{"id":1496,"date":"2021-04-27T12:03:00","date_gmt":"2021-04-27T12:03:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1496"},"modified":"2021-04-15T12:07:20","modified_gmt":"2021-04-15T12:07:20","slug":"02-bealtaine-2021-b-cuigiu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1496","title":{"rendered":"02 Bealtaine 2021 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: D\u00e9anann Athair gr\u00e1mhar \u00cdosa Eaglais a Mhic f\u00e9in a ghlanadh A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Gn\u00edomhartha na nAspal 9:26-31). D\u2019inis Barnabas do na haspail mar a chonaic S\u00f3l an Tiarna ar an tsl\u00ed. Leis an l\u00e9acht ghairid agus an eachtra seo a thuiscint is cabhair \u00ed a shu\u00edomh ina comhth\u00e9acs sa leabhar f\u00e9in. Ba de bhunadh Gi\u00fadach an luatheaglais in Iar\u00fasail\u00e9im, roinnt d\u00edobh le hAirimis n\u00f3 le hEabhrais mar theanga acu de bhunadh na cathrach f\u00e9in, gr\u00fapa eile \u00f3n dtaobh amuigh, Heill\u00e9anaigh, a raibh an Ghr\u00e9igis mar theanga acu. Bh\u00edodar sin go l\u00e9ir aontaithe i gcreideamh i gCr\u00edost agus i bhfreastal ar sheirbh\u00eds\u00ed an Teampaill. Roghna\u00edodh Stiof\u00e1n mar dh\u00e9ag\u00e1nach \u00f3 ghr\u00fapa na Heill\u00e9anach agus thosaigh s\u00e9 ag seanm\u00f3ireacht gan sc\u00e1th gan eagla faoi na impleachta\u00ed a bhain le creideamh i gCr\u00edost, gur ghabh sin i bhfad amach thar an Teampall agus a bhain leis. Ch\u00faisigh roinnt de na Heill\u00e9anaigh \u00e9 \u00e1 r\u00e1 go nd\u00fairt s\u00e9 gur fh\u00f3gair \u00cdosa Naz\u00f3rach deireadh a bheith leis an Teampall agus le dl\u00ed Mhaois. D\u00e1 bharr sin cuireadh Stiof\u00e1n chun b\u00e1is le clocha. D\u2019fh\u00e1g na finn\u00e9ithe a bh\u00ed ag clochadh Stiof\u00e1in a mbrait ag cosa \u00f3gfhir darbh ainm S\u00f3l, agus thoiligh S\u00f3l (P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed) le d\u00fanmhar\u00fa Stiof\u00e1in. Ansin fuair S\u00f3l litreacha le dul go dt\u00ed an Damaisc agus na Cr\u00edostaithe ansin a ghabh\u00e1il agus a thabhairt go hIar\u00fasail\u00e9im. Ach, mar is eol go maith, bh\u00ed aisling na Damaisce agus an t-eisp\u00e9aras a bhain leis, sa tsl\u00ed ag P\u00f3l, nuair a iompaigh s\u00e9 chun Cr\u00edost. D\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 a chreideamh i gCr\u00edost go foscailte sa Damaisc agus d\u2019fhill s\u00e9 ar Iar\u00fasail\u00e9im leis an rud c\u00e9anna a dh\u00e9anamh. T\u00e1 s\u00e9 sothuigthe go raibh amhras ar Chr\u00edostaithe Iar\u00fasail\u00e9im an raibh S\u00f3l, a rinne g\u00e9arlean\u00faint orthu, iompaithe go Cr\u00edost d\u00e1ir\u00edre ach chuir an fear ionraic Barnabas, eadr\u00e1na\u00ed a raibh meas m\u00f3r air, ar a suaimhneas iad. A mhalairt leis na Gi\u00fadaigh Heill\u00e9anacha, ar bhain S\u00f3l leo tr\u00e1th. Bh\u00edodar sin ar th\u00f3ir a bheatha, agus lena shabh\u00e1il t\u00f3gadh S\u00f3l faoi r\u00fan go calafort Caesarea Maritima, agus as sin go dt\u00ed a chathair dh\u00fachais Tarsas.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 21[22]). Is tu mo mholadh sa mh\u00f3rthion\u00f3l, a Thiarna.