{"id":149,"date":"2013-12-06T09:53:40","date_gmt":"2013-12-06T09:53:40","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=149"},"modified":"2013-12-06T09:53:40","modified_gmt":"2013-12-06T09:53:40","slug":"8-nollaig-2013-a-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=149","title":{"rendered":"8 Nollaig 2013 (A) Dara Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">8 Nollaig 2013 (A) Dara Domhnach den Aidbhint<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSChta\u2019Ia<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. An Aidbhint agus gairm chun athr\u00fa crutha san Eaglais.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cdse\u00e1ia 11:1-10).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann s\u00e9 breithi\u00fanas cothram i leith na ndear\u00f3ile. Bh\u00ed cead isteach \u00e9asca ag an an bhf\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia den ocht\u00fa aois roimh Chr\u00edost ar r\u00edtheaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed. Thug s\u00e9 comhairle don r\u00ed \u00c1chaz le linn g\u00e9irch\u00e9ime agus ch\u00e1in s\u00e9 go g\u00e9ar \u00e9 toisc gur thug s\u00e9 an t-eiteachas do bhriathar D\u00e9. Ba \u00e9 sin an tr\u00e1th inar thug s\u00e9 an tairngreacht iomr\u00e1iteach\u00cdme\u00e1nu\u00e9il faoi bhreith Sl\u00e1naitheora don r\u00edtheaghlach.Tharaingir s\u00e9 chomh maithgo ngearrfa\u00ed pion\u00f3s trom ar Iar\u00fasail\u00e9im, ar an r\u00edtheaghlach agus ar an bpobal de bharr a neamart sa conradh le Dia. Ach chuir s\u00e9 b\u00e9im leis i nd\u00edlse D\u00e9 don chonradh le D\u00e1ibhi agus t\u00e1 roinnt tairngreachta\u00ed iomr\u00e1iteacha sa leabhar ar na laethanata gl\u00f3rmhara le teacht le breith an ts\u00e1r-oidhre do ritheaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed. Ceann d\u00edobh sin n\u00e1an l\u00e9acht ar bhreith an linbh in Aifreann na Gine. Cheangla\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu an breith sin le f\u00eds n\u00edos leithne ar theacht r\u00e9 na c\u00f3ra agus an ionracais, agus ar athbhun\u00fa c\u00farsai mar a bh\u00ed siad i nG\u00e1irdin Parthas. Sin uile de bharr eolais f\u00f3irleathain ar an dTiarna agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Ba athair do Dh\u00e1ibh\u00ed Iese. B\u2019eisean an stoc\u00e1n as ar eascair r\u00edtheaghlach, crann, Dh\u00e1ibh\u00ed. F\u00e9achann \u00fadar an t\u00e9acs seo os comhair aaigne an crannn sin ag filleadh ar an staid ina raibh s\u00e9, n\u00f3 bh\u2019fh\u00e9idir ar an r\u00edtheaghlach bascaithe agus gan f\u00e1gtha den chrann sin ach an stoc\u00e1n. Ar aon chuma \u00f3n bhun crainn sin beidh bachl\u00f3g agus gas agteacht, is \u00e9 sin le r\u00e1 oidhre nua ar Iese do theaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed. Beidh misean le d\u00e9anamh aige agus beidh s\u00e9 curtha in oiri\u00faint don mhisean sin le s\u00e9 buanna an Spioraid. I stair an Bh\u00edobla bh\u00ed\u00e1it th\u00e1bhachtach ag Spiorad D\u00e9 a tugadh do dhaoine tofa do ghn\u00f3 faoi leith. Thug an Spiorad an chumhacht d\u00f3ibh an gn\u00edomh a chur i gcr\u00edch. Bh\u00ed na buanna saibhre ag mac seo Dhaibh\u00ed, an Meisias, leis an r\u00e9 nua a thabhairt isteach. Bh\u00ed na s\u00e9 buanna at\u00e1 \u00e1irithe sa t\u00e9acs seo le f\u00e1il sa t\u00e9acs Eabhaise. Chuir na haistri\u00fach\u00e1in Gr\u00e9igise agus Laidine ceann eile leo seo, an chr\u00e1ifeacht, agus t\u00e5 an seacht gcinn sin linn i gc\u00f3na\u00ed