{"id":1480,"date":"2021-04-15T11:54:10","date_gmt":"2021-04-15T11:54:10","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1480"},"modified":"2022-02-22T09:34:16","modified_gmt":"2022-02-22T09:34:16","slug":"18-aibrean-2021-an-triu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1480","title":{"rendered":"18 Aibre\u00e1n 2021 An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Si\u00fail sa solas. Peaca. Aithr\u00ed. Maithi\u00fanas na bPeaca\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 3:13-15, 17-19). <em>Mharaigh sibh \u00fadar na beatha, agus th\u00f3g Dia \u00f3 mhairbh ar\u00eds \u00e9.<\/em> I laethanta f\u00edor-thosaigh na hEaglaise, tar \u00e9is bh\u00e1is agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, mar cheannaire na nAspal chraobhscaoil Peadar teachtaireacht an tSoisc\u00e9il d\u00e1 phobal fein, na Gi\u00fadaigh. Sa mh\u00e9id seo bh\u00ed s\u00e9 ag lean\u00faint sampla Chr\u00edost f\u00e9in. Ba \u00ed a theachtaireacht n\u00e1 iarraidh ar na Gi\u00fadaigh a admh\u00e1il an m\u00e9id a rinneadar agus plean D\u00e9&nbsp; fheice\u00e1il ann. Fi\u00fa ina bh\u00e1s trag\u00f3ideach, bh\u00ed na tairngreachta\u00ed \u00e1 gcomhl\u00edonadh ag \u00cdosa. Is seanm\u00f3ir l\u00e9acht an lae inniu, agus mar is dual do gach seanm\u00f3ireacht Chr\u00edosta\u00ed t\u00e1 s\u00ed d\u00edrithe ar an gcaidreamh cu\u00ed le Dia agus nuair is g\u00e1 sin tagairt ann faoi fhilleadh ar Dhia \u00f3n bpeaca tr\u00ed aithr\u00ed. Cuid l\u00e1ir i seanm\u00f3ireacht Chr\u00edost, ina bh\u00e1s agus ina ais\u00e9ir\u00ed n\u00e1 maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed \u2013 mar a mheabhra\u00edonn Cr\u00edost fein i mbriathra choisreacan an Aifrinn &#8212; fuil \u00cdosa a dhoirfear ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 4). <em>Ardaigh solas do ghn\u00faise os \u00e1r gcionn, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Eoin 2:1-5). <em>Is \u00e9 an \u00edobairt s\u00e1saimh ar \u00e1r bpeaca\u00ed \u00e9, agus n\u00ed ar \u00e1r bpeaca\u00edne amh\u00e1in ach ar pheaca\u00ed an tsaoil uile. <\/em>Sa mh\u00edr d\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu tugann an t-\u00fadar comhairle d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed si\u00fail sa solas, i bhf\u00edrinne an chreidimh Chr\u00edosta\u00ed, agus p\u00e1irt a bheith acu lena ch\u00e9ile.&nbsp; Agus m\u00e1s amhlaidh at\u00e1, leanann an t-\u00fadar ar aghaidh: \u201cGlanann fuil Chr\u00edost \u00f3n uile pheaca sinn. M\u00e1 deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn f\u00e9in agus n\u00edl an fh\u00edrinne ionainn. M\u00e1 admha\u00edmid \u00e1r bpeaca\u00ed, t\u00e1 seisean d\u00edlis c\u00f3ir agus maithfidh s\u00e9 s\u00e9 d\u00fainn \u00e1r bpeaca\u00ed agus glanfaidh sinn on uile olc. M\u00e1 deirimid nach ndearnamar aon pheaca br\u00e9agna\u00edmid \u00e9 agus n\u00edl a fhocal ionainn\u201d (1 Eoin 1:7-9). N\u00ed deireann an t\u00e9acs seo cad iad go beacht na peaca\u00ed at\u00e1 i gceist aige. Sa <em>Confiteor<\/em> roimh an Aifreann admha\u00edonn gach duine againn go pearsanta gur pheacaigh muid \u201cgo trom, le smaoineamh agus le briathar, le gn\u00edomh agus le