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;Dara L\u00e9acht (1 Eoin 3:18-24). Seo \u00ed an aithne a thug s\u00e9: go gcreidimis in ainm a Mhic \u00cdosa Cr\u00edost agus go dtabharfaimis gr\u00e1 da ch\u00e9ile. L\u00e1rphointe i Soisc\u00e9al Eoin agus i gC\u00e9ad Litir seo Eoin n\u00e1 gur gr\u00e1 \u00e9 Dia, gr\u00e1 a \u00e9il\u00edonn freagra uathu si\u00fad a chreideann ann. Leagann briathra tosaigh l\u00e9acht an lae inniu b\u00e9im ar sin. N\u00ed leor an gr\u00e1 seo a bheith i mbriathra amh\u00e1in; n\u00ed m\u00f3r d\u00f3 bheith d\u00e1ir\u00edre agus gn\u00edomhach (\u201cgr\u00e1 gn\u00edmh agus f\u00edrinne\u201d). Glaotar ar chreidmhigh bheith ina \u201cgclann na f\u00edrinne\u201d, ag maireacht\u00e1il de r\u00e9ir shampla Chr\u00edost, an Fh\u00edrinne f\u00e9in. Tar \u00e9is na briathra tosaigh, tagann t\u00e9acs nach bhfuil soil\u00e9ir ar fad d\u00fainn, ach a bhain de r\u00e9ir dealraimh le ceist \u00e9igin a ba ch\u00faram d\u00f3ibh si\u00fad ar d\u00edr\u00edodh an litir seo chugaibh c\u00e9aduair. T\u00e9arma l\u00e1rnach don roinn seo n\u00e1 an focal \u201ccoinsias\u201d (n\u00f3 \u201ccro\u00ed\u201d mar at\u00e1 sa bhunleagan). Sa Bh\u00edobla n\u00ed l\u00e1rionad moth\u00fach\u00e1in an cro\u00ed, ach ionad smaointe, f\u00e9inaithne, agus f\u00e9ineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann D\u00e9 iad agus labhra\u00edonn an mh\u00edr seo faoin ghr\u00e1 i ghn\u00edomh agus i bhf\u00edrinne a bheith ag tabhairt, n\u00f3 ag d\u00e9anamh n\u00edos doimhne, an aithne seo. I gc\u00e1s go bhfuil amhras ann faoin \u00e1bhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann s\u00e9 misneach d\u00f3ibh seasamh ina l\u00e1thair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-\u00e9isteofar leo. Ansin fileann an t\u00e9acs ar chomhl\u00edonadh aitheanta D\u00e9 agus maireacht\u00e1il faoi mar is toil le Dia. De ghn\u00e1th nuair a luaitear \u201caitheanta\u201d, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne d\u00fainn. Ach sa t\u00e9acs seo dh\u00e1 aithne at\u00e1 i gceist: creideamh in \u00cdosa Cr\u00edost mar Mhac D\u00e9 agus an aithne gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 an t\u00e9acs go l\u00e9ir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Cr\u00edosta\u00ed), beatha dhiaga a dh\u00e9anann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas m\u00f3r \u00f3 Dhia d\u00fainn \u00e9. An sliocht seo, is t\u00e9acs ar mhachnamh \u00e9 ar an urna\u00ed agus ar ghr\u00e1 D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>Soisc\u00e9al (Eoin 15:1-8). An t\u00e9 a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann s\u00e9 toradh m\u00f3r uaidh. Seo cuid de aitheasc \u00cdosa agus \u00e9 ag f\u00e1gaint sl\u00e1n ag a chuid deisceabal ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach. Sna caibidil roimh an cheann seo (caibideal 15) labhair \u00cdosa faoina imeacht uathu, a bh\u00ed le teacht go luath. Sa t\u00e9acs seo, agus sa chaibideal seo, d\u00edr\u00edonn s\u00e9 a aire ar an lean\u00fanachas a bh\u00ed le bheith ann ar a chuid saothair sa r\u00e9 le teacht, agus sin tr\u00edna chuid deisceabal, a eaglais agus tr\u00ed Dia