar sin; c\u00e9asadh agus b\u00e1s Chr\u00edost agus a ais\u00e9ir\u00ed, agus an fhianaise gur ais\u00e9irigh s\u00e9 d\u00e1ir\u00edre \u00e1 thaispe\u00e1int f\u00e9in d\u00e1 lucht lean\u00fana, agus mar ar ordaigh s\u00e9 d\u00e1 dheisceabail an soisc\u00e9al a craobhscaoileadh. Seanm\u00f3ir\u00ed den eaglais \u00f3g cos\u00fail leis an ceann seo a thug an creatlach do na Soisc\u00e9il a cuireadh le ch\u00e9ile n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, ag tos\u00fa le seanm\u00f3ireacht Eoin Bhaiste agus ag cr\u00edochn\u00fa le ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Bun agus barr na seanm\u00f3ireachta go l\u00e9ir in aon aois n\u00e1 an glaoch chun aithr\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 117[118]). <em>Is \u00e9 seo an l\u00e1 a rinne an Tiarna: b\u00edodh \u00e1thas agus gliondar orainn.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Colosaigh 3:1-4). <em>Lorga\u00edg\u00ed na nithe at\u00e1 thuas mar a bhfuil Cr\u00edost. <\/em>Roghna\u00edodh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil s\u00e9 feili\u00fanach do Dhomhnach na C\u00e1sca, an l\u00e1 ina bhfuilimid ag ceili\u00faradh ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a fhilleadh faoi ghl\u00f3ir go dheasl\u00e1mh an Athar, \u00e1it a bhfuil s\u00e9 de sh\u00edor ag gu\u00ed ar son na hEaglaise, agus ar \u00e1r son go l\u00e9ir le go mbeadh toradh ar a bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed. T\u00e1 Cr\u00edosta\u00edthe aontaithe le Cr\u00edost sa bhaisteadh, agus mar adeir an l\u00e9acht seo aontaithe leis ar neamh. N\u00ed l\u00e9acht ginear\u00e1lta gan t\u00e9agar at\u00e1 anseo. Tamall gearr roimhe seo scr\u00edobh P\u00f3l (Colosaigh 2:6-7): \u201cMar sin de, \u00f3s rud \u00e9 go bhfuil glactha agaibh le h\u00cdosa mar Thiarna, tugaig\u00ed bh\u00far saol i bp\u00e1irt leis. B\u00edg\u00ed pr\u00e9amhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar m\u00faineadh daoibh \u00e9\u201d. Agus n\u00ed rud teib\u00ed an creideamh seo i gCr\u00edost ar dheis D\u00e9. T\u00e1 \u00cdosa ann f\u00f3s ag craobhscaoileadh a shoisc\u00e9\u00edl agus ag m\u00faineadh conas \u00e1r saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna v\u00e9arsa\u00ed a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in \u00e9ineacht le Cr\u00edost ar neamh deirtear linn an \u201ctaobh saolta\u201d, na hainmhianta, a bh\u00e1s\u00fa. Agus mar shampla ar sin \u00e1ir\u00edotar ceithre chinn de n\u00f3sanna gn\u00e9asacha, agus moltar liosta de shu\u00e1ilc\u00ed le cleactadh. Ionann creideamh i gCr\u00edost ar dheis D\u00e9 agus conas \u00e1r mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Malairt L\u00e9achta. (<\/strong>1 Corantaigh 5:6-8). <em>Glanaig\u00ed amach an tseanghabh\u00e1il ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua. <\/em>Sa t\u00e9acs d\u00edreach roimh an cheann seo ch\u00e1in P\u00f3l an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed sa Coraint toisc an droch-iompair ann: bh\u00ed fear ag maireacht\u00e1il lena leasmh\u00e1thair mar ch\u00e9ile gan ch\u00e1ineadh \u00f3n chomhluadar Cr\u00edostai. Truailli\u00fa a bh\u00ed ann. Sa l\u00e9acht seo cuireann an t-aspal lucht lean\u00fana Chr\u00edost san airdeal faoin bhaol \u00f3n droch-shampla, agus chuige sin baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as ch\u00falra Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach a bh\u00ed \u00e1 ceiliuradh b\u2019fh\u00e9idir an tr\u00e1th bliana sin. Le C\u00e1isc na nGi\u00fadach a cheili\u00faradh n\u00edor mh\u00f3r gach p\u00edosa ar\u00e1in le giosta, gabh\u00e1il, a chaitheamh amach leis an Ch\u00e1isc a chom\u00f3radh. Sa Ch\u00e1isc Ghi\u00fadach ba \u00e9 uan na C\u00e1sca an \u00edobairt. Sa Ch\u00e1isc Nua ba \u00e9 \u00cdosa an \u00edobairt. I s\u00faile Ph\u00f3l siombal den truailli\u00fa an ghabh\u00e1il. Ionann C\u00e1isc na hEaglaise agus easpa ar\u00e1n gabh\u00e1la, sin le r\u00e1 d\u00edlseacht, ionracas, tr\u00e9dhearcacht agus firinne. Seanm\u00f3ir gonta C\u00e1sca an giota seo le P\u00f3l Aspal. Do Chr\u00edostaithe, cuireadh \u00e9 do ghlaine chroi, cuireadh chun sacraimint na faoistine.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 20:1-9). <em>N\u00edorbh fhol\u00e1ir \u00e9 a ais\u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh. <\/em>T\u00e1 cuntais \u00e9ags\u00fala againn sa Tiomna Nua faoi ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus conas a thaispe\u00e1in s\u00e9 f\u00e9\u00edn do lucht lean\u00fana tofa d\u00e1 chuid. De r\u00e9ir Ph\u00f3il (1 Corantaigh 15:3-8) thaispe\u00e1in s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in faoi ch\u00faig, i dtosach b\u00e1ire do Pheadar agus sa deireach thiar do Ph\u00f3l f\u00e9in. Sliocht an lae inniu as soisc\u00e9al Eoin n\u00edl ann ach ceann amh\u00e1in de shraith eachtra\u00ed: ar th\u00fas an tuama folamh (Eoin 20:1-10); ansin taispe\u00e1int do Mh\u00e1ire Mhaigdil\u00e9ana (20:11-18); ansin do na deisceabail gan Tom\u00e1s (20:19-23), agus ansin le Tom\u00e1s i l\u00e1thair (24-29). Sliocht an lae inniu is faoin gcuairt go dt\u00ed an tuama \u00e9, tuama a fhaightear folamh. Measann M\u00e1ire Mh\u00e1igdil\u00e9ana gur rob\u00e1il at\u00e1 i gceist. Tugann an \u201cdeisceabal eile\u201d (an deisceabal muirneach; an deisceabal a raibh gr\u00e1 ag \u00cdosa d\u00f3, Eoin 13:23) aird ar st\u00e1das faoi leith Pheadair. Cuireann an staid slachtmhar ina bhfuil na baill \u00e9adaigh slad as an \u00e1ireamh. Faigheann an deisceabal eile tuiscint ar leith faoi ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed tiocfaidh an eaglais ar an dtuiscint go raibh sin de r\u00e9ir an scriopt\u00fair, tuiscint nach raibh aici \u00f3 th\u00fas.