mar na Seacht dTiolachtha\u00ed an Spioraid Naoimh, ag cur phobal D\u00e9 in oiri\u00faint don misean at\u00e1 acu le fianaise a thabhairt sa r\u00e9 nua at\u00e1 linn cheana f\u00e9in. Ach le filleadh ar Mhac Dh\u00e1ibh\u00ed, an Meisias: \u00e9 curtha in oiri\u00faint leis na buanna sin aige, beidh a r\u00e9imeas mar a mheastar, le b\u00e9im ar ch\u00faram do na dealbha agus i leith dear\u00f3ile na t\u00edre. Tr\u00e9ithe sontasacha d\u00e1 r\u00e9imeas an t-ionracas agus an d\u00edlse. T\u00e9ann f\u00eds na l\u00e9achta seo thar c\u00farsa\u00ed r\u00e9imeas an Mheisias. R\u00e9 nua a bheidh ann don d\u00falra f\u00e9in, \u00e9 le filleadh ar an st\u00e1das mar a bh\u00ed i dtosach in aigne D\u00e9 le s\u00edoch\u00e1in idir na hainmh\u00edthe agus an duine \u2013 \u00e9 seo go l\u00e9ir ag eascair \u00f3 \u201ceolas\u201d f\u00f3irleathan ar an dTiarna. Ionann eolas ar Dhia sa Bh\u00edobla agus aithne air agus beatha de r\u00e9ir a thola. Cr\u00edochna\u00edonn an l\u00e9acht le l\u00ednte tosaigh d\u00e1na ar fhilleadh Iosrael \u00f3n deora\u00edocht. Ansin,&nbsp; sa r\u00e9 nua seo, agus an D\u00e1ibh\u00ed nua seo, fr\u00e9amh Iese, glanta \u00f3na pheaca\u00ed agus \u00f3na mh\u00e1cail, seasfaidh s\u00e9 mar chomhartha, thar I\u00fada agus Iar\u00fasail\u00e9im amach, comhartha do na ciniocha pag\u00e1nachale go leigf\u00ed deoraithe Iosrael thar nais, agus de r\u00e9ir an teacs Eabhraise,faoin chomhartha seo, fr\u00e9amh Iese,\u201cbeidh na cin\u00edocha \u00e1 lorg\u201d, (ag lorg mac Iese?), a aistr\u00edotar go Gr\u00e9igis mar: \u201cIs ann a chuirfidh na n\u00e1isi\u00fain a muin\u00edn\u201d, t\u00e9acs a luann P\u00f3l d\u00edreach roimh dara l\u00e9acht an lae inniu.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 71[72]). Blath\u00f3idh s\u00edoch\u00e1in agus f\u00edr\u00e9antacht lena linn n\u00f3 go meathfaidh an ghealach.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 15:4-9).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Sl\u00e1na\u00edonn Cr\u00edost gach aon duine. Cuireann P\u00f3l cr\u00edoch lena litir chuig naR\u00f3mh\u00e1naigh le haitheasc tr\u00e9adach ar an mbeatha nua i gCr\u00edost a bhfuil glaoch ag na Cr\u00edosta\u00edthe chuici.Tosa\u00edonn an t-aitheasc mar seo (R\u00f3mh\u00e1naigh 12:1-2): \u201cAr an \u00e1bhar sin, a bhr\u00e1ithre, t\u00e1im \u00e1 iarraidh oraibh as ucht tr\u00f3caire D\u00e9, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-\u00edobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin \u00e9 bhur n-adhhradh spiorad\u00e1lta. N\u00e1 leanaig\u00ed patr\u00fan an tsaoil seo ach cuirig\u00ed malairt meoin oraibh f\u00e9in tr\u00ed athnuachan aigne ar shl\u00ed go n-aithneodh sibh cad \u00e9 is toil le Dia, cad \u00e9 at\u00e1 maith agus taitneamhach agus foirfe\u201d. T\u00e1 l\u00e1rionad ag foighid agus fadfhulaingt le beatha mar seo a chaitheamh, agus filleann P\u00f3l ar sin i l\u00e9acht an lae inniu, agus le sampla faoi sin athabhairt luann s\u00e9 a rinne Cr\u00edost: \u201cN\u00ed ar mhaithe leis f\u00e9in a bh\u00ed Cr\u00edost ach mar at\u00e1 scr\u00edofa: \u2018Is ormsa a thit aithis\u00ed na ndaoine a bh\u00ed do d\u2019aithisi\u00fa\u2019\u201d (Salm 69:9). B\u2019fh\u00e9idir go dtugann an t\u00e9acs a leanann seo l\u00e9argus d\u00fainn ar cad a bh\u00ed in a aigne ag P\u00f3l:Rinneadh seirbh\u00edseach timpeallgearrtha de Chr\u00edost do na Ghi\u00fadaigh chun na gealltanais a tugadh do na patrarca\u00ed