i l\u00e1thair ag tabhairt cumhacht d\u00f3ibh, agus tr\u00edd an Spiorad Naomh a bheadh leo. T\u00e9ama sliocht an lae inniu n\u00e1 na deisceabail ag fan\u00faint, ag lonn\u00fa, in \u00cdosa agus \u00cdosa ag fan\u00faint iontu. L\u00e9ir\u00edonn \u00cdosa sin trid an \u00edomh\u00e1, n\u00f3 s\u00f3rt parabail, faoi f\u00e9in mar an fh\u00edni\u00fain fh\u00edor. T\u00e1 aidhm bheacht ag an iomh\u00e1 n\u00f3 parabal sin. \u00d3n eolas a bh\u00ed acu ar na Scriopt\u00fair thuigfeadh na c\u00e9ad deisceabail agus an luatheaglais teachtaireacht an pharabail go h\u00e9asca. I dtraidisi\u00fan Iosrael ba \u00e9 Iosrael f\u00e9in f\u00edni\u00fain, n\u00f3 f\u00edonghort, an Tiarna, b\u00edodh gur c\u00e1ineadh ar uairibh \u00e9 faoi bheith m\u00eddh\u00edlis (\u00cdse\u00e1ia 5:1-7), agus bagra\u00edodh \u00e9 toisc gan aire a thabhairt don fh\u00edonghort (Matha 21:33-44). \u00cdosa at\u00e1 ar t\u00ed an saol seo a fh\u00e1gaint go sofheicthe, deireann s\u00e9 gurb \u00e9 f\u00e9in an fh\u00edni\u00fain fh\u00edor, an f\u00edor-Iosrael, agus gurb \u00e9 a Athair f\u00e9in an saothra\u00ed le aire a thabhairt don fh\u00edonghort, leis an fh\u00edni\u00fain a bhearradh ionas go dtabharfadh s\u00ed toradh. T\u00e1 \u00cdosa ag smaoineamh ar an eaglais den todhcha\u00ed, a chorp, agus is \u00ed a mhian go mbeadh an fh\u00edni\u00fain, an eaglais, naofa, ag tabhairt toradh m\u00f3r, le h\u00cdosa f\u00e9in agus a theachtaireacht sl\u00e1naithe a thabhairt os comhair an domhain mh\u00f3ir. M\u00e1 bh\u00edonn laig\u00ed, m\u00edchleachta\u00ed n\u00f3 scannail san Eaglais, f\u00e9acfaidh a Athair chuige go nglanfar iad n\u00f3 go ngearrfar amach iad. Is \u00e9 at\u00e1 \u00f3 \u00cdosa n\u00e1 f\u00edor- deisceablacht, ina bhfuil a lucht lean\u00fana aontaithe le h\u00cdosa f\u00e9in, tr\u00ed mhachnamh ar a bhriathra, agus iad feasach go bhfuil \u00cdosa i l\u00e1thair d\u00f3ibh lena chumhacht agus le gr\u00e1sta D\u00e9. In \u00e9agmais sin n\u00ed ann do aon bheatha Chr\u00edosta\u00ed, aon fhianaise Chr\u00edosta\u00ed, aon toradh f\u00f3nta. N\u00ed aonad politi\u00fail n\u00f3 cult\u00fartha \u00ed an Eaglais. Corp Chr\u00edost \u00ed, a bhfuil beatha aici tr\u00ed urna\u00ed, machnamh, deabh\u00f3id do Chr\u00edost i l\u00e1thair san Eocairist agus sna sacraimint\u00ed eile.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: D\u00e9anann Athair gr\u00e1mhar \u00cdosa Eaglais a Mhic f\u00e9in a ghlanadh.<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do an creidmhigh faoin d\u00ednit at\u00e1 acu mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9, agus spreagann s\u00e9 iad glaoch air, mar a rinne \u00cdosa f\u00e9in, mar \u201cAthair\u201d. Seo \u00e9 spiorad f\u00e9intuisceana, f\u00e9inaithne, a thugann leis muin\u00edn i nDia at\u00e1 i l\u00e1thair le sl\u00e1n\u00fa a thabhairt i gc\u00f3na\u00ed. Is cuid de gach duine aonair, den chine daonna agus den phobal f\u00e9in, f\u00e9inaithne, a threoirigh iad le dul chun cinn tr\u00edd an stair s\u00edos. An fh\u00e9inaithne faoi cad is dual do phobal D\u00e9, tugann s\u00ed ar uairibh chun solais laig\u00ed agus scannail taobh istigh den Eaglais, go m\u00f3r m\u00f3r i ministr\u00ed creidimh agus daoine a bhaineann leo. Is f\u00edor sin maidir le h\u00c9irinn le blianta beaga anuas.