faill\u00ed\u201d, sa mh\u00e9id a rinneamar agus nach ndearnamar. An glaoch, an cuireadh,&nbsp; Cr\u00edosta\u00ed seo chugainn bheith feasach go bhfuil peaca\u00ed ionainn, n\u00ed le coimpl\u00e9acs a chruth\u00fa ionainn is aidhm leis. N\u00ed m\u00f3r an cuireadh seo a th\u00f3gaint mar aon leis an gcreideamh i mb\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, a fuair b\u00e1s le maithi\u00fanas a fh\u00e1il ar \u00e1r bpeaca\u00ed, agus at\u00e1 anois ar dheasl\u00e1mh an Athar ag d\u00e9anamh idirghu\u00ed ar \u00e1r son, mar a dh\u00e9anfadh abhc\u00f3ide. Ionann machnamh ar an bpeaca agus scr\u00fad\u00fa coinsiasa, agus t\u00e9ann l\u00e9acht an lae inniu ar aghaidh le cur s\u00edos ar aitheanta D\u00e9. In \u00e1iteanna eile sa litir seo cuireann an t-\u00fadar s\u00edos ach go hairithe ar dh\u00e1 aithne, go sonrach an creideamh i gCr\u00edost agus aithne Chr\u00edosta\u00ed an ghr\u00e1. Ach le aitheanta D\u00e9 is f\u00e9idir linn toil D\u00e9 a thuiscint i ngach sl\u00ed ina leir\u00edonn s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in. T\u00e1 a thoil don duine aonair agus don chine daonna l\u00e9irithe ag Dia i gCr\u00edost. I gCr\u00edost lonraigh an f\u00edorsholas, agus t\u00e1 an solas sin ag taitneamh i gc\u00f3na\u00ed. An cruth\u00fanas is fearr ar ghr\u00e1 an duine do Dhia, ar a aithne agus a eolas ar Dhia faoi mar a l\u00e9ir\u00edodh in \u00cdosa \u00e9, n\u00e1 eolas ar na haitheanta sin agus beart d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 24:35-48). <em>Is amhlaidh at\u00e1 s\u00e9 scr\u00edofa, go bhfualaingeodh an Cr\u00edost agus go n-\u00e9ireodh s\u00e9 \u00f3 mhairbh an treas l\u00e1. <\/em>Seo \u00ed an uair dheiridh ar thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3 dar le L\u00fac\u00e1s. N\u00edor th\u00e1inig creideamh in ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa go h\u00e9asca agus anois san eachtra seo n\u00edorbh fhol\u00e1ir bheith deimhin gurb \u00e9 \u00cdosa d\u00e1ir\u00edre a bh\u00ed ann agus nach taibhse. Mar a thuigtear go maith, bh\u00ed na deisceabail tr\u00edna ch\u00e9ile nuair a thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00f3ibh. Sa l\u00e9acht seo d\u00e9anann \u00cdosa deimhin de gurbh \u00e9 f\u00e9in le f\u00edorchorp ais\u00e9irthe at\u00e1 ann, agus nach taibhse n\u00f3 spiorad. Is le sin a chruth\u00fa a itheann s\u00e9 an bl\u00faire d\u2019iasc r\u00f3sta ina l\u00e1thair. Ar nd\u00f3igh, creideamh \u00fad na ndeisceabal in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost ba bhronntanas agus&nbsp; bua chreidimh \u00f3 Dhia a bhi ann. Mar fhoirceann ar an l\u00e9acht tugtar d\u00fainn aidhm bheatha, bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, is \u00e9 sin le r\u00e1 a raibh scr\u00edofa faoi f\u00e9in sa scriopt\u00far a chomhl\u00edonadh, beart shl\u00e1naithe D\u00e9 \u00f3n t\u00fas anall i stair Iosrael. Do na deisceabail b\u2019ionann an coinne seo le h\u00cdosa agus t\u00fas \u00far. Bh\u00ed saothar \u00cdosa le lean\u00faint, ach anois thar Iosrael amach don domhan m\u00f3r. Bheadh mar theachtaireacht l\u00e1ir ann aithr\u00ed agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed \u00e1 