a chomhl\u00edonadh, Ach an tuiscint a bh\u00ed ag Cr\u00edost ar na gealltanais sin, chuaigh s\u00e9 i bhfad thar s\u00fala roinnt mhaith de na Gi\u00fadaigh agus d\u00e1 bharr sin thit a gcuid masla agus aithisi ar \u00cdosa. Bheadh ar Chr\u00edosta\u00edthe bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id chomh maith ar son Criost \u00f3 na pag\u00e1naigh.Leanann l\u00e9acht an lae inniu an r\u00e9amhr\u00e1 seo \u00f3 Ph\u00f3l. Tugann s\u00e9 chun cuimhne d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed an creideamh agus an d\u00f3chas a bh\u00ed ag na gl\u00fanta Gi\u00fadacha, mar at\u00e1 le l\u00e9amh sa Bh\u00edobla, agus meabhra\u00edonn s\u00e9 go raibh seo uile scr\u00edofa le go mbeadh d\u00f3chas acu. is \u00e9 sin le r\u00e1 buanseasmhacht sa chreideamh agus bheith r\u00e9idh glacadh lena a ch\u00e9ile san eaglais, faoi mar a ghlaoigh Cr\u00edost isteach san eaglais gach aoinne, Gi\u00fadach agus neamh-Ghi\u00fadach. Rinne Cr\u00edost gach a rinne s\u00e9 chun gl\u00f3ir sa thabhart do Dhia, agus t\u00e1 gairm ag creidmhigh i gCr\u00edost an fhianaise ch\u00e9anna a thabhairt le bheith aontaithe le ch\u00e9ile gan tr\u00e1cht ar chine, agus mar sin gl\u00f3ir a thabhairt do Dhia.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (Matha 3:1-12).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed mar t\u00e1 r\u00edocht na bhflaitheas in achmaireacht. Mar r\u00e9amhtheachtaire do theacht, aidbhint,Chr\u00edost t\u00e1 \u00e1it shontasach ag Eoin Baiste i liot\u00fairge na hAidbhinte. Is faoi at\u00e1 l\u00e9achta\u00ed an tsoisc\u00e9il sa Dara Domhnach inniu agus ar\u00edssa Tr\u00ed\u00fa Domhnach, agus is sp\u00e9isi\u00fail an codarsnacht at\u00e1 eatorthu. Tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu leis na briathra \u201csna laethanta sin\u201d. Modh cainte at\u00e1 ann, gan br\u00ed bheacht aige,leis an mh\u00edr nua seo a nascadh le sc\u00e9al na\u00edonacht Chr\u00edosta chuaigh roimhe (Matha 1-2). Tosa\u00edonn an cur sios ar bheatha phoibl\u00ed \u00cdosa, ar a bh\u00e1s agus aiseir\u00ed dair\u00edre le seanm\u00f3ireacht Eoin. Is leis seo a thosaigh c\u00e9ad chraobhscaoileadh an Dea-Sc\u00e9il. N\u00edl aon na\u00edonsc\u00e9al ag Marcas. Thosaigh r\u00e9 nua f\u00e1idhead\u00f3ireachta le Eoin Baiste, agus l\u00e9ir\u00edonn a chuid \u00e9adaigh agus bia \u00e9 seo, Thainig s\u00e9 i spiorad \u00c9ilias, an ch\u00e9ad m\u00f3r-fh\u00e1idh in Iosrael agus bh\u00ed s\u00e9 feistithe cos\u00fail leis.Aithn\u00edodh \u00c9ilias \u00f3na \u00e9adach, mar a deir an B\u00edobla (2 R\u00edthe 1:8): \u201cBh\u00ed fallaing r\u00f3in \u00e1 caitheamh aige agus crios leathair ar a choim\u201d. CuirtearEoin Baiste i l\u00e1thair mar chomhl\u00edonadh m\u00f3r-thairgngreacht na r\u00e9 nua i leabhar \u00cdse\u00e1ia f\u00e1idh. Glacadh mar fh\u00e1idh leis agus th\u00e1inig na sluaite chuige \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go ndeachaigh s\u00e9 bhfeidhm go m\u00f3r ar dhaoine, toisc go bhfuil a chuid seanm\u00f3ireachta agus an toradh a bh\u00ed leis luaite ag an stara\u00ed Gi\u00fadach Iosefus. L\u00e1r-phointe teachtaireacht Eoin n\u00e1 glaoch chun aithr\u00ed toisc go raibh r\u00edocht na bhflaitheas (ionann is r\u00edocht D\u00e9) in achmaireacht. Ina measc si\u00fad a th\u00e1inig chuige bh\u00ed daoine \u00f3na gr\u00fapai ba mh\u00f3 aitheantais in Iosrael, na Fairis\u00ednigh le oideas beil nach raibh sa Bh\u00edobla agus na Sad\u00fais\u00ednigh (a raibh baint acu den chuid is m\u00f3 leis an sagartacht) n\u00e1r ghlac le traidisiun na bhFairist\u00edneach. Labhair Eoin go soil\u00e9ir agus go l\u00e1idirleo faoi riachtanas aithr\u00ed fh\u00edreannach, ar lean dea-oibreacha aisti. N\u00edor l\u00e9or bheith i do Ghi\u00fadach nr de sh\u00edol Abr\u00e1h\u00e1m don sl\u00e1n\u00fa. Baisteadh chun aithr\u00ed baisteadh Eoin, leis an b\u00f3thar a dh\u00e9anamh r\u00e9idh don T\u00e9 a bh\u00ed le teacht, an Meisias, an Cr\u00edost, a mheasEoin a fhearfadh pion\u00f3s g\u00e9ar ar lucht d\u00e9anta an oilc. Bh\u00ed dul am\u00fa ar Eoin faoi seo. A mhalairt ar fad a tharla le Cr\u00edost agus a chairdeas leis na peacaigh, agus sa phrios\u00fan d\u00f3 th\u00e1inig amhras ar Eoin arb \u00e9 Iosa d\u00e1ir\u00edre an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht, mar a luaigh s\u00e9 ina sheanm\u00f3ireacht, ag r\u00e9iteach na sli d\u00f3. D\u2019fhreagair \u00cdosa go raibh a mhodhanna caoine, s\u00e9imhe f\u00e9in tuartha sa scriopt\u00far chomh maith. B\u2019shin cuid de r\u00fandiamhair \u00cdosa a bh\u00ed le foghlaim ag Eoin. Teachtaireacht as seo d\u00fainn inniu, ag teacht le b\u00e9im a leagann an P\u00e1pa Proinsias ar mhisean na heaglaise, n\u00e1 bheith tugtha do mhachnamh ar chneastacht agus chine\u00e1ltacht \u00cdosa agus an \u00edomh\u00e1 sin de a l\u00e9iri\u00fa don domhan.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:An Aidbhint agus gairm chun athr\u00fa crutha san Eaglais.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 l\u00e9achta\u00ed an lae inniu ag teacht le gairm an Ph\u00e1pa Proinsias do athnuachan, athr\u00fa crutha mar a d\u00e9arf\u00e1, san eaglais. T\u00e9ann an ch\u00e9ad l\u00e9acht agus an l\u00e9acht sa soisc\u00e9al thar an tuiscint a bh\u00ed ann ina laethanta f\u00e9in faoin todhcha\u00ed. T\u00e1 seo soil\u00e9ir \u00f3n ch\u00e9ad l\u00e9acht. Bh\u00ed Eoin Baiste ag glaoch ar dhaoine a bheith r\u00e9idh, le aithr\u00ed, toisc go raibh r\u00edocht na bhflaitheas, r\u00edocht D\u00e9, buailte leo, le teacht an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht ina dhiaidh. Chuaigh a d\u00fairt agus a rinne \u00cdosa i bhfad thar a mheas Eoin. Is \u00ed teachtairteacht Ph\u00f3il n\u00e1 gur athr\u00fa crutha \u00ed an Chr\u00edosta\u00edocht \u201cN\u00e1 glacaig\u00ed le cruth an tsaoil seo, ach b\u00edodh athr\u00fa crutha oraibh tr\u00ed athnuathan bhur n-intinne\u201d, athnuachan tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, aontacht le Cr\u00edost, leis an eaglais agus a sacraimit\u00ed, ionas go mbeadh ar \u00e1r gcuma toil D\u00e9 a aithint \u2013 sin go l\u00e9ir i gc\u00farsa\u00ed shaol na linne seo ina mhairimid, ag saothr\u00fa agus ag gu\u00ed do eaglais ar a h-athnuachan leis an l\u00fach\u00e1ir Chr\u00edostai agus gr\u00e1 \u00cdosa don domhan a chraobhscaoileadh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Nollaig 2013 (A) Dara Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSChta\u2019Ia A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-149","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/149","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=149"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/149\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=149"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=149"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=149"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}