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is feili\u00fanach machnamh a dh\u00e9anamh air sin faoi sholas theagasc Chr\u00edost agus na luatheaglaise. Labhra\u00edonn \u00cdosa faoi f\u00e9in mar an fh\u00edni\u00fain agus faoina Athair mar an Saothra\u00ed, ag tabhairt aire don fh\u00edonghort. Is \u00ed an fh\u00edni\u00fain sin an eaglais a bhunaigh s\u00e9, a chorp, a bhr\u00eddeach. Nuair a thagann m\u00e1chail n\u00f3 scannail inti, feidhm\u00edonn a Athair leis an cheist a r\u00e9iteach agus lena tabhairt thar nais don naofacht is dual di. T\u00e1 an fh\u00edrinne ch\u00e9anna ag an aspal P\u00f3l i mbriathra eile. Leag P\u00f3l bunsraith na hEaglaise i gCoirint, agus a fhios aige gurb \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an fh\u00edor-bhunsraith. Ar an mbunsraith a leag P\u00f3l d\u00e9anfar t\u00f3g\u00e1il uirthi ag daoine eile, cuid acu le h-\u00f3r, airgead, clocha l\u00f3mhara; cuid eile le hadhmad, f\u00e9ar n\u00f3 tu\u00ed. Nochtfaidh cuairt dhiaga an t-\u00e1bhar gan mhaith seo agus d\u00f3far amach \u00e9 (1 Corantaigh 3:10-15).<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nuair a bh\u00edonn seal corraithe san Eaglais de bharr scannail agus laig\u00ed eile b\u00edonn suaitheadh intinne ar na f\u00edr\u00e9in. I gc\u00e1s mar seo n\u00ed m\u00f3r na tosca\u00ed \u00e9ags\u00fala a thagann le ch\u00e9ile a chur san \u00e1ireamh: mar a chuirtear iad sin i l\u00e1thair sna me\u00e1in chumars\u00e1ide; an \u00fas\u00e1id a bhaintear as na scannail agus an mearbhall a leanann astu ag gr\u00fapa\u00ed d\u00ed-eaglais\u00edocha n\u00f3 fi\u00fa aindiacha leis an Eaglais a dh\u00edspeagadh agus cr\u00edoch a chur lena h\u00e1it i gc\u00farsa\u00ed oideachais agus sa saol poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In \u00f3c\u00e1id\u00ed mar sin is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh ar a bhfuil le r\u00e1 ag \u00cdosa faoi f\u00e9in agus faoina Eaglais, faoi f\u00e9in mar an fh\u00edni\u00fain agus faoina Athair mar an Saothr\u00f3ir f\u00edni\u00fana. Ina a aitheasc ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach bh\u00ed \u00cdosa ag ullmh\u00fa a lucht lean\u00fana do na deacrachta\u00ed a bheadh rompu. N\u00edos luaithe i Soisc\u00e9al Eoin nuair a bh\u00ed s\u00e9 ag labhairt faoi f\u00e9in mar an tAoire Maith a thugann a bheatha ar son a chaorach (an Eaglais), d\u00fairt \u00cdosa: \u201c\u00c9isteann mo chaoirigh le mo ghl\u00f3r, agus aithn\u00edm iad, agus leanann siad m\u00e9. T\u00e1 an bheatha sh\u00edora\u00ed \u00e1 tabhairt agam d\u00f3ibh, agus n\u00ed chaillfear go deo iad, n\u00e1 n\u00ed fhuad\u00f3idh aon duine as mo l\u00e1imh iad. M\u2019Athair a thug dom iad, is m\u00f3 \u00e9 n\u00e1 c\u00e1ch, agus n\u00ed f\u00e9idir d\u2019aon duine fuadach \u00f3 l\u00e1imh m\u2019Athar. Is aon mise agus an tAthair\u201d (Eoin 10:27-30). T\u00e1 an spiorad c\u00e9anna le sonr\u00fa sa pharabal ar \u00cdosa mar an fh\u00edni\u00fain, agus a Athair mar an Saothra\u00ed. Glanann Dia