bhf\u00f3gairt, agus glacadh leis an dea-sc\u00e9al. Bh\u00ed an teachtaireacht anois le f\u00f3gairt do na n\u00e1isi\u00fain uile, go cr\u00edocha an domhain mar a deirtear i dt\u00e9acsanna eile de na soisc\u00e9il. Is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go leagann P\u00e1draig Naofa ina <em>Fhaoistin<\/em> b\u00e9im ar na t\u00e9acsanna seo agus gabhann s\u00e9 bu\u00edochas le Dia a thug an misean d\u00f3 teachtaireacht an tSoisc\u00e9il a thabhairt go \u201ccr\u00edocha an domhain\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 go hoile\u00e1n na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> Si\u00fail sa solas. Peaca. Aithr\u00ed. Maithi\u00fanas na bPeacai.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu deis iontach agus cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar aidhm l\u00e1rnach na hEaglaise agus ar an dteachtaireacht at\u00e1 ag na l\u00e9achta\u00ed sin d\u00fainne inniu agus don saol ina mhairimid. T\u00e1 an dara l\u00e9acht t\u00f3gtha as Ch\u00e9ad Litir Naomh Eoin. Labhra\u00edonn an litir seo, agus an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9al, Soisc\u00e9al Eoin, al\u00e1n faoi shi\u00fail sa solas. Is \u00e9 Cr\u00edost an f\u00edorsholas. D\u2019fhoilsigh s\u00e9 gr\u00e1 an Athar agus toil an Athar. De bhr\u00ed gurbh \u00e9 an solas \u00e9, &nbsp;lonra\u00edonn s\u00e9 an t-iompar daonna, agus tugann chun solais a bhfuil maith, olc n\u00f3 idir eatorthu. Tugann s\u00e9 an peaca chun solais. Labhra\u00edonn Apacailips Eoin faoin \u00cdosa ais\u00e9irithe, Mac an Duine, a bheith ag si\u00fail isteach agus amach i measc na gcoinnleoir\u00ed, na heaglais\u00ed \u00e9ags\u00fala, ag moladh si\u00fad at\u00e1 go maith, ag gr\u00edosadh si\u00fad at\u00e1 patuar, ag glaoch ar pheacaigh agus orthu si\u00fad a thr\u00e9ig an creideamh aithr\u00ed a dh\u00e9anamh agus a mbeatha a leas\u00fa. T\u00e1 cr\u00edoch ag gach ceann de na litreacha chuig na seacht n-eaglais\u00ed leis an mana seo: \u201cAn t\u00e9 a bhfuil cluas air \u00e9isteadh s\u00e9 lena bhfuil \u00e1 r\u00e1 ag an Spiorad leis na heaglais\u00ed\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar a mheabhraigh Comhairle na Vatac\u00e1ine d\u00fainn, t\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair ina bhriathar mar is \u00e9 f\u00e9in a labhra\u00edonn nuair a l\u00e9itear na scriopt\u00fair naofa san Eaglais. Mar at\u00e1 in Apacailips Eoin, t\u00e1 an Cr\u00edost ais\u00e9irithe ag labhairt i&nbsp; gc\u00f3na\u00ed, ag spreagadh, ag tabhairt laig\u00ed chun solais, agus mar a oireann ag glaoch chun aithr\u00ed. T\u00e1 tagairt i ngach ceann de l\u00e9achta\u00ed an lae inniu ar pheaca agus aithr\u00ed agus tugann an soisc\u00e9al briathra Chr\u00edost d\u00e1 dheisceabail aithr\u00ed agus maithi\u00fanas peaca\u00ed ina ainm a fh\u00f3gairt do na n\u00e1isi\u00fain uile. T\u00e1 glaoch ag Cr\u00edostaithe si\u00fail sa solas. Agus ni m\u00f3r solas sin Chr\u00edost agus a leanann as a thabhairt os comhair an phobail Chr\u00edosta\u00ed san Aifreann. Is chuige sin&nbsp; a deir Bunreacht an Liot\u00fairge de chuid na Comhairle Vatac\u00e1in II gur choir, tri homaile in Aifrinn an Domhnaigh agus na F\u00e9ilte, r\u00fandiamhra an chreidimh agus treoracha don bheatha Chr\u00edostai a mh\u00edni\u00fa don phobal, bunaithe ar th\u00e9acs an Bh\u00edobla n\u00f3 an liotuirge (Vatac\u00e1in II, <em>Bunreacht ar an Liot\u00fairge<\/em> alt 52).