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:<\/strong><em> Cr\u00edost mar cheann na heaglaise agus cro\u00edl\u00e1r \u00e1r gcreidimh. Creidmhigh mar fhinn\u00e9ithe d\u00f3.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar saibhir machnaimh i l\u00e9acha\u00ed an lae inniu, agus den chuid is m\u00f3 de labhra\u00edonn siad uathu f\u00e9in ach iad a l\u00e9amh agus s\u00fail againn ar shaol agus ch\u00fains\u00ed \u00e1r linne f\u00e9in. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht cuireann Peadar b\u00e9im ar na haspail mar fhinn\u00e9ithe d\u2019ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus sa dara l\u00e9acht as an litir chuig na Colosaigh meabhra\u00edtear do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha \u201cfolaithe mar aon le Cr\u00edost i nDia\u201d. Cr\u00edost ar neamh ceann na hEaglaise, t\u00e1 s\u00e9 f\u00f3s ag f\u00f3gairt a shoisc\u00e9il mar a rinne s\u00e9 d\u00e1 mhuintir na Gi\u00fadaigh, ach chomh maith ag f\u00f3gairt shoisc\u00e9il Ph\u00f3il do na neamh-Ghi\u00fadaigh, na pag\u00e1naigh, \u00e1 meabhr\u00fa do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, n\u00f3sanna pag\u00e1nacha a chur d\u00edobh, n\u00f3sanna a \u00e1ir\u00edonn s\u00e9: \u201cB\u00e1saig\u00ed mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pag\u00e1nacha) d\u00edbh f\u00e9in: an dr\u00fais, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint \u00fad nach bhfuil inti ach \u00edoladhradh\u201d. Gan Cr\u00edost bheith mar chro\u00edl\u00e1r aici n\u00ed bheadh san eaglais d\u00e1 fearr \u00ed ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an P\u00e1pa Proins\u00e9as d\u00fainn. Thuig \u00e1r muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don \u201cduine at\u00e1 i dt\u00fais a shaoil\u201d sa d\u00e1n \u00f3n mb\u00e9aloidas: \u201cSara dtiocfaidh iomad ded\u2019 aois, b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat\u201d \u2013 n\u00ed eolas faoi Chr\u00edost ach aithne phearsanta air.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le c\u00farsa\u00ed creidimh, t\u00e1 \u00c9ire inniu ag crosbh\u00f3thar a staire. Sa daon\u00e1ireamh deiridh (2016) shinigh &nbsp;78.3 den daonra iad f\u00e9in mar Chaitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha (titim \u00f3 84% i daon\u00e1ireamh 2011), agus 8.1 (4% &nbsp;i daon\u00e1iramh 2011) gan creideamh ar bith, \u00e9 seo b\u00edodh go raibh feachtas aindiachta\u00ed ann gan clar\u00fa mar Chaitlicigh. Ach t\u00e1 meon saolta, meon di-eaglaisi\u00fa, ag teacht i r\u00e9im, agus leisce, n\u00f3 m\u00edfhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann n\u00f3 na sacraimint\u00ed. Ach is \u00e9 is creideamh ann n\u00e1 cruth\u00fa, n\u00f3 cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. T\u00e1 feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt ar ais do Chr\u00edost. Sin teachtaireacht na C\u00e1sca d\u00fainn, fianaise a thabhairt an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann do Chr\u00edost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste, sa chreideamh. Mar is l\u00e9ir \u00f3n dara l\u00e9acht inniu t\u00e1 Cr\u00edost ais\u00e9irithe, ar dheasl\u00e1mh an Athar, ag f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il d\u00fainn mar a rinne s\u00e9 sa Seanm\u00f3ir ar an Sliabh: \u201cIs sibhse salann na tal\u00fan. Is sibhse solas an domhain. B\u00edodh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfid\u00eds bhur ndea-ghn\u00edomhthartha agus go ngl\u00f3ireoid\u00eds bhur nAthair at\u00e1 ar neamh\u201d. Beannachta\u00ed na C\u00e1sca orainn go l\u00e9ir.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: Cr\u00edost &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1466","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1466","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1466"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1466\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1467,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1466\/revisions\/1467"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1466"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1466"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1466"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}