eaglais ion\u00fain a Mhic mar Athair caoin agus tuisceanach, seachas mar bhreitheamh dian i bhfad i gc\u00e9in. Agus is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go mbaineann an glanadh le gach \u201cg\u00e9ag\u201d den fhini\u00fain, n\u00ed le sagairt, easpaig, cl\u00e9irigh agus daoine rialta amh\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa chomhth\u00e9acs seo faoin fh\u00e9intuiscint agus an fh\u00e9inaithne at\u00e1 de sh\u00edor ag dul ar aghaidh, n\u00ed dochar urna\u00ed thosaigh Aifreann an Domhnaigh seo a thabhairt chun cuimhne, ina dh\u00e9antar achain\u00ed \u201cgo dtugtar saoirse cheart, agus oidhreacht sh\u00edora\u00ed don mhuintir a chreideann i gCr\u00edost\u201d \u2013 saoirse cheart agus oidhreacht sh\u00edora\u00ed, abhus agus ar neamh. Is t\u00e9arma \u00e9 \u201csaoirse\u201d ar rinne lucht creidimh, feals\u00fanachta agus poilit\u00edochta machnamh air agus a bh\u00ed mor\u00e1lach as tr\u00edd na haoiseanna. Bh\u00ed Gr\u00e9igigh agus Romh\u00e1naigh mor\u00e1lach as an tsaoirse a bh\u00ed acu \u2013 gan na scl\u00e1bhaithe iomad\u00fala a chur sa \u00e1ireamh. B\u2019ionann c\u00e1s leis na Gi\u00fadaigh. I diosp\u00f3ireacht faoin \u00e1bhar d\u00fairt \u00cdosa lena lucht \u00e9isteachta: \u201cM\u00e1 fhanann sibh umhal do mo bhriathar, beidh fios na f\u00edrinne agaibh, agus tabharfaidh an fh\u00edrinne an tsaoirse daoibh\u201d (Eoin 8:31-32). Mar fhreagra air sin d\u00fairt na Gi\u00fadaigh: \u201cS\u00edol Abrahaim sinne, nach raibh riamh i ndaoirse do dhuine ar bith\u201d, r\u00e1iteas ar fhreagair \u00cdosa d\u00f3: \u201cGach aoinne a dh\u00e9anann an peaca, t\u00e1 s\u00e9 ina dhaor ag an bpeaca\u201d. Tr\u00edd an Soisc\u00e9al Cr\u00edosta\u00ed craobhscaoil P\u00f3l saoirse \u00f3 chleachtadh Dhl\u00ed na nGi\u00fadach, dl\u00ed a bh\u00ed n\u00e1isi\u00fanach agus ag cung\u00fa saoirse, ach mheabhraigh s\u00e9 d\u00e1 eaglais\u00ed: \u201cD\u2019fhonn is go mbeimis saor is ea a d\u2019fhuascail Criost sinn\u201d; \u201cIs chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr\u00e1ithre agus a dheirfi\u00faracha. Ach n\u00e1 b\u00edodh an tsaoirse sin ina leithsc\u00e9al agaibh chun na colla\u00edochta; n\u00ed hea, ach b\u00edg\u00ed ag d\u00e9anamh seirbh\u00edse d\u00e1 cheile le teann gr\u00e1\u201d (Galataigh 5:1, 13). Chuir P\u00f3l \u00e9 fein taobh amuigh de dhl\u00ed na nGi\u00fadach, ach le bheith faoi dhl\u00ed Chr\u00edost (1 Coirintigh 9:21).<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1147,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1496","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1496","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1496"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1496\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1503,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1496\/revisions\/1503"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1147"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1496"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1496"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1496"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}