<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le go mbeadh pobal D\u00e9 in ann si\u00fail sa solas n\u00ed fol\u00e1ir go mbeadh f\u00edrinn\u00ed an chreidimh ar eolas acu. T\u00e1 an baol ann maidir le pobal at\u00e1 Caitliceach go traidisiunta, amhail \u00c9ire, gur Caitlicigh \u00f3 thaobh \u201ccult\u00fair\u201d l\u00edon m\u00f3r d\u00edobh, seachas \u00f3 thaobh cleachtadh agus deimhneacht chreidimh. In \u00c9irinn, mar shampla, sa daon\u00e1ireamh deiridh (2011) sh\u00ednigh 84% den phobal iad f\u00e9in ann mar Chaitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha, agus ma\u00edonn saineolaithe \u00e1irithe gur ionann sin agus 90% nuair a \u201cchearta\u00edotar\u201d \u00e9 \u00f3n dtaobh eitneach, cin\u00edoch (gan ag cur daoine \u00f3n iasacht san \u00e1ireamh). Ach nuair a chuirtear sin taobh le taobh le fianaise eile, mar shampla freastal ar Aifreann an Domhnaigh, d\u00edlse don ph\u00f3sadh agus cursa\u00ed gn\u00e9is, agus ruda\u00ed eile, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gur Caitliceachas \u201ccult\u00fartha\u201d seachas d\u00edlse do chreideamh Chr\u00edost agus na hEaglaise at\u00e1 i gceist.Agus n\u00ed m\u00f3r aire a tyabhairy do dhaon\u00e1ireamh 2016 nuair a laighdigh an l\u00edon a sh\u00edning iad f\u00e9in mar Chaitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha go 78.32%, agus 9.84% gan reiligi\u00fan ar bith. M\u00e1s mian linn \u201csi\u00fail san fh\u00edrinne\u201d n\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt ar seo uile. B\u00edodh cluas anairde againn le cloisint a bhfuil an Spiorad ag r\u00e1 linn, agus le modhanna a chuardach leis an teachtaireacht Chr\u00edosta\u00ed a riaradh a sl\u00ed n\u00edos fearr ionas go mbeadh ar chumas bhriathar D\u00e9 agus cumhacht an ghr\u00e1sta sinn go l\u00e9ir agus an Eaglais a thabhairt isteach i seilbh \u00e1r n-oidhreachta Cr\u00edosta\u00ed (feic Gn\u00edomhartha na nAspal&nbsp; 20:32).<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuireann peaca de gach saghas bac ar chomhl\u00edonadh na f\u00edse sin, peaca an duine aonair agus peaca an phobail. T\u00e1 gairm \u00cdosa linn i gc\u00f3na\u00ed: D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa soisc\u00e9al.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1147,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1480","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1480","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1480"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1480\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1481,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1480\/revisions\/1481"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1147"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1480"